Léim go dtí an t-ábhar

De réir an dlí, is féidir linn Coistí Comhairleacha a cheapadh chun cúnamh agus comhairle a thabhairt dúinn maidir le codanna áirithe dár gcuid oibre.

Trí na coistí sin, bunaímid comhoibriú éifeachtach le hionadaithe comhlachtaí ábhartha agus leis an tsochaí shibhialta, agus coinnímid an comhoibriú sin ar bun.

Is féidir linn coistí comhairleacha a chur ar bun, de réir mar is cuí linn, chun cabhair agus comhairle a thabhairt dúinn i dtaobh nithe a bhaineann lenár bhfeidhmeanna.

Faoi láthair, tá Coiste Comhairleach ar Ghnóthaí Míchumais agus Coiste Comhairleach d’Oibrithe agus d’Fhostóirí againn. 

An Coiste Comhairleach ar Ghnóthaí Míchumais

In 2018, tar éis do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD) a bheith daingnithe, chruthaíomar Coiste Comhairleach ar Ghnóthaí Míchumais.

Is coiste inmheánach é an Coiste Comhairleach ar Ghnóthaí Míchumais a sholáthraíonn comhairle do IHREC.

Bunaíodh é chun rannpháirtíocht dhíreach daoine faoi mhíchumas, agus na n-eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, a chinntiú sa mhonatóireacht ar an gcaoi a gcuirtear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD) chun feidhme in Éirinn.

Is bealach amháin é an Coiste Comhairleach ar Ghnóthaí Míchumais lena gcinntíonn IHREC go mbíonn guth daoine faoi mhíchumas lárnach i gcónaí i ról IHREC mar an Sásra Faireacháin Neamhspleách – agus gur daoine a bhfuil taithí saoil ar mhíchumas acu a chuireann bonn eolais faoi IHREC.

Céard a dhéanann an Coiste Comhairleach ar Ghnóthaí Míchumais?

Tugann an Coiste Comhairleach ar Ghnóthaí Míchumais comhairle maidir le hobair IHREC agus cuireann bonn eolais faoin obair sin. Agus é sin á dhéanamh ag an gCoiste, rannchuidíonn sé le cosaint chearta an duine agus an chomhionannais in Éirinn a chosaint, a chur chun cinn agus monatóireacht a dhéanamh uirthi.

  • Ábhair a bhaineann le cosaint daoine faoi mhíchumas (cuir i gcás an chaoi a ndéanaimid monatóireacht ar leordhóthanacht agus éifeachtacht an dlí agus an chleachtais maidir le daoine faoi mhíchumas)
  • An chaoi chun ár bhfreagrachtaí monatóireachta faoi Airteagal 33 de UNCRPD a dhéanamh go héifeachtach

Ceisteanna Coitianta

Déanann comhaltaí an Choiste na nithe seo a leanas:

  • Oibríonn ar shaincheisteanna éagsúla maidir le cearta daoine faoi mhíchumas de réir a phlean oibre bliantúil
  • Glacann páirt i bplé faoin dlí, beartais, taighde agus sonraí in Éirinn
  • Cuidíonn le bonn eolais a chur faoi sheasaimh IHREC agus faoina bhealaí chun oibriú, agus na seasaimh agus na bealaí sin a threorú

Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin go ndéanann comhaltaí den Choiste na nithe seo a leanas:

  • Glacann páirt i bpróiseas bliantúil chun obair a phleanáil agus rannchuidíonn leis an bpróiseas sin
  • Idirghníomhaíonn le páipéir, ábhar cúlra agus cáipéisí eile a bhaineann le ceisteanna, roimh chruinnithe an Choiste
  • Freastalaíonn ar shé chruinniú den Choiste gach bliain (ina bpléann na comhaltaí lena chéile agus ina roinneann siad léargais óna gcuid saineolais agus taithí)

Tá comhaltaí an Choiste ina gcomhaltaí de choiste comhairleach inmheánach IHREC. Ní Comhaltaí an Choimisiúin ná baill foirne de IHREC iad.

Ní dhéanann comhaltaí an Choiste na nithe seo a leanas:

  • Glacann freagracht as gníomhartha nó easpa gnímh ó IHREC
  • Tugann faoi ócáidí rannpháirtíochta seachtracha, nó labhraíonn go poiblí, thar ceann IHREC

Níl sé de chumhacht ag an gCoiste na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Cinntí a dhéanamh thar ceann IHREC
  • Plé le príomhpháirtithe leasmhara go díreach (ina gcáil mar chomhalta den Choiste nó i gcáil IHREC)
  • Labhairt go poiblí thar ceann an Choimisiúin

Ní páirt é an Coiste de Shásra Faireacháin Neamhspleách an Choinbhinsiúin. Is é IHREC an Sásra Faireacháin Neamhspleách agus is grúpa comhairleach é an Coiste. Tugann sé comhairle do IHREC trí eolais, taithí agus críonnacht a chur ar fáil.

Is iad Comhaltaí an Choimisiúin a chinneann obair IHREC go neamhspleách.

Treoraítear obair IHREC le hionchur ón gCoiste. Treoraíonn tosaíochtaí straitéiseacha agus tosaíochtaí oibre bliantúla IHREC plean oibre an Choiste, agus rannchuidíonn an Coiste le próiseas pleanála straitéisí IHREC.

An Coiste Comhairleach d’Oibrithe agus d’Fhostóirí 

Bunaíodh an Coiste Comhairleach d’Oibrithe agus d’Fhostóirí in 2017. 

Céard a dhéanann an Coiste Comhairleach d’Oibrithe agus d’Fhostóirí?

Tugann an Coiste Comhairleach d’Oibrithe agus d’Fhostóirí comhairle don Choimisiún faoi shaincheisteanna maidir leis an gcomhionannas agus le cearta an duine a bhaineann le fostaíocht agus leis an áit oibre. Go sonrach, tugann sé comhairle faoi obair atá ar bun chun na tosaíochtaí straitéiseacha a chomhlíonadh, ar tosaíochtaí iad a leagadh amach i Ráiteas Straitéise an Choimisiúin le haghaidh 2025–2027. Pléann an Coiste Comhairleach d’Oibrithe agus d’Fhostóirí le páirtithe leasmhara lasmuigh dá chomhaltas chun bonn eolais a chur faoina chuid oibre agus faoi obair an Choimisiúin.

Cé hiad comhaltaí an Choiste?

Tá 15 chomhalta sa Choiste. Is comhaltaí den Choimisiún iad Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Choiste. Tá sé comhdhéanta d’ionadaithe ó Chomhdháil na gCeardchumann agus ó Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann, agus d’ionadaithe ó cheardchumainn agus ionadaithe fostóirí atá ainmnithe acu. Agus gach duine díobh in éineacht le chéile, tá raon scileanna agus saineolais ar fáil don Choimisiún chun tacú le cur chun feidhme na dtosaíochtaí dá chuid a leagtar amach i Ráiteas Straitéise 2025–2027 dá gcuid.

Glacann an Príomh-Choimisinéir agus beirt chomhaltaí eile den Choimisiún páirt ann freisin. Freastalaíonn an Príomh-Choimisinéir, an Stiúrthóir agus baill foirne ábhartha ar chruinnithe freisin.

Is iad na comhaltaí:

  • Jim Clarken (An Cathaoirleach), Comhalta Coimisiúin
  • An tOllamh Kathleen Lynch (An Leas-Chathaoirleach), Comhalta Coimisiúin
  • Liam Herrick, an Príomh-Choimisinéir
  • Eoin Ronayne, Comhalta Coimisiúin
  • An Dr Salome Mbugua, Comhalta Coimisiúin
  • David Joyce, ICTU
  • Deirdre O’Connor, INTO
  • Ethel Buckley, SIPTU
  • Katie Morgan, Fórsa
  • Seamus Dooley, NUJ
  • An Dr Kara McGann, Ibec
  • Harry Wall, Ibec
  • Aisling Campbell, Accenture
  • Vivienne Kavanagh, Bus Átha Cliath
  • Elizabeth Bowen, Cumann na nGnólachtaí Beaga