Léim go dtí an t-ábhar

Céard is idirdhealú ar bhonn Cine ann?

An Foras Cine

Áirítear le cine dath craicinn, náisiúntacht agus bunadh eitneach nó náisiúnta.

Tarlaíonn idirdhealú ar an bhforas Cine nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil dath craicinn, náisiúntacht nó eitneacht dhifriúil agat le duine eile.

Céard is Idirdhealú ar bhonn Cine i dtaobh Oibre ann?

Tarlaíonn idirdhealú ar an bhforas Cine i dtaobh oibre nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat agus post á lorg agat nó nuair atá tú fostaithe, toisc go bhfuil dath craicinn, náisiúntacht nó eitneacht dhifriúil agat le duine eile. 

Áirítear leis na réimsí oibre a chumhdaítear fostaíocht, pá, rochtain ar fhostaíocht, gairmoiliúint, taithí oibre, téarmaí agus coinníollacha, arduithe céime, pinsin, dífhostú, agus comhaontuithe comhchoiteanna.

Sampla Fógraíonn fostóir post le haghaidh “Éireannaigh amháin.”

Sampla Éilíonn fostóir taithí oibre in Éirinn, a chuireann iarrthóirí nach Éireannaigh iad faoi mhíbhuntáiste.

Sampla Éilíonn fostóir go mbeadh an Ardteistiméireacht déanta ag iarrthóir, agus ní ghlactar lena comhionann ó thír eile.

Sampla Diúltaíonn fostóir duine a fhostú mar go bhfuil cead oibre do dhaoine nach as an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad acu.

Is féidir le roinnt ceisteanna a iarrtar le linn agallaimh nó i rith an phróisis roghnúcháin a bheith idirdhealaitheach freisin.

Sampla Diúltaíonn fostóir iarrthóir tearmainn a fhostú mar go gcónaíonn siad in ionad Soláthair Dhírigh.

Cén dlí a chosnaíonn ar idirdhealú thú i dtaobh oibre.

Cosnaíonn na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta thú ar idirdhealú i dtaobh oibre.

Céard a chuimsítear faoin dlí?

Tá feidhm ag na hAchtanna maidir le mórán gnéithe den obair, lena n‑áirítear:

  • Fógraíocht do phoist agus rochtain ar fhostaíocht (agallaimh ina measc)
  • Téarmaí agus coinníollacha fostaíochta, ar nós pá comhionann
  • Ardú céime agus briseadh as post
  • Rangú agus athghrádú post
  • Scor
  • Comhaontuithe comhchoiteanna (comhaontuithe a dhéantar trí cheardchumann mar shampla)

Cé a chuimsítear faoin dlí?

Tá cosaint agat faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta sna cásanna seo a leanas:

  • Is fostaí lánaimseartha, páirtaimseartha nó sealadach thú
  • Is fostaí san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach thú
  • Is conraitheoir féinfhostaithe nó comhpháirtí i gcomhpháirtíocht thú
  • Is sealbhóir oifige in údarás stáit nó áitiúil thú
  • Tá tú ag lorg oibre trí ghníomhaireachtaí fostaíochta
  • Is oiliúnaí thú atá ag tabhairt faoi ghairmoiliúint
  • Is comhalta d’eagraíocht trádála, de cheardchumann nó de chomhlacht gairmiúil thú
  • Tá tú i mbun taithí oibre íoctha 

Tabhair faoi deara: Ní chumhdaítear oibrithe deonacha faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta.

Míniú ar théarmaí

Fostaí – duine a oibríonn nó a d’oibrigh faoi chonradh fostaíochta. Ciallaíonn fostaíocht seirbhís a dhéanamh faoi stiúir duine eile ar íocaíocht. Áirítear le conarthaí conarthaí printíseachta agus aon chomhaontú eile i scríbhinn nó ó bhéal ina gcomhaontaíonn tú obair nó seirbhís a sholáthar do dhuine eile.

Oibrí gníomhaireachta – duine a chuireann obair nó seirbhís ar fáil do ghnó nó d’fhostaí eile thar ceann gníomhaireacht fostaíochta, bíodh an conradh sínithe ag an ngnó nó ag an bhfostaí eile nó ná bíodh.

Gairmoiliúint – teagasc sna scileanna nó eolas a theastaíonn chun post faoi leith a dhéanamh.

Comhaltaí de chomhlachtaí áirithe – bíonn siad ina gcomhaltaí d’eagraíochtaí oibrithe, ceardchumainn nó comhlachais ghairmiúla a leagann síos caighdeáin dá gcomhaltaí.

Cén chaoi a mbeadh a fhios agam go ndearnadh idirdhealú orm?

Idirdhealú is ea nuair nach gcaitheann duine éigin chomh maith nó ‘fabhrach’ céanna leat is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, mar go mbaineann na ‘forais chosanta’ leat.

Is féidir idirdhealú a fhulaingt ar cheithre bhealach ar leith:

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta dhifriúil a bhaineann leis na forais chosanta.

Seo nuair a chuireann beartas nó foráil atá infheidhme i leith gach duine faoi mhíbhuntáiste thú mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta a bhaineann leis na forais chosanta.

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leatsa is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, toisc gur mheas an duine sin, cé go raibh siad mícheart, go mbaineann na forais chosanta leat.

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheamh le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar cheangal nó gaol a bheith agat le duine éigin lena mbaineann na forais chosanta.

Céard iad na forais chosanta?

Faoi dhlí na hÉireann, is iad na forais chosanta:

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil inscne dhifriúil agat le duine eile.

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas sibhialta difriúil agat le duine eile.

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas teaghlaigh difriúil agat le duine eile. (Tabhair faoi deara: d’fhéadfadh go mbainfeadh cuid de na cásanna faoin bhforas seo leis an bhforas inscne freisin.)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil gnéaschlaonadh difriúil agat le duine eile.

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú níos sine nó níos óige ná duine eile agus nach bhfuil cúis mhaith leis (‘údar oibiachtúil’). (Tabhair faoi deara: ní chumhdaíonn an foras seo idirdhealú líomhnaithe ar pháistí i scoileanna.)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil creideamh difriúil agat le duine eile, nó, mar shampla, mar nach bhfuil aon chreideamh agat agus go bhfuil ag duine eile.

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar gur duine den Lucht Siúil thú agus nach ea an duine eile.

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil dath craicinn, náisiúntacht nó eitneacht dhifriúil agat le duine eile.

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú faoi mhíchumas agus go bhfuil míchumas difriúil ar dhuine eile nó nach bhfuil siad faoi mhíchumas.

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfaigheann tú forlíonadh cíosa, íocaíocht cúnaimh tithíochta (HAP), nó cineál eile íocaíochta leasa shóisialaigh agus nach bhfaigheann duine eile.

Ciapadh, gnéaschiapadh agus íospairt

Cuireann an dlí fostaíochta cosc ar chiapadh, gnéaschiapadh agus íospairt ag fostóirí agus in ionaid oibre.

Cosnaíonn an dlí gach fostaí poiblí agus príobháideach, bíodh siad lánaimseartha, páirtaimseartha, buan nó sealadach, a oibríonn faoi chonradh fostaíochta, nó trí ghníomhaireacht, nó ag ionad oiliúna. Cumhdaíonn sé freisin daoine a sholáthraíonn seirbhísí pearsanta i dteach duine eile, oibrithe cúraim nó buimí mar shampla. Ina theannta sin, baineann an dlí maidir le ciapadh le gníomhaireachtaí fostaíochta agus le hoiliúint ghairmiúil freisin. Ní chumhdaítear oibrithe deonacha leis áfach.

Féadfaidh na daoine seo a leanas ciapadh a dhéanamh:

  • D’fhostóir
  • Bainisteoirí
  • Comhoibrithe
  • Cliaint
  • Custaiméirí agus úsáideoirí seirbhíse
  • Teagmhálaithe gnó eile ag d’ionad oibre, amhail oibrithe seachadta, glantóirí, oibrithe cothabhála, mic léinn, oibrithe deonacha nó conraitheoirí gairmiúla

De réir an dlí, is éard atá i gceist le ciapadh ag an obair ná aon iompar nó gníomhartha neamh-inmhianaithe:

  • A sháraíonn do dhínit – is é sin, is é cuspóir nó éifeacht an iompair ná go mbraitheann tú maslaithe, agus
  • Atá imeaglach, naimhdeach, náireach nó maslach duit.

Is éard is ciapadh ann faoi dhlí comhionannais na hÉireann ná iompar neamh-inmhianaithe a bhaineann le ceann amháin nó níos mó  de na ‘forais chosanta’ atá liostaithe thíos.

D’fhéadfadh go mbeadh sé d’aidhm ag na gníomhartha neamh-inmhianaithe do dhínit a shárú d’aon ghnó nó d’fhéadfadh an éifeacht sin a bheith acu de thaisme.

D’fhéadfaí go leor cineálacha iompair a shainmhíniú mar chiapadh, mar shampla focail labhartha, gothaí, agus focail, pictiúir nó ábhar eile a thaispeáint nó a roinnt.

D’fhéadfadh eachtra amháin nó patrún iompair a bheith i gceist leis an gciapadh.

Ní gá go mbeadh sé dírithe ar dhuine amháin ar leith le go mbraithfeadh an duine sin go ndearnadh ciapadh orthu.

Tá an dlí maidir le ciapadh agus gnéaschiapadh san ionad oibre leagtha amach sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998–2015.

Is éard atá i gceist le gnéaschiapadh aon chineál focail nó gníomhartha fisiceacha neamh-inmhianaithe de chineál gnéasach a sháraíonn do dhínit d’aon ghnó nó de thaisme agus a chruthaíonn timpeallacht imeaglach, náireach nó mhaslach duit.

  • Is féidir le hiompar de chineál gnéasach a bheith in go leor foirmeacha éagsúla, ó theachtaireachtaí téisiúla nó a mbeadh claontagairt ghnéis iontu go teagmháil fhisiciúil neamh-inmhianaithe nó cluanaireacht.
  • Ní gá go mbeadh teagmháil fhisiciúil i gceist leis, ná ní gá go dtarlódh sé go minic ach an oiread. Is leor gníomh aonair le go measfaí gur gnéaschiapadh é.
  • Caithfidh an t-iompar a bheith neamh-inmhianaithe. Beidh a fhios ag an ngearánach féin an raibh an t-iompar neamh-inmhianaithe.
  • Ní gá go mbeadh an teanga ná na gníomhartha a úsáidtear gnéasach go follasach mar go bhféadfadh gnéaschiapadh a bheith mar thoradh ar thimpeallacht naimhdeach a chruthaítear d’fhostaí.

Sampla: Nuair nach léir go bhfuil gnéaschiapadh gnéasach

Rinne bean a bhí ag obair in óstán gearán faoi chomhoibrí fir a chaith ar bhealach gnéasaíoch léi. Dúirt sí gur tugadh téarmaí maslacha uirthi, go ndearnadh gáire fúithi agus gur fágadh as comhráite í. Chinn an Chúirt Oibreachais gur gnéaschiapadh a bhí i gceist anseo toisc gur toradh díreach é ar thuairimí diúltacha an fhir i leith na mban.

Chinn sé go raibh an fostóir freagrach as an ngnéaschiapadh cé nach bhféadfaí aon cheann de na gníomhartha a shonrú mar ghníomhartha gnéasacha.

Tarlaíonn íospairt nuair a dhéanann d’fhostóir thú a dhífhostú nó nuair a chaitear go dona leat mar gheall ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas.

  • Déanann tú gearán le d’fhostóir faoi idirdhealú.
  • Téann tú i mbun caingean dlí i gcoinne d’fhostóra.
  • Cabhraíonn tú le duine eile gearán a dhéanamh.
  • Déantar comparáid idir do chuid oibre agus obair fostaí eile i ndáil le ceann de na forais idirdhealaitheacha a chumhdaítear faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó faoi dhlíthe roimhe seo maidir le hidirdhealú.
  • Bhí tú i d’fhinné in aon imeachtaí dlí faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó dlíthe roimhe seo maidir le hidirdhealú.
  • Chuir tú i gcoinne cleachtais atá mídhleathach faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó faoi dhlíthe roimhe seo maidir le hidirdhealú, trí mhodhanna dleathacha.
  • D’inis tú do d’fhostóir go bhfuil sé ar intinn agat aon cheann de na gníomhartha atá thuasluaite a dhéanamh.

Eisceachtaí agus Díolúintí

Tá roinnt díolúintí ó na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta.

Ciallaíonn sé sin go mbíonn  díolúine ag fostóirí i gcásanna áirithe. 

Is féidir na díolúintí sin a chur i dtrí ghrúpa: 

  1. Díolúintí ginearálta a bhfuil feidhm acu maidir le gach cineál fostaíochta
  2. Díolúintí a bhfuil feidhm acu maidir le cineálacha sonracha fostaíochta
  3. Díolúintí a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na forais chosanta

Díolúintí ar an bhForas Cine

Ceadaíonn na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta difríocht sa chaoi a ndéileáiltear le fostaithe ar an bhforas cine i gcúinsí áirithe:

Tá díolúine ann i gcás aon ghnímh a dhéantar de réir an Achta um Cheadanna Fostaíochta 2003–2014.

Ceadaítear difríocht sa chaoi a ndéileálann comhlachtaí gairme nó oiliúna le daoine maidir leis an méid seo a leanas:

  • táillí agus áiteanna a leithroinnt ar dhaoine ar saoránaigh Éireannacha nó náisiúnaigh AE iad agus orthu siúd nach ea.
  • cúnamh do chatagóirí áirithe daoine trí urraíochtaí, scoláireachtaí, sparánachtaí, fad is go bhfuil údar réasúnach leis an gcúnamh sin ag féachaint do cúinsí traidisiúin agus staire.

Ceadaítear difríocht sa chaoi a ndéileálann ollscoileanna nó institiúidí tríú leibhéal eile le daoine maidir le háiteanna a leithroinnt ar mhic léinn aibí.

Faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2015 agus Achtanna na bPinsean 1990-2011, ceadaítear déileáil le daoine ar bhealach difriúil ar an bhForas Aoise i gcúinsí áirithe, agus d’fhéadfadh nach ionann sin agus sárú ar an bprionsabal um dhéileáil chomhionann pinsin.

Fad is nach bhfuil aon idirdhealú ann ar an bhForas Inscne, is féidir le scéim déileáil le daoine ar aoiseanna difriúla nó a chuir tréimhsí seirbhíse difriúla isteach ar bhealaí difriúla nuair atá aoiseanna le socrú le haghaidh iontrála faoi scéim sochair ceirde nó teidlíocht le haghaidh sochar faoin scéim, lena n-áirítear aoiseanna difriúla a shocrú le haghaidh fostaithe nó grúpaí catagóirí fostaithe.

I measc na ndíolúintí ginearálta tá:

Is féidir le fostóirí a éileamh go mbeidh na cáilíochtaí a mheastar a bheith riachtanach don phost ag iarratasóirí poist agus féadfaidh siad diúltú d’iarratasóirí nach bhfuil na cáilíochtaí sin acu.

Is féidir le fostóir a bheith ag súil go mbeidh a bhfostaí inniúil agus ábalta a gcuid oibre a dhéanamh. Ní gá dóibh duine a fhostú nach bhfuil toilteanach nó nach bhfuil in ann a ndualgais a chomhlíonadh go hiomlán. Mar sin féin, ní féidir le fostóir duine faoi mhíchumas a dhífhostú ná a dhiúltú a bheadh lán-inniúil agus in ann an post a dhéanamh dá ndéanfaí roinnt athruithe praiticiúla (ar a dtugtar ‘freastal réasúnta’) dóibh. 

Féadfaidh fostóirí sochair áirithe a chur ar fáil d’fhostaithe a bhfuil teaghlaigh acu (mar shampla, fleisc-am nó saoráidí cúraim páistí ar an láithreán). 

I measc na ndíolúintí le haghaidh fostaíocht faoi leith tá:

Ní idirdhealú é má bhíonn ar státseirbhísigh áirithe agus fostaithe áirithe sa tseirbhís phoiblí (baill den Státseirbhís, Gardaí nó Óglaigh na hÉireann ina measc) riachtanais speisialta a chomhlíonadh. Mar shampla a bheith ina gcainteoirí Gaeilge, ina saoránaigh Éireannacha nó ina gcónaí in Éirinn.

Is féidir le fostóirí inniúlacht sa Ghaeilge a éileamh ar mhúinteoirí.

Tá cead ag Óglaigh na hÉireann caitheamh le fostaithe ar bhealaí difriúla ar fhorais aoise agus míchumais.

Níl feidhm ag rialacha na nAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nuair a fhostaítear duine chun seirbhís phearsanta a chur ar fáil in áit chónaithe phríobháideach (mar fheighlí páistí nó cúramóir, mar shampla).

Féadfaidh an Garda Síochána agus an tSeirbhís Phríosúin cúraimí áirithe a leagan ar fhir amháin nó ar mhná amháin, ar nós corpchuardaigh, daoine foréigneacha faoi leith nó sluaite foréigneacha a cheansú agus gialla a tharrtháil. Is féidir leo íosriachtanas airde a shonrú freisin atá difriúil idir fir agus mná. Tá cead acu níos mó fostaithe d’inscne amháin a earcú de réir mar is gá.

Féadfaidh comhlachtaí áirithe tús áite a thabhairt d’fhostaithe ó chreideamh ar leith i gcás gur réasúnach sin a dhéanamh chun éiteas creidimh na hinstitiúide a chothú. Féadfaidh siad freisin céimeanna réasúnacha a ghlacadh chun cosc a chur ar fhostaí an bonn a bhaint d’éiteas creidimh na hinstitiúide sin.

I gcásanna áirithe, ceadaítear faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta d’fhostóirí rátaí pá difriúla a thairiscint d’oibrithe atá faoi mhíchumas má fhágann a míchumas nach féidir leo an méid céanna oibre a dhéanamh sa tréimhse chéanna le comhghleacaí nach bhfuil faoi mhíchumas. 

Díolúintí a bhaineann leis na forais chosanta 

Tá toirmeasc ar idirdhealú mar gheall ar aon cheann de na naoi bhforas cosanta. Mar sin féin, ceadaíonn na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta caitheamh ar bhealach difriúil le daoine a bhfuil tionchar ag aon cheann de na naoi bhforas orthu, laistigh de réasún, mura gcomhlíonann siad riachtanas atá ríthábhachtach don phost.  

Mar shampla, d’fhéadfadh sé a bheith réasúnta teorainneacha aoise a chur ar phost dá bhfuil neart fisiceach ag teastáil.  

Céard ba cheart dom a bheith san airdeall air maidir leis an bpróiseas earcaíochta?

Caithfidh fostóirí a chinntiú nach ndéanann riachtanais earcaíochta ná agallaimh idirdhealú ar dhaoine, fiú de thimpiste.

Is féidir le roinnt ceisteanna a iarrtar le linn agallaimh nó i rith an phróisis roghnúcháin a bheith idirdhealaitheach freisin.

Caithfidh fostóirí a léiriú go bhfuil aidhm dhlisteanach le gach coinníoll fostaíochta, agus go bhfuil na bealaí chun an aidhm sin a bhaint amach cuí agus riachtanach. Ach ba cheart d’fhostóirí a chinntiú go bhfuil nasc soiléir idir aon cháilíocht a éilítear ar fhostaí agus an post faoi thrácht.

Ba cheart go mbeadh fostóirí in ann a thaispeáint nár tharla aon idirdhealú ag am ar bith i rith an phróisis earcaíochta. D’fhéadfadh fostóir a bheith i mbun idirdhealú má tá easpa trédhearcachta sa phróiseas, ar nós critéir dhoiléire i dtaca le roghnú.

Áirítear le dea-chleachtais:

  • Tá nósanna imeachta agallaimh agus roghnaithe soiléir agus trédhearcach, agus comhlíonann siad beartais na heagraíochta;
  • Coinnítear nótaí agus miontuairiscí agallaimh;
  • Tá baill an phainéil agallaimh neamhspleách ar an bhfostóir, tá taithí fhairsing acu agus tá siad oilte i gceanglais an dlí in aghaidh idirdhealú.
  • Tionóltar cruinniú roimh an agallamh ag a ndréachtaíonn an painéal ceisteanna le haghaidh na bpríomhréimsí;
  • Leithdháiltear marcanna as saintréithe criticiúla a theastaíonn le haghaidh dhualgais an phoist, bunaithe ar chritéir neamhchlaonta a shocraítear roimh ré;
  • Déantar freastal réasúnta ar dhaoine atá faoi mhíchumas ionas gur féidir leo cur isteach ar an bpost. Mar shampla, cuirtear teicneolaíocht oiriúnach ar fáil le haghaidh agallaimh.

Cathain is féidir le fostóir diúltú do m’fhostú, d’ardú céime a thabhairt dom nó do mé a choinneáil sa phost?

I gcúinsí áirithe, ní féidir a líomhain go ndearna fostóir idirdhealú ort má dhiúltaigh sé do d’fhostú, d’ardú céime a thabhairt duit nó do thú a choinneáil sa phost. 

Sa chás sin, is féidir leat:

  • Ní dhéanfaidh tú an post de réir mar is gá, nó
  • Ní ghlacfaidh tú leis na dálaí oibre, nó  
  • Níl tú iomlán inniúil agus cumasach chun an post a dhéanamh, nó  
  • Níl tú ar fáil chun do dhualgais uile a dhéanamh mar gheall ar na dálaí oibre ina gcaithfidh tú oibriú 

Mar shampla, ní idirdhealú atá i gceist sna cásanna seo a leanas:

  • Diúltaíonn feirmeoir thú a fhostú toisc nach dteastaíonn uait oibriú amuigh faoin spéir.
  • Ní thugtar ardú céime duit ó do phost mar oibreoir oifige sóisearach toisc nár fhoghlaim tú an chaoi le scarbhileoga a dhéanamh fós 

Gníomhaíocht dhearfach

Chomh maith le hidirdhealú a chosc, cumasaíonn na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta gníomhaíocht dhearfach chun a chinntiú go bhfaigheann gach duine comhdheiseanna ag an obair. 

Ciallaíonn sé sin gur féidir le fostóirí na míbhuntáistí a bhaineann le haon cheann de na forais chosanta a chosc nó a chúiteamh trí chaitheamh go fabhrach le haon duine a mbíonn tionchar ag na forais sin orthu.

Mar shampla, d’fhéadfadh fostóir uaireanta oibre solúbtha nó oibriú ón mbaile a thairiscint  d’oibrithe faoi mhíchumas. D’fhéadfaidís naíolann a chur ar fáil chun cabhrú le fostaithe ar a bhfuil freagrachtaí cúraim páistí, nó ranganna Béarla d’oibrithe nach cainteoirí dúchais Béarla iad.

An bhfuilim i dteideal pá comhionann?

Leagtar amach an ceart chun pá comhionann a fháil don ‘chineál céanna oibre’ sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998–2015.

Tá ceart dleathach ag oibrithe chun pá comhionann a fháil don ‘chineál céanna oibre’. Ciallaíonn sé sin, i gcás daoine atá ag déanamh na hoibre céanna nó obair atá comhchosúil, nó obair den luach céanna, go gcaithfidh siad an ráta céanna pá a fháil. Bíonn gach conradh fostaíochta bunaithe ar an bprionsabal neamhscríofa go bhfaigheann oibrithe pá comhionann gan idirdhealú.

Ciallaíonn an téarma ‘pá’ pá nó tuarastal, agus sochair eile chomh maith ar nós bónas, carranna cuideachta nó béilí fóirdheontais. Ní áirítear pinsin leis.

Lámh fir agus mná, a bhfuil Comhionann scríofa ar lámh an fhir agus pá scríofa ar lámh na mná

Ceisteanna Coitianta

Níl aon chosaint fhollasach ar idirdhealú ar an bhforas teanga i ndlí na hÉireann.

Sa tuairisciú do Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine in 2014, mhol Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine mar a bhíodh go leathnófaí raon feidhme na reachtaíochta comhionannais in Éirinn chun aghaidh a thabhairt ar idirdhealú ar fhorais bhreise, an foras teanga ina measc, rud a thiocfadh leis an gcreat idirnáisiúnta um chearta an duine.

D’fhéadfadh gur idirdhealú ar bhonn cine é idirdhealú ar an bhforas teanga.

Faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, ceadaítear difríochtaí sa chaoi a ndéileáiltear le duine i gcásanna teoranta ina bhfuil fíor-riachtanas gairme le haghaidh post faoi leith. Tá an eisceacht sin i gceist le cine, chomh maith leis na forais idirdhealaithe eile. Ach caithfidh go bhfuil údar oibiachtúil le ceanglas ceirde, ar nós ceanglas teanga, atá ar comhréir leis na haidhmeanna beartaithe.

In Noonan Services v A Worker EDA1126, chinn an Chúirt Oibreachais gur idirdhealú indíreach ar an bhforas cine a bhí sa cheanglas go mbeadh Béarla ag fostaithe i gcuideachta ghlantacháin. Ach bhí údar oibiachtúil leis an gceanglas go mbeadh Béarla ag na fostaithe toisc gur theastaigh dóthain Béarla uathu le labhairt le fostaithe eile agus le hoifigigh rialála a rinne maoirsiú ar a n-obair ghlantacháin.

In Aer Lingus v. Kacmarek, Turczyk & Wilczkiew EDA1712, chuaigh triúr fostaithe Polannacha de chuid Aer Lingus i gcoinne dhlíthiúlacht bheartas a bhfostóra inar éilíodh go labhróidís Béarla san ionad oibre. Ach bhí cead acu teanga ar bith a labhairt i rith a sosanna oifigiúla. Cé gur luaigh an Chúirt Oibreachais go ndearna an beartas idirdhealú indíreach ar oibrithe nach é an Béarla a gcéad teanga, chinn sí go raibh údar oibiachtúil leis an mbeartas mar bhealach chun a chinntiú go raibh fostaithe go hiomlán comhtháite sa lucht saothair agus chun eisiamh nó scoiteacht fostaithe eile a chosc. Chun údar a thabhairt le beartas mar sin, caithfidh dlúthnasc a bheith idir na ceanglais teanga agus dualgais shonracha an fhostaí atá i gceist.

Níl cosc ar gach difríocht sa chaoi a gcaitear le daoine faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta. Mar shampla, ceadaítear le halt 36 de na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta critéir dhifriúla a chur i bhfeidhm i leith daoine a bhfuil oifig á sealbhú acu faoin Stát, nó i seirbhís an Stáit, nó mar státseirbhíseach agus fostaithe d’údarás áitiúil, ar bhonn inniúlachta sa Ghaeilge, a gcónaitheachta agus saoránachta. Ar an gcaoi chéanna, ceadaítear le halt 36(3) ceanglas go mbeadh múinteoirí inniúil ar an nGaeilge. Chuige sin, forálann alt 36 de na hAchtanna d’eisceachtaí a mbeadh idirdhealú indíreach ar an bhforas náisiúntachta i gceist leo murach é.

Áirítear le bacainní coitianta ar shaorghluaiseacht agus cleachtais idirdhealaitheacha:

  • Cleachtais dhifriúla earcaíochta;
  • Coinníollacha náisiúntachta le haghaidh post;
  • Coinníollacha difriúla oibre i bhfeidhm (m.sh. pá, grád agus arduithe céime);
  • Deacrachtaí leas a bhaint as sochair atá faoi réir coinníollacha a mbeadh sé níos éasca do náisiúnach a chomhlíonadh ná saoránach AE ó Bhallstát eile (m.sh. ‘Coinníoll Gnáthchónaithe’ in Éirinn a chur i bhfeidhm);
  • Deacrachtaí leas a bhaint as seirbhísí (m.sh. cuntas bainc a oscailt, carr a fháil ar cíos);
  • Diúltú cáilíochtaí gairmiúla a fuarthas i mBallstáit eile a chur san áireamh, nó ualú níos lú a thabhairt dóibh.

Cumhdaítear prionsabal saorghluaiseachta oibrithe in Airteagal 45 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Cuirtear cosc leis sin ar idirdhealú bunaithe ar náisiúntacht idir oibrithe na mBallstát maidir le fostaíocht, luach saothair agus coinníollacha eile oibre agus fostaíochta. Foráiltear le forálacha an Chonartha, faoi réir teorainneacha a bhfuil call leo ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an tsláinte phoiblí, go bhfuil an ceart ag oibrithe chun glacadh le fostaíocht agus chun gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát chun glacadh lena leithéid de thairiscint.

Ní bhíodh feidhm ar dtús ag rialacha an Chonartha maidir le saorghluaiseacht daoine ach le daoine a bhí gníomhach ó thaobh an gheilleagair de (.i. daoine fostaithe agus cuardaitheoirí poist). In 1993, d’athnuaigh Conradh Maastricht rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le saorghluaiseacht daoine, nuair a cumhdaíodh an ceart chun saoránacht AE in Airteagal 20, agus, in Airteagal 21, an ceart atá ag gach saoránach de chuid an Aontais agus daoine dá dteaghlach, i bprionsabal, chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh den Aontas Eorpach. Caithfear breathnú ar na forálacha sin i gcomhthéacs phrionsabal ginearálta an neamh-idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht faoi Airteagal 18 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 21(2) de Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Leagtar amach i reachtaíocht thánaisteach rialacha níos mionsonraithe chun saorghluaiseacht a rialáil, trí Threoir 2004/38/CE maidir le cearta shaoránaigh an Aontais agus daoine dá dteaghlach gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát. Sainmhínítear a bhfuil i gceist le ‘ball den teaghlach’ in Airteagal 2.

Tugtar na cearta sonracha maidir le saorghluaiseacht oibrithe agus daoine dá dteaghlach i Rialachán 492/2011 ón Aontas Eorpach.  Dá réir, tá sé de cheart ag saoránaigh uile an Aontais Eorpaigh agus ag daoine dá dteaghlach gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát, lena n-áirítear an ceart nach ndéanfaí idirdhealú orthu ar bhonn náisiúntachta i leith:

  • teacht ar fhostaíocht;
  • coinníollacha oibre;
  • buntáistí sóisialta agus cánach;
  • teacht ar oiliúint;
  • ballraíocht i gceardchumann;
  • teacht ar thithíocht;
  • teacht ar oideachas, printíseacht agus gairmoiliúint dá bpáistí, srl.

Tá sé de cheart ag saoránaigh neamhghníomhacha an Aontais Eorpaigh cónaí i mBallstát eile ar feadh níos faide ná trí mhí má tá dóthain acmhainní acu agus clúdach árachais breoiteachta chuimsithigh.

Tá saorghluaiseacht daoine i bhfeidhm freisin i dtíortha Limistéar Saorthrádála na hEorpa, mar gheall ar an gComhaontú lenar cruthaíodh an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus an Comhaontú um Shaorghluaiseacht Daoine le Cónaidhm na hEilvéise.

Cé nár cruthaíodh aon chearta substainteacha nua leis, glacadh Treoir 2014/54/AE chun saorghluaiseacht oibrithe an Aontais Eorpaigh agus daoine dá dteaghlach a éascú, agus chun na cearta a dhéanamh níos éifeachtaí. Ordaítear in Airteagal 4 den Treoir do gach Ballstát struchtúr nó comhlacht amháin nó níos mó a ainmniú le haghaidh cur chun cinn, anailísiú, monatóireacht agus tacaíocht do dhéileáil chomhionann le hoibrithe an Aontais agus daoine dá dteaghlaigh gan idirdhealú ar bhonn náisiúntachta, agus na socruithe riachtanacha a dhéanamh le haghaidh fheidhmiú cuí na gcomhlachtaí sin.

Rinneadh ‘Comhlacht Ainmnithe’ Airteagal 4 le haghaidh na hÉireann de Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas faoi Acht IHREC, 2014. I gcúinsí áirithe, féadfaidh an Coimisiún cabhair dhlíthiúil agus/nó cabhair eile a thairiscint d’oibrithe ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus dá dteaghlaigh chun a gcearta a chosaint faoin Treoir agus faoi Acht IHREC, 2014. Tá feidhmeanna aige freisin le haghaidh cur chun cinn, anailísiú, monatóireacht agus tacaíocht do dhéileáil chomhionann oibrithe agus daoine dá dteaghlaigh gan idirdhealú ar bhonn náisiúntachta.

Cé lenar féidir liom gearán a dhéanamh?

Is é an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) an comhlacht atá freagrach as líomhaintí idirdhealaithe in Éirinn a chinneadh ar an gcéad dul síos.

Ba cheart gearáin faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO).

Pléann CCÁO le líomhaintí a bhaineann le fostaíocht agus le seirbhísí nó earraí. 

Is féidir líomhaintí maidir le hidirdhealú ar bhonn inscne a chur faoi bhráid na Cúirte Cuarda nó CCÁO.

WRC workplace relations commissions

Céard iad na teorainneacha ama chun cás a thabhairt?

Faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, caithfidh tú gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) laistigh de shé mhí ó dháta deiridh an idirdhealaithe. D’fhéadfadh an spriocdháta sin tosú ó cheann díobh seo:

  • Dáta an ghnímh idirdhealaithe is déanaí
  • An dáta ar cuireadh deireadh leis an idirdhealú
  • Dáta gnímh idirdhealaithe aonuaire

I gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh CCÁO síneadh sé mhí eile a chur leis an am chun gearán a dhéanamh. Tugtar uastréimhse 12 mhí leis sin. 

Is fíor-annamh go gceadaíonn CCÁO an t-am breise sin. 

Tá faisnéis faoin gcaoi le cur isteach ar shíneadh ama le fáil ar shuíomh gréasáin CCÁO. 

Idirdhealú leanúnach

In go leor cásanna, ní tharlóidh ach gníomh idirdhealaithe amháin. Bíonn sé éasca dá bhrí sin an dáta a thosaíonn an tréimhse sé mhí chun gearán a dhéanamh a oibriú amach. 

I gcásanna eile áfach, d’fhéadfadh idirdhealú leanúint ar aghaidh ar feadh tréimhse fhada. Tugtar ‘idirdhealú leanúnach’ nó ‘sárú leanúnach’ air sin. 

Má stopann an t-idirdhealú leanúnach, beidh sé mhí agat ón dáta a stopadh é chun gearán a chur faoi bhráid CCÁO. Tá comhartha ag siopadóir ar fhuinneog an tsiopa ag rá nach bhfuil cead aon mhadra, madraí treorach ina measc, a thabhairt isteach sa siopa. Baineann sé anuas an comhartha sin agus tugann sé cead isteach do dhaoine a bhfuil madraí treorach leo. Dá bhrí sin, tosaíonn an teorainn ama sé mhí chun gearán a dhéanamh ar an lá a mbaineann siad anuas an comhartha.

Ní bhíonn cásanna eile chomh cinnte céanna. Uaireanta beidh bearnaí móra idir gníomhartha nó cleachtais idirdhealaitheacha. Bíonn sé níos deacra dá bhrí sin a chinneadh ar tharla ‘sárú leanúnach’. 

Sna cásanna sin, d’fhéadfadh gur tharla sraith rudaí a rinneadh, nó nach ndearnadh, as ar eascair idirdhealú. Mar sin, d’fhéadfadh go mbeadh eachtra idirdhealaithe amháin, nó níos mó, lasmuigh den teorainn ama sé mhí. Ach sa chás go bhfuil an t-idirdhealú sách nasctha le hidirdhealú a tharla laistigh den teorainn ama, d’fhéadfaí iad a mheas mar chuid den idirdhealú leanúnach. Tá sé tábhachtach go mbeifeá aireach. Beidh tuairimí difriúla ag daoine difriúla faoinar tharla sárú leanúnach nó nár tharla.

Más mian leat gearán a dhéanamh faoi do chás féin, ba cheart duit é sin a dhéanamh a luaithe is féidir chun fanacht laistigh den teorainn ama sé mhí. Déan é sin fiú má chreideann tú go bhféadfadh idirdhealú a bheith ag leanúint ar aghaidh, nó mura bhfuil tú cinnte go bhfuil sé fós ag tarlú.

Idirdhealú ar bhonn Cine i dtaobh an mhéid seo a leanas:

Seirbhísí

Oideachas

Tithíocht

Clubanna Comhaltais

Tithe Tábhairne

An ndearnadh idirdhealú ort ar chúis eile?

Roghnaigh an foras agus an réimse ina ndearnadh idirdhealú ort