Léim go dtí an t-ábhar

Céard is intleacht shaorga ann?

I gCreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga, Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht Reachta , sainmhínítear Intleacht Shaorga mar a leanas:

“Is éard is “córas intleachta saorga” ann córas meaisínbhunaithe, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúla. Oibríonn córais intleachta saorga le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus oiriúnachta tar éis a bheith curtha in úsáid.”

Cén bhaint atá ag intleacht shaorga le cearta an duine agus comhionannas?

Cuireann intleacht shaorga deiseanna ar fáil, agus tagann rioscaí in éineacht léi freisin maidir le cearta an duine, an smacht reachta agus an daonlathas.

Is mór an poitéinseal atá ag intleacht shaorga an domhan a athrú. Ach tagann rioscaí tromchúiseacha in éineacht léi freisin. Féadfaidh na rioscaí sin dul i bhfeidhm ar chearta an duine, an smacht reachta agus an daonlathas. Ní mór maoirseacht láidir a bheith ag an Stát chun a chinntiú go leanann teicneolaíochtaí IS cearta an duine. Ciallaíonn sé sin an daonlathas a chosaint agus idirdhealú agus claontacht a sheachaint. Tá sé tábhachtach grúpaí leochaileacha agus an tsochaí a choimeád slán ar éifeachtaí díobhálacha.

Róbat in éineacht le scálaí comhionannais

An bhfuil dlíthe ann maidir leis an intleacht shaorga?

Níl aon reachtaíocht speisialaithe ag Éirinn maidir le hintleacht shaorga. Soláthraítear cosaint éigin leis an Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000, mar aon le dlíthe um chosaint sonraí ó na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988–2018 agus leis an Acht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí, 2019.

Dlíthe Idirnáisiúnta

Is é Creat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga an chéad chonradh idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí. Díríonn sé ar chearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta.

Rinneadh dlí de Ghníomh an Aontais Eorpaigh um an Intleacht Shaorga an 1 Lúnasa 2024. Beidh sé i bhfeidhm ina iomláine faoin 2 Lúnasa 2026, ach tá roinnt eisceachtaí ann:

  • tháinig toirmisc agus oibleagáidí maidir le litearthacht IS i bhfeidhm ón 2 Feabhra 2025
  • tagann rialacha maidir le rialachas agus na hoibleagáidí maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha i bhfeidhm an 2 Lúnasa 2025
  • maidir leis na rialacha i dtaca le córais IS ardriosca – atá leabaithe ina gcuid de tháirgí rialáilte – tá síneadh curtha lena n-idirthréimhse go dtí an 2 Lúnasa 2027

Céard atá ar bun ag IHREC i dtaobh na hintleachta saorga?

Is ceist thábhachtach do IHREC í an intleacht shaorga (IS). Is mór an poitéinseal atá ag intleacht shaorga, ach tagann rioscaí in éineacht léi freisin maidir le cearta an duine, an smacht reachta agus an daonlathas. Mar sin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfeadh an Stát maoirseacht láidir ar bun ina leith. Cuideoidh sé sin le déanamh cinnte go bhforbrófar agus go n-úsáidfear IS chun cearta an duine a urramú, an daonlathas a chosaint, agus an t-idirdhealú a chosc. Tá sé tábhachtach grúpaí leochaileacha agus an tsochaí ina hiomláine a choimirciú.

Rinneadh Údarás Ainmnithe le déanaí dínn faoi Airteagal 77 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga. Is é an ról atá againn a chinntiú go bhfuil meas ar chearta an duine agus úsáid á baint as córais IS ardriosca. 

Thugamar rabhadh go bhféadfadh IS a bheith ina údar dúshlán níos mó do roinnt grúpaí. Tá fadhbanna maidir leis an inrochtaineacht san áireamh leis sin. Clúdaíonn sé rioscaí na claontachta agus an idirdhealaithe nuair a bhíonn ardáin agus seirbhísí á rochtain ag daoine. 

Is comhalta muid de Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais Náisiúnta (Equinet) agus de Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine (ENNHRI). Tá baint ag an dá líonra le monatóireacht a déanamh ar rialacháin Eorpacha maidir leis an intleacht shaorga. Comhoibrímid le chéile chun saincheisteanna maidir leis an gcomhionannas agus le cearta an duine a shainaithint le haghaidh maoirseacht náisiúnta amach anseo ar IS.

Tá éileamh déanta againn go mbeadh creat ann chun tacú le húdaráis maoirseachta náisiúnta. Bheadh a neamhspleáchas féin ina chuid den chreat sin, chomh maith le dóthain acmhainní, agus na cumhachtaí uile is gá chun a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach.