Léim go dtí an t-ábhar

Áirítear le raon feidhmeanna ár seirbhísí corparáideacha rialachas corparáideach, soláthar, acmhainní daonna, bainistíocht airgeadais, bainistíocht saoráidí, bainistíocht sonraí agus teicneolaíocht faisnéise. Is iad na réimsí oibre sin cnámh droma ár n-eagraíochta, agus tá siad riachtanach dár neamhspleáchas agus dár n-éifeachtacht.

An Chairt Seirbhísí do Chustaiméirí

Déantar cur síos sa Chairt Custaiméirí seo ar an leibhéal seirbhíse is féidir le custaiméir a bheith ag súil leis ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas. Tugtar breac-chuntas sa Chairt Custaiméirí seo freisin ar na socruithe atá i bhfeidhm chun Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí a éascú. 

Tuarascáil maidir le Dualgas na hEarnála Poiblí

Faoi Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine, ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí Measúnú, Aghaidh a thabhairt ar agus Tuairisciú ar an gcaoi a gcuimsíonn siad comhionannas agus cearta an duine ina gcuid oibre.

Tá cosaint agus cur chun cinn chearta an duine agus comhionannais, agus idirdhealú a dhíbirt, ag croílár ár bhfeidhmeanna agus ár gcuspóra. 

Inrochtaineacht

Táimid tiomanta do chinntiú go bhfuilimid chomh hinrochtana agus is féidir do chách trí rochtain ar fhoirgnimh phoiblí, rochtain ar sheirbhísí, nó rochtain ar fhaisnéis a chinntiú. 

Spéaclaí ar cháipéis i mBraille

Scéim Gaeilge

Táimid tiomanta don Ghaeilge a leabú inár gcuid oibre laethúla. Leagtar an chaoi a ndéanfaimid é sin amach inár Scéim Gaeilge.

Tuairisceáin Prasíocaíochta

Déantar faisnéis a bhaineann leis na Tuairisceáin Prasíocaíochta a fhoilsiú de bhun Chinneadh Rialtais Uimh. S29296 an 19 Bealtaine 2009. 

Scéim Foilsithe um Shaoráil Faisnéise

Ullmhaítear Scéim Foilsithe Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

Ceapadh an Scéim Foilsithe seo chun faisnéis atá cothrom le dáta a sholáthar a bhaineann le struchtúr eagraíochta, feidhmeanna, seirbhísí, cinnteoireacht, airgeadas, soláthar agus saoráil faisnéise an Choimisiúin. 

Comhaid i gcaibinéad comhad

Treochlár i leith Gníomhú ar son na hAeráide

Maidir leis na gníomhartha beartais ar bhonn níos leithne ina bhfuil ról ag IHREC i leith gníomhú ar son na haeráide, ní dhírítear orthu siúd leis an treochlár seo; ina áit sin, díríonn an plean seo ar na gníomhartha ar leibhéal na heagraíochta a d’fhéadfadh IHREC a dhéanamh chun an sainordú sin a chomhlíonadh.

Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

Faoi Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, caithfear faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá ag údarás poiblí, nó le haghaidh údarás poiblí, a chur ar fáil ach í a iarraidh, faoi réir eisceachtaí áirithe. 

Oibrigh linn

Déanaimid ár ndícheall chun lucht oibre éagsúil a chruthú a léiríonn sochaí na hÉireann. Is mór againn cúlraí, peirspictíochtaí agus scileanna éagsúla ár bhfoirne. Teastaíonn uainn áit oibre a chruthú ina mothaíonn cách go bhfuil meas orthu agus gur mór le daoine iad.

Is Státseirbhísigh de chuid an Stáit iad foireann IHREC agus earcaítear iad trí fheachtais earcaíochta a ritheann publicjobs agus ár gcomhpháirtí gnó earcaíochta Osborne Recruitment.

Peann i láimh atá dírithe ar scáileán ríomhaire glúine

Nochtadh Cosanta

Leagann ár mbeartas um Nochtadh Cosanta amach an próiseas lenar féidir le hoibrí de chuid IHREC nochtadh cosanta a dhéanamh, céard a tharlóidh nuair a dhéantar nochtadh agus céard a dhéanfaidh IHREC chun an duine a bheidh ag tuairisciú a chosaint. 

Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid

Tá IHREC faoi réir na Rialachán maidir le Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid, 2005 (I.R. Uimh. 279 de 2005). 

Cosaint Sonraí agus Príobháideachas

Féach ar ár dtreoir agus ar ár bhfaisnéis faoin gcaoi a mbailímid agus a n-úsáidimid sonraí pearsanta. Ní phróiseálaimid ach faisnéis a bhfuil fíorghá ar fad leis chun na críche dá dteastaíonn sé.