Léim go dtí an t-ábhar

Céard is Idirdhealú ar an Lucht Siúil ann?

An Foras Duine den Lucht Siúil

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar gur duine den Lucht Siúil thú agus nach ea an duine eile. 

Aithníodh Lucht Siúil na hÉireann mar eitneacht shuaithinseach in 2017 

Sainmhínítear ‘duine den Lucht Siúil’ mar dhuine de phobal daoine ar a dtugtar an Lucht Siúil go coitianta agus a shainaithnítear (acu féin agus ag daoine eile) mar dhaoine ag a bhfuil stair, cultúr agus traidisiúin i bpáirt, lena n-áirítear, go stairiúil, saol fánaíochta ar oileán na hÉireann.

Céard is Idirdhealú ar an Lucht Siúil i dtaobh Tithe Tábhairne ann?

Tarlaíonn idirdhealú ar an ‘bhforas comhaltais den Lucht Siúil’ nuair nach gcaitear le duine chomh fabhrach céanna is a chaitear le duine eile, mar gur duine den Lucht Siúil duine amháin agus nach amhlaidh don duine eile.

Ní féidir le teach tábhairne diúltú duit teacht isteach mar gur duine den Lucht Siúil thú, nó mar go bhfuil tú i gcomhluadar duine den Lucht Siúil, nó mar go gceapann an fhoireann gur duine den Lucht Siúil thú.

Cén dlí a chosnaíonn thú ar idirdhealú i dtaobh Tithe Tábhairne?

Cosnaíonn an tAcht Deochanna Meisciúla ar idirdhealú “in áitreabh ceadúnaithe nó ag pointe iontrála áitribh cheadúnaithe” (mar shampla, teach tábhairne, nó bialann; nó aon áit ag a bhfuil ceadúnas chun alcól a dhíol)

Cosnaíonn na hAchtanna um Stádas Comhionann thú má dhéanann áitreabh ceadúnaithe idirdhealú ort ar an nguthán nó ar ríomhphost (is é sin, mura dtarlaíonn an t-idirdhealú líomhnaithe “in áitreabh ceadúnaithe nó ag pointe iontrála” an áitribh cheadúnaithe sin) 

Céard a chuimsítear faoin dlí?

I gcás áitreabh ceadúnaithe a dhíolann alcól, ar nós tithe tábhairne, clubanna oíche agus clubanna comhaltais, ní féidir leo idirdhealú a dhéanamh in áitreabh ceadúnaithe, ná ag pointe iontrála an áitribh cheadúnaithe.

Cén chaoi a ndéanfaidh mé gearán?

Tá dhá bhealach le gearán a dhéanamh faoi idirdhealú a dhéanann tithe tábhairne.

Pléitear le líomhaintí faoi idirdhealú a tharlaíonn “in áitreabh ceadúnaithe nó ag pointe iontrála áitribh cheadúnaithe” (teach tábhairne nó bialann, mar shampla; nó aon áit ag a bhfuil ceadúnas chun alcól a dhíol) sa Chúirt Dúiche.

Is féidir teacht ar na foirmeacha ábhartha cúirte ón tSeirbhís Chúirteanna. Tá na príomhfhorálacha ábhartha san Acht Deochanna Meisciúla, 2003, arna leasú.

Má dhéantar an líomhain faoi idirdhealú in aghaidh áitreabh ceadúnaithe ar an nguthán nó ar ríomhphost (is é sin, mura dtarlaíonn an t-idirdhealú líomhnaithe “in áitreabh ceadúnaithe nó ag pointe iontrála áitribh cheadúnaithe”), caithfear an líomhain sin a chur chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

Ceisteanna Coitianta

Ceadaítear, fad is atá fógra ina leagtar amach an beartas ar taispeáint in áit fheiceálach laistigh den áitreabh nó taobh amuigh den áitreabh.

Cás-staidéir

Case 1

Applicants v. A Publican

The Commission provided legal representation to a group of men, members of the Traveller community, in respect of an incident in which they were denied service in a licensed premises.

Law: Intoxicating Liquor Act 2003 Year: 2017

Applicants v. A Publican

The group had been attending a human rights course and, at the end of the day, decided to go for a drink to a nearby pub. They entered the pub and approached the bar in pairs, however the bar staff refused to serve them claiming that only regulars were being served that night. The individuals involved applied jointly to the District Court for redress under the Intoxicating Liquor Act 2003. The matter was settled before hearing in November 2017, with agreement from the licensed premises to pay €6,000 compensation to each of the individuals, plus a further €500 payment to each, to be donated to a charity of their choice. It was a further condition of the settlement that the staff involved in the incident attend a course of equality training.

Léigh tuilleadh
Case 2

Five Members of the Traveller Community v. A Hotel

The five people alleged that they had been discriminated against when they were refused service in a hotel bar. They had been attending a conference at the venue on issues affecting the Traveller community. They went to the bar after the conference only to be informed that they could not be served because the hotel was serving residents only.

Law: Intoxicating Liquor Act 2003 Year: 2019

Five Members of the Traveller Community v. A Hotel

The five applied to the District Court for redress under the Intoxicating Liquor Act 2003. Resolved through mediation.

Léigh tuilleadh

Idirdhealú ar an Lucht Siúil i dtaobh an mhéid seo a leanas:

Obair

Seirbhísí

Oideachas

Tithíocht

Clubanna Comhaltais

An ndearnadh idirdhealú ort ar chúis eile?

Roghnaigh an foras agus an réimse ina ndearnadh idirdhealú ort