Léim go dtí an t-ábhar

Céard is Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine ann?

Tá Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine (an Dualgas) in Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014. Leagann sé oibleagáid reachtúil ar chomhlachtaí poiblí aird a thabhairt ar thosca chearta an duine agus comhionannais le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh. Tá sé in Alt 42 d’Acht IHREC agus tá feidhm aige maidir le Comhlachtaí Poiblí i bPoblacht na hÉireann.

Cén fáth a bhfuil an Dualgas tábhachtach?

Nuair a chuirtear an Dualgas i bhfeidhm, tugann comhlachtaí poiblí aghaidh ar shaincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas ar bhealach réamhghníomhach, seachas fanacht go dtiocfaidh fadhb nó gearán chun cinn le haghaidh a thabhairt air. Tá ról tábhachtach ag an Dualgas i dtacú le comhlachtaí poiblí seirbhísí éifeachtúla inrochtana a sholáthar do shaoránaigh agus do phobail, dóibh siúd atá i mbaol neamhionannais agus idirdhealú go háirithe. Tacaíonn sé le cur chuige ar fud na seirbhíse poiblí maidir le comhionannas, cearta an duine, éagsúlacht agus ionchuimsiú. Tá an Dualgas i bhfeidhm ar gach feidhm a bhíonn ag comhlacht poiblí, agus déantar gnáthchuid den chaoi a dtugann comhlachtaí poiblí faoina n-obair laethúil de chomhionannas agus cearta an duine nuair a chuirtear i bhfeidhm é.

Bean ghorm ag féachaint anuas

Céard is comhlacht poiblí ann?

Áirítear leis an sainmhíniú ar chomhlacht poiblí in Acht IHREC, 2014 chun críche an Dualgais: 

  • Roinn Stáit,
  • údarás áitiúil,
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte,
  • ollscoil nó institiúid teicneolaíochta,
  • bord oideachais agus oiliúna,
  • “aon duine, comhlacht nó eagraíocht eile arna bhunú nó arna bunú le hachtachán nó faoi achtachán (seachas Achtanna na gCuideachtaí) nó le cairt nó faoi chairt, le haon Scéim arna riar ag Aire den Rialtas, nó faoi Achtanna na gCuideachtaí de bhun cumhachtaí a thugtar le hachtachán eile nó faoi achtachán eile, agus a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach trí airgead arna sholáthar, nó trí iasachtaí arna ndéanamh nó arna ráthú, ag Aire den Rialtas nó trí eisiúint scaireanna arna sealbhú ag Aire den Rialtas nó thar ceann Aire den Rialtas”

Ina theannta sin, féadfaidh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige duine, comhlacht, eagras nó grúpa ar bith eile arna mhaoiniú go hiomlán nó go páirteach as airgead arna soláthar ag an Oireachtas, a fhorordú mar chomhlacht poiblí, i ndiaidh comhairliúchán le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas. Níor forordaíodh aon chomhlacht poiblí go dtí seo.

Céard is gá do chomhlachtaí poiblí a dhéanamh?

De réir an dlí, is gá do chomhlachtaí poiblí beartais agus gníomhartha a chur i bhfeidhm chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an t-idirdhealú a dhíchur
  • comhionannas deiseanna agus caitheamh go comhionann a chur chun cinn i ndáil lena mbaill foirne agus na daoine a gcuireann siad seirbhísí ar fáil dóibh, agus
  • cearta daonna a gcomhaltaí, a mball foirne agus na ndaoine a gcuireann siad seirbhísí ar fáil dóibh a chosaint.

Is gá dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh freisin:

  1. Measúnaítear – Measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna maidir leis an gcomhionannas agus le cearta an duine atá ábhartha d’fheidhmeanna an chomhlachta phoiblí.
  2. Tugtar Aghaidh Air – Na gníomhartha/na beartais/na pleananna a bheartaíonn an comhlacht poiblí a chur ar bun chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna maidir leis an gcomhionannas agus le cearta an duine a shainaithnítear i rith na céime ‘Measúnaítear’.
  3. Tuairiscítear – Tuairisciú ar dhul chun cinn a rinneadh faoi na céimeanna ‘Measúnaítear’ agus ‘Tugtar Aghaidh Air’ i dtuarascáil bhliantúil na heagraíochta ar mhodh is inrochtana ag an bpobal. 
Beirt bhan ag féachaint ar ríomhaire glúine

Cén chaoi a dtacaíonn Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas le comhlachtaí poiblí agus a ndéanann sé monatóireacht orthu?

Tá cumhachtaí dlíthiúla againn chun monatóireacht a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí agus chun faisnéis, treoir  agus oideachas a thabhairt dóibh, chun a n-oibleagáidí reachtúla faoi alt 42 den  Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014 a thuiscint agus a chomhlíonadh.

Tá treoir agus ábhair oiliúna forbartha againn, ar nós ár modúil ríomhfhoghlama, chun tacú le comhlachtaí poiblí.

Sa chás go measaimid go bhfuil fianaise ann go bhfuil ag teipeadh ar chomhlacht poiblí a fheidhmeanna a chomhlíonadh de réir an Dualgais, féadfaimid a iarraidh ar chomhlacht poiblí:

  • tabhairt faoi athbhreithniú;
  • plean gníomhaíochta a ullmhú agus a chur i ngníomh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir leis an gcomhionannas agus le cearta an duine a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna; nó an dá rud.

Modúl ríomhfhoghlama

Tá modúl ríomhfhoghlama forbartha againn chun tacú le foirne i gcomhlachtaí poiblí agus chun iad a spreagadh chun tuiscint a fháil ar choincheapa agus ar phrionsabail agus ar reachtaíocht maidir leis an gcomhionannas agus cearta an duine, chun comhthuiscint ar an gcomhionannas agus ar chearta an duine a chothú sa tseirbhís phoiblí, rud a thacaíonn le cáilíocht níos fearr a bhaint amach sna seirbhísí agus le timpeallacht oibre níos fearr.

Fear ag léamh leabhair