Tá sé de chumhacht againn a iarraidh ar eagraíocht tabhairt faoi Athbhreithniú Comhionannais.
Tá sé de chumhacht againn a iarraidh ar eagraíocht tabhairt faoi Athbhreithniú Comhionannais maidir le heagraíocht.
Céard is Athbhreithniú Comhionannais ann?
Is modh d’eagraíocht iad na hAthbhreithnithe Comhionannais chun a cuid cleachtas a sheiceáil in aghaidh dlíthe comhionannais. Leis an bpróiseas sin, déantar measúnú chun a fháil amach an gcuireann cleachtais agus nósanna imeachta na heagraíochta comhionannas deiseanna chun cinn agus an gcoisceann siad idirdhealú.
Is féidir díriú ar an méid seo a leanas le hAthbhreithniú Comhionannais:
- comhionannas deiseanna i gcoitinne, nó
- gné áirithe den idirdhealú
Cé hiad na heagraíochtaí ar iarradh orthu Athbhreithniú Comhionannais a chur i gcrích?
In 2019, iarraidh ar gach ceann den 31 comhairle contae agus cathrach Athbhreithniú Comhionannais a chur i gcrích. Rinneadh é sin mar gheall ar theipeanna go náisiúnta buiséad caipitil imfhálaithe a tharraingt anuas chun oibleagáidí i leith cóiríocht don Lucht Siúil go sonrach a chomhlíonadh.
Iarradh ar gach comhairle:
- iniúchadh a dhéanamh ar an leibhéal comhionannais deiseanna agus/nó idirdhealaithe atá ann i gcás daoine den Lucht Siúil a dteastaíonn uathu leas a bhaint as cóiríocht don Lucht Siúil go sonrach.
- athbhreithniú a dhéanamh ar a gcleachtais agus ar a nósanna imeachta agus ar thosca ábhartha eile maidir le maoiniú caipitil a tharraingt anuas agus leis an soláthar seirbhísí cóiríochta don Lucht Siúil go sonrach.
Iarradh orthu ceisteanna a fhreagairt go sonrach faoin méid seo a leanas:
- a gcleachtais agus a nósanna imeachta a bhain le cóiríocht don Lucht Siúil a sholáthar.
- an méid cistí a d’iarr gach comhairle a tharraingt anuas ón Rialtas le ceithre bliana anuas agus faoi úsáid an airgid sin.
- cé acu an bhfuil tionscadail chóiríochta don Lucht Siúil á gcur i gcrích, agus mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?
- an méid a tarraingíodh anuas ón Rialtas le haghaidh tithíocht chaighdeánach i gcaitheamh na tréimhse céanna.
- an tionchar a bhain le haon teip chun cistí a tharraingt anuas ar chomhlíonadh a ndualgas reachtúil maidir le cóiríocht a sholáthar don Lucht Súil go sonrach.
- cé na cistí a ndearnadh iarratas faoina gcoinne in 2019 i leith cóiríocht don Lucht Siúil go sonrach a sholáthar.
Foilsíodh cuntais ar na hathbhreithnithe a cuireadh i gcrích i dTuarascáil Bhliantúil IHREC le haghaidh 2021.
Iarradh ar sheacht n-údarás áitiúla ansin Plean Gníomhaíochta Comhionannais a chur i gcrích.
In 2023, d’iarramar ar Gymnastics Ireland tabhairt faoi athbhreithniú comhionannais.
Is éard a bhí i gceist leis an athbhreithniú comhionannais iniúchadh ar an leibhéal comhionannais deiseanna atá ann maidir le soláthar sheirbhísí Gymnastics Ireland, faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2018. Mar chuid den phróiseas, rinne Gymnastics Ireland scrúdú ar a chleachtais, agus ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm aige chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn go ginearálta sa soláthar seirbhísí.
Go sonrach, iarradh ar Gymnastics Ireland:
- Na cleachtais agus na nósanna imeachta ábhartha ar fad atá i bhfeidhm faoi láthair a bhaineann le cur chun cinn an chomhionannais deiseanna in Gymnastics Ireland ina sholáthar seirbhísí a shainaithint;
- Éifeachtacht na gcleachtas agus na nósanna imeachta sin chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn a mheasúnú;
- Na cleachtais agus na nósanna imeachta a mbaineann Gymnastics Ireland leas astu chun dul i ngleic le gearáin ina dtarraingítear anuas líomhain faoi idirdhealú a shainaithint agus a mheasúnú;
- A shainaithint an dtarraingítear anuas aon saincheisteanna maidir le comhionannais deiseanna; agus
- Breac-chuntas a thabhairt ar aon mholtaí agus/nó torthaí ón athbhreithniú comhionannais.
Foilsíodh cuntas den athbhreithniú a cuireadh i gcrích i mí Aibreáin 2025.