Léim go dtí an t-ábhar

Céard is idirdhealú ar bhonn Gnéaschlaonadh ann?

An foras gnéaschlaonta

Cuimsítear le gnéaschlaonadh claonadh heitrighnéasach, homaighnéasach nó déghnéasach.

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil gnéaschlaonadh difriúil agat le duine eile.

Céard is idirdhealú ar bhonn Gnéaschlaonadh i dtaobh oideachais ann?

Ní fhéadfaidh scoileanna idirdhealú a dhéanamh ar dhalta ná scoláire mar gheall ar a ngnéaschlaonadh maidir le: 

  • Duine a ligean isteach mar scoláire nó na téarmaí nó na coinníollacha a bhaineann le duine a ligean isteach mar scoláire
  • Rochtain ar aon chúrsa, saoráid nó sochar sa scoil
  • Aon téarma nó coinníoll eile a bhaineann le rannpháirtíocht sa scoil
  • Díbirt as an scoil nó aon phionós eile 

Cén dlí a chosnaíonn mé ar idirdhealú i dtaobh oideachais?

Cosnaíonn na hAchtanna um Stádas Comhionann mé ar idirdhealú i dtaobh oideachais.

Céard a chuimsítear faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann?

Cuireann na hAchtanna um Stádas Comhionann bac ar idirdhealú, ciapadh agus gnéaschiapadh i ndíol nó i soláthar earraí agus seirbhísí, seirbhísí tithíochta agus rochtain ar oideachas.

Ní ceadmhach do scoileanna, go háirithe, idirdhealú a dhéanamh ar dhalta ná scoláire mar gheall ar a n-aois maidir le: 

  • Duine a ligean isteach mar scoláire nó na téarmaí nó na coinníollacha a bhaineann le duine a ligean isteach mar scoláire
  • Rochtain ar aon chúrsa, saoráid nó sochar sa scoil
  • Aon téarma nó coinníoll eile a bhaineann le rannpháirtíocht sa scoil
  • Díbirt as an scoil nó aon phionós eile 

Céard is bunachas oideachais ann?

Cuimsítear le bunachais oideachais seirbhísí réamhscoile, bunscoileanna nó iar-bhunscoileanna, institiúidí a sholáthraíonn oideachas aosach, oideachas leanúnach nó breisoideachas, agus institiúidí ollscoile nó aon institiúidí tríú leibhéal eile. 

Áirítear leo idir bhunachais oideachais phoiblí agus bhunachais oideachais phríobháideacha.

Deasca agus cathaoireacha i seomra ranga

Is féidir idirdhealú a fhulaingt ar cheithre bhealach ar leith.

Idirdhealú díreach

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta dhifriúil a bhaineann leis na forais chosanta.

Idirdhealú indíreach

Seo nuair a chuireann beartas nó foráil atá infheidhme i leith gach duine faoi mhíbhuntáiste thú mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta a bhaineann leis na forais chosanta.

Idirdhealú go barúlach

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leatsa is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, toisc gur mheas an duine sin, cé go raibh siad mícheart, go mbaineann na forais chosanta leat.

Idirdhealú trí bhainteacht

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheamh le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar cheangal nó gaol a bheith agat le duine éigin lena mbaineann na forais chosanta.

Faoi dhlí na hÉireann, is iad na forais chosanta:

Inscne (fireann, baineann, trasinscne nó neamh-dhénártha)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil inscne dhifriúil agat le duine eile.

Stádas sibhialta (singil, pósta, scartha, colscartha, baintreach nó duine i bpáirtnéireacht shibhialta)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas sibhialta difriúil agat le duine eile.

Stádas teaghlaigh (ag iompar clainne, tuismitheoir, tuismitheoir gníomhach páiste, nó cúramóir duine atá faoi mhíchumas óna dteastaíonn cúram leanúnach)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas teaghlaigh difriúil agat le duine eile. (Tabhair faoi deara: d’fhéadfadh go mbainfeadh cuid de na cásanna faoin bhforas seo leis an bhforas inscne freisin.)

Gnéaschlaonadh (claonadh heitrighnéasach, homaighnéasach nó déghnéasach)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil gnéaschlaonadh difriúil agat le duine eile.

Aois (i gcás daoine atá 18 mbliana d’aois agus níos sine, agus ina gcás siúd amháin)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú níos sine nó níos óige ná duine eile agus nach bhfuil cúis mhaith leis (‘údar oibiachtúil’). (Tabhair faoi deara: ní chumhdaíonn an foras seo idirdhealú líomhnaithe ar pháistí i scoileanna.)

Creideamh reiligiúnach (cúlra reiligiúnach agus iad siúd nach bhfuil aon chreideamh acu ina measc)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil creideamh difriúil agat le duine eile, nó, mar shampla, mar nach bhfuil aon chreideamh agat agus go bhfuil ag duine eile.

Duine den Lucht Siúil

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar gur duine den Lucht Siúil thú agus nach ea an duine eile.

Cine (dath craicinn, náisiúntacht, bunús eitneach nó náisiúnta)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil dath craicinn, náisiúntacht nó eitneacht dhifriúil agat le duine eile.

Míchumas (míchumas intleachtúil, meabhrach agus/nó fisiciúil)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú faoi mhíchumas agus go bhfuil míchumas difriúil ar dhuine eile nó nach bhfuil siad faoi mhíchumas.

Tá eolas faoi mhíchumas agus freastal réasúnta faoin bhforas míchumais freisin.

 

Má tá tú ag iarraidh tithíocht nó cóiríocht a fháil, tá foras cosanta amháin breise ann:

Cúnamh tithíochta (íocaíocht cúnaimh tithíochta (HAP), forlíonadh cíosa nó íocaíocht leasa shóisialaigh eile ina measc)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfaigheann tú forlíonadh cíosa, íocaíocht cúnaimh tithíochta (HAP), nó cineál eile íocaíochta leasa shóisialaigh agus nach bhfaigheann duine eile.

Eisceachtaí agus Díolúintí

Tá roinnt díolúintí suntasacha ann i gcás daoine a fhreastalaíonn, nó atá i gceannas, ar bhunachas oideachais.

Ba cheart na díolúintí sin a léamh go sriantach agus níor cheart go gcuirfidís srian míchuí ar an gcosc ginearálta ar idirdhealú.

Díolúintí ginearálta a bhaineann le hollscoileanna, institiúidí tríú leibhéal nó institiúidí oideachais aosaigh

Ceadaítear difríochtaí sa chaoi a gcaitheann údaráis áitiúla le náisiúnaigh áirithe ó thíortha eile, ar bhonn a náisiúntachta, atá lasmuigh den Stát nó sa Stát go neamhdhleathach (chun críocha an Achta Inimirce, 2004) nó de réir aon fhoráil nó coinníoll a rinneadh le haon achtachán nó faoi, agus ag eascairt as iontráil nó cónaí an náisiúnaigh sa Stát.

Ceadaíonn na hAchtanna um Stádas Comhionann d’ollscoileanna, nó institiúidí ardleibhéil, cúnamh a thairg do chatagóirí áirithe daoine trí urraíochtaí, scoláireachtaí, sparánachtaí nó dámhachtainí eile, ar cúnamh é atá inchosanta le réasún ag féachaint do chúinsí traidisiúin agus staire.

I ndáil le hionaid a leithroinnt, féadfaidh ollscoileanna nó institiúidí ardleibhéil eile mic léinn faoi leith a roghnú chun páirt a ghlacadh i malartuithe le hollscoileanna lasmuigh den dlínse.

Cé lenar féidir liom gearán a dhéanamh?

Is é an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) an comhlacht atá freagrach as líomhaintí idirdhealaithe in Éirinn a chinneadh ar an gcéad dul síos.

Ba cheart gearáin faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO).

Pléann CCÁO le líomhaintí a bhaineann le fostaíocht agus le seirbhísí nó earraí. 

Is féidir líomhaintí maidir le hidirdhealú ar bhonn inscne a chur faoi bhráid na Cúirte Cuarda nó CCÁO.

WRC workplace relations commissions

Céard iad na teorainneacha ama chun cás a thabhairt?

Ba cheart duit roinnt spriocdhátaí tábhachtacha a chur san áireamh nuair atá sé ar intinn agat gearán a dhéanamh faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann. 

Ar dtús, caithfidh tú an freagróir a chur ar an eolas faoin eachtra idirdhealaithe agus go bhfuil sé ar intinn agat gearán a chur faoi bhráid CCÁO ina leith. Tugtar an freagróir ar an soláthraí earraí nó seirbhíse a rinne idirdhealú ort.

Ní féidir leat cás a thabhairt chun CCÁO faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann mura ndeachaigh tú i dteagmháil leis an bhfreagróir agus gur thug tú am dóibh freagra a chur chugat. Tá dhá mhí agat ó dháta deiridh an idirdhealaithe chun insint don fhreagróir faoin eachtra idirdhealaithe agus a chur in iúl dóibh go bhfuil sé ar intinn agat gearán a chur faoi bhráid CCÁO ina leith. 

I gcúinsí eisceachtúla, d’fhéadfadh CCÁO síneadh dhá mhí eile a chur leis an tréimhse dhá mhí sin. Tréimhse ceithre mhí a bheadh san uasteorainn ama chun fógra a thabhairt don fhreagróir ansin. Is fíor-annamh go gceadaíonn CCÁO an t-am breise sin.  

Tar éis duit fógra a thabhairt don fhreagróir, ba cheart go bhfaighfeá freagra laistigh de mhí amháin. Mura bhfaigheann tú freagra laistigh de mhí amháin, nó mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fhaigheann tú, is féidir leat do ghearán a chur faoi bhráid CCÁO ansin. Ba cheart duit Foirm Ghearáin CCÁO a úsáid. 

Caithfidh tú an gearán a chur isteach laistigh de shé mhí ón uair a tharla an t-idirdhealú a líomhnaítear nó, i gcás gur tharla cúpla eachtra, laistigh de shé mhí ón uair dheireanach a tharla an t-idirdhealú a líomhnaítear. Corruair, d’fhéadfadh CCÁO an teorainn ama sin a leathnú ó 6 mhí go 12 mhí. Is fíor-annamh a tharlaíonn sé sin.

Idirdhealú leanúnach

In go leor cásanna, ní tharlóidh ach gníomh idirdhealaithe amháin. Bíonn sé éasca dá bhrí sin an dáta a thosaíonn an tréimhse sé mhí chun gearán a dhéanamh a oibriú amach. 

I gcásanna eile áfach, d’fhéadfadh idirdhealú leanúint ar aghaidh ar feadh tréimhse fhada. Tugtar ‘idirdhealú leanúnach’ nó ‘sárú leanúnach’ air sin. 

Má stopann an t-idirdhealú leanúnach, beidh sé mhí agat ón dáta a stopadh é chun gearán a chur faoi bhráid CCÁO. Tá comhartha ag siopadóir ar fhuinneog an tsiopa ag rá nach bhfuil cead aon mhadra, madraí treorach ina measc, a thabhairt isteach sa siopa. Baineann sé anuas an comhartha sin agus tugann sé cead isteach do dhaoine a bhfuil madraí treorach leo. Dá bhrí sin, tosaíonn an teorainn ama sé mhí chun gearán a dhéanamh ar an lá a mbaineann siad anuas an comhartha.

Ní bhíonn cásanna eile chomh cinnte céanna. Uaireanta beidh bearnaí móra idir gníomhartha nó cleachtais idirdhealaitheacha. Bíonn sé níos deacra dá bhrí sin a chinneadh ar tharla ‘sárú leanúnach’. 

Sna cásanna sin, d’fhéadfadh gur tharla sraith rudaí a rinneadh, nó nach ndearnadh, as ar eascair idirdhealú. Mar sin, d’fhéadfadh go mbeadh eachtra idirdhealaithe amháin, nó níos mó, lasmuigh den teorainn ama sé mhí. Ach sa chás go bhfuil an t-idirdhealú sách nasctha le hidirdhealú a tharla laistigh den teorainn ama, d’fhéadfaí iad a mheas mar chuid den idirdhealú leanúnach. Tá sé tábhachtach go mbeifeá aireach. Beidh tuairimí difriúla ag daoine difriúla faoinar tharla sárú leanúnach nó nár tharla.

Más mian leat gearán a dhéanamh faoi do chás féin, ba cheart duit é sin a dhéanamh a luaithe is féidir chun fanacht laistigh den teorainn ama sé mhí. Déan é sin fiú má chreideann tú go bhféadfadh idirdhealú a bheith ag leanúint ar aghaidh, nó mura bhfuil tú cinnte go bhfuil sé fós ag tarlú.

Idirdhealú ar bhonn Gnéaschlaonadh i dtaobh an mhéid seo a leanas:

Obair

Seirbhísí

Tithíocht

Clubanna Comhaltais

Tithe Tábhairne

An ndearnadh idirdhealú ort ar chúis eile?

Roghnaigh an foras agus an réimse ina ndearnadh idirdhealú ort