Cé hiad an Lucht Siúil agus na Romaigh?
Is grúpa mionlaigh eitnigh in Éirinn iad an Lucht Siúil. Sainaithnítear an Lucht Siúil (acu féin agus ag daoine eile) mar dhaoine ag a bhfuil stair, cultúr agus traidisiúin i bpáirt, lena n-áirítear, go stairiúil, saol fánaíochta ar oileán na hÉireann.
Aithníodh Lucht Siúil na hÉireann mar eitneacht shuaithinseach in 2017. Is foras cosanta faoin dlí comhionannais é an foras gur den Lucht Siúil iad.
Is grúpa mionlaigh eitnigh san Aontas Eorpach iad na Romaigh. Cé gur de ghinealach comónta le chéile iad na Romaigh agus go bhfuil oidhreacht shaibhir chultúir agus cheoil acu, chuir grúpaí áirithe fúthu i dtíortha agus i réigiúin éagsúla, agus tá pobail shuaithinseacha iomadúla tagtha chun cinn de thoradh imirce na Romach chuig mórán tíortha difriúla in imeacht na gcéadta blianta.
Céard iad na saincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas don Lucht Siúil agus do na Romaigh?
Fulaingíonn an Lucht Siúil agus na Romaigh ciníochas agus idirdhealú in Éirinn. Téann an t-idirdhealú sin i bhfeidhm ar a bhfostú, sláinte, tithíocht, rannpháirtíocht, rochtain ar sheirbhísí, agus rochtain ar an gceartas. Is measa a bhíonn an scéal acu ná daoine eile in Éirinn ina leith sin.
An bhfuil dlíthe ann a bhaineann leis an Lucht Siúil agus na Romaigh?
Seo a leanas cúpla ceann de na príomhdhlíthe faoin Lucht Siúil agus faoi na Romaigh in Éirinn, san Aontas Eorpach, agus go hidirnáisiúnta:
Cosnaíonn na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann ar rdhealú ar bhonn eitneachta agus mar dhuine den Lucht Siúil.
Leagtar amach gníomhartha chun deireadh a chur le hidirdhealú ciníoch i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le hIdirdhealú Ciníoch a Dhíothú.
Leis an gCreat-Choinbhinsiún maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint, leagtar amach bearta chun mionlaigh náisiúnta a chosaint.
Soláthraíonn Caighdeáin an Choimisiúin Eorpaigh i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe moltaí maidir le gníomhartha chun aghaidh a thabhairt ar chiníochas
Céard atá ar bun ag IHREC don Lucht Siúil agus do na Romaigh?
Dhíríomar ar an Lucht Siúil agus ar na Romaigh i mórán réimsí dár gcuid oibre lena n‑áirítear:
Comhalta den Choiste Stiúrtha le haghaidh na Straitéise Náisiúnta um Chuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach.
Tugadh faoi anailís ar sholáthar na cóiríochta don Lucht Siúil in Éirinn trí phróiseas ár nAthbhreithnithe Comhionannais trí iarraidh ar údaráis áitiúla Plean Gníomhaíochta Comhionannais a ullmhú agus a chur i bhfeidhm
Soláthraíodh comhairle dlí agus cabhair dhlíthiúil do dhaoine den Lucht Siúil agus de na Romaigh.
Éilíodh go ndéanfaí an dlínse a bhaineann le cásanna in aghaidh áitribh cheadúnaithe i dtaca le hidirdhealú a thabhairt ar ais chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre trí alt 19 den Acht Deochanna Meisciúla, 2003 a aisghairm.
Éilíodh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gCoinníoll Gnáthchónaithe chun tuiscint a fháil ar an tionchar ar na Romaigh.