Céard is Céasadh ann?
Gníomh nó cleachtas díobhálach:
- Nach mór gur géarphian nó géarfhulaingt mheabhrach nó fhisiciúil a thoradh.
- A rinneadh d’aonturas.
- Ar oifigeach poiblí a rinne é, nó a rinneadh lena rannpháirtíocht.
- Chun críoch ar leith; pionós, imeaglú, ceistiú mar shampla.
Má bhíonn na ceithre eilimint uile i gceist leis an gcaoi ar caitheadh le duine, is céasadh é sin.
Cén bhaint atá ag Céasadh le cearta an duine agus comhionannas?
Is é an gá agus an mhian daonnacht agus dínit gach duine a chosaint bunús chearta uile an duine. Is éard is céasadh ann ionsaí a dhéanamh ar fholláine mheabhrach agus fhisiciúil an duine go díreach, le hintinn é sin a dhéanamh. Fágann sé sin go bhfuil an céasadh ar cheann de na cineálacha is tromchúisí de na cásanna ina sáraítear cearta an duine. Ar an ábhar sin, tá céasadh toirmiscthe i ngach cás agus ní féidir údar cuí a bheith leis riamh.
An bhfuil dlíthe ann maidir leis an gCéasadh?
Tá dhá chonradh idirnáisiúnta maidir leis an gcéasadh a ghlac Éirinn.
Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach (UNCAT)
Toirmisceann an Coinbhinsiún céasadh i ngach cás. Soláthraíonn UNCAT sainmhíniú dlíthiúil ar chéasadh freisin, atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta. Ghlac Éire UNCAT in 2002 ach tá éifeacht dhlíthiúil le tabhairt dó fós ag Éirinn

Prótacal Roghnach a ghabhann le UNCAT (OPCAT)
Is éard is OPCAT ann breisiú ar UNCAT a bhfuil d’aidhm lies feabhas a chur ar an gcaoi a gcoisctear céasadh ar bhonn domhanda. Déanann sé foráil maidir le córas náisiúnta agus idirnáisiúnta chun monatóireacht a dhéanamh ar shuíomhanna coinneála. Nuair a ghlacann Stát OPCAT, ainmníonn sé gníomhaireachtaí éagsúla chun bheith freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíontar UNCAT. Na gníomhaireachtaí sin a bhfuil freagracht faoi OPCAT orthu, tugtar Sásraí Náisiúnta Coisctheacha orthu. Ghlac Éire UNCAT in 2007 ach tá éifeacht dhlíthiúil le tabhairt dó fós ag Éirinn, agus níl aon ghníomhaireacht dá leithéid ainmnithe aici. Níl aon toirmeasc ar chéasadh i ndlí coiriúil na hÉireann faoi láthair.

Céard atá ar bun ag IHREC chun Céasadh a chosc
Tá coinne leis go dtabharfaidh Éire éifeacht dhlíthiúil do OPCAT go luath. Déanfar é sin tríd an mBille um Chigireacht ar Áiteanna Coinneála atá á ullmhú faoi láthair.
Tá coinne ag IHREC go n-ainmneofar é mar an Sásra Náisiúnta Coisctheach Comhordaithe. Beidh IHREC freagrach as obair na nGníomhaireachtaí eile atá ina Sásraí Coisctheacha Náisiúnta a chomhordú agus as cur chuige aontaithe a cinntiú i leith céasadh a chosc.
