Léim go dtí an t-ábhar

Céard is idirdhealú ar bhonn Stádas Teaghlaigh ann?

An Foras Stádais Teaghlaigh

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas teaghlaigh difriúil agat le duine eile.

Áirítear le stádas teaghlaigh duine atá ag iompar clainne, tuismitheoir, tuismitheoir gníomhach páiste, nó cúramóir duine atá faoi mhíchumas óna dteastaíonn cúram leanúnach

(Tabhair faoi deara: d’fhéadfadh go mbainfeadh cuid de na cásanna faoin bhforas seo leis an bhforas inscne freisin.)

Céard is Idirdhealú ar bhonn Stádas Teaghlaigh i dtaobh Tithe Tábhairne ann?

Tarlaíonn idirdhealú ‘ar an bhforas stádais teaghlaigh’ nuair a dhéileáiltear le duine le níos lú fabhair ná mar a dhéileáiltear le duine eile, mar go bhfuil stádas teaghlaigh ag duine amháin acu agus nach bhfuil ag an duine eile nó nach ionann an stádas teaghlaigh atá acu. 

Ciallaíonn ‘stádas teaghlaigh’ freagracht mar thuismitheoir nó duine in loco parentis do dhuine faoi bhun 18 mbliana d’aois nó freagracht mar thuismitheoir nó príomhchúramóir cónaithe duine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine atá faoi mhíchumas agus a mbíonn cúram nó tacaíocht de dhíth orthu.

Ní féidir le teach tábhairne diúltú duit teacht isteach mar gur ball thú de ghrúpa áirithe a chumhdaítear sa dlí, nó mar go bhfuil tú i gcomhluadar duine dá leithéid, nó mar go gceapann an fhoireann gur duine dá leithéid thú.

Cén dlí a chosnaíonn thú ar idirdhealú i dtaobh Tithe Tábhairne?

Cosnaíonn an tAcht Deochanna Meisciúla ar idirdhealú “in áitreabh ceadúnaithe nó ag pointe iontrála áitribh cheadúnaithe” (mar shampla, teach tábhairne, nó bialann; nó aon áit ag a bhfuil ceadúnas chun alcól a dhíol)

Cosnaíonn na hAchtanna um Stádas Comhionann thú má dhéanann áitreabh ceadúnaithe idirdhealú ort ar an nguthán nó ar ríomhphost (is é sin, mura dtarlaíonn an t-idirdhealú líomhnaithe “in áitreabh ceadúnaithe nó ag pointe iontrála” an áitribh cheadúnaithe sin) 

Céard a chuimsítear faoin dlí?

I gcás áitreabh ceadúnaithe a dhíolann alcól, ar nós tithe tábhairne, clubanna oíche agus clubanna comhaltais, ní féidir leo idirdhealú a dhéanamh in áitreabh ceadúnaithe, ná ag pointe iontrála an áitribh cheadúnaithe.

Cén chaoi a ndéanfaidh mé gearán?

Tá dhá bhealach le gearán a dhéanamh faoi idirdhealú a dhéanann tithe tábhairne.

Pléitear le líomhaintí faoi idirdhealú a tharlaíonn “in áitreabh ceadúnaithe nó ag pointe iontrála áitribh cheadúnaithe” (teach tábhairne nó bialann, mar shampla; nó aon áit ag a bhfuil ceadúnas chun alcól a dhíol) sa Chúirt Dúiche.

Is féidir teacht ar na foirmeacha ábhartha cúirte ón tSeirbhís Chúirteanna. Tá na príomhfhorálacha ábhartha san Acht Deochanna Meisciúla, 2003, arna leasú.

Má dhéantar an líomhain faoi idirdhealú in aghaidh áitreabh ceadúnaithe ar an nguthán nó ar ríomhphost (is é sin, mura dtarlaíonn an t-idirdhealú líomhnaithe “in áitreabh ceadúnaithe nó ag pointe iontrála áitribh cheadúnaithe”), caithfear an líomhain sin a chur chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

Ceisteanna Coitianta

Ceadaítear, fad is atá fógra ina leagtar amach an beartas ar taispeáint in áit fheiceálach laistigh den áitreabh nó taobh amuigh den áitreabh.

Idirdhealú ar bhonn Stádas Teaghlaigh i dtaobh an mhéid seo a leanas:

Obair

Seirbhísí

Oideachas

Tithíocht

Clubanna Comhaltais

An ndearnadh idirdhealú ort ar chúis eile?

Roghnaigh an foras agus an réimse ina ndearnadh idirdhealú ort