Léim go dtí an t-ábhar

Toirmeascann na hAchtanna um Stádas Comhionann fógraíocht a d’fhéadfaí a mheas mar fhógraíocht idirdhealaitheach.

Baineann fógraí idirdhealaitheacha le gach cineál fógra, bídís poiblí nó ná bíodh. D’fhéadfaidís a bheith le feiceáil ar shuíomhanna gréasáin, ar na meáin shóisialta nó i nuachtáin. D’fhéadfaidís a bheith i scríbhinn, ar an teilifís nó ar an raidió.

Céard is fógraíocht idirdhealaitheach ann?

Seo roinnt samplaí d’fhógraí idirdhealaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann:

  • ‘Ní ghlacfar leis an liúntas cíosa/le híocaíochtaí cúnaimh tithíochta’ (idirdhealú ar an bhforas cúnaimh tithíochta)
  • ‘d’fheilfeadh sé do dhaoine gairmiúla’ (idirdhealú ar an bhforas cúnaimh tithíochta)
  • ‘Teistiméireachtaí oibre/gairmiúla ag teastáil’ (idirdhealú ar an bhforas cúnaimh tithíochta)
  • ‘Daoine singile amháin’ (idirdhealú ar an bhforas stádais shibhialta agus stádais teaghlaigh)
  • ‘Daoine os cionn 25 bliain d’aois’ (idirdhealú ar an bhforas aoise)
  • ‘Fir amháin’ (idirdhealú ar an bhforas inscne)
  • ‘Lánúineacha traidisiúnta amháin’ (idirdhealú ar an bhforas stádais shibhialta)

Tabhair do d’aire nach liosta uileghabhálach samplaí é sin. 

Ní chaithfidh tú an foras ar a bhfuil an fógra idirdhealaitheach dar leat a insint dúinn. Is leor gur fógra idirdhealaitheach é dar leat.

Ní gá go mbeifí ag déanamh an idirdhealaithe san fhógra ort féin chun go ndéanfá gearán. 

Mar shampla, is féidir le fear gearán a dhéanamh faoi fhógra inar cosúil go ndéantar idirdhealú ar mhná. Is féidir le Moslamach gearán a dhéanamh faoi fhógra inar cosúil go ndéantar idirdhealú ar Chaitlicigh. 

Is leor gur fógra idirdhealaitheach é dar leat.

An chaoi le gearán a dhéanamh faoi fhógraíocht idirdhealaitheach

Is muidne an t-aon eagraíocht in Éirinn atá in ann gníomhú i leith fógraíocht idirdhealaitheach.

Má thugann tú fógra faoi deara atá ina fhógra idirdhealaitheach dar leat, tuairiscigh chugainn é. 

Is féidir linn gearáin faoi fhógraíocht idirdhealaitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO). 

Téigh i dteagmháil linn ar an bpointe, nó faoi cheann dhá mhí tar éis duit an fógra a fheiceáil nó a chloisteáil.

An méid a theastaíonn uainn

Nuair a dhéanann tú gearán faoi fhógraíocht idirdhealaitheach, bheadh sé ina chuidiú dá soláthrófá an méid seo a leanas:

Faisnéis faoin uair agus faoin áit ar ar tháinig tú ar an bhfógra

Mura soláthróidh tú dóthain eolais faoin bhfógra, b’fhéidir nach mbeimis in ann a dheimhniú cé acu atá sé idirdhealaitheach nó nach bhfuil.

Tabhair mionsonraí faoin suíomh gréasáin, nasc leis an bhfógra nó seat den scáileán/gabháil scáileáin

Soláthair pictiúir, cruachóipeanna, fótachóipeanna nó pictiúir scanta – d’fhéadfá iad sin a sheoladh chugainn, más mian leat. 

Tabhair taifeadadh, mionsonraí faoin uair a craoladh an fógra agus faoin gcainéal a bhí i gceist, nó aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh cuidiú linn an fógra a shainaithint agus athbhreithniú a dhéanamh air

Tabhair grianghraif nó faisnéis chun cuidiú linn an fógra a shainaithint agus athbhreithniú a dhéanamh air

Dá mba mhaith leat admháil a fháil go bhfuarthas do ghearán, tabhair do chuid sonraí teagmhála.

Fógraíocht Idirdhealaitheach a Thuairisciú

Úsáid an fhoirm seo chun fógraíocht idirdhealaitheach a thuairisciú do Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.

Ba cheart duit fógraí a thuairisciú a luaithe is féidir, nó laistigh de 2 mhí ón bhfógra a fheiceáil.

Má tá tuilleadh cúnaimh uait, beimid sásta freastal ar do chuid riachtanas.

Any fields that contain the symbol * are required fields

This is an error message for the above select

This field is required

File Upload

Tar éis duit do ghearán a dhéanamh

Déanann ball foirne athbhreithniú ar ghearáin faoi fhógraíocht idirdhealaitheach a fhaigheann IHREC.  Más gá, d’fhéadfaidís dul i dteagmháil leat chun tuilleadh faisnéise a fháil (má sholáthraíonn tú do chuid sonraí teagmhála).

Tar éis duit fógra a thuairisciú, ní bheidh tú páirteach sa phróiseas arís, ach amháin i gcásanna annamha. Cinneann IHREC an ngníomhóidh sé. Mar chuid de sin, téitear i dteagmháil leis an bhfoilsitheoir nó leis an bhfógróir, más cuí.

Is mór againn na gearáin uile faoi fhógraí idirdhealaitheacha a fhaightear ón bpobal.

Cuidíonn do ghearán linn dul i ngleic le fógraíocht idirdhealaitheach.

Gníomhartha eile a d’fhéadfadh IHREC a dhéanamh

Is féidir linn gearán faoi fhógraíocht idirdhealaitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) más cuí linn é. Cinnfidh CCÁO an fógra idirdhealaitheach atá ann.

Cás-staidéar faoi Fhógraíocht Idirdhealaitheach

Case 1

IHREC v Daft.ie

In 2019, IHREC successfully brought a complaint to the WRC against the property website Daft.ie, arguing that adverts on the website discriminated on ground of housing assistance by containing phrases such as ‘rent allowance not accepted.’

Law: Equal Status Acts Year: 2019

Daft.ie forced to tackle discriminatory advertising on their website

In 2019, IHREC successfully brought a complaint to the WRC against the property website Daft.ie, arguing that adverts on the website discriminated on ground of housing assistance by containing phrases such as ‘rent allowance not accepted.’ The WRC ordered that Daft.ie stop allowing discriminatory adverts on its website, and that a filter should be developed to identify keywords that could discriminate.

Léigh tuilleadh