Céard is Idirdhealú ar bhonn Míchumais ann?
An Foras Míchumais
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú faoi mhíchumas agus go bhfuil míchumas difriúil ar dhuine eile nó nach bhfuil siad faoi mhíchumas.
Is féidir roinnt riochtaí éagsúla a bheith i gceist le ‘míchumas’: riochtaí fisiciúla, intleachtúla, foghlama, cognaíochta, mothúchánacha nó leighis.
Bunaíodh le cásdlí go n-áirítear leis an sainmhíniú, mar shampla, dúlagar, titimeas, uamhan clóis (clástrafóibe) agus uamhan sráide (agrafóibe), alcólachas, coilm ar an éadan, ADHD (Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde), ionfhabhtú VEID, diaibéiteas agus disléicse. Cuimsítear leis freisin go leor laguithe nó galair eile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcuma atá ar do chorp nó ar an gcaoi a n-oibríonn sé.
Céard is idirdhealú ar bhonn míchumais i dtaobh oibre ann?
Deirtear sa reachtaíocht nach bhféadfaidh fostóirí, fostóirí féideartha ná ionaid oibre idirdhealú a dhéanamh ar dhaoine faoi mhíchumas.
Tarlaíonn idirdhealú ar bhonn míchumais nuair nach gcaitear chomh fabhrach céanna le duine amháin agus a chaitear le duine eile nach bhfuil faoi mhíchumas, nó nach bhfuil an míchumas céanna orthu. Cuimsítear leis an téarma ‘míchumas’ riochtaí fisiciúla, intleachtúla, meabhrach agus mothúchánacha. Faoin dlí, tá sé de ceart agat go gcaithfí go comhionann leat má tá tú faoi mhíchumas.
Áirítear leis na réimsí fostaíochta a chumhdaítear fostaíocht, pá, rochtain ar fhostaíocht, gairmoiliúint, taithí oibre, téarmaí agus coinníollacha, arduithe céime, pinsin, dífhostú, agus comhaontuithe comhchoiteanna.
Sampla: Diúltaíonn fostóir ardú céime a thabhairt duit mar go raibh fadhb mheabhairshláinte agat roimhe sin.
Sampla: Briseann fostóir as do phost thú i ndiaidh duit dul ar shaoire struis.
Freastal Réasúnta
Caithfidh fostóirí, fostóirí féideartha agus áiteanna oibre ‘freastal réasúnta’ a dhéanamh ar dhaoine faoi mhíchumas.
Dá bhrí sin, má tá tú faoi mhíchumas, caithfidh d’fhostóir nó d’fhostóir féideartha céimeanna éifeachtacha agus praiticiúla a ghlacadh chun a chur ar do chumas duit do phost a dhéanamh, cur isteach ar phost, freastal ar oiliúint nó dul chun cinn a dhéanamh i do phost.
Tá sé de cheart agat freastal réasúnta a iarraidh ag an gcéim earcaíochta agus ag an obair. Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist le freastal réasúnta áitreabh a oiriúnú, uaireanta oibre a athrú nó cúraimí difriúla a thabhairt duit. Caithfidh na bearta a bheith réasúnach don fhostóir freisin áfach, chomh maith leat féin.

Cén dlí a chosnaíonn ar idirdhealú thú i dtaobh oibre.
Cosnaíonn na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta thú ar idirdhealú i dtaobh oibre.

Céard a chuimsítear faoin dlí?
Tá feidhm ag na hAchtanna maidir le mórán gnéithe den obair, lena n‑áirítear:
- Fógraíocht do phoist agus rochtain ar fhostaíocht (agallaimh ina measc)
- Téarmaí agus coinníollacha fostaíochta, ar nós pá comhionann
- Ardú céime agus briseadh as post
- Rangú agus athghrádú post
- Scor
- Comhaontuithe comhchoiteanna (comhaontuithe a dhéantar trí cheardchumann mar shampla)

Cé a chuimsítear faoin dlí?
Tá cosaint agat faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta sna cásanna seo a leanas:
- Is fostaí lánaimseartha, páirtaimseartha nó sealadach thú
- Is fostaí san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach thú
- Is conraitheoir féinfhostaithe nó comhpháirtí i gcomhpháirtíocht thú
- Is sealbhóir oifige in údarás stáit nó áitiúil thú
- Tá tú ag lorg oibre trí ghníomhaireachtaí fostaíochta
- Is oiliúnaí thú atá ag tabhairt faoi ghairmoiliúint
- Is comhalta d’eagraíocht trádála, de cheardchumann nó de chomhlacht gairmiúil thú
- Tá tú i mbun taithí oibre íoctha
Tabhair faoi deara: Ní chumhdaítear oibrithe deonacha faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta.
Míniú ar théarmaí
Fostaí – duine a oibríonn nó a d’oibrigh faoi chonradh fostaíochta. Ciallaíonn fostaíocht seirbhís a dhéanamh faoi stiúir duine eile ar íocaíocht. Áirítear le conarthaí conarthaí printíseachta agus aon chomhaontú eile i scríbhinn nó ó bhéal ina gcomhaontaíonn tú obair nó seirbhís a sholáthar do dhuine eile.
Oibrí gníomhaireachta – duine a chuireann obair nó seirbhís ar fáil do ghnó nó d’fhostaí eile thar ceann gníomhaireacht fostaíochta, bíodh an conradh sínithe ag an ngnó nó ag an bhfostaí eile nó ná bíodh.
Gairmoiliúint – teagasc sna scileanna nó eolas a theastaíonn chun post faoi leith a dhéanamh.
Comhaltaí de chomhlachtaí áirithe – bíonn siad ina gcomhaltaí d’eagraíochtaí oibrithe, ceardchumainn nó comhlachais ghairmiúla a leagann síos caighdeáin dá gcomhaltaí.
Cén chaoi a mbeadh a fhios agam go ndearnadh idirdhealú orm?
Idirdhealú is ea nuair nach gcaitheann duine éigin chomh maith nó ‘fabhrach’ céanna leat is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, mar go mbaineann na ‘forais chosanta’ leat.
Is féidir idirdhealú a fhulaingt ar cheithre bhealach ar leith:
Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta dhifriúil a bhaineann leis na forais chosanta.
Seo nuair a chuireann beartas nó foráil atá infheidhme i leith gach duine faoi mhíbhuntáiste thú mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta a bhaineann leis na forais chosanta.
Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leatsa is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, toisc gur mheas an duine sin, cé go raibh siad mícheart, go mbaineann na forais chosanta leat.
Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheamh le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar cheangal nó gaol a bheith agat le duine éigin lena mbaineann na forais chosanta.
Céard iad na forais chosanta?
Faoi dhlí na hÉireann, is iad na forais chosanta:
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil inscne dhifriúil agat le duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas sibhialta difriúil agat le duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas teaghlaigh difriúil agat le duine eile. (Tabhair faoi deara: d’fhéadfadh go mbainfeadh cuid de na cásanna faoin bhforas seo leis an bhforas inscne freisin.)
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil gnéaschlaonadh difriúil agat le duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú níos sine nó níos óige ná duine eile agus nach bhfuil cúis mhaith leis (‘údar oibiachtúil’). (Tabhair faoi deara: ní chumhdaíonn an foras seo idirdhealú líomhnaithe ar pháistí i scoileanna.)
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil creideamh difriúil agat le duine eile, nó, mar shampla, mar nach bhfuil aon chreideamh agat agus go bhfuil ag duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar gur duine den Lucht Siúil thú agus nach ea an duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil dath craicinn, náisiúntacht nó eitneacht dhifriúil agat le duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú faoi mhíchumas agus go bhfuil míchumas difriúil ar dhuine eile nó nach bhfuil siad faoi mhíchumas.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfaigheann tú forlíonadh cíosa, íocaíocht cúnaimh tithíochta (HAP), nó cineál eile íocaíochta leasa shóisialaigh agus nach bhfaigheann duine eile.
Ciapadh, gnéaschiapadh agus íospairt
Cuireann an dlí fostaíochta cosc ar chiapadh, gnéaschiapadh agus íospairt ag fostóirí agus in ionaid oibre.
Cosnaíonn an dlí gach fostaí poiblí agus príobháideach, bíodh siad lánaimseartha, páirtaimseartha, buan nó sealadach, a oibríonn faoi chonradh fostaíochta, nó trí ghníomhaireacht, nó ag ionad oiliúna. Cumhdaíonn sé freisin daoine a sholáthraíonn seirbhísí pearsanta i dteach duine eile, oibrithe cúraim nó buimí mar shampla. Ina theannta sin, baineann an dlí maidir le ciapadh le gníomhaireachtaí fostaíochta agus le hoiliúint ghairmiúil freisin. Ní chumhdaítear oibrithe deonacha leis áfach.
Féadfaidh na daoine seo a leanas ciapadh a dhéanamh:
- D’fhostóir
- Bainisteoirí
- Comhoibrithe
- Cliaint
- Custaiméirí agus úsáideoirí seirbhíse
- Teagmhálaithe gnó eile ag d’ionad oibre, amhail oibrithe seachadta, glantóirí, oibrithe cothabhála, mic léinn, oibrithe deonacha nó conraitheoirí gairmiúla
De réir an dlí, is éard atá i gceist le ciapadh ag an obair ná aon iompar nó gníomhartha neamh-inmhianaithe:
- A sháraíonn do dhínit – is é sin, is é cuspóir nó éifeacht an iompair ná go mbraitheann tú maslaithe, agus
- Atá imeaglach, naimhdeach, náireach nó maslach duit.
Is éard is ciapadh ann faoi dhlí comhionannais na hÉireann ná iompar neamh-inmhianaithe a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na ‘forais chosanta’ atá liostaithe thíos.
D’fhéadfadh go mbeadh sé d’aidhm ag na gníomhartha neamh-inmhianaithe do dhínit a shárú d’aon ghnó nó d’fhéadfadh an éifeacht sin a bheith acu de thaisme.
D’fhéadfaí go leor cineálacha iompair a shainmhíniú mar chiapadh, mar shampla focail labhartha, gothaí, agus focail, pictiúir nó ábhar eile a thaispeáint nó a roinnt.
D’fhéadfadh eachtra amháin nó patrún iompair a bheith i gceist leis an gciapadh.
Ní gá go mbeadh sé dírithe ar dhuine amháin ar leith le go mbraithfeadh an duine sin go ndearnadh ciapadh orthu.
Tá an dlí maidir le ciapadh agus gnéaschiapadh san ionad oibre leagtha amach sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998–2015.
Is éard atá i gceist le gnéaschiapadh aon chineál focail nó gníomhartha fisiceacha neamh-inmhianaithe de chineál gnéasach a sháraíonn do dhínit d’aon ghnó nó de thaisme agus a chruthaíonn timpeallacht imeaglach, náireach nó mhaslach duit.
- Is féidir le hiompar de chineál gnéasach a bheith in go leor foirmeacha éagsúla, ó theachtaireachtaí téisiúla nó a mbeadh claontagairt ghnéis iontu go teagmháil fhisiciúil neamh-inmhianaithe nó cluanaireacht.
- Ní gá go mbeadh teagmháil fhisiciúil i gceist leis, ná ní gá go dtarlódh sé go minic ach an oiread. Is leor gníomh aonair le go measfaí gur gnéaschiapadh é.
- Caithfidh an t-iompar a bheith neamh-inmhianaithe. Beidh a fhios ag an ngearánach féin an raibh an t-iompar neamh-inmhianaithe.
- Ní gá go mbeadh an teanga ná na gníomhartha a úsáidtear gnéasach go follasach mar go bhféadfadh gnéaschiapadh a bheith mar thoradh ar thimpeallacht naimhdeach a chruthaítear d’fhostaí.
Sampla: Nuair nach léir go bhfuil gnéaschiapadh gnéasach
Rinne bean a bhí ag obair in óstán gearán faoi chomhoibrí fir a chaith ar bhealach gnéasaíoch léi. Dúirt sí gur tugadh téarmaí maslacha uirthi, go ndearnadh gáire fúithi agus gur fágadh as comhráite í. Chinn an Chúirt Oibreachais gur gnéaschiapadh a bhí i gceist anseo toisc gur toradh díreach é ar thuairimí diúltacha an fhir i leith na mban.
Chinn sé go raibh an fostóir freagrach as an ngnéaschiapadh cé nach bhféadfaí aon cheann de na gníomhartha a shonrú mar ghníomhartha gnéasacha.
Tarlaíonn íospairt nuair a dhéanann d’fhostóir thú a dhífhostú nó nuair a chaitear go dona leat mar gheall ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas.
- Déanann tú gearán le d’fhostóir faoi idirdhealú.
- Téann tú i mbun caingean dlí i gcoinne d’fhostóra.
- Cabhraíonn tú le duine eile gearán a dhéanamh.
- Déantar comparáid idir do chuid oibre agus obair fostaí eile i ndáil le ceann de na forais idirdhealaitheacha a chumhdaítear faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó faoi dhlíthe roimhe seo maidir le hidirdhealú.
- Bhí tú i d’fhinné in aon imeachtaí dlí faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó dlíthe roimhe seo maidir le hidirdhealú.
- Chuir tú i gcoinne cleachtais atá mídhleathach faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó faoi dhlíthe roimhe seo maidir le hidirdhealú, trí mhodhanna dleathacha.
- D’inis tú do d’fhostóir go bhfuil sé ar intinn agat aon cheann de na gníomhartha atá thuasluaite a dhéanamh.
Eisceachtaí agus Díolúintí
Tá roinnt díolúintí ó na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta.
Ciallaíonn sé sin go mbíonn díolúine ag fostóirí i gcásanna áirithe.
Is féidir na díolúintí sin a chur i dtrí ghrúpa:
- Díolúintí ginearálta a bhfuil feidhm acu maidir le gach cineál fostaíochta
- Díolúintí a bhfuil feidhm acu maidir le cineálacha sonracha fostaíochta
- Díolúintí a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na forais chosanta

Díolúintí ó na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta ar an bhforas míchumais
I gcásanna áirithe, ceadaítear faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta d’fhostóirí rátaí pá difriúla a thairiscint d’oibrithe atá faoi mhíchumas má fhágann a míchumas nach féidir leo an méid céanna oibre a dhéanamh sa tréimhse chéanna le comhghleacaí nach bhfuil faoi mhíchumas. Ceadaíonn Alt 35 de na hAchtanna d’fhostóirí íocaíochtaí breise speisialta a dhéanamh le daoine faoi mhíchumas agus socruithe nó saoráidí speisialta a chur ar fáil dóibh chun a chur ar a gcumas oibriú.
Ciallaíonn ‘freastal réasúnta’ oiriúnuithe praiticiúla a dhéanamh don áit oibre nó do dhálaí oibre chun gur féidir leat do phost a dhéanamh. Go ginearálta, caithfidh fostóir freastal réasúnta a chur ar fáil chun go bhféadfadh duine faoi mhíchumas oibriú nó cur isteach ar obair. Mar sin féin, d’fhéadfadh an fostóir a bheith díolmhaithe ón dualgas sin dá gcruthódh an freastal ‘ualach díréireach’ ar an bhfostóir. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh sé a bheith ró-chostasach nó neamhphraiticiúil – nó go gceapfadh fostóir réasúnach go bhfreastalófá ar do riachtanais féin.
I measc na ndíolúintí ginearálta tá:
Is féidir le fostóirí a éileamh go mbeidh na cáilíochtaí a mheastar a bheith riachtanach don phost ag iarratasóirí poist agus féadfaidh siad diúltú d’iarratasóirí nach bhfuil na cáilíochtaí sin acu.
Is féidir le fostóir a bheith ag súil go mbeidh a bhfostaí inniúil agus ábalta a gcuid oibre a dhéanamh. Ní gá dóibh duine a fhostú nach bhfuil toilteanach nó nach bhfuil in ann a ndualgais a chomhlíonadh go hiomlán. Mar sin féin, ní féidir le fostóir duine faoi mhíchumas a dhífhostú ná a dhiúltú a bheadh lán-inniúil agus in ann an post a dhéanamh dá ndéanfaí roinnt athruithe praiticiúla (ar a dtugtar ‘freastal réasúnta’) dóibh.
Féadfaidh fostóirí sochair áirithe a chur ar fáil d’fhostaithe a bhfuil teaghlaigh acu (mar shampla, fleisc-am nó saoráidí cúraim páistí ar an láithreán).
I measc na ndíolúintí le haghaidh fostaíocht faoi leith tá:
Ní idirdhealú é má bhíonn ar státseirbhísigh áirithe agus fostaithe áirithe sa tseirbhís phoiblí (baill den Státseirbhís, Gardaí nó Óglaigh na hÉireann ina measc) riachtanais speisialta a chomhlíonadh. Mar shampla a bheith ina gcainteoirí Gaeilge, ina saoránaigh Éireannacha nó ina gcónaí in Éirinn.
Is féidir le fostóirí inniúlacht sa Ghaeilge a éileamh ar mhúinteoirí.
Tá cead ag Óglaigh na hÉireann caitheamh le fostaithe ar bhealaí difriúla ar fhorais aoise agus míchumais.
Níl feidhm ag rialacha na nAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nuair a fhostaítear duine chun seirbhís phearsanta a chur ar fáil in áit chónaithe phríobháideach (mar fheighlí páistí nó cúramóir, mar shampla).
Féadfaidh an Garda Síochána agus an tSeirbhís Phríosúin cúraimí áirithe a leagan ar fhir amháin nó ar mhná amháin, ar nós corpchuardaigh, daoine foréigneacha faoi leith nó sluaite foréigneacha a cheansú agus gialla a tharrtháil. Is féidir leo íosriachtanas airde a shonrú freisin atá difriúil idir fir agus mná. Tá cead acu níos mó fostaithe d’inscne amháin a earcú de réir mar is gá.
Féadfaidh comhlachtaí áirithe tús áite a thabhairt d’fhostaithe ó chreideamh ar leith i gcás gur réasúnach sin a dhéanamh chun éiteas creidimh na hinstitiúide a chothú. Féadfaidh siad freisin céimeanna réasúnacha a ghlacadh chun cosc a chur ar fhostaí an bonn a bhaint d’éiteas creidimh na hinstitiúide sin.
I gcásanna áirithe, ceadaítear faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta d’fhostóirí rátaí pá difriúla a thairiscint d’oibrithe atá faoi mhíchumas má fhágann a míchumas nach féidir leo an méid céanna oibre a dhéanamh sa tréimhse chéanna le comhghleacaí nach bhfuil faoi mhíchumas.
Díolúintí a bhaineann leis na forais chosanta
Tá toirmeasc ar idirdhealú mar gheall ar aon cheann de na naoi bhforas cosanta. Mar sin féin, ceadaíonn na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta caitheamh ar bhealach difriúil le daoine a bhfuil tionchar ag aon cheann de na naoi bhforas orthu, laistigh de réasún, mura gcomhlíonann siad riachtanas atá ríthábhachtach don phost.
Mar shampla, d’fhéadfadh sé a bheith réasúnta teorainneacha aoise a chur ar phost dá bhfuil neart fisiceach ag teastáil.
Céard ba cheart dom a bheith san airdeall air maidir leis an bpróiseas earcaíochta?
Caithfidh fostóirí a chinntiú nach ndéanann riachtanais earcaíochta ná agallaimh idirdhealú ar dhaoine, fiú de thimpiste.
Is féidir le roinnt ceisteanna a iarrtar le linn agallaimh nó i rith an phróisis roghnúcháin a bheith idirdhealaitheach freisin.
Caithfidh fostóirí a léiriú go bhfuil aidhm dhlisteanach le gach coinníoll fostaíochta, agus go bhfuil na bealaí chun an aidhm sin a bhaint amach cuí agus riachtanach. Ach ba cheart d’fhostóirí a chinntiú go bhfuil nasc soiléir idir aon cháilíocht a éilítear ar fhostaí agus an post faoi thrácht.
Ba cheart go mbeadh fostóirí in ann a thaispeáint nár tharla aon idirdhealú ag am ar bith i rith an phróisis earcaíochta. D’fhéadfadh fostóir a bheith i mbun idirdhealú má tá easpa trédhearcachta sa phróiseas, ar nós critéir dhoiléire i dtaca le roghnú.
Áirítear le dea-chleachtais:
- Tá nósanna imeachta agallaimh agus roghnaithe soiléir agus trédhearcach, agus comhlíonann siad beartais na heagraíochta;
- Coinnítear nótaí agus miontuairiscí agallaimh;
- Tá baill an phainéil agallaimh neamhspleách ar an bhfostóir, tá taithí fhairsing acu agus tá siad oilte i gceanglais an dlí in aghaidh idirdhealú.
- Tionóltar cruinniú roimh an agallamh ag a ndréachtaíonn an painéal ceisteanna le haghaidh na bpríomhréimsí;
- Leithdháiltear marcanna as saintréithe criticiúla a theastaíonn le haghaidh dhualgais an phoist, bunaithe ar chritéir neamhchlaonta a shocraítear roimh ré;
- Déantar freastal réasúnta ar dhaoine atá faoi mhíchumas ionas gur féidir leo cur isteach ar an bpost. Mar shampla, cuirtear teicneolaíocht oiriúnach ar fáil le haghaidh agallaimh.
Cathain is féidir le fostóir diúltú do m’fhostú, d’ardú céime a thabhairt dom nó do mé a choinneáil sa phost?
I gcúinsí áirithe, ní féidir a líomhain go ndearna fostóir idirdhealú ort má dhiúltaigh sé do d’fhostú, d’ardú céime a thabhairt duit nó do thú a choinneáil sa phost.
Sa chás sin, is féidir leat:
- Ní dhéanfaidh tú an post de réir mar is gá, nó
- Ní ghlacfaidh tú leis na dálaí oibre, nó
- Níl tú iomlán inniúil agus cumasach chun an post a dhéanamh, nó
- Níl tú ar fáil chun do dhualgais uile a dhéanamh mar gheall ar na dálaí oibre ina gcaithfidh tú oibriú

Mar shampla, ní idirdhealú atá i gceist sna cásanna seo a leanas:
- Diúltaíonn feirmeoir thú a fhostú toisc nach dteastaíonn uait oibriú amuigh faoin spéir.
- Ní thugtar ardú céime duit ó do phost mar oibreoir oifige sóisearach toisc nár fhoghlaim tú an chaoi le scarbhileoga a dhéanamh fós

Gníomhaíocht dhearfach
Chomh maith le hidirdhealú a chosc, cumasaíonn na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta gníomhaíocht dhearfach chun a chinntiú go bhfaigheann gach duine comhdheiseanna ag an obair.
Ciallaíonn sé sin gur féidir le fostóirí na míbhuntáistí a bhaineann le haon cheann de na forais chosanta a chosc nó a chúiteamh trí chaitheamh go fabhrach le haon duine a mbíonn tionchar ag na forais sin orthu.
Mar shampla, d’fhéadfadh fostóir uaireanta oibre solúbtha nó oibriú ón mbaile a thairiscint d’oibrithe faoi mhíchumas. D’fhéadfaidís naíolann a chur ar fáil chun cabhrú le fostaithe ar a bhfuil freagrachtaí cúraim páistí, nó ranganna Béarla d’oibrithe nach cainteoirí dúchais Béarla iad.

An bhfuilim i dteideal pá comhionann?
Leagtar amach an ceart chun pá comhionann a fháil don ‘chineál céanna oibre’ sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998–2015.
Tá ceart dleathach ag oibrithe chun pá comhionann a fháil don ‘chineál céanna oibre’. Ciallaíonn sé sin, i gcás daoine atá ag déanamh na hoibre céanna nó obair atá comhchosúil, nó obair den luach céanna, go gcaithfidh siad an ráta céanna pá a fháil. Bíonn gach conradh fostaíochta bunaithe ar an bprionsabal neamhscríofa go bhfaigheann oibrithe pá comhionann gan idirdhealú.
Ciallaíonn an téarma ‘pá’ pá nó tuarastal, agus sochair eile chomh maith ar nós bónas, carranna cuideachta nó béilí fóirdheontais. Ní áirítear pinsin leis.

Ceisteanna Coitianta
Más rud go bhfágfadh do mhíchumas go mbeadh tú féin nó duine eile i mbaol, caithfidh tú d’fhostóir a chur ar an eolas faoi. Murach sin, níl oibleagáid dhlíthiúil ort d’fhostóir a chur ar an eolas faoi do mhíchumas, cé gur smaoineamh maith é sin a dhéanamh.
Ní fhéadfaidh an fostóir a bheith freagrach as freastal réasúnta a chur ar fáil le haghaidh do mhíchumais ach amháin má tá siad ar an eolas faoi. Ba cheart duit aon fhadhb a mhíniú go hiomlán agus go macánta chun go bhféadfaidh d’fhostóir cuimhneamh ar bhealaí chun cabhrú leat.
Sampla: Duine a briseadh as a bpost de bharr fadhb mheabhairshláinte a cheilt
Bhí fostaí ag tógáil laethanta saor ón obair go minic mar gheall ar bhreoiteacht, agus iad á mhaíomh go raibh fadhb acu lena mbolg. D’admhaigh siad ar deireadh gurbh é dúlagar an diagnóis i ndáiríre, agus briseadh as a bpost iad. B’fhéidir go bhféadfadh an fostóir teacht ar bhealaí chun cuidiú leo a bheith in ann ag an obair dá mbeidís ar an eolas faoina raibh i gceist i ndáiríre ón tús, ach ní fhéadfaí a bheith ag súil leis go bhfreastalóidís ar fhadhbanna nach raibh aon eolas acu fúthu.
Más eol do d’fhostóir go bhfuil míchumas ort, caithfidh siad ‘fiosrúcháin leormhaithe’ a dhéanamh chun fáil amach cén saghas freastal réasúnta atá de dhíth ort. Rud a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin is ea tuairisc leighis a fháil lena ndeirtear cé acu atá tú in ann cúraimí áirithe a dhéanamh nó nach bhfuil agus cén saghas cúnaimh atá de dhíth ort.
Caithfidh fostóirí, fostóirí féideartha agus áiteanna oibre ‘freastal réasúnta’ a dhéanamh ar dhaoine faoi mhíchumas.
Dá bhrí sin, má tá tú faoi mhíchumas, caithfidh d’fhostóir nó d’fhostóir féideartha céimeanna éifeachtacha agus praiticiúla a ghlacadh chun a chur ar do chumas duit do phost a dhéanamh, cur isteach ar phost, freastal ar oiliúint nó dul chun cinn a dhéanamh i do phost.
Tá sé de cheart agat freastal réasúnta a iarraidh ag an gcéim earcaíochta agus ag an obair. Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist le freastal réasúnta áitreabh a oiriúnú, uaireanta oibre a athrú nó cúraimí difriúla a thabhairt duit. Caithfidh na bearta a bheith réasúnach don fhostóir freisin áfach, chomh maith leat féin. Féach an chuid thíos ‘Cé na bearta a bheadh míréasúnach?’
Ba cheart d’fhostóir cinntí a dhéanamh faoi fhreastal réasúnta ar bhonn an cháis féin agus ba cheart machnamh cúramach a dhéanamh ar a bhfuil oiriúnach duit. Fiú má cheapann siad go mbeadh na bearta ródhaor nó go mbeidís ródheacair a chur i bhfeidhm, caithfidh siad measúnú foirmiúil a dhéanamh ar na féidearthachtaí fos. Ní ceadmhach dóibh diúltú duit scun scan gan na cúinsí a mheas.
Samplaí de fhreastal réasúnta:
- Má tá tú bodhar, ateangaire theanga chomharthaíochta na hÉireann a chur ar fáil ag d’agallamh
- Cead a thabhairt duit oibriú sa bhaile cuid den am nó i gcónaí mar gheall ar riachtanais leighis
- Mura bhfuil tú in ann tascanna fisiciúla áirithe a dhéanamh, iad a shannadh do dhaoine eile agus tascanna atá tú in ann a dhéanamh a shannadh duitse
- An áit oibre a dhéanamh inrochtana do chathaoireacha rothaí trí rampaí a chur isteach
Caithfidh d’fhostóir cuimhneamh ar d’iarraidh ar a laghad. Caithfidh siad breathnú ar na roghanna indéanta uile chun freastal ort sula gcinnfidh siad cé acu atá siad praiticiúil nó nach bhfuil. Ní fhéadfaidh siad diúltú freastal réasúnta a chur ar fáil ach amháin más rud é go mbeadh an t-ualach a bhainfeadh leis na hoiriúnuithe rómhór, nó dá mbeidís róchostasach nó neamhphraiticiúil.
Níl aon oibleagáid ar d’fhostóir cóir leighis a chur ar fáil duit a bheadh á cur ar fáil agat duit féin de ghnáth (ar nós spéaclaí nó áiseanna éisteachta).
Sampla: Ní idirdhealú é mura bhféadfaidh tú an post a dhéanamh ar fostaíodh thú chun a dhéanamh
Tháinig míchumas ar oibrí monarchan a d’fhág nach raibh sí in ann oibriú i bhfuartheochtaí, meáchain a thógáil ná sealanna oíche a dhéanamh. Briseadh as a post í mar phacálaí earraí fuaraithe toisc nach bhféadfadh sí na cúraimí a dhéanamh a thuilleadh ar fostaíodh í chun a dhéanamh. Mhaígh sí gur dífhostú éagórach a bhí ann faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta mar gheall ar idirdhealú ar an bhforas míchumais. Chomhaontaigh an breitheamh leis an bhfostóir, áfach, toisc nach raibh aon bhealach réasúnach go bhféadfaí freastal ar a cuid riachtanas i monarcha bia reoite. Dá bhrí sin, ní idirdhealú mídhleathach a bhí ina dífhostú.
Ní gá d’fhostóirí bearta a ghlacadh a leagfadh ‘ualach díréireach’ orthu. Ciallaíonn sé sin bearta a bheadh neamhphraiticiúil nó an-chostasach. Mar shampla:
- Má fhostaíonn gnó beag thú, d’fhéadfadh oiriúnuithe ar an áit oibre a bheith ródhaor do d’fhostóir.
- Mura bhfuil tú in ann tasc a dhéanamh go fisiciúil, agus nach bhfuil aon ról eile a d’fheilfeadh duit, bheadh sé míréasúnach post a chruthú duit nach raibh ag teastáil.
- Mura bhfuil tú in ann dul suas agus anuas staighre ach go mbeadh sé dodhéanta mar gheall ar struchtúr na háite oibre ardaitheoir a chur isteach, bheadh sé míréasúnach féachaint leis sin a dhéanamh.
Bíonn cúinsí difriúla i gceist le cinneadh a dhéanamh an beart réasúnach nó díréireach a bheadh ann. Áirítear orthu sin costais, méid agus acmhainní airgeadais an ghnólachta, agus an bhfuil deontais nó maoiniú poiblí ar fáil.
Níl sé d’oibleagáid ar fhostóir duine a fhostú nach bhfuil in ann dualgais an róil a chomhlíonadh. Ach mura bhfuil tú in ann post a dhéanamh mar gheall ar mhíchumas, caithfidh an fostóir measúnú a dhéanamh fós ar fhreastal réasúnta a dhéanamh ort. Caithfidh siad gach gné de d’fhostaíocht a mheas, an tionchar a bheadh ar oibrithe eile agus ar an áit oibre ina measc.
Mura bhfuil tú in ann do ról a dhéanamh ina iomláine, fiú le freastal réasúnta, ní hionann diúltú do d’iarratas agus idirdhealú.
Leagtar amach an ceart chun ‘pá comhionann’ a fháil sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta.
Deirtear sa dlí go bhfuil ceart dleathach ag oibrithe chun pá comhionann a fháil don ‘chineál céanna oibre’. Ciallaíonn sé sin, i gcás daoine atá ag déanamh na hoibre céanna nó obair atá comhchosúil, nó obair den luach céanna, go gcaithfidh siad an ráta céanna pá a fháil. Bíonn gach conradh fostaíochta bunaithe ar an bprionsabal neamhscríofa go bhfaigheann oibrithe pá comhionann gan idirdhealú.
Ciallaíonn an téarma ‘pá’ pá nó tuarastal, agus sochair eile chomh maith ar nós bónas, carranna cuideachta nó béilí fóirdheontais. Ní áirítear pinsin leis.
Rialacha speisialta maidir le míchumas
Tá cead ag fostóirí íocaíochtaí breise speisialta a dhéanamh le daoine faoi mhíchumas agus socruithe nó saoráidí speisialta a chur ar fáil dóibh chun a chur ar a gcumas a gcuid oibre a dhéanamh. Leagtar é sin amach in Alt 35 de na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta. I gcásanna áirithe, ceadaítear faoi na hAchtanna d’fhostóirí rátaí pá difriúla a thairiscint d’oibrithe atá faoi mhíchumas má fhágann a míchumas nach féidir leo an méid céanna oibre a dhéanamh sa tréimhse chéanna le comhghleacaí nach bhfuil faoi mhíchumas.
Má tá tú faoi mhíchumas, tá na cearta céanna agat agus atá ag aon duine eile maidir le hardú céime – fad atá tú inniúil agus cumasach an post a dhéanamh. Ar an gcaoi chéanna le fostú, roghnú agus agallamh, caithfidh d’fhostóir cuimhneamh ort féin ach an oiread céanna le daoine eile le haghaidh ardú céime agus cinneadh a dhéanamh cé acu a fhéadfaidís do chuid riachtanas a chomhlíonadh trí fhreastal réasúnta nó nach bhféadfaidís.
Is idirdhealú atá ann nuair a theipeann ar fhostóir na deiseanna céanna le haghaidh ardú céime a thairiscint duit, agus a chuirtear ar fáil d’fhostaithe eile, mar gheall ar do mhíchumas.
Sampla: Diúltaíonn fostóir ardú céime a thabhairt duit mar go raibh fadhb mheabhairshláinte agat roimhe sin.
Féadfaidh fostóirí gnásanna feistis a éileamh i gcúinsí áirithe, ach caithfidh siad idirdhealú mídhleathach a sheachaint agus iad á dhéanamh sin. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh beartas maidir le gnás feistis a bheith ina idirdhealú díreach nó indíreach. Mar shampla, ...]
Má tá do mhíchumas ina bhac ort an cód maidir le gnás feistis ag an obair a chomhlíonadh, caithfidh d’fhostóir freastal réasúnta a dhéanamh air sin chun a chinntiú go bhféadfaidh tú leanúint ar aghaidh ag obair ansin.
Dífhostú: Ní fhéadfaidh fostóirí thú a bhriseadh as do phost mar gheall ar do mhíchumas.
Mar shampla, d’fhéadfadh sé gur idirdhealú ar fhoras cosanta an mhíchumais a bheadh ann má bhriseann d’fhostóir as do phost thú toisc gur thóg tú am saor ón obair mar gheall ar struis.
Dífhostú inchiallaithe: tarlaíonn sé sin nuair atá iallach curtha ort éirí as, dar leat, toisc go ndéanann d’fhostóir cúrsaí deacair duit ag an obair. Má chreideann tú go bhfuil idirdhealú á dhéanamh acu ort mar gheall ar do mhíchumas (mar fhoras cosanta), d’fhéadfadh sé go bhféadfá gearán a dhéanamh faoin dlí comhionannais.
Cé lenar féidir liom gearán a dhéanamh?
Is é an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) an comhlacht atá freagrach as líomhaintí idirdhealaithe in Éirinn a chinneadh ar an gcéad dul síos.
Ba cheart gearáin faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO).
Pléann CCÁO le líomhaintí a bhaineann le fostaíocht agus le seirbhísí nó earraí.
Is féidir líomhaintí maidir le hidirdhealú ar bhonn inscne a chur faoi bhráid na Cúirte Cuarda nó CCÁO.

Céard iad na teorainneacha ama chun cás a thabhairt?
Faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, caithfidh tú gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) laistigh de shé mhí ó dháta deiridh an idirdhealaithe. D’fhéadfadh an spriocdháta sin tosú ó cheann díobh seo:
- Dáta an ghnímh idirdhealaithe is déanaí
- An dáta ar cuireadh deireadh leis an idirdhealú
- Dáta gnímh idirdhealaithe aonuaire
I gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh CCÁO síneadh sé mhí eile a chur leis an am chun gearán a dhéanamh. Tugtar uastréimhse 12 mhí leis sin.
Is fíor-annamh go gceadaíonn CCÁO an t-am breise sin.
Tá faisnéis faoin gcaoi le cur isteach ar shíneadh ama le fáil ar shuíomh gréasáin CCÁO.
Idirdhealú leanúnach
In go leor cásanna, ní tharlóidh ach gníomh idirdhealaithe amháin. Bíonn sé éasca dá bhrí sin an dáta a thosaíonn an tréimhse sé mhí chun gearán a dhéanamh a oibriú amach.
I gcásanna eile áfach, d’fhéadfadh idirdhealú tarlú arís agus arís eile ar feadh tréimhse fhada. Tugtar ‘idirdhealú leanúnach’ nó ‘sárú leanúnach’ air sin. Mar shampla, d’fhéadfadh clásal atá scríofa i do chonradh fostaíochta a bheith ina chúis le hidirdhealú leanúnach. I gcásanna mar sin, d’fhéadfadh sé a bheith deacair a chinneadh cén uair a thosaíonn an teorainn ama sé mhí chun gearán a dhéanamh agus cén uair a chríochnaíonn sí.
Céard iad na hamlínte chun gearán a dhéanamh faoi idirdhealú leanúnach?
Má stopann an t-idirdhealú, beidh sé mhí agat ón dáta ar stopadh é chun gearán a chur faoi bhráid CCÁO.
Mar shampla:
- Íocann fostóir tuarastal neamhionann le fir agus mná a dhéanann ‘an cineál céanna oibre’. D’athraigh an fostóir a chleachtas ansin agus thosaigh siad ag íoc tuarastal comhionann le fir agus mná. Dá bhrí sin, tosaíonn an teorainn ama sé mhí chun gearán a dhéanamh ar an dáta a dtugann siad isteach pá comhionann.
- Tá comhartha ag siopadóir ar fhuinneog an tsiopa ag rá nach bhfuil cead aon mhadra, madraí treorach ina measc, a thabhairt isteach sa siopa. Baineann sé anuas an comhartha sin agus tugann sé cead isteach do dhaoine a bhfuil madraí treorach leo. Dá bhrí sin, tosaíonn an teorainn ama sé mhí chun gearán a dhéanamh ar an lá a mbaineann siad anuas an comhartha.
Má mheasann tú go bhfuil idirdhealú fós á dhéanamh, ba cheart duit gearán a dhéanamh a luaithe is féidir tar éis na heachtra idirdhealaithe is déanaí. Mura ndéanann tú gearán go pras, tá baol ann go mbeidh tú ródhéanach don spriocdháta.
Má tá bearnaí fada idir na gníomhartha idirdhealaithe (cleachtais éagóracha in athbhreithnithe pá bliantúla, mar shampla), d’fhéadfadh na gníomhartha níos luaithe a bheith lasmuigh den teorainn ama sé mhí. Más féidir leat a thaispeáint go bhfuil siad cosúil le gníomhartha a rinneadh le déanaí, d’fhéadfadh CCÁO féachaint ar an tsraith gníomhartha ina hiomláine mar shárú leanúnach. Beidh tuairimí difriúla ag daoine difriúla faoi cé acu ar tharla sárú leanúnach nó nár tharla áfach. Mar shampla, d’fhéadfadh fostaí a áitiú gur chuir siad deireadh lena gcleachtais idirdhealaitheacha níos mó ná sé mhí sula ndearna tú an gearán.
An ndearnadh idirdhealú ort ar chúis eile?
Roghnaigh an foras agus an réimse ina ndearnadh idirdhealú ort