Oibrímid ar shaincheisteanna maidir leis an gcomhionannas agus le cearta an duine a théann i bhfeidhm ar oileán na hÉireann. Déanaimid é sin in éineacht le comhlachtaí Thuaisceart Éireann um chearta an duine agus comhionannas.
Oibrímid le Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine (NIHRC) ar an gComhchoiste. Is páirt é sin de Chomhaontú Bhéal Feirste (Aoine an Chéasta).
Oibrímid i dteannta NIHRC agus Choimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann (ECNI) maidir le Meitheal Airteagal 2(1) den Sásra Tiomnaithe. Is páirt é sin de Chreat Windsor.
Céard é an Comhchoiste?
Measann an coiste sin saincheisteanna maidir le cearta an duine ar oileán na hÉireann.
Téann sé i bhfeidhm ar an dá dhlínse. Cuireadh ar bun é mar chuid de Chomhaontú Bhéal Feirste (Aoine an Chéasta) 1998.
Glacann comhaltaí uile an Choimisiúin ó IHREC agus ó NIHRC páirt sa Chomhchoiste.
Tagann an Comhchoiste le chéile i gcaitheamh na bliana ar fad. Malartaítear na cruinnithe idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath.

Céard iad na nithe ar ar oibrigh an Comhchoiste?
Thug an Comhaontú sainordú don Chomhchoiste cairt ceart le haghaidh oileán na hÉireann agus topaicí eile a fhiosrú. D’fhoilsigh an Comhchoiste comhairle faoi chairt ceart i mí an Mheithimh 2011.
Tar éis don Ríocht Aontaithe vótáil chun imeacht as an Aontas Eorpach in 2016, chuir an Comhchoiste tús le hobair thábhachtach a bhain le Brexit. Bhí taighde agus anailís bheartais i gceist leis sin. Bhíomar ag plé go mór le príomhoifigigh ó Éirinn, ó Thuaisceart Éireann, ón Ríocht Aontaithe, ón Aontas Eorpach, agus ó na Náisiúin Aontaithe. Rinneadh é sin chun a chinntiú gur tugadh aghaidh ar shaincheisteanna maidir le cearta agus leis an gcomhionannas ina n-iomláine le linn an phróisis inar tharraing an Ríocht Aontaithe amach as an Aontas Eorpach.
Meitheal Airteagal 2(1) de na ‘Sásraí Tiomnaithe’
Oibrímid le Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine agus le Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann chun seasamh le cearta i ndiaidh Brexit. Tá sé sin i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Chreat Windsor.

Céard é Airteagal 2(1) de Chreat Windsor?
Nuair a d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas in 2020, thug Rialtas na Ríochta Aontaithe tiomantas do chearta an duine agus don chomhionannas a chosaint i dTuaisceart Éireann. Tá na tiomantais sin in Airteagal 2(1) de Chreat Windsor.
Tá an méid seo a leanas i measc na dtiomantas a rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe:
- ráthaíocht a thabhairt nach féidir cearta áirithe i dTuaisceart Éireann a lagú ná a ísliú faoi bhun an leibhéil lenar thoiligh an Ríocht Aontaithe mar bhall den Aontas Eorpach.
- leanúint de bheith ag coinneáil suas le haon athruithe a dhéanann an tAontas Eorpach chun na cearta a mhéadú faoi shé phríomhdhlí comhionannais.
Faoi Airteagal 2(1), tá Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine agus Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann sainordaithe chun gníomhú mar na ‘Sásraí Tiomnaithe’ chun monatóireacht a dhéanamh ar na cearta sin.
Oibríonn IHREC leis na Sásraí Tiomnaithe chun maoirseacht a dhéanamh ar cheisteanna chearta an duine agus comhionannais a bhaineann le hAirteagal 2(1) agus tuairisciú ina leith. Tá gné oileán na hÉireann i gceist leis na saincheisteanna sin.
Cén chaoi a n-oibríonn an grúpa?
Oibríonn na trí choimisiún le chéile faoi mheabhrán tuisceana. Leagtar amach sa cháipéis sin an chaoi a n-oibrímid le chéile chun ár spriocanna a chomhlíonadh. Is í ‘meitheal Airteagal 2(1)’ a chomhordaíonn ár n-obair chomhpháirteach.
Tá comhaltaí sa mheitheal ó gach ceann de na trí Choimisiún.
Is iad sin:
- an Príomh-Choimisinéir
- Comhaltaí an Choimisiúin
- an Stiúrthóir/Príomhfheidhmeannach
- an ceannasaí foirne
Is iad Michael Finucane agus Colin Harvey comhaltaí an Choimisiúin a ghlacann páirt sa mheitheal ar son IHREC.
Tagann an mheitheal le chéile ar bhonn ráithiúil chun obair chomhpháirteach a mheas agus a phleanáil. Déantar sealaíocht go bliantúil ar sholáthar na seirbhíse rúnaíochta don mheitheal. Chomhlíon IHREC an ról rúnaíochta in 2023 agus rachaidh sé ina bhun arís in 2026.
Comhordaíonn an mheitheal gníomhaíochtaí comhpháirteacha lena n‑áirítear plé le páirtithe leasmhara, taighde agus beartais, agus suirbhéanna feasachta. Cruthaíonn sí tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíocht chomhpháirteach freisin.