Léim go dtí an t-ábhar

Ó cuireadh an Coimisiún ar bun, tá roinnt réimsí freagrachta breise tugtha dó. Áirítear ina measc siúd sainorduithe sna réimsí maidir le míchumas, gáinneáil ar dhaoine a chosc, intleacht shaorga, agus an bhearna phá idir na hinscní a thuairisciú. 

An Rapóirtéir Náisiúnta um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc

Inár ról mar Rapóirtéir Náisiúnta Neamhspleách na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc, déanaimid:

  • measúnú a dhéanamh ar threochtaí sa gháinneáil ar dhaoine;
  • torthaí gníomhartha in aghaidh na gáinneála a thomhas;
  • staidreamh a bhailiú (i gcomhar le heagraíochtaí sochaí sibhialta ábhartha freisin), agus
  • tuairisciú a dhéanamh.

Oibrímid le híospartaigh agus marthanóirí na gáinneála, agus cuireann siad bonn eolais faoinár n-obair go díreach.

An Sásra Faireacháin Neamhspleách le haghaidh na hÉireann faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (‘UNCRPD’)

Is é ár ról UNCRPD a chur chun cinn, a chosaint agus faireachán nó monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a leanann Éire an Coinbhinsiún.

Comhoibrímid le daoine faoi mhíchumas agus eagraíochtaí sa réimse sin. Cinntíonn sé sin gur daoine a bhfuil fíorthaithí ar mhíchumas acu a mhúnlaíonn ár gcuid oibre.

Lógó an tSásra Faireacháin Neamhspleách

An Sásra Náisiúnta Coisctheach Comhordaithe faoin bPrótacal Roghnach a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta

Nuair a rithfear an Bille um Chigireacht ar Áiteanna Coinneála, is muidne a bheidh ag obair mar an Sásra Náisiúnta Coisctheach.

Cuideoimid lena chinntiú nach ndéanfar céasadh ar aon duine in Éirinn ná nach gcuirfear íde ná pionós atá cruálach, mídhaonna nó táireach ar aon duine in Éirinn.

Lógó an tSásra Náisiúnta Choiscthigh

Údarás Ainmnithe faoi Ghníomh an Aontais Eorpaigh um an Intleacht Shaorga

Rinneadh Údarás Ainmnithe le déanaí dínn faoi Airteagal 77 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga.

Is é an ról atá againn a chinntiú go bhfuil meas ar chearta an duine agus úsáid á baint as córais IS ardriosca.

Bearna Phá idir na hInscní a Thuairisciú

Is éard atá sa bhearna phá idir na hinscní an difríocht idir meántuarastal na bhfear agus na mban in aghaidh na huaire ar fud lucht saothair.

Ó 2025 ar aghaidh, caithfidh eagraíochtaí a bhfuil breis agus 50 fostaí acu tuarascálacha a roinnt maidir le bearnaí pá idir oibrithe fir agus mná. 

Mura bhfoilseoidh siad an tuarascáil sin, is féidir linn cur isteach ar ordú forfheidhmithe ón gCúirt Chuarda nó ón Ard-Chúirt.

Pá Comhionann