Léim go dtí an t-ábhar

Céard is gáinneáil ar dhaoine ann?

Is sárú tromchúiseach gráinniúil ar chearta an duine í gáinneáil ar dhaoine. Baineann sé go rímhór le cúrsaí inscne agus cine.

Sainmhíníonn an Treoir ón Aontas Eorpach Gáinneáil ar Dhaoine mar a leanas:

[Gníomh]

Earcaíocht, iompar, aistriú, tearmannú nó glacadh daoine, lena n‑áirítear malartú nó aistriú an smachta ar na daoine sin,

[Modhanna]

trí bhíthin forneart a bhagairt nó a úsáid nó cineálacha eile comhéigin, fuadaigh, calaoise, dallamullóige, mí-úsáide cumhachta nó mí-úsáide daoine i riocht soghonta nó íocaíochtaí nó sochair a thabhairt nó a fháil chun toiliú duine a bhaint amach, ó dhuine a bhfuil rialú aige ar dhuine eile, chun teacht i dtír ar an duine sin (dúshaothrú).

[Dúshaothrú]

Áireofar le dúshaothrú, ar a laghad, dúshaothrú a dhéanamh ar striapachas daoine eile nó cineálacha eile dúshaothraithe ghnéasaigh, saothar nó seirbhísí éignithe, lena n-áirítear déircínteacht, sclábhaíocht nó cleachtais atá cosúil le sclábhaíocht, daoirse nó dúshaothrú trí ghníomhaíochtaí coiriúla, nó baint orgán, nó dúshaothrú na máthair-ionadaíochta, an phósta éignithe nó an uchtaithe neamhdhleathaigh.’

  • Maidir leis an toiliú ó íospartach gáinneála ar dhaoine leis an dúshaothrú, cibé acu beartaithe nó gan bheith beartaithe, beidh sé neamhábhartha i gcás inar úsáideadh aon cheann de na ‘modhanna’.
  • Nuair a bhaineann an t-iompar le páiste, beidh sé ina cion inphionóis de gháinneáil ar dhaoine fiú murar úsáideadh aon cheann de na ‘modhanna’.
  • Ciallaíonn ‘riocht soghonta’ cás nach bhfuil aon fhíor-rogha mhalartach ná aon rogha mhalartach inghlactha ag an duine lena mbaineann ach géilleadh don mhí-úsáid atá i gceist.

Gáinneáil ar Dhaoine in Éirinn

Níl Éire slán ó gháinneáil ar dhaoine.

Bliain i ndiaidh bliana, léiríonn taithí na bhfreagróirí túslíne, na cuntais ó íospartaigh, agus na sonraí féin go soiléir go bhfuil coireanna gáinneála ar dhaoine á ndéanamh in Éirinn, agus go bhfuil daoine á ndúshaothrú ar mhaithe le brabús.

Is coir faoi cheilt í an gháinneáil ar dhaoine in Éirinn fós, ach is coir choitianta í mar sin féin. Is dócha go bhfuil fíormhéid na gáinneála ar dhaoine in Éirinn i bhfad níos airde ná mar a thuairiscítear sna staitisticí oifigiúla. Cuid den chúis leis sin is ea cúrsaí a bhaineann le híospartaigh a shainaithint.

Cé atá freagrach as freagairt frithgháinneála na hÉireann a chomhordú?

In Éirinn, tá an tAire Dlí agus Cirt freagrach as freagairt frithgháinneála an Stáit a chomhordú.

Dá bhrí sin, is í an Roinn Dlí agus Cirt an Comhordaitheoir Náisiúnta Frithghainneála. Gné thábhachtach den ról sin is ea a chinntiú go gcomhlíonfaidh ranna, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha Stáit a gcuid oibleagáidí mar chuid de chur chun feidhme foriomlán Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Frithgháinneáil.

Tá suíomh gréasáin tiomnaithe ag an Roinn Dlí agus Cirt maidir le Gáinneáil ar Dhaoine a Chosc, Blueblindfold agus tá eolas air faoi eagraíochtaí éagsúla deonacha, pobail, idirnáisiúnta agus Stáit a oibríonn chun seirbhísí tacaíochta a sholáthar do dhaoine a dtéann Gáinneáil ar Dhaoine i bhfeidhm orthu.

Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas Rapóirtéir Náisiúnta Neamhspleách na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc.

An Rapóirtéir Náisiúnta um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc

I mí Dheireadh Fómhair 2020, ainmníodh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas mar Rapóirtéir Náisiúnta Neamhspleách na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc.

Inár ról mar Rapóirtéir Náisiúnta Neamhspleách na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc, déanaimid:

  • measúnú a dhéanamh ar threochtaí sa gháinneáil ar dhaoine;
  • torthaí gníomhartha in aghaidh na gáinneála a thomhas;
  • staidreamh a bhailiú (i gcomhar le heagraíochtaí sochaí sibhialta ábhartha freisin), agus
  • tuairisciú a dhéanamh.

Oibrímid le híospartaigh agus marthanóirí na gáinneála, agus cuireann siad bonn eolais faoinár n-obair go díreach.

Cén chaoi a bhfuil an ról sin á chomhlíonadh againn?

Is éard atá mar bhonn taca ag ár luachanna cur chuige iomlánaíoch, comhionannais, um chearta an duine, atá dírithe ar an íospartach, inscne-shonrach agus leanbhlárnach i leith na gáinneála ar dhaoine.

Mar Rapóirtéir Náisiúnta, ullmhaímid agus foilsímid tuarascálacha monatóireachta agus téamacha lena ndéantar meastóireacht ar fheidhmíocht fhoriomlán na hÉireann maidir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Stáit faoi Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Frithgháinneáil,  Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Gníomhaíocht in aghaidh Gáinneáil ar Dhaoine, (2005) agus Prótacal Palermo na Náisiún Aontaithe – Prótacal chun Gáinneáil ar Dhaoine, go hÁirithe ar Mhná agus ar Leanaí, a Chosc, a Chur faoi Chois agus Pionós a Ghearradh ina leith (2000), lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta.

Ullmhaímid Tuarascálacha Neamhspleácha maidir le gníomhaíocht Stáit freisin, chun ailíniú le monatóireacht idirnáisiúnta sa réimse sin. Soláthraíonn ár dtuairisciú bonnlíne láidir agus inchreidte le haghaidh meastóireachtaí seachtracha. Rannchuidímid freisin leis an mbonn taighde agus fianaise a fhorbairt, lena bhfuil gá mar bhonn taca le haghaidh monatóireacht agus forbairt beartais éifeachtach.

Céard é an dlí in Éirinn?

Is iad na príomhreachta a thugann éifeacht d’oibleagáidí idirnáisiúnta na hÉireann chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha agus Gáinneáil ar Dhaoine), 2024 ,  an tAcht um Gháinneáil ar Leanaí agus Pornagrafaíocht Leanaí, 1998 agus an tAcht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine), 2008.

Leasaíodh an tAcht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine), 2008 ina dhiaidh sin in 2013 leis an Acht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine), 2013 chun déircínteacht éignithe agus idirghníomhaíocht éignithe i ngníomhaíochtaí coiriúla a chuimsiú mar chineálacha nua gáinneála.

Ina theannta sin, tá sé fíorthábhachtach reachta eile, ina bhfuil cionta a bhaineann leis an ngáinneáil, a chur san áireamh san fhreagairt fhoriomlán ar gháinneáil ar dhaoine.

Cén chaoi a ndéantar monatóireacht go hidirnáisiúnta ar Gháinneáil ar Dhaoine?