Céard is idirdhealú ar bhonn Creidimh ann?
An Foras Creidimh Reiligiúnaigh
Cuimsítear le creideamh reiligiúnach cúlra reiligiúnach agus iad siúd nach bhfuil aon chreideamh acu.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil creideamh difriúil agat le duine eile, nó, mar shampla, mar nach bhfuil aon chreideamh agat agus go bhfuil ag duine eile.
Céard is Idirdhealú ar bhonn Creidimh i dtaobh Tithe Tábhairne ann?
Tarlaíonn idirdhealú ar an bhforas creidimh nuair a chaitear le duine le níos lú fabhair ná mar a chaitear le duine eile, mar nach ionann an creideamh, cúlra nó dearcadh reiligiúin atá acu, nó go bhfuil creideamh, cúlra nó dearcadh reiligiúin ag duine acu agus nach bhfuil ag an duine eile.
Ní féidir le teach tábhairne diúltú duit teacht isteach mar gur ball thú de ghrúpa áirithe a chumhdaítear sa dlí, nó mar go bhfuil tú i gcomhluadar duine dá leithéid, nó mar go gceapann an fhoireann gur duine dá leithéid thú.
Cén dlí a chosnaíonn thú ar idirdhealú i dtaobh Tithe Tábhairne?
Cosnaíonn an tAcht Deochanna Meisciúla ar idirdhealú “in áitreabh ceadúnaithe nó ag pointe iontrála áitribh cheadúnaithe” (mar shampla, teach tábhairne, nó bialann; nó aon áit ag a bhfuil ceadúnas chun alcól a dhíol)
Cosnaíonn na hAchtanna um Stádas Comhionann thú má dhéanann áitreabh ceadúnaithe idirdhealú ort ar an nguthán nó ar ríomhphost (is é sin, mura dtarlaíonn an t-idirdhealú líomhnaithe “in áitreabh ceadúnaithe nó ag pointe iontrála” an áitribh cheadúnaithe sin)

Céard a chuimsítear faoin dlí?
I gcás áitreabh ceadúnaithe a dhíolann alcól, ar nós tithe tábhairne, clubanna oíche agus clubanna comhaltais, ní féidir leo idirdhealú a dhéanamh in áitreabh ceadúnaithe, ná ag pointe iontrála an áitribh cheadúnaithe.

Cén chaoi a ndéanfaidh mé gearán?
Tá dhá bhealach le gearán a dhéanamh faoi idirdhealú a dhéanann tithe tábhairne.
Pléitear le líomhaintí faoi idirdhealú a tharlaíonn “in áitreabh ceadúnaithe nó ag pointe iontrála áitribh cheadúnaithe” (teach tábhairne nó bialann, mar shampla; nó aon áit ag a bhfuil ceadúnas chun alcól a dhíol) sa Chúirt Dúiche.
Is féidir teacht ar na foirmeacha ábhartha cúirte ón tSeirbhís Chúirteanna. Tá na príomhfhorálacha ábhartha san Acht Deochanna Meisciúla, 2003, arna leasú.
Má dhéantar an líomhain faoi idirdhealú in aghaidh áitreabh ceadúnaithe ar an nguthán nó ar ríomhphost (is é sin, mura dtarlaíonn an t-idirdhealú líomhnaithe “in áitreabh ceadúnaithe nó ag pointe iontrála áitribh cheadúnaithe”), caithfear an líomhain sin a chur chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.
Ceisteanna Coitianta
Ceadaítear, fad is atá fógra ina leagtar amach an beartas ar taispeáint in áit fheiceálach laistigh den áitreabh nó taobh amuigh den áitreabh.
An ndearnadh idirdhealú ort ar chúis eile?
Roghnaigh an foras agus an réimse ina ndearnadh idirdhealú ort