Léim go dtí an t-ábhar

Céard is Idirdhealú ar bhonn Míchumais ann?

An Foras Míchumais

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú faoi mhíchumas agus go bhfuil míchumas difriúil ar dhuine eile nó nach bhfuil siad faoi mhíchumas.

Is féidir roinnt riochtaí éagsúla a bheith i gceist le ‘míchumas’: riochtaí fisiciúla, intleachtúla, foghlama, cognaíochta, mothúchánacha nó leighis.

Bunaíodh le cásdlí go n-áirítear leis an sainmhíniú, mar shampla, dúlagar, titimeas, uamhan clóis (clástrafóibe) agus uamhan sráide (agrafóibe), alcólachas, coilm ar an éadan, ADHD (Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde), ionfhabhtú VEID, diaibéiteas agus disléicse. Cuimsítear leis freisin go leor laguithe nó galair eile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcuma atá ar do chorp nó ar an gcaoi a n-oibríonn sé.

Céard is Idirdhealú ar bhonn Míchumais i dtaobh Tithíochta ann?

Is é an riail ghinearálta nach féidir idirdhealú a dhéanamh ar an bhforas Míchumais maidir le:

  • aon eastát a dhiúscairt
  • tionóntacht a fhoirceannadh
  • cóiríocht, nó aon seirbhísí nó taitneamhachtaí a bhaineann le cóiríocht a sholáthar
  • scor de chóiríocht a sholáthar

Caithfidh an t-áitreabh nó an chóiríocht a bheith ar fáil don phobal i gcoitinne nó do chuid den phobal.

Cén dlí a chosnaíonn mé ar idirdhealú i dtaobh tithíochta?

Cosnaíonn na hAchtanna um Stádas Comhionann mé ar idirdhealú i dtaobh tithíochta.

Céard a chuimsítear faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann?

Cuireann na hAchtanna um Stádas Comhionann bac ar idirdhealú, ciapadh agus gnéaschiapadh i ndíol nó i soláthar earraí agus seirbhísí, seirbhísí tithíochta agus rochtain ar oideachas.

Go háirithe tiarnaí talún (agus a ngníomhairí), ní fhéadfaidh siad idirdhealú a dhéanamh ar thionóntaí ar cheann ar bith de na forais chosanta thuasluaite nuair a bhíonn siad:

  • Ag scaoileadh réadmhaoin ar cíos, ina measc tionónta a roghnú nó cuireadh a thabhairt dóibh an áit chónaithe a fheiceáil
  • Deireadh a chur le tionóntacht
  • Seirbhísí ar nós deisiúchán a chur ar fáil
  • Ag déileáil le daoine a fhaigheann íocaíochtaí cúnaimh tithíochta (HAP) nó cineálacha eile slándála sóisialta
  • A réadmhaoin a fhógairt 

Is féidir idirdhealú a fhulaingt ar cheithre bhealach ar leith.

Idirdhealú díreach

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta dhifriúil a bhaineann leis na forais chosanta.

Idirdhealú indíreach

Seo nuair a chuireann beartas nó foráil atá infheidhme i leith gach duine faoi mhíbhuntáiste thú mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta a bhaineann leis na forais chosanta.

Idirdhealú go barúlach

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leatsa is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, toisc gur mheas an duine sin, cé go raibh siad mícheart, go mbaineann na forais chosanta leat.

Idirdhealú trí bhainteacht

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheamh le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar cheangal nó gaol a bheith agat le duine éigin lena mbaineann na forais chosanta.

Faoi dhlí na hÉireann, is iad na forais chosanta:

Inscne (fireann, baineann, trasinscne nó neamh-dhénártha)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil inscne dhifriúil agat le duine eile.

Stádas sibhialta (singil, pósta, scartha, colscartha, baintreach nó duine i bpáirtnéireacht shibhialta)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas sibhialta difriúil agat le duine eile.

Stádas teaghlaigh (ag iompar clainne, tuismitheoir, tuismitheoir gníomhach páiste, nó cúramóir duine atá faoi mhíchumas óna dteastaíonn cúram leanúnach)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas teaghlaigh difriúil agat le duine eile. (Tabhair faoi deara: d’fhéadfadh go mbainfeadh cuid de na cásanna faoin bhforas seo leis an bhforas inscne freisin.)

Gnéaschlaonadh (claonadh heitrighnéasach, homaighnéasach nó déghnéasach)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil gnéaschlaonadh difriúil agat le duine eile.

Aois (i gcás daoine atá 18 mbliana d’aois agus níos sine, agus ina gcás siúd amháin)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú níos sine nó níos óige ná duine eile agus nach bhfuil cúis mhaith leis (‘údar oibiachtúil’). (Tabhair faoi deara: ní chumhdaíonn an foras seo idirdhealú líomhnaithe ar pháistí i scoileanna.)

Creideamh reiligiúnach (cúlra reiligiúnach agus iad siúd nach bhfuil aon chreideamh acu ina measc)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil creideamh difriúil agat le duine eile, nó, mar shampla, mar nach bhfuil aon chreideamh agat agus go bhfuil ag duine eile.

Duine den Lucht Siúil

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar gur duine den Lucht Siúil thú agus nach ea an duine eile.

Cine (dath craicinn, náisiúntacht, bunús eitneach nó náisiúnta)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil dath craicinn, náisiúntacht nó eitneacht dhifriúil agat le duine eile.

Míchumas (míchumas intleachtúil, meabhrach agus/nó fisiciúil)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú faoi mhíchumas agus go bhfuil míchumas difriúil ar dhuine eile nó nach bhfuil siad faoi mhíchumas.

Tá eolas faoi mhíchumas agus freastal réasúnta faoin bhforas míchumais freisin.

 

Má tá tú ag iarraidh tithíocht nó cóiríocht a fháil, tá foras cosanta amháin breise ann:

Cúnamh tithíochta (íocaíocht cúnaimh tithíochta (HAP), forlíonadh cíosa nó íocaíocht leasa shóisialaigh eile ina measc)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfaigheann tú forlíonadh cíosa, íocaíocht cúnaimh tithíochta (HAP), nó cineál eile íocaíochta leasa shóisialaigh agus nach bhfaigheann duine eile.

Céard ba cheart dom a bheith san airdeall air maidir le hidirdhealú tithíochta?

D’fhéadfadh go mbeadh idirdhealú i gceist le tiarnaí talún nó gníomhairí ligin –

  • a dhiúltaíonn ligean duit an réadmhaoin a fheiceáil
  • a dhiúltaíonn an réadmhaoin a ligean ar cíos duit
  • a dhiúltaíonn glacadh le forlíonadh cíosa nó íocaíochtaí cúnaimh tithíochta
  • a dhiúltaíonn na foirmeacha riachtanacha a líonadh isteach le go bhféadfá forlíonadh cíosa nó íocaíochtaí cúnaimh tithíochta a fháil
  • a chuireann téarmaí nó coinníollacha idirdhealaithe i léasanna nó i gcomhaontuithe tionóntachta eile, bídís i scríbhinn nó ó bhéal
  • a dhiúltaíonn do léas nó comhaontú tionóntachta eile a athnuachan
  • a chuireann deireadh le do léas nó comhaontú tionóntachta eile
  • a chuireann deireadh le seirbhísí a bhaineann leis an réadmhaoin, nó a chruthaíonn deacrachtaí duit na seirbhísí sin a fháil.

Eisceachtaí agus Díolúintí

Féadfaidh tiarnaí talún agus gníomhairí idirdhealú a dhéanamh i gcúinsí faoi leith. 

Áirítear ina measc siúd: 

Nuair a chónaíonn an tiarna talún sa réadmhaoin, agus go gcuirfeadh lóistéir isteach ar a saol príobháideach nó teaghlaigh.

Mar shampla, d’fhéadfadh úinéir réadmhaoine diúltú seomraí ina n-áras teaghlaigh a roinnt le duine aerach. Ach dá mbeadh cuid den teach á ligean ar cíos mar árasán nó fortheach glanscartha, seachas é a roinnt, ní fhéadfadh siad diúltú dóibh ansin. 

Nuair a chaithfear an chóiríocht a chur ar fáil d’inscne amháin ar mhaithe le príobháideachas.

Suanlios ban i mbrú óige, mar shampla.

Ní idirdhealú é faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann aon áitreabh nó cóiríocht a bheith in áirithe le húsáid ag daoine atá i gcatagóir áirithe daoine, ina measc:

  • chun críocha creidimh;
  • dídeanaithe;
  • tithe altranais;
  • tithe scoir;
  • tithe do dhaoine faoi mhíchumas; nó
  • brú do dhaoine gan dídean nó chun críche dá leithéid.

Nuair is gá d’údarás tithíochta cóiríocht a shocrú do ghrúpaí sonracha iarratasóirí bunaithe ar aon cheann de na sé chritéar seo a leanas: 

  • Méid teaghlaigh
  • Stádas teaghlaigh
  • Stádas sibhialta
  • Míchumas
  • Aois
  • Duine den Lucht Siúil 

Mar shampla, faoin dlí d’fhéadfadh comhairle tithe móra a chur ar leataobh le haghaidh teaghlach, nó árasáin atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí a chur ar leataobh le haghaidh daoine atá faoi mhíchumas. 

Níl difríocht sa chaoi a ndéileáiltear le daoine neamhdhleathach i gcás cóiríochta, nó taitneamhachtaí a bhaineann le cóiríocht, a sholáthar sa chás go n-éilítear an difríocht sa dlí a rialaíonn soláthar cóiríochta.

Níl feidhm ag na hAchtanna um Stádas Comhionann nuair atá seomra ar cíos ag duine ina n-áit chónaithe (seachas cuid ghlanscartha ar leithligh) sa chás go dtéann soláthar na cóiríochta i gcion ar shaol príobháideach nó teaghlaigh an duine nó ar shaol príobháideach nó teaghlaigh aon duine eile a chónaíonn ansin freisin.

Sampla: Má fheiceann an t-úinéir go bhfuil an lóistéir ag cur isteach ar shaol an teaghlaigh, is féidir iarraidh ar an lóistéir bogadh go háit eile.

Níl feidhm ag na hAchtanna um Stádas Comhionann nuair atá earraí á dtabhairt le huacht nó mar bhronntanas.

Ní idirdhealú é má dhiúltaíonn tiarna talún nó duine eile réadmhaoin a ligean ar cíos leat nuair nach bhfuil tú in ann cíos an mhargaidh a íoc.

Má cheapann tú go bhfuil tiarna talún éagórach ag socrú nó ag leasú cíosa, nó má tá aighneas idir tú féin agus do thiarna talún, is féidir leat dul i dteagmháil leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha.

Cé lenar féidir liom gearán a dhéanamh?

Is é an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) an comhlacht atá freagrach as líomhaintí idirdhealaithe in Éirinn a chinneadh ar an gcéad dul síos.

Ba cheart gearáin faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO).

Pléann CCÁO le líomhaintí a bhaineann le fostaíocht agus le seirbhísí nó earraí. 

Is féidir líomhaintí maidir le hidirdhealú ar bhonn inscne a chur faoi bhráid na Cúirte Cuarda nó CCÁO.

WRC workplace relations commissions

Céard iad na teorainneacha ama chun cás a thabhairt?

Ba cheart duit roinnt spriocdhátaí tábhachtacha a chur san áireamh nuair atá sé ar intinn agat gearán a dhéanamh faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann. 

Ar dtús, caithfidh tú an freagróir a chur ar an eolas faoin eachtra idirdhealaithe agus go bhfuil sé ar intinn agat gearán a chur faoi bhráid CCÁO ina leith. Tugtar an freagróir ar an soláthraí earraí nó seirbhíse a rinne idirdhealú ort.

Ní féidir leat cás a thabhairt chun CCÁO faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann mura ndeachaigh tú i dteagmháil leis an bhfreagróir agus gur thug tú am dóibh freagra a chur chugat. Tá dhá mhí agat ó dháta deiridh an idirdhealaithe chun insint don fhreagróir faoin eachtra idirdhealaithe agus a chur in iúl dóibh go bhfuil sé ar intinn agat gearán a chur faoi bhráid CCÁO ina leith. 

I gcúinsí eisceachtúla, d’fhéadfadh CCÁO síneadh dhá mhí eile a chur leis an tréimhse dhá mhí sin. Tréimhse ceithre mhí a bheadh san uasteorainn ama chun fógra a thabhairt don fhreagróir ansin. Is fíor-annamh go gceadaíonn CCÁO an t-am breise sin.  

Tar éis duit fógra a thabhairt don fhreagróir, ba cheart go bhfaighfeá freagra laistigh de mhí amháin. Mura bhfaigheann tú freagra laistigh de mhí amháin, nó mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fhaigheann tú, is féidir leat do ghearán a chur faoi bhráid CCÁO ansin. Ba cheart duit Foirm Ghearáin CCÁO a úsáid. 

Caithfidh tú an gearán a chur isteach laistigh de shé mhí ón uair a tharla an t-idirdhealú a líomhnaítear nó, i gcás gur tharla cúpla eachtra, laistigh de shé mhí ón uair dheireanach a tharla an t-idirdhealú a líomhnaítear. Corruair, d’fhéadfadh CCÁO an teorainn ama sin a leathnú ó 6 mhí go 12 mhí. Is fíor-annamh a tharlaíonn sé sin.

Idirdhealú leanúnach

In go leor cásanna, ní tharlóidh ach gníomh idirdhealaithe amháin. Bíonn sé éasca dá bhrí sin an dáta a thosaíonn an tréimhse sé mhí chun gearán a dhéanamh a oibriú amach. 

I gcásanna eile áfach, d’fhéadfadh idirdhealú leanúint ar aghaidh ar feadh tréimhse fhada. Tugtar ‘idirdhealú leanúnach’ nó ‘sárú leanúnach’ air sin. 

Má stopann an t-idirdhealú leanúnach, beidh sé mhí agat ón dáta a stopadh é chun gearán a chur faoi bhráid CCÁO. Tá comhartha ag siopadóir ar fhuinneog an tsiopa ag rá nach bhfuil cead aon mhadra, madraí treorach ina measc, a thabhairt isteach sa siopa. Baineann sé anuas an comhartha sin agus tugann sé cead isteach do dhaoine a bhfuil madraí treorach leo. Dá bhrí sin, tosaíonn an teorainn ama sé mhí chun gearán a dhéanamh ar an lá a mbaineann siad anuas an comhartha.

Ní bhíonn cásanna eile chomh cinnte céanna. Uaireanta beidh bearnaí móra idir gníomhartha nó cleachtais idirdhealaitheacha. Bíonn sé níos deacra dá bhrí sin a chinneadh ar tharla ‘sárú leanúnach’. 

Sna cásanna sin, d’fhéadfadh gur tharla sraith rudaí a rinneadh, nó nach ndearnadh, as ar eascair idirdhealú. Mar sin, d’fhéadfadh go mbeadh eachtra idirdhealaithe amháin, nó níos mó, lasmuigh den teorainn ama sé mhí. Ach sa chás go bhfuil an t-idirdhealú sách nasctha le hidirdhealú a tharla laistigh den teorainn ama, d’fhéadfaí iad a mheas mar chuid den idirdhealú leanúnach. Tá sé tábhachtach go mbeifeá aireach. Beidh tuairimí difriúla ag daoine difriúla faoinar tharla sárú leanúnach nó nár tharla.

Más mian leat gearán a dhéanamh faoi do chás féin, ba cheart duit é sin a dhéanamh a luaithe is féidir chun fanacht laistigh den teorainn ama sé mhí. Déan é sin fiú má chreideann tú go bhféadfadh idirdhealú a bheith ag leanúint ar aghaidh, nó mura bhfuil tú cinnte go bhfuil sé fós ag tarlú.

Céard is fógraíocht idirdhealaitheach i gcúrsaí tithíochta ann?

De réir an dlí, tá cosc ar thiarna talún nó gníomhaire fógra a fhoilsiú ina léirítear go bhfuil sé i gceist acu idirdhealú a dhéanamh.

Mar shampla:

  • ‘Ní ghlacfar leis an liúntas cíosa/le híocaíochtaí cúnaimh tithíochta’
  • ‘Daoine singile amháin’
  • ‘Daoine os cionn 25 bliana d’aois’
  • ‘Fir amháin’
  • ‘Lánúineacha traidisiúnta amháin’

Má tá fógra feicthe agat a chreideann tú a léiríonn idirdhealú ar an bhforas aoise, is féidir leat é a thuairisciú dúinn.

Tá sé de chumhacht againn gearáin/cásanna idirdhealaithe a thionscnamh inár n-ainm féin os comhair an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (‘CCÁO’) más cosúil gur tharla idirdhealú faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó na hAchtanna um Stádas Comhionann agus nach bhfuil sé réasúnach a bheith ag súil go dtionscnóidh an té ar a ndearnadh idirdhealú cás.

Léaráid de scáileáin dhifriúla a léiríonn an focal ‘ads’

Fógraíocht Idirdhealaitheach a Thuairisciú

Úsáid an fhoirm seo chun fógraíocht idirdhealaitheach a thuairisciú do Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.

Ba cheart duit fógraí a thuairisciú a luaithe is féidir, nó laistigh de 2 mhí ón bhfógra a fheiceáil.

Má tá tuilleadh cúnaimh uait, beimid sásta freastal ar do chuid riachtanas.

Any fields that contain the symbol * are required fields

This is an error message for the above select

This field is required

File Upload

Idirdhealú ar bhonn Míchumais i dtaobh an mhéid seo a leanas:

Obair

Seirbhísí

Oideachas

Clubanna Comhaltais

Tithe Tábhairne

An ndearnadh idirdhealú ort ar chúis eile?

Roghnaigh an foras agus an réimse ina ndearnadh idirdhealú ort