Léim go dtí an t-ábhar

Fág an suíomh seo go tapa agus oscail Google

Tugann an tAcht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014 cumhachtaí dlí áirithe dúinn.

Áirítear ina measc siúd:

  • gníomhú mar amicus curiae (cara na cúirte) agus mar idiragraí tríú páirtí
  • Cóid Chleachtais a fhorbairt
  • comhairle dlí nó cabhair dhlíthiúil a chur ar fáil i gcásanna áirithe
  • athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtais agus ar bheartais eagraíochtaí chun a chinntiú go gcuireann siad comhionannas chun cinn
  • cásanna a thionscnamh faoinár n-ainm féin
  • fiosrúcháin a dhéanamh ar shaincheisteanna tromchúiseacha maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas

Amicus curiae (cara na cúirte)

Is téarma dlíthiúil Laidine é amicus curiae agus ciallaíonn sé cara na cúirte.

Is téarma dlíthiúil Laidine é amicus curiae agus ciallaíonn sé cara na cúirte. Is éard is cara na cúirte ann eagraíocht nó saineolaí nach ndéanann ionadaíocht ar aon cheann de na páirtithe i gcás. Is é an jab atá acu comhairle neamhspleách a sholáthar don chúirt maidir lena réimse saineolais. Is féidir leis an gcúirt a iarraidh orthu páirt a ghlacadh nó is féidir leo iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt chun rannchuidiú maidir le cás sonrach. 

Tá sé de chumhacht againn iarratas a dhéanamh chun gníomhú mar amicus curiae sna Cúirteanna seo a leanas:

  • An Ard-Chúirt
  • An Chúirt Achomhairc nó
  • An Chúirt Uachtarach

Ní féidir linn iarratas a dhéanamh ach amháin i gcásanna a bhaineann le cearta an duine nó comhionannas.

Na Ceithre Chúirt

Cód Chleachtais

Is rialacha scríofa dlí iad Cóid Chleachtais. Míníonn siad an chaoi ar cheart do dhaoine nó d’eagraíochtaí gníomhú i gcásanna sonracha. 

De réir an dlí, is féidir linn cóid chleachtais a ullmhú maidir leis an méid seo a leanas:

  • cearta an duine a chosaint
  • idirdhealú a dhíbirt
  • comhionannas deiseanna a chur chun cinn; agus

Athbhreithnithe Comhionannais

Tá sé de chumhacht againn a iarraidh ar eagraíocht tabhairt faoi Athbhreithniú Comhionannais. Tá sé de chumhacht againn tabhairt faoi Athbhreithniú Comhionannais maidir le heagraíocht freisin. 

Pleananna Gníomhaíochta Comhionannais

D’fhéadfaimis a iarraidh ar eagraíocht Plean Gníomhaíochta Comhionannais a fhorbairt. Tá sé de chumhacht againn Plean Gníomhaíochta Comhionannais a ullmhú d’eagraíocht freisin. 

Athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht agus ar bheartais

D’fhéadfaimis athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht a théann i bhfeidhm ar chearta an duine agus comhionannas. Más gá, molaimid feabhsuithe.

Lámha ina bhfuil clár fáiscthe

I gcúinsí áirithe, is féidir linn fiosrúcháin a dhéanamh ar shaincheisteanna tromchúiseacha maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas in Éirinn. Is muidne a chinneann fiosrúchán a dhéanamh nó d’fhéadfadh an tAire ábhartha iarraidh orainn é sin a dhéanamh.

Is féidir linn cás inár n-ainm féin a thabhairt os comhair na hArd-Chúirte maidir le hábhar a bhaineann le  cearta an duine i gcás aon duine amháin, nó i gcás aicme daoine.  

Is féidir linn gearáin faoi idirdhealú a thabhairt os comhair CCÁO inár n-ainm féin freisin, más cosúil gur tharla idirdhealú faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó na hAchtanna um Stádas Comhionann, agus nach bhfuil sé réasúnach a bheith ag súil go ndéanfadh an duine a ndearnadh an t-idirdhealú sin orthu cás a thionscnamh.