Céard is Míchumas ann?
Sainmhínítear ‘míchumas’ go leathan mar riochtaí fisiciúla, intleachtúla, foghlama, cognaíochta, mothúchánacha nó leighis.
Le cásdlí, tá sé bunaithe go bhfuil na nithe seo a leanas san áireamh leis an sainmhíniú, dúlagar, titimeas, uamhan clóis (clástrafóibe) agus uamhan sráide (agrafóibe), alcólachas, coilm ar an éadan, Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde (ADHD), ionfhabhtú VEID, diaibéiteas agus disléicse.
Cén bhaint atá ag míchumas le cearta an duine agus comhionannas?
Is cuid nádúrtha d’éagsúlacht an chine dhaonna é an míchumas, agus cuid nach mór a urramú agus tacú leis, ina chineálacha uile.
Tá sé de cheart ag na céadta mílte daoine faoi mhíchumas in Éirinn páirt a ghlacadh go dínitiúil sa saol laethúil – sa bhaile, ar scoil, agus iad ag an obair nó amuigh ina bpobal. Cosnaítear na cearta sin i ndlíthe náisiúnta agus idirnáisiúnta.

An bhfuil dlíthe ann maidir le míchumas?
Seo a leanas cúpla ceann de na príomhdhlíthe faoi mhíchumas in Éirinn, san Aontas Eorpach, agus go hidirnáisiúnta:
- Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas
- An tAcht um Míchumas, 2005
- An tAcht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015
- An tAcht Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2018
- An tAcht um Oideachas do Dhaoine a bhFuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu, 2004
- Na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998 go 2015
- Na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2015
- Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de Chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí) 2020
- Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Ceanglais Inrochtaineachta le haghaidh Táirgí agus Seirbhísí), 2023
Céard atá ar bun ag IHREC i dtaobh míchumais?
Is é ár ról UNCRPD a chur chun cinn, a chosaint agus faireachán nó monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a leanann Éire an Coinbhinsiún.
In Éirinn, is é IHREC an Sásra Faireacháin Neamhspleách oifigiúil le haghaidh Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD).
Ciallaíonn sé sin go bhfuil IHREC freagrach as a sheiceáil go bhfuil an rialtas ag déanamh gach rud is gá dóibh a dhéanamh do dhaoine atá faoi mhíchumas.
Colún lárnach den sásra is ea go nglacann daoine faoi mhíchumas agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha páirt ar shlí ghníomhach fhóinteach sa phróiseas monatóireachta.
Comhoibrímid le daoine faoi mhíchumas agus eagraíochtaí sa réimse sin. Cinntíonn sé sin gur daoine a bhfuil fíorthaithí ar mhíchumas acu a mhúnlaíonn ár gcuid oibre.

Céard a dhéanann an Sásra Faireacháin Neamhspleách?
Cuirimid Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas chun cinn, cosnaímid é agus déanaimid monatóireacht ar an gcaoi a leanann Éire an Coinbhinsiún.
Déanaimid é sin tríd an méid seo a leanas:
- Feasacht a mhúscailt
- Scileanna a neartú
- Athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthe
- Oibriú in éineacht le grúpaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta um chearta an duine agus le hinstitiúidí náisiúnta eile
- Gearáin a mheas ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí nuair nach seastar le cearta
- Fiosrúcháin a dhéanamh
- Páirt a ghlacadh in imeachtaí breithiúnacha (cásanna cúirte)
- Tuarascálacha a eisiúint faoi na gearáin a fhaightear
- Córas a fhorbairt chun seiceáil a dhéanamh ar an gcaoi a dtéann dlíthe agus beartais i bhfeidhm ar dhaoine agus an córas sin a choinneáil ar bun
- Tagarmharcanna agus táscairí a bheith againn
- Faisnéis faoin gcaoi a gcuirtear an Coinbhinsiún chun feidhme a chothabháil
Ullmhaíonn IHREC Tuarascálacha Neamhspleácha Stáit chun a léiriú cén chaoi a bhfuil an Stáit ag obair chun monatóireacht idirnáisiúnta a chomhlíonadh. Tá coinne leis go mbeidh na tuarascálacha sin ina phointe tosaigh láidir iontaofa le haghaidh meastóireachtaí seachtracha.
Tá dúshaothrú, foréigean agus mí‑úsáid in aghaidh daoine faoi mhíchumas mídhleathach.
Sonraíonn Airteagal 16 de UNCRPD go gcaithfidh rialtais daoine faoi mhíchumas a chosaint ar an dúshaothrú, ar an bhforéigean agus ar an mí‑úsáid, bíodh sé ag tarlú sa bhaile nó lasmuigh de.
Caithfidh an Stát dul i mbun céimeanna chun mí‑úsáid a chosc, agus a chinntiú freisin go ndéantar monatóireacht neamhspleách ar na seirbhísí uile do dhaoine faoi mhíchumas. Ba cheart seirbhísí a bheith ar fáil chun cuidiú le híospartaigh agus marthanóirí faoi mhíchumas a d’fhulaing dúshaothrú, foréigean agus mí‑úsáid. Ba cheart don Stát mí‑úsáid a imscrúdú agus mí-úsáideoirí a ionchúiseamh.
Oibríonn IHREC thar ceann daoine faoi mhíchumas a mbaineann mí‑úsáid dóibh. Teastaíonn uainn feabhas a chur ar chaighdeáin maidir le cosc, tacaíocht agus ceartas. Éilímid tuiscint níos mó agus freagairt níos éifeachtaí ón Rialtas i leith na gcineálacha mí‑úsáide uile. I measc na n-údar imní sonrach dár gcuid tá:
- Mí-úsáid fhorleathan daoine faoi mhíchumas in institiúidí cónaithe
- Imscrúduithe easnamhacha ar mhí-úsáid
- Pionóis laga do mhí-úsáideoirí
- Foréigean teaghlaigh, gnéis agus inscnebhunaithe (DSGBV) in aghaidh mná faoi mhíchumas, lena n‑áirítear mí‑úsáid ó chéilí, cúramóirí agus daoine den teaghlach, agus i suíomhanna cónaithe
Mí-úsáid a chosc
Is iad seo a leanas moltaí IHREC:
- Feachtais múscailte feasachta chun na cineálacha foréigin agus mí‑úsáide a théann i bhfeidhm ar dhaoine faoi mhíchumas a thabhairt chun suntais. Theip ar fheachtais feasachta maidir le DSGBV a bhí ann le déanaí a dteachtaireacht a chur in iúl go héifeachtach.
- Oiliúint a chur ar oibrithe gairmiúla sa tsláinte, san oideachas, sa tithíocht agus sa chúram sóisialta chun bheith san airdeall ar chásanna maidir le dúshaothrú, foréigean agus mí‑úsáid agus chun gníomhú.
Seirbhísí tacaíochta a sholáthar
Creidimid go bhfuil gá leis na nithe seo a leanas d’íospartaigh agus marthanóirí faoi mhíchumas:
- Sainseirbhísí tacaíochta ardleibhéil a fhreastalaíonn ar na riachtanais éagsúla dá gcuid
- Spásanna tearmainn agus tithe sábháilte atá tógtha nó oiriúnaithe do na húsáideoirí uile, de réir phrionsabail an dearaidh uilíoch
- Tuilleadh infheistíochta i sainseirbhísí teiripeacha d’íospartaigh agus do mharthanóirí mí‑úsáide, agus i seirbhísí meabhairshláinte ginearálta chomh maith
- Seirbhísí a chuimsíonn riachtanais ghearrthéarmacha, mheántéarmacha agus fhadtéarmacha, lena n‑áirítear:
- Comhairleoireacht
- Tacaíocht shíceasóisialta (a bhaineann le daoine den teaghlaigh nó den phobal)
- Cúram tráma tar éis gortú fisiceach nó síceasóisialta
Bearta um cheartas coiriúil
Iarrann IHREC ar an Rialtas na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Síneadh a chur leis an gcion coiriúil ar a dtugtar smachtú comhéigneach chun go gcuimseofar an t-iompar smachtúil a d’fhéadfadh baint do mhná faoi mhíchumas ó chúramóirí, gaolta agus cairde
- Cion coiriúil a dhéanamh den steiriliú éigeantais in Éirinn (téann an cineál mí‑úsáide sin i bhfeidhm ar mhná faoi mhíchumas níos mó ná grúpaí eile)
- Féachaint chuige go mbeidh seirbhísí ateangaireachta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann agus tacaíocht idirghabhálaí le fáil go forleathan i gcásanna dlí choiriúil nó teaghlaigh a bhaineann le mí‑úsáid
Mí-úsáid daoine faoi mhíchumas in institiúidí cónaithe a chosaint
Caithfidh mórán daoine faoi mhíchumas cónaí in institiúidí cónaithe mar gheall ar easpa acmhainní chun cuidiú leo maireachtáil go neamhspleách. Sna hionaid sin, d’fhéadfaidís a bheith i mbaol mí‑úsáide. Creidimid go gcaithfear cosaint níos fearr a thabhairt do chónaitheoirí ar dhúshaothrú, foréigean agus mí‑úsáid sna bealaí seo a leanas.
Athbhreithnithe ar chásanna
Tá aird tarraingthe againn ar ár n-údair thromchúiseacha imní faoi mhí‑úsáidí institiúideacha a dhéantar ar dhaoine faoi mhíchumas. Cé go bhfuil sásraí athbhreithniúcháin bunaithe chun scrúdú a dhéanamh ar roinnt údair mhóra imní, is mar imeachtaí foghlama inmheánacha a chaitear le hathbhreithnithe. Ní chuimsítear moltaí iontu go gcuirfear mí‑úsáideoirí faoi réir an dlí mar gheall ar a ngníomhartha
Freagairt ar athbhreithnithe ar chásanna
Éilímid go dtabharfar freagairt níos láidre ar athbhreithnithe ar chásanna. Mar shampla, creidimid gur cheart do na húdaráis na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Tuarascálacha maidir le cásanna a fhoilsiú (agus faisnéis ar nós ainmneacha na n-íospartach bainte amach i gcás inar gá)
- An duine atá cuntasach as iompar in ionad cónaithe a shoiléiriú
- Feabhas a chur ar an gcumarsáid idir gníomhaireachtaí
Imscrúdú a dhéanamh ar ionaid chónaithe
Déanann an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) imscrúdú ar ionaid chónaithe. Mar sin féin, dírítear na himscrúduithe sin ar mhonatóireacht a dhéanamh ar shaoráidí agus níl sé de chumhacht acu imscrúdú a dhéanamh ar chásanna agus ar ghearáin aonair. Táthar ag éileamh ar an Rialtas le fada an lá go dtabharfar reachtaíocht isteach maidir le coimirciú daoine fásta. Chinnteofaí leis sin go bhféadfaí imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi mhí-úsáid agus faillí, in ionaid chónaithe agus sa phobal araon. Caithfidh an reachtaíocht a bheith bunaithe ar UNRPCD, agus caithfear í a fhorbairt i gcomhar leis na grúpaí ar a rachadh an reachtaíocht i bhfeidhm.
Tá sé de cheart ag daoine faoi mhíchumas go mbeadh rochtain chomhionann ar an bhfostaíocht acu.
Leagtar an ceart sin amach in Airteagal 27 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD). Dá bhrí sin, caithfidh an Stát deiseanna a chur chun cinn le haghaidh daoine faoi mhíchumas chun fostaíocht a fháil san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. Tá daoine faoi mhíchumas i dteideal cóir chothrom ag an obair, lena n‑áirítear pá cuibhiúil, dálaí oibre sábháilte agus cosaint ar an gciapadh.
An bhearna fostaíochta
Tá an bhearna fostaíochta míchumais in Éirinn i measc na mbearnaí dá leithéid is mó san Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, tá an ráta fostaíochta – cion na ndaoine a bhfuil post acu – níos ísle do dhaoine faoi mhíchumas ná mar atá do dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas. Tá sé níos ísle in Éirinn ná mar atá in aon áit eile san Eoraip. Is lú líon na mban faoi mhíchumas a oibríonn ar bhonn lánaimseartha in Éirinn ná mar atá in aon tír eile den Aontas Eorpach, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh pá níos lú á íoc leo ná mar a íoctar le fir. Leanann an bhearna fostaíochta ar aghaidh fós in Éirinn in ainneoin go bhfuil feidhm ag treoracha ón Aontas Eorpach maidir le comhionannas agus cearta an duine i dtaca leis na ballstáit uile.
Cén fáth a bhfuil an bhearna chomh mór sin?
Tá sé i bhfad níos éasca teacht ar oideachas agus ar fhostaíocht in Éirinn do dhaoine atá ar lánchumas ná mar atá do dhaoine faoi mhíchumais. Tá bacainní roimh dhaoine faoi mhíchumas ag gach céim. Mar shampla:
- Iompar: Féadfaidh iompar poiblí a bheith deacair le húsáid agus féadfaidh iompar príobháideach a bheith róchostasach. Bíonn seirbhísí bus agus traenach inrochtana rialta de dhíth ar dhaoine faoi mhíchumas chun cuidiú le poist a chuardach agus chun taisteal chuig an obair.
- Rátaí pá: Ceadaítear do fhostóirí de réir an dlí rátaí difriúla pá a thairiscint d’oibrithe faoi mhíchumas. Caithfidh roinnt daoine faoi mhíchumas oibriú mar chúramóirí neamhíoctha in áit a bheith ag cuardach fostaíochta. Bíonn deacracht ag daoine eile faoi mhíchumas cúram páistí a eagrú.
Tacaíocht ag an obair: D’fhéadfadh sé go mbeadh sé de dhíth ar oibrithe faoi mhíchumas go ndéanfadh a bhfostóirí ‘freastal réasúnta’ (ar nós rampaí a shuiteáil nó uaireanta oibre a oiriúnú) ach níl ceart oifigiúil acu go rachfaí i gcomhairle leo faoi.
Na príomh-mholtaí ó IHREC
Iarrann IHREC ar an Rialtas na beartais de chuid an Aontais agus na hÉireann atá ann cheana maidir le cearta an duine agus comhionannas a chur i bhfeidhm. Tá sé molta againn go dtabharfadh an Stát aghaidh go réamhghníomhach ar an idirdhealú institiúideach agus ar na bacainní struchtúracha a théann i bhfeidhm ar rochtain daoine faoi mhíchumas ar an margadh saothair. Ina theannta sin, iarrann IHREC ar an Rialtas na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Na bearnaí atá fós ann a dhúnadh, is é sin, na bearnaí sna dlíthe maidir le pá comhionann agus rochtain ar dheiseanna poist do dhaoine faoi mhíchumas, lena n‑áirítear an bhearna phá idir na hinscní
- Soiléiriú a dhéanamh ar dhualgas na bhfostóirí freastal réasúnta a dhéanamh d’fhostaithe faoi mhíchumas agus dul i gcomhairle leo roimh ré
- Cinntiú go mbeidh cearta an duine agus comhionannas ann do chách de thoradh na scéimeanna atá ann cheana (lena n‑áirítear tacaí comhtháite le haghaidh cúram páistí agus iompair)
Tá sé de cheart ag daoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh sa saol polaitíochta agus poiblí ar bhonn comhionann le daoine eile.
Leagtar amach in Airteagal 29 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD) an ceart atá ag daoine faoi mhíchumas na cearta polaitíochta uile a bheith acu agus na cearta uile sin a úsáid.
Caithfidh an Stát a chinntiú go mbíonn vótáil inrochtana ag cách, agus go mbeidh an deis ag daoine faoi mhíchumas dul san iomaíocht le haghaidh oifig phoiblí agus oifig phoiblí a bheith acu. Tá sé de cheart ag daoine faoi mhíchumas páirt iomlán a ghlacadh sa saol poiblí, lena n‑áirítear dul isteach in eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí a chruthú le haghaidh daoine faoi mhíchumas.
Áitíonn IHREC ar Rialtas na hÉireann ceanglais Airteagal 29 a chomhlíonadh ina n-iomláine. I measc na n-údar imní sonrach dár gcuid tá:
- Bacainní ar pháirt a ghlacadh sa saol polaitíochta agus poiblí
- Deacrachtaí áirithe do mhná
- Easnaimh san Acht um Athchóiriú Toghcháin
Bacainní ar rannpháirtíocht
Bíonn bacainní ar dhaoine faoi mhíchumas a fhéadfaidh a fhágáil go mbeadh sé deacair páirt a ghlacadh sa saol polaitíochta agus poiblí. Dá thoradh sin, tá an líon daoine faoi mhíchumas a ghlacann páirt mar vótálaithe, iarrthóirí a sheasann i dtoghchán nó mar chomhaltaí Oireachtais, de chomhairlí áitiúla nó mar fheisirí Pharlaimint na hEorpa, i bhfad róbheag.
Mar shampla, is iomaí stáisiún vótála atá neamh-inrochtana do vótálaithe faoi mhíchumas. Teastaíonn uainn go mbeidh na stáisiúin vótaíochta uile go hiomlán inrochtana chun go bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas vótáil faoi shaoirse agus go neamhspleách.
Mná faoi mhíchumas
Téann roinnt bacainní ar an rannpháirtíocht i bhfeidhm ar mhná faoi mhíchumas go háirithe. Mar shampla, bíonn bacainní ar mhná ar nós cúram páistí, airgead tirim, féinmhuinín agus cultúr – rud a thugamar dár n-aire sa tuarascáil don Choinbhinsiún maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW).
Éilímid ar an Rialtas bearnaí dá leithéid a chur ar ceal. Ba cheart dó a chinntiú go mbeidh daoine as na grúpaí uile in ann páirt a ghlacadh sa saol polaitíochta agus poiblí. Go háirithe, ba cheart go bhfáilteofaí roimh éagsúlacht ó thaobh cine, aicme, míchumais agus inscne sa saol poiblí. Féach Tuilleadh Acmhainní thíos le haghaidh nasc le tuarascáil IHREC do CEDAW.
An tAcht um Athchóiriú Toghcháin, 2022
Ní dhearnadh go leor leis an Acht um Athchóiriú Toghcháin chun aghaidh a thabhairt ar na neamhionannais a fhágann go mbíonn sé deacair ag daoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh go hiomlán sa saol polaitíochta agus poiblí.
Níor glacadh roinnt mhaith dár gcuid leasuithe ar an Acht, ar leasuithe iad a mholamar le haghaidh an Achta um Athchóiriú Toghcháin.
Na príomh-mholtaí ó IHREC
- Ba cheart don Choimisiún Toghcháin oibriú chun deireadh a chur leis na bacainní a bhíonn le sárú ag daoine faoi mhíchumas agus ag grúpaí leochaileacha eile.
- Tá méadú ag teacht ar an idirdhealú, fuathchaint, foréigean agus ciapadh a bhíonn sa saol polaitíochta in Éirinn, agus féadfaidh sé rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas a chosc. Éilímid ar an Rialtas rialacha a fhorchur agus a fhorfheidhmiú in aghaidh na fuathchainte agus iompar idirdhealaitheach eile dá leithéid. Molaimid go mbeidh an Coimisiún Toghcháin freagrach as rialacha dá leithéid a rialáil, as monatóireacht a dhéanamh orthu agus as iad a fhorfheidhmiú.
An Coiste Comhairleach ar Ghnóthaí Míchumais
Is coiste inmheánach é an Coiste Comhairleach ar Ghnóthaí Míchumais a sholáthraíonn comhairle do IHREC agus dá fhoireann.
Bunaíodh é chun rannpháirtíocht dhíreach daoine faoi mhíchumas, agus na n-eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, a chinntiú sa mhonatóireacht ar an gcaoi a gcuirtear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD) chun feidhme in Éirinn.
Is bealach amháin é an Coiste Comhairleach ar Ghnóthaí Míchumais lena gcinntíonn IHREC go mbíonn guth daoine faoi mhíchumas lárnach i gcónaí i ról IHREC mar an Sásra Faireacháin Neamhspleách – agus gur daoine a bhfuil taithí saoil ar mhíchumas acu a chuireann bonn eolais faoi IHREC.

Mar gur daoine muid ar fad, is mar a chéile muid ar fad.
Bhí sé d’aidhm ag an bhfeachtas feasachta náisiúnta tionchar a imirt ar mheon daoine maidir le daoine faoi mhíchumas.
Tá sé de cheart ag na céadta mílte daoine faoi mhíchumas in Éirinn páirt a ghlacadh go dínitiúil sa saol laethúil – bíodh sé sin sa bhaile, ar scoil, ag an obair, agus iad amuigh.
Féach ar na 13 dhuine seo as gach cuid de shochaí na hÉireann, agus iad ag roinnt a dtaithí féin ar a saol laethúil mar dhaoine ar a bhfuil uathachas, míchumas intleachtúil, nó riachtanais chasta; nó daoine lagamhairc nó dalla, daoine nach bhfuil an éisteacht go maith acu nó daoine Bodhra; agus ar a bhfuil míchumas fisiciúil nó a dtéann droch-mheabhairshláinte i bhfeidhm orthu.
