Léim go dtí an t-ábhar

Cén fáth ar cheart dom an cúrsa ríomhfhoghlama maidir le Comhionannas agus Cearta an Duine sa tSeirbhís Phoiblí a dhéanamh?

Is é aidhm an chúrsa ríomhfhoghlama seo maidir le Comhionannas agus Cearta an Duine sa tSeirbhís Phoiblí a chur ar chumas na bhfostaithe sa tseirbhís phoiblí fiosrú a dhéanamh ar an mbrí agus an luach a bhíonn i gceist le comhionannas, cearta an duine agus Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine ina n-obair laethúil. 

Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine

Leagann Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine oibleagáid reachtúil ar chomhlachtaí poiblí aird a thabhairt ar thosca chearta an duine agus an chomhionannais le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh. 

Tá cumhachtaí dlíthiúla againn chun monatóireacht a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí agus chun faisnéis, treoir  agus oideachas a thabhairt dóibh, chun a n-oibleagáidí reachtúla faoi alt 42 den  Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014 a thuiscint agus a chomhlíonadh.

Céard é cuspóir an chúrsa seo?

Is é cuspóir an chúrsa seo a chur ar chumas na foirne atá ag obair laistigh de chomhlachtaí poiblí a n-oibleagáidí faoin Dualgas a thuiscint agus a chomhlíonadh.

Má dhéanann tú an cúrsa seo:

  • Gheobhaidh tú tuiscint níos fearr ar choincheapa agus prionsabail an chomhionannais agus chearta an duine agus ar Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine atá ina oibleagáid reachtúil
  • Tacóidh tú le comhthuiscint ar chomhionannas agus cearta an duine sa tseirbhís phoiblí, rud a thacóidh freisin le seirbhísí ar chaighdeán níos fearr agus timpeallacht oibre níos fearr a chur ar fáil
  • Spreagfaidh tú comhlachtaí poiblí chun an modúl ríomhfhoghlama a chuimsiú ina bhféilirí oiliúna bliantúla mar chuid d’oiliúint riachtanach na seirbhíse poiblí. 

Cén struchtúr atá ar an gcúrsa?

Tá trí aonad ann:

Tá eolas san aonad seo ar chomhionannas agus ar oibleagáidí comhionannais comhlachtaí poiblí agus tacófar le d’iniúchadh ar shaincheisteanna maidir leis an gcomhionannas atá i gceist do bhaill foirne agus úsáideoirí seirbhísí.

Tá eolas san aonad seo ar choincheapa um chearta an duine agus ar oibleagáidí comhlachtaí poiblí i ndáil le cearta an duine, agus tacófar le d’iniúchadh ar shaincheisteanna atá i gceist do bhaill foirne agus úsáideoirí seirbhísí.

Tá eolas san aonad seo ar Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine agus ar na céimeanna a bhíonn i gceist chun an Dualgas sin a chur i bhfeidhm. Tá faisnéis i ngach aonad chun cur leis an gcumas laistigh d’fhoireann na gcomhlachtaí poiblí tuiscint níos fearr a fháil ar choincheapa agus prionsabail chearta an duine agus an chomhionannais, ar reachtaíocht idirnáisiúnta agus náisiúnta agus ar chur chuige chun Dualgas na hEarnála Poiblí a chur i bhfeidhm.

Cá fhad a thógfaidh sé?

Tógfaidh sé thart ar thrí uair an chloig chun na haonaid go léir a dhéanamh. Is foghlaim féinluais atá sa mhodúl seo, agus mar sin ní gá duit é go léir a dhéanamh ag an am céanna. Is féidir leat é a chur i gcrích ar do chaoithiúlacht. Caithfidh tú gach aonad a chríochnú sula mbeidh tú ábalta bogadh ar aghaidh go dtí an chéad cheann eile. Tá measúnú ag deireadh gach aonaid, agus caithfidh tú pas a fháil chun bogadh ar aghaidh.

Céard a fhoghlaimeoidh mé?

  • Príomhchoincheapa an chomhionannais agus an chreata reachtaíochta um chomhionannas in Éirinn a shainaithint;
  • Cur síos a dhéanamh ar dhualgais agus freagrachtaí d’eagraíochta maidir le comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus an t-idirdhealú a dhíchur, agus do chearta san eagraíocht sin; agus
  • Anailís a dhéanamh ar shamplaí de shaincheisteanna a thagann chun cinn i soláthar seirbhíse agus san ionad oibre a bhaineann le comhionannas.
  • An méid atá i gceist le cearta an duine agus an áit óna dtagann siad a thuiscint;
  • Cur síos a dhéanamh ar do chearta mar dhuine, ar do fhreagrachtaí i ndáil le cearta an duine agus ar na prionsabail agus na coincheapa atá ina mbonn taca leo; agus
  • Anailís a dhéanamh ar shamplaí de shaincheisteanna a thagann chun cinn i soláthar seirbhíse agus san ionad oibre a bhaineann le cearta an duine.
  • Cur síos a dhéanamh ar do chuid teidlíochtaí agus oibleagáidí faoi Dhualgas na hEarnála Poiblí;
  • Cur síos a dhéanamh ar na céimeanna atá i gceist leis an Dualgas reachtúil seo a chur i bhfeidhm; agus
  • Fiosrú a dhéanamh ar na bealaí praiticiúla inar féidir leat cur chun feidhme an Dualgais sin a chur chun cinn.