Ullmhaítear Scéim Foilsithe Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Ceapadh an Scéim Foilsithe seo chun faisnéis atá cothrom le dáta a sholáthar a bhaineann le struchtúr eagraíochta, feidhmeanna, seirbhísí, cinnteoireacht, airgeadas, soláthar agus saoráil faisnéise an Choimisiúin. Tá an Scéim Foilsithe bunaithe ar an ngréasán agus tá naisc ann le hábhar tagartha a nuashonrófar mar a fhoráiltear dó faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Má theastaíonn faisnéis uait nach gcuirtear ar fáil go poiblí faoi láthair mar chuid den Scéim Foilsithe seo, d’fhéadfá cuimhneamh ar Iarratas um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh le IHREC ach iarratas i ríomhphost a sheoladh chuig foi@ihrec.ie
Eolas faoi Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
Leagtar amach in Alt 10(1) den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014 feidhmeanna foriomlána an Choimisiúin mar:
- cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn,
- forbairt cultúir ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát,
- tuiscint agus feasacht ar thábhacht chearta an duine agus an chomhionannais a chur chun cinn sa Stát,
- dea-chleachtas a spreagadh sa chaidreamh idirchultúrtha, caoinfhulaingt agus glacadh leis an éagsúlacht sa Stát agus meas ar shaoirse agus ar dhínit gach duine a chur chun cinn, agus
- oibriú chun drochbhearta maidir le cearta an duine, le hidirdhealú agus le hiompar toirmiscthe a dhíchur.
Leagtar amach in Alt 10(2) den Acht réimse leathan feidhmeanna agus cumhachtaí sonracha trínar féidir leis an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar a shainordú foriomlán.
Agus é ag tabhairt faoina shainordú, ceanglaítear ar an gCoimisiún le hAlt 10(3) den Acht a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus é ag féachaint le forbairt sochaí mar seo a leanas a spreagadh agus tacú léi:
- sochaí ina bhfuil meas ar chearta daonna gach duine, agus ina gcosnaítear iad;
- sochaí ina bhfuil meas ar dhínit agus ar luach gach duine;
- sochaí ina gcinntítear nach bhfuil srian ar chumas duine a lánacmhainneacht a bhaint amach mar gheall ar chlaontacht, ar idirdhealú, ar fhaillí nó mar gheall ar iompar coiscthe;
- sochaí ina bhfuil deis chothrom agus chomhionann ag gach duine páirt a ghlacadh i saol geilleagrach, polaitiúil, sóisialta nó cultúrtha an Stáit; agus,
- sochaí ina bhfuil cóimheas idir daoine, lena n-áirítear aicmí daoine, bunaithe ar thuiscint chomhpháirteach ar luach na héagsúlachta laistigh de shochaí agus ar chóimheas ar chearta an duine agus ar an gcomhionannas.
Sonraítear in Alt 12(1) den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas go gcuimseofar sa Choimisiún líon nach mó ná 15 chomhalta agus nach lú ná 12 chomhalta, agus go mbeidh Príomh-Choimisinéir an Choimisiúin ar dhuine de na comhaltaí sin.
Ceapadh forálacha an Achta chun neamhspleáchas an Choimisiúin ina chuid oibre a chinntiú. Ceapann Uachtarán na hÉireann comhaltaí an Choimisiúin, i ndiaidh rún in dhá Theach an Oireachtais agus cinneann na comhaltaí beartas agus gníomhaíocht an Choimisiúin go neamhspleách.
Aithníodh neamhspleáchas an Choimisiúin, de réir Phrionsabail Pháras, lena chreidiúnú mar stádas “A” mar Institiúid Náisiúnta um Chearta an Duine leis na Náisiúin Aontaithe.
Reáchtálann an Coimisiún idir sé agus ocht ngnáthchruinniú iomlánacha in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, d’fhéadfaí cruinnithe urghnácha de chuid an Choimisiúin a reáchtáil chun cinntí am-íogaire a thaifead idir na gnáthchruinnithe iomlánacha a beartaíodh.
Foilsítear miondealú iomlán ar chomhaltaí agus ar fhreastal an Choimisiúin do na blianta atá thart i d Tuarascálacha Bliantúla an Choimisiúin.
Tugtar faoi chinnteoireacht ag leibhéal an Choimisiúin, nuair is féidir, ar bhonn an chomhaontaithe. Má tá éagsúlacht tuairimíochta ann faoi ábhar ar leith, féadfar vóta an tromlaigh a úsáid chun seasamh an Choimisiúin a chinneadh.
Sonraítear san Acht gur cheart go mbeadh Stiúrthóir ar an gCoimisiún, a thabharfaidh faoi riaradh an Choimisiúin agus a bhainisteoidh an riaradh sin, agus a rialóidh é go ginearálta. Tá an Stiúrthóir freagrach don Choimisiún as bainistíocht éifeachtach agus éifeachtúil an Choimisiúin.
Maoinítear an Coimisiún trí Vóta Oireachtais agus is í Stiúrthóir an Choimisiúin an tOifigeach Cuntasaíochta dá Vóta.
Treoraítear creat foriomlán rialachais agus rialaithe an Choimisiúin leo seo a leanas:
- An tAcht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014;
- An Cód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit;
- Caighdeán Rialachas Corparáideach na Státseirbhíse;
- An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995;
- An tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001;
- Tuarascáil an Ghrúpa Oibre ar Chuntasacht Ard-Rúnaithe agus Oifigeach Cuntasaíochta (Tuarascáil Mullarkey);
- Nósanna Imeachta Airgeadais Phoiblí, 2008.
Is é an Coimisiún fostóir a fhoirne ar fad, ar státseirbhísigh i státseirbhís an Stáit iad agus a íoctar de réir scálaí caighdeánacha na státseirbhíse. Is é seo a leanas struchtúr um ghrádú pá agus eagraíochtúil na foirne reatha amhail Márta 2025:
Uimhir an Ghráid/Scála Pá ar an Scála:
Príomh-Choimisinéir – 1
Stiúrthóir – 1
Príomhoifigeach – 4
Príomhoifigeach Cúnta – 16
Ardoifigeach Feidhmiúcháin – 19
Oifigeach Feidhmiúcháin – 10
Oifigeach Feidhmiúcháin – 20
Oifigeach Cléireachais – 11
Oifigeach Seirbhíse – 1
Bíonn na taifid a choinníonn an Coimisiún sna catagóirí seo a leanas:
Ginearálta
- Tuarascálacha Bliantúla;
- Ráitis Straitéise;
- Pleananna Oibre;
- Miontuairiscí Cruinnithe Iomlánacha;
- Taifid Riaracháin Inmheánaigh.
Dlí
- Taifid ar chabhair dhlíthiúil a iarradh agus a fuarthas faoi Alt 40;
- Taifid ar cheisteanna dlí;
- Taifid a bhaineann le mionteagaisc Amicus Curiae.
Beartas agus Taighde
- Tuarascálacha taighde foilsithe;
- Ráitis ar sheasamh beartais fhoilsithe;
Rannpháirtíocht Straitéiseach
- Teagmhálacha le Ranna Rialtais;
- Teagmhálacha le Coistí Oireachtais;
- Gearrthóga nuachtáin;
- Óráidí agus Cuir i Láthair;
- Taifid a bhaineann le tuarascálacha a fhoilsiú m.sh. tuarascálacha bliantúla.
Cúrsaí Corparáideacha
- Comhaontú/Comhaontuithe Dearbhaithe Chorparáidigh;
- Taifid cuntas;
- Clár Sócmhainní;
- Clár Riosca;
- Taifid saoráidí;
- Taifid TFC;
- Taifid Acmhainní Daonna;
- Ciorcláin agus Treoirlínte na Státseirbhíse/na Seirbhíse Poiblí;
- Taifid ar nósanna imeachta inmheánacha;
- Iarratais um Shaoráil Faisnéise;
- Iarratais um Chosaint Sonraí;
- Fiosrúcháin/comhfhreagras ginearálta.
Suíomh
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
16-22 Sráid na Faiche
Baile Átha Cliath 7
D07 CR20

Sonraí Teagmhála
Le haghaidh fiosruithe ginearálta/gnó, déan teagmháil le:
Guthán: + 353 (0) 1 8589601
Ríomhphost: info@ihrec.ie

Seirbhísí a chuirtear ar fáil don Phobal
Is féidir leis an gCoimisiún, trína sheirbhís faisnéise saor in aisce, Do Chearta, faisnéis a thabhairt duit faoi do chearta agus na réitigh atá ar fáil duit faoin dlí i leith comhionannais agus chearta an duine in Éirinn. Áirítear leis sin faisnéis faoi:
- Idirdhealú a bhaineann leis an obair
- Idirdhealú maidir le hearraí agus le seirbhísí
- Idirdhealú maidir le hoideachas
- Cosaintí do chearta an duine faoi dhlí na hÉireann
Tabhair faoi deara nach féidir leis an tseirbhís Do Chearta ach faisnéis a chur ar fáil, agus go sonrach nach féidir leo comhairle dlí a sholáthar.
Chomh maith leis sin, ní féidir leis an tseirbhís Do Chearta:
- Faisnéis a sholáthar maidir le cúrsaí nach gcuimsítear leis an dlí i leith comhionannais nó leis an dlí i leith chearta an duine.
- Faisnéis a sholáthar faoi shaincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas a tharlaíonn lasmuigh de Phoblacht na hÉireann.
An chaoi le faisnéis faoi Do Chearta a fháil
Tá faisnéis faoi Do Chearta le fáil ar ár suíomh gréasáin.
Chun teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís faisnéise Do Chearta is féidir leat freisin:
- Glaoch a chur ar 01 858 3000 nó Íosghlao 1 890 245545
- Ríomhphost a sheoladh chuig YourRights@ihrec.ie
- Nó is féidir scríobh chuig:
Do Chearta,
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas,
16-22 Sráid na Faiche,
Baile Átha Cliath 7.
An Próiseas Cinnteoireachta le haghaidh Tograí Móra Beartais
Sonraítear san Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas go gcuimseofar sa Choimisiún líon nach mó ná 15 chomhalta agus nach lú ná 12 chomhalta, agus go mbeidh Príomh-Choimisinéir an Choimisiúin ar dhuine de na comhaltaí sin.
Ceapadh forálacha an Achta chun neamhspleáchas an Choimisiúin ina chuid oibre a chinntiú. Ceapann Uachtarán na hÉireann comhaltaí an Choimisiúin, i ndiaidh rún in dhá Theach an Oireachtais agus cinneann na comhaltaí beartas agus gníomhaíocht an Choimisiúin go neamhspleách.
Faisnéis Airgeadais
Maoinítear an Coimisiún trí Vóta Oireachtais, a fhoilsítear i Meastacháin Bhliantúla an Rialtais, agus is í Stiúrthóir an Choimisiúin an tOifigeach Cuntasaíochta dá Vóta.
De réir Alt 27(1) d’Acht IHREC, 2014, tá an Coimisiún freagrach as Cuntais Leithreasa a ullmhú agus as rialtacht na n-idirbheart airgeadais ar fad a chinntiú. Áirítear leis na feidhmeanna atá mar bhonn agus mar thaca ag na freagrachtaí sin íocaíochtaí a údarú agus a mhonatóiriú le haghaidh earraí agus seirbhísí, próisis tairisceana, an párolla a fheidhmiú agus tuairisceáin mhíosúla a chur chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Cuntas Leithreasa
Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste Cuntais IHREC 2024 a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid an Oireachtais. Foilsíonn an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste Cuntais Leithreasa an Choimisiúin go bliantúil de réir Vóta 25.
Tháinig méadú ar an gcaiteachas ó €8,268k in 2023 go €8,736k in 2024 arb ionann é agus méadú 5%.
Tháinig méadú ar bharrachas bhuiséad IHREC nár caitheadh agus a géilleadh don Státchiste ó €31,042k in 2023 go dtí €153,988k in 2024.
Léiríonn an méadú ar chaiteachas agus ar bharrachas le géilleadh feabhas suntasach ar Bhainistíocht Airgeadais in 2024 i gcomparáid le blianta roimhe sin.
Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste Cuntais IHREC 2023 a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid an Oireachtais. Foilsíonn an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste Cuntais Leithreasa an Choimisiúin go bliantúil de réir Vóta 25.
Tháinig méadú ar an gcaiteachas ó €7,509k in 2022 go dtí € 8,268k in 2023 arb ionann é agus méadú 10%.
Tháinig méadú ar bharrachas bhuiséad IHREC nár caitheadh agus a géilleadh don Státchiste ó €24,118k in 2022 go dtí €31,042k in 2023.
Léiríonn an méadú ar chaiteachas agus ar bharrachas le géilleadh feabhas suntasach ar Bhainistíocht Airgeadais in 2023 i gcomparáid le blianta roimhe sin.
Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste Cuntais IHREC 2022 a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid an Oireachtais an 29 Meán Fómhair.
Foilsíonn an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste Cuntais Leithreasa an Choimisiúin go bliantúil de réir Vóta 25.
Tháinig méadú ar an gcaiteachas ó €6,741k in 2021 go €7,509k in 2022 arb ionann é agus méadú 11%.[AB2]
Tháinig laghdú ar bharrachas bhuiséad IHREC nár caitheadh agus a ghéilleadh don Státchiste ó €192k in 2021 go dtí €24k in 2022.
Léiríonn an méadú ar chaiteachas agus an laghdú ar bharrachas le géilleadh feabhas suntasach ar Bhainistíocht Airgeadais in 2022 i gcomparáid le blianta roimhe sin.
Prasíocaíochtaí
De réir Chinneadh S29296 den 2 agus 8 Márta 2011 ón Rialtas, éilítear ar an gCoimisiún a chinntiú go n-íoctar sonraisc bhailí laistigh de 15 lá ón dáta a fhaightear iad.
An Tréimhse Ráithiúil a Chuimsítear: 1 Eanáir 2024 go 31 Márta 2024 (Ráithe 1)
Íocaíochtaí iomlána a rinneadh sa Ráithe: 311
- Luach: €879,428.41
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 100%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá: 228
- Luach: €566,101.85
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 73.31%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 16 lá go 30 lá: 62
- Luach: €226,723.46
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 19.94%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 30 lá a bhí faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 13
- Luach: €7,854.84
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 4.18%
Íocaíochtaí a rinneadh tar éis níos mó ná 30 lá nach raibh faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 8
- Luach: €78,748.26
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 2.57%
Méid an úis ar íocaíochtaí déanacha (LPI) a íocadh sa Ráithe: €150.73 0
Méid na gcostas cúitimh a íocadh sa Ráithe: €580.00
An Tréimhse Ráithiúil a Chuimsítear: 1 Aibreán go 30 Meitheamh 2024 (Ráithe 2)
Íocaíochtaí iomlána a rinneadh sa Ráithe: 346
- Luach: €678,500.42
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 100%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá: 264
- Luach: €434,653.34
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 77%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 16 lá go 30 lá: 56
- Luach: €148,684.99
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 16%
Íocaíochtaí a rinneadh tar éis níos mó ná 30 lá a bhí faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 15
- Luach: €47,182.96
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 4%
Íocaíochtaí a rinneadh tar éis níos mó ná 30 lá nach raibh faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 11
- Luach: €47,979.13
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 3%
Méid an Úis ar Íocaíochtaí Déanacha (LPI) a íocadh sa Ráithe: €774.55
Méid na gcostas cúitimh a íocadh sa Ráithe: €870.00
An Tréimhse Ráithiúil a chuimsítear – mí Iúil go mí Mheán Fómhair 2024 (Ráithe 3)
Íocaíochtaí iomlána a rinneadh sa Ráithe: 291
- Luach: €523,033.18
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 100%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá: 243
- Luach: €371,985.83
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 83.51%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 16 lá go 30 lá: 30
- Luach: €112,477.73
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 10.31%
30 lá a bhí faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 5
- Luach: €16,393.55
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 1.72%
Íocaíochtaí a rinneadh tar éis níos mó ná 30 lá nach raibh faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 13
- Luach: €22,176.07
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 4.47%
Méid an Úis ar Íocaíochtaí Déanacha (LPI) a íocadh sa Ráithe: €12.22
Méid na gcostas cúitimh a íocadh sa Ráithe: €260
An Tréimhse Ráithiúil a Chuimsítear – mí Dheireadh Fómhair go mí na Nollag 2024 (Ráithe 4)
Íocaíochtaí iomlána a rinneadh sa Ráithe: 433
- Luach: €1,187,268.71
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 100%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá: 373
Luach:
An tréimhse ráithiúil a chuimsítear: 1 Eanáir 2023 go 31 Márta 2023 (Ráithe 1)
Íocaíochtaí iomlána a rinneadh sa Ráithe: 287
- Luach: €463,907.82
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 100%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá: 243
- Luach: €397,212.60
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 85.62%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 16 lá go 30 lá: 3
- Luach: €54,437.92
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 11.73%
30 lá a bhí faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 10
- Luach: €10,347.70
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 2.23%
Méid an Úis ar Íocaíochtaí Déanacha (LPI) a íocadh sa Ráithe: €19.30
Méid na gcostas cúitimh a íocadh sa Ráithe: €150.00
An Tréimhse Ráithiúil a Chuimsítear: Mí Aibreáin go mí an Mheithimh 2023 (Ráithe 2)
Íocaíochtaí iomlána a rinneadh sa Ráithe: 336
- Luach: €645,962.85
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 100%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá: 279
- Luach: €449,258.51
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 69.55%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 16 lá go 30 lá: 36
- Luach: €90,638.47
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 14.03%
30 lá a bhí faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 12
- Luach: €14,528.06
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 2.25%
Íocaíochtaí a rinneadh tar éis níos mó ná 30 lá nach raibh faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 9
- Luach: €91,537.81
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 14.17%
Méid an Úis ar Íocaíochtaí Déanacha (LPI) a íocadh sa Ráithe: €55.55
Méid na gcostas cúitimh a íocadh sa Ráithe: €600.00
An Tréimhse Ráithiúil a Chuimsítear: mí Iúil go mí Mheán Fómhair 2023 (Ráithe 3)
Íocaíochtaí iomlána a rinneadh sa Ráithe: 245
- Luach: €488,134.81
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 100%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá: 186
- Luach: €284,381.70
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 58.26%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 16 lá go 30 lá: 48
- Luach: €136,372.55
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 27.94%
30 lá a bhí faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 11
- Luach: €67,380.56
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 13.80%
Íocaíochtaí a rinneadh tar éis níos mó ná 30 lá nach raibh faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 2
- Luach: €196.65
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 0.04%
Méid an Úis ar Íocaíochtaí Déanacha (LPI) a íocadh sa Ráithe: €149.93
Méid an chúitimh a íocadh sa Ráithe: €770.00
An Tréimhse Ráithiúil a Chuimsítear: mí Dheireadh Fómhair go mí na Nollag 2023 (Ráithe 4)
Íocaíochtaí iomlána a rinneadh sa Ráithe: 478
- Luach: €1,246,205.15
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 100%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá: 418
- Luach: €1,038,115.06
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 87.45%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 16 lá go 30 lá: 45
- Luach: €158,676.54
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 9.41%
30 lá a bhí faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 4
- Luach: €9,133.75
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 0.84%
Íocaíochtaí a rinneadh tar éis níos mó ná 30 lá nach raibh faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 11
- Luach: €40,279.80
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 2.30%
Méid an Úis ar Íocaíochtaí Déanacha (LPI) a íocadh sa Ráithe: €98.10
Méid na gcostas cúitimh a íocadh sa Ráithe: €190.00
An Tréimhse Ráithiúil a Chuimsítear: 1 Eanáir 2022 go 31 Márta 2022 (Ráithe 1)
Íocaíochtaí iomlána a rinneadh sa Ráithe: 185
- Luach: €349,903.87
- Céatadán den líon iomlán: 100%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá: 170
- Luach: €267,064.73
- Céatadán den líon iomlán: 76.33%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 16 lá go 30 lá: 15
- Luach: €93,909.14
- Céatadán den líon iomlán: 26.84%
An Tréimhse Ráithiúil a chuimsítear: mí Aibreáin go mí an Mheithimh 2022 (Ráithe 2)
Íocaíochtaí iomlána a rinneadh sa Ráithe: 286
- Luach: €501,219.66
- Céatadán den líon iomlán: 100%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá: 264
- Luach: €479,633.83
- Céatadán den líon iomlán: 95.69%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 16 lá go 30 lá: 16
- Luach: €11,922.96
- Céatadán den líon iomlán: 2.38%
30 lá a bhí faoi réir Ús ar Íocaíochtaí Déanacha (LPI) agus costais chúitimh:2
- Luach: €3,936.00
- Céatadán den iomlán: 0.79%
Íocaíochtaí a rinneadh tar éis níos mó ná 30 lá nach raibh faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 3
- Luach: €1,594.07
- Céatadán den líon iomlán: 0.32%
Méid an Úis ar Íocaíochtaí Déanacha (LPI) a íocadh sa Ráithe: €63.84
Méid na gcostas cúitimh a íocadh sa Ráithe: €140.00
An Tréimhse Ráithiúil a chuimsítear: mí Iúil go mí Mheán Fómhair 2022 (Ráithe 3)
Íocaíochtaí iomlána a rinneadh sa Ráithe: 310
- Luach: €536,201.84
- Céatadán den líon iomlán: 100%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá: 269
- Luach: €482,681.18
- Céatadán den líon iomlán 90.02%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 16 lá go 30 lá: 30
- Luach: €46,301.13
- Céatadán den líon iomlán: 8.64%
30 lá a bhí faoi réir Ús ar Íocaíochtaí Déanacha (LPI) agus costais chúitimh: 4
- Luach: €6,367.19
- Céatadán den líon iomlán: 1.19%
Íocaíochtaí a rinneadh tar éis níos mó ná 30 lá nach raibh faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 7
- Luach: €852.34
- Céatadán den líon iomlán: 0.16%
Méid LPI a íocadh sa Ráithe: €88.83
Méid na gcostas cúitimh a íocadh sa Ráithe: €250.00
An Tréimhse Ráithiúil a chuimsítear: mí Mheán Fómhair 2022 go mí na Nollag 2022 (Ráithe 4)
Íocaíochtaí iomlána a rinneadh sa Ráithe: 439
- Luach: €1,625,058.48
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 100%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá: 405
- Luach: €1,503,670.66
- Céatadán den líon iomlán: 92.53%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 16 lá go 30 lá: 27
- Luach: €81,058.21
- Céatadán den líon iomlán 4.99%
30 lá a bhí faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 3
- Luach: €19,335.60
- Céatadán den líon iomlán: 1.19%
Íocaíochtaí a rinneadh tar éis níos mó ná 30 lá nach raibh faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 4
- Luach: €20,994.01
- Céatadán den líon iomlán: 1.29%
Méid an úis ar íocaíochtaí déanacha (LPI) a íocadh sa Ráithe: €14.67
Méid na gcostas cúitimh a íocadh sa Ráithe: €240.00
An Tréimhse Ráithiúil a Chuimsítear: 1 Eanáir 2021 go 31 Márta 2021 (Ráithe 1)
Íocaíochtaí iomlána a rinneadh sa Ráithe: 158
- Luach: €406,919.67
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 100%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá: 158
- Luach: €406,348.21
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 99%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 16 lá go 30 lá: 1
- Luach: €571.46
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 1%
An Tréimhse Ráithiúil a Chuimsítear: 1 Aibreán go 30 Meitheamh 2021 (Ráithe 2)
Íocaíochtaí iomlána a rinneadh sa Ráithe: 132
- Luach: €452,786.32
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí: 100%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá: 95
- Luach: €356,558.88
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí: 71.97%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 16 lá go 30 lá: 23
- Luach: €69,701.59
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí: 17.42%
30 lá a bhí faoi réir LPI (Ús ar Íocaíochtaí Déanacha) agus costais chúitimh: 7
- Luach: €5,793.87
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí: 5.3%
Íocaíochtaí a rinneadh tar éis níos mó ná 30 lá nach raibh faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 7
- Luach €20,731.98
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí: 5.3%
Méid an Úis ar Íocaíochtaí Déanacha (LPI) a íocadh sa Ráithe: €12.94
Méid na gcostas cúitimh a íocadh sa Ráithe: €290.00
An Tréimhse Ráithiúil a Chuimsítear: 1 Iúil 2021 go 30 Meán Fómhair 2021 (Ráithe 3)
Íocaíochtaí iomlána a rinneadh sa Ráithe: 147
- Luach: €329,741.70
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 100%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá: 123
- Luach: €284,369.53
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 83.67%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 16 lá go 30 lá: 20
- Luach: €43,654.76
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 13.61%
30 lá a bhí faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 3
- Luach: €1,492.41
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 2.04%
Íocaíochtaí a rinneadh tar éis níos mó ná 30 lá nach raibh faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 1
- Luach: €225.00
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 0.68%
Méid an Úis ar Íocaíochtaí Déanacha (LPI) a íocadh sa Ráithe: €3.02
Méid na gcostas cúitimh a íocadh sa Ráithe: €120.00
An Tréimhse Ráithiúil a Chuimsítear: 1 Deireadh Fómhair 2021 go 31 Meán Fómhair 2021 (Ráithe 4)
Íocaíochtaí iomlána a rinneadh sa Ráithe: 394
- Luach: €1,673,864.60
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 100%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 15 lá: 359
- Luach: €1,611,344.30
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 91.12%
Íocaíochtaí a rinneadh laistigh de 16 lá go 30 lá: 29
- Luach: €50,252.68
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 7.36%
Íocaíochtaí a rinneadh tar éis níos mó ná 30 lá a bhí faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 2
- Luach: €8,037.25
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 0.51 %
Íocaíochtaí a rinneadh tar éis níos mó ná 30 lá nach raibh faoi réir ús ar íocaíochtaí déanacha agus costais chúitimh: 4
- Luach: €4,230.37
- Céatadán den líon iomlán íocaíochtaí a rinneadh: 1.02%
Méid an Úis ar Íocaíochtaí Déanacha (LPI) a íocadh sa Ráithe: €97.03
Méid na gcostas cúitimh a íocadh sa Ráithe: €110.00
Luach Saothair/Taisteal agus Cothabháil Chomhaltaí an Choimisiúin
Comhalta Coimisiúin Táillí Speansais
Salome Mbugua Henry €7,695.00 gan speansais
Adam Harris €7,695.00 gan speansais
Rosaleen McDonagh €7,695.00 gan speansais
Michael Finucane €7,695.00 gan speansais
Kathleen Lynch €7,695.00 gan speansais
Jim Clarken €7,695.00 gan speansais
Sunniva McDonagh €7,695.00 gan speansais
An Dr Lucy Michael €7,695.00 gan speansais
Colin Harvey €8,320.75 gan speansais
Eoin Ronayne €8,320.75 €465.77
Noeline Blackwell €8,320.75 gan speansais
Caoilfhionn Gallagher €8,320.75 gan speansais
Ray Murphy €2,565.00 gan speansais
Sinéad Gibney gan táillí gan speansais
Liam Herrick gan táillí gan speansais
Iomlán: €97,408.00 €465.77
Comhalta Coimisiúin Táillí Speansais
Salome Mbugua Henry €5,145.50 gan speansais
Adam Harris €5,145.50 gan speansais
Rosaleen McDonagh €5,145.50 gan speansais
Michael Finucane €5,145.50 gan speansais
Kathleen Lynch €5,145.50 gan speansais
Jim Clarken €5,145.50 gan speansais
Sunniva McDonagh €5,145.50 gan speansais
An Dr Lucy Michael €5,145.50 gan speansais
Heidi Foster Breslin €3,221.75 €176.60
Caroline Fennell €3,221.75 €907.17
Tony Geoghegan €3,221.75 gan speansais
Colm O’Dwyer €3,221.75 gan speansais
Colin Harvey €1,298.00 €51.89
Eoin Ronayne €1,298.00 gan speansais
Noeline Blackwell €1,298.00 gan speansais
Caoilfhionn Gallagher gan táillí gan speansais
Ray Murphy gan táillí €481.22
Frank Conaty gan táillí €639.27
Sinéad Gibney gan táillí €1,263.72
Iomlán €62,325.25 €3,519.87
Comhalta Coimisiúin Táillí Speansais
Salome Mbugua Henry €7,695.00 gan speansais
Adam Harris €7,695.00 gan speansais
Rosaleen McDonagh €7,695.00 gan speansais
Michael Finucane €7,695.00 gan speansais
Kathleen Lynch €7,695.00 gan speansais
Jim Clarken €7,695.00 €281.14
Sunniva McDonagh €7,695.00 €120.54
An Dr Lucy Michael €7,695.00 gan speansais
Heidi Foster Breslin €7,695.00 gan speansais
Caroline Fennell €7,695.00 €2,947.68
Tony Geoghegan €7,695.00 gan speansais
Colm O’Dwyer €7,695.00 gan speansais
Ray Murphy Gan táillí €294.38
Sinéad Gibney Gan táillí €773.20
Iomlán €92,340.00 €4,416.94
Comhalta Coimisiúin Táillí Speansais
Colm O’Dwyer €7,695.00 gan speansais
Tony Geoghegan €7,695.00 gan speansais
Salome Mbugua €7,695.00 gan speansais
Heydi Foster Breslin €7,695.00 gan speansais
Adam Harris €7,695.00 gan speansais
Jim Clarken €7,695.00 gan speansais
An tOllamh Kathleen Lynch €7,695.00 gan speansais
An Dr Lucy Michael €7,695.00 gan speansais
Michael Finucane €7,695.00 gan speansais
An Dr Rosaleen McDonagh €7,695.00 gan speansais
Sunniva McDonagh €7,695.00 gan speansais
Caroline Fennell €1,924.00 gan speansais
Sinéad Gibney Gan táillí gan speansais
Iomlán €86,569.00 gan speansais
Soláthar
Beartais Soláthair
Cuireann Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas an dea-chleachtas agus seasmhacht i bhfeidhmiú rialacha soláthair phoiblí chun cinn i ndáil leis na hearraí agus seirbhísí a cheannaíonn sé.
Ní mór tabhairt faoin soláthar ar fad laistigh den Choimisiún de réir na reachtaíochta soláthair ábhartha uile.
Nuair is féidir, úsáideann an Coimisiún creata soláthair phoiblí a chuireann an Oifig um Sholáthar Rialtais ar fáil ar ogp.gov.ie .
Tairiscintí Reatha
Tá sonraí faoi thairiscintí reatha an Choimisiúin ar fáil ar www.eTenders.gov.ie , an tsaoráid lárnach do na húdaráis chonartha ar fad san earnáil phoiblí chun deiseanna tairisceana agus fógraí bronnta a fhógairt.
Saoráil Faisnéise
Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 2014, agus bronnadh na cearta reachtúla seo a leanas ar bhaill an phobail dá réir:
- an ceart chun rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh na gcomhlachtaí poiblí ar fad a chuimsítear san Acht;
- an ceart chun faisnéis phearsanta i dtaifead a leasú má tá faisnéis dá leithéid neamhiomlán, mícheart nó míthreorach;
- an ceart chun cúiseanna a fháil le haghaidh cinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí a dhéanann difear don duine.
Is comhlacht Saorála Faisnéise é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Déantar idirdhealú san Acht idir faisnéis phearsanta agus faisnéis neamhphearsanta. Is féidir rochtain a fháil ar fhaisnéis phearsanta beag beann ar an dáta a cruthaíodh í má tá sí fós ar fáil. Ní féidir rochtain a fháil ar fhaisnéis neamhphearsanta murar cruthaíodh í i ndiaidh an 21 Aibreán 1998 (dáta tosach feidhme an Achta).
Éilítear ar an gCoimisiún Logaí Nochta a fhoilsiú ina dtaifeadtar gach iarratas um Shaoráil Faisnéise atá neamhphearsanta. Is féidir breathnú ar na Logaí Nochta thíos:
Iarratas um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh
Tá treoir faoin gcaoi le taifid a iarraidh ón gCoimisiún faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ar fáil sa Treoir agus Foirm Iarratais um Shaoráil Faisnéise .

Sonraí Teagmhála maidir le Saoráil Faisnéise
Is féidir iarratais um Shaoráil Faisnéise a chur faoi bhráid foi@ihrec.ie nó iad a sheoladh sa phost chuig:
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise,
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas,
16-22 Sráid na Faiche,
Baile Átha Cliath 7.
Tabhair faoi deara gur le haghaidh iarratais um Shaoráil Faisnéise amháin é an seoladh ríomhphoist seo. Má tá aon cheisteanna eile agat, seol ríomhphost chuig info@ihrec.ie.
