Céard is idirdhealú ar bhonn Aoise ann?
An Foras Aoise
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú níos sine nó níos óige ná duine eile agus nach bhfuil cúis mhaith leis (‘údar oibiachtúil’).
Tá ‘aois’ i bhfeidhm ar dhaoine os cionn 18 mbliana d’aois, seachas i soláthar árachais cairr do thiománaithe ceadúnaithe faoi bhun 18 mbliana d’aois.
(Tabhair faoi deara: ní chumhdaíonn an foras seo idirdhealú líomhnaithe ar pháistí i scoileanna.)
Céard is Idirdhealú ar bhonn Aoise i dtaobh Oibre ann?
Tarlaíonn idirdhealú ‘ar an bhforas aoise’ nuair a dhéileáiltear le duine le níos lú fabhair ná mar a dhéileáiltear le duine eile, mar nach ionann aois dóibh.
Baineann ‘aois’ le fostaithe os cionn na huasaoise a bhfuil oibleagáid reachtúil ar dhuine freastal ar an scoil. (Faoi láthair, is é an aois is óige is féidir an scoil a fhágáil 16 bliana d’aois, nó trí bliana d’oideachas iar-bhunscoile a chríochnú, pé ceann is deireanaí).
Áirítear leis na réimsí oibre a chumhdaítear fostaíocht, pá, rochtain ar fhostaíocht, gairmoiliúint, taithí oibre, téarmaí agus coinníollacha, arduithe céime, pinsin, dífhostú, agus comhaontuithe comhchoiteanna.
Sampla: Fógraíonn fostóir post le haghaidh “duine óg agus spleodrach”.
Sampla: Diúltaíonn fostóir d’iarratasóir toisc go bhfuil siad “róshean”.
Is féidir le roinnt ceisteanna a iarrtar le linn agallaimh nó i rith an phróisis roghnúcháin a bheith idirdhealaitheach freisin.
Sampla: Dáta breithe duine a iarraidh le linn agallaimh.
Cén dlí a chosnaíonn ar idirdhealú thú i dtaobh oibre.
Cosnaíonn na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta thú ar idirdhealú i dtaobh oibre.

Céard a chuimsítear faoin dlí?
Tá feidhm ag na hAchtanna maidir le mórán gnéithe den obair, lena n‑áirítear:
- Fógraíocht do phoist agus rochtain ar fhostaíocht (agallaimh ina measc)
- Téarmaí agus coinníollacha fostaíochta, ar nós pá comhionann
- Ardú céime agus briseadh as post
- Rangú agus athghrádú post
- Scor
- Comhaontuithe comhchoiteanna (comhaontuithe a dhéantar trí cheardchumann mar shampla)

Cé a chuimsítear faoin dlí?
Tá cosaint agat faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta sna cásanna seo a leanas:
- Is fostaí lánaimseartha, páirtaimseartha nó sealadach thú
- Is fostaí san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach thú
- Is conraitheoir féinfhostaithe nó comhpháirtí i gcomhpháirtíocht thú
- Is sealbhóir oifige in údarás stáit nó áitiúil thú
- Tá tú ag lorg oibre trí ghníomhaireachtaí fostaíochta
- Is oiliúnaí thú atá ag tabhairt faoi ghairmoiliúint
- Is comhalta d’eagraíocht trádála, de cheardchumann nó de chomhlacht gairmiúil thú
- Tá tú i mbun taithí oibre íoctha
Tabhair faoi deara: Ní chumhdaítear oibrithe deonacha faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta.
Míniú ar théarmaí
Fostaí – duine a oibríonn nó a d’oibrigh faoi chonradh fostaíochta. Ciallaíonn fostaíocht seirbhís a dhéanamh faoi stiúir duine eile ar íocaíocht. Áirítear le conarthaí conarthaí printíseachta agus aon chomhaontú eile i scríbhinn nó ó bhéal ina gcomhaontaíonn tú obair nó seirbhís a sholáthar do dhuine eile.
Oibrí gníomhaireachta – duine a chuireann obair nó seirbhís ar fáil do ghnó nó d’fhostaí eile thar ceann gníomhaireacht fostaíochta, bíodh an conradh sínithe ag an ngnó nó ag an bhfostaí eile nó ná bíodh.
Gairmoiliúint – teagasc sna scileanna nó eolas a theastaíonn chun post faoi leith a dhéanamh.
Comhaltaí de chomhlachtaí áirithe – bíonn siad ina gcomhaltaí d’eagraíochtaí oibrithe, ceardchumainn nó comhlachais ghairmiúla a leagann síos caighdeáin dá gcomhaltaí.
Cén chaoi a mbeadh a fhios agam go ndearnadh idirdhealú orm?
Idirdhealú is ea nuair nach gcaitheann duine éigin chomh maith nó ‘fabhrach’ céanna leat is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, mar go mbaineann na ‘forais chosanta’ leat.
Is féidir idirdhealú a fhulaingt ar cheithre bhealach ar leith:
Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta dhifriúil a bhaineann leis na forais chosanta.
Seo nuair a chuireann beartas nó foráil atá infheidhme i leith gach duine faoi mhíbhuntáiste thú mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta a bhaineann leis na forais chosanta.
Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leatsa is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, toisc gur mheas an duine sin, cé go raibh siad mícheart, go mbaineann na forais chosanta leat.
Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheamh le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar cheangal nó gaol a bheith agat le duine éigin lena mbaineann na forais chosanta.
Céard iad na forais chosanta?
Faoi dhlí na hÉireann, is iad na forais chosanta:
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil inscne dhifriúil agat le duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas sibhialta difriúil agat le duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas teaghlaigh difriúil agat le duine eile. (Tabhair faoi deara: d’fhéadfadh go mbainfeadh cuid de na cásanna faoin bhforas seo leis an bhforas inscne freisin.)
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil gnéaschlaonadh difriúil agat le duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú níos sine nó níos óige ná duine eile agus nach bhfuil cúis mhaith leis (‘údar oibiachtúil’). (Tabhair faoi deara: ní chumhdaíonn an foras seo idirdhealú líomhnaithe ar pháistí i scoileanna.)
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil creideamh difriúil agat le duine eile, nó, mar shampla, mar nach bhfuil aon chreideamh agat agus go bhfuil ag duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar gur duine den Lucht Siúil thú agus nach ea an duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil dath craicinn, náisiúntacht nó eitneacht dhifriúil agat le duine eile.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú faoi mhíchumas agus go bhfuil míchumas difriúil ar dhuine eile nó nach bhfuil siad faoi mhíchumas.
Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfaigheann tú forlíonadh cíosa, íocaíocht cúnaimh tithíochta (HAP), nó cineál eile íocaíochta leasa shóisialaigh agus nach bhfaigheann duine eile.
Ciapadh, gnéaschiapadh agus íospairt
Cuireann an dlí fostaíochta cosc ar chiapadh, gnéaschiapadh agus íospairt ag fostóirí agus in ionaid oibre.
Cosnaíonn an dlí gach fostaí poiblí agus príobháideach, bíodh siad lánaimseartha, páirtaimseartha, buan nó sealadach, a oibríonn faoi chonradh fostaíochta, nó trí ghníomhaireacht, nó ag ionad oiliúna. Cumhdaíonn sé freisin daoine a sholáthraíonn seirbhísí pearsanta i dteach duine eile, oibrithe cúraim nó buimí mar shampla. Ina theannta sin, baineann an dlí maidir le ciapadh le gníomhaireachtaí fostaíochta agus le hoiliúint ghairmiúil freisin. Ní chumhdaítear oibrithe deonacha leis áfach.
Féadfaidh na daoine seo a leanas ciapadh a dhéanamh:
- D’fhostóir
- Bainisteoirí
- Comhoibrithe
- Cliaint
- Custaiméirí agus úsáideoirí seirbhíse
- Teagmhálaithe gnó eile ag d’ionad oibre, amhail oibrithe seachadta, glantóirí, oibrithe cothabhála, mic léinn, oibrithe deonacha nó conraitheoirí gairmiúla
De réir an dlí, is éard atá i gceist le ciapadh ag an obair ná aon iompar nó gníomhartha neamh-inmhianaithe:
- A sháraíonn do dhínit – is é sin, is é cuspóir nó éifeacht an iompair ná go mbraitheann tú maslaithe, agus
- Atá imeaglach, naimhdeach, náireach nó maslach duit.
Is éard is ciapadh ann faoi dhlí comhionannais na hÉireann ná iompar neamh-inmhianaithe a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na ‘forais chosanta’ atá liostaithe thíos.
D’fhéadfadh go mbeadh sé d’aidhm ag na gníomhartha neamh-inmhianaithe do dhínit a shárú d’aon ghnó nó d’fhéadfadh an éifeacht sin a bheith acu de thaisme.
D’fhéadfaí go leor cineálacha iompair a shainmhíniú mar chiapadh, mar shampla focail labhartha, gothaí, agus focail, pictiúir nó ábhar eile a thaispeáint nó a roinnt.
D’fhéadfadh eachtra amháin nó patrún iompair a bheith i gceist leis an gciapadh.
Ní gá go mbeadh sé dírithe ar dhuine amháin ar leith le go mbraithfeadh an duine sin go ndearnadh ciapadh orthu.
Tá an dlí maidir le ciapadh agus gnéaschiapadh san ionad oibre leagtha amach sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998–2015.
Is éard atá i gceist le gnéaschiapadh aon chineál focail nó gníomhartha fisiceacha neamh-inmhianaithe de chineál gnéasach a sháraíonn do dhínit d’aon ghnó nó de thaisme agus a chruthaíonn timpeallacht imeaglach, náireach nó mhaslach duit.
- Is féidir le hiompar de chineál gnéasach a bheith in go leor foirmeacha éagsúla, ó theachtaireachtaí téisiúla nó a mbeadh claontagairt ghnéis iontu go teagmháil fhisiciúil neamh-inmhianaithe nó cluanaireacht.
- Ní gá go mbeadh teagmháil fhisiciúil i gceist leis, ná ní gá go dtarlódh sé go minic ach an oiread. Is leor gníomh aonair le go measfaí gur gnéaschiapadh é.
- Caithfidh an t-iompar a bheith neamh-inmhianaithe. Beidh a fhios ag an ngearánach féin an raibh an t-iompar neamh-inmhianaithe.
- Ní gá go mbeadh an teanga ná na gníomhartha a úsáidtear gnéasach go follasach mar go bhféadfadh gnéaschiapadh a bheith mar thoradh ar thimpeallacht naimhdeach a chruthaítear d’fhostaí.
Sampla: Nuair nach léir go bhfuil gnéaschiapadh gnéasach
Rinne bean a bhí ag obair in óstán gearán faoi chomhoibrí fir a chaith ar bhealach gnéasaíoch léi. Dúirt sí gur tugadh téarmaí maslacha uirthi, go ndearnadh gáire fúithi agus gur fágadh as comhráite í. Chinn an Chúirt Oibreachais gur gnéaschiapadh a bhí i gceist anseo toisc gur toradh díreach é ar thuairimí diúltacha an fhir i leith na mban.
Chinn sé go raibh an fostóir freagrach as an ngnéaschiapadh cé nach bhféadfaí aon cheann de na gníomhartha a shonrú mar ghníomhartha gnéasacha.
Tarlaíonn íospairt nuair a dhéanann d’fhostóir thú a dhífhostú nó nuair a chaitear go dona leat mar gheall ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas.
- Déanann tú gearán le d’fhostóir faoi idirdhealú.
- Téann tú i mbun caingean dlí i gcoinne d’fhostóra.
- Cabhraíonn tú le duine eile gearán a dhéanamh.
- Déantar comparáid idir do chuid oibre agus obair fostaí eile i ndáil le ceann de na forais idirdhealaitheacha a chumhdaítear faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó faoi dhlíthe roimhe seo maidir le hidirdhealú.
- Bhí tú i d’fhinné in aon imeachtaí dlí faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó dlíthe roimhe seo maidir le hidirdhealú.
- Chuir tú i gcoinne cleachtais atá mídhleathach faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó faoi dhlíthe roimhe seo maidir le hidirdhealú, trí mhodhanna dleathacha.
- D’inis tú do d’fhostóir go bhfuil sé ar intinn agat aon cheann de na gníomhartha atá thuasluaite a dhéanamh.
Eisceachtaí agus Díolúintí
Tá roinnt díolúintí ó na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta.
Ciallaíonn sé sin go mbíonn díolúine ag fostóirí i gcásanna áirithe.
Is féidir na díolúintí sin a chur i dtrí ghrúpa:
- Díolúintí ginearálta a bhfuil feidhm acu maidir le gach cineál fostaíochta
- Díolúintí a bhfuil feidhm acu maidir le cineálacha sonracha fostaíochta
- Díolúintí a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na forais chosanta

Díolúintí ar an bhForas Aoise
Ceadaíonn na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta difríocht sa chaoi a ndéileáiltear le fostaithe ar an bhforas aoise i gcúinsí áirithe:
Féadfaidh fostóir íos-aois suas le 18 mbliana d’aois a shocrú nuair atá post le líonadh.
Féadfaidh fostóir aoiseanna difriúla a shocrú do scor fostaithe más féidir an aois scoir a chosaint go hoibiachtúil le haidhm dhlisteanach agus go bhfuil an chaoi a bhfuil an aidhm sin á baint amach cuí agus riachtanach.
Féadfaidh sochair ghairme (ar nós sochair leighis, nó pá iomarcaíochta) a bheith difriúil le haghaidh fostaithe ar leith, bunaithe ar a n-aois. Ach níl an difríocht sa chaoi a ndéileáiltear le daoine ceadaithe ach faoin bhforas aoise. Má fhoráiltear le téarma i gcomhaontú comhchoiteann go gcaithfí le fad seirbhíse mar chomhionann seachas sin, féadfar sinsearacht a chinneadh bunaithe ar aois choibhneasta na bhfostaithe.
Ní idirdhealú faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta aon rud a dhéantar a chomhlíonann an dlí fostaíochta, lena n-áirítear an tAcht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 agus an tAcht um Pá Íosta Náisiúnta 2000.
Ceadaítear difríocht sa chaoi a ndéileálann comhlachtaí gairme nó oiliúna le daoine maidir leis an méid seo a leanas:
- táillí agus áiteanna a leithroinnt ar dhaoine ar saoránaigh Éireannacha nó náisiúnaigh AE iad agus orthu siúd nach ea.
- cúnamh do chatagóirí áirithe daoine trí urraíochtaí, scoláireachtaí, sparánachtaí, fad is go bhfuil údar réasúnach leis an gcúnamh sin ag féachaint do cúinsí traidisiúin agus staire.
Ceadaítear difríocht sa chaoi a ndéileálann ollscoileanna nó institiúidí tríú leibhéal eile le daoine maidir le háiteanna a leithroinnt ar mhic léinn aibí.
Faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2015 agus Achtanna na bPinsean 1990-2011, ceadaítear déileáil le daoine ar bhealach difriúil ar an bhForas Aoise i gcúinsí áirithe, agus d’fhéadfadh nach ionann sin agus sárú ar an bprionsabal um dhéileáil chomhionann pinsin.
Fad is nach bhfuil aon idirdhealú ann ar an bhForas Inscne, is féidir le scéim déileáil le daoine ar aoiseanna difriúla nó a chuir tréimhsí seirbhíse difriúla isteach ar bhealaí difriúla nuair atá aoiseanna le socrú le haghaidh iontrála faoi scéim sochair ceirde nó teidlíocht le haghaidh sochar faoin scéim, lena n-áirítear aoiseanna difriúla a shocrú le haghaidh fostaithe nó grúpaí catagóirí fostaithe.
I measc na ndíolúintí ginearálta tá:
Is féidir le fostóirí a éileamh go mbeidh na cáilíochtaí a mheastar a bheith riachtanach don phost ag iarratasóirí poist agus féadfaidh siad diúltú d’iarratasóirí nach bhfuil na cáilíochtaí sin acu.
Is féidir le fostóir a bheith ag súil go mbeidh a bhfostaí inniúil agus ábalta a gcuid oibre a dhéanamh. Ní gá dóibh duine a fhostú nach bhfuil toilteanach nó nach bhfuil in ann a ndualgais a chomhlíonadh go hiomlán. Mar sin féin, ní féidir le fostóir duine faoi mhíchumas a dhífhostú ná a dhiúltú a bheadh lán-inniúil agus in ann an post a dhéanamh dá ndéanfaí roinnt athruithe praiticiúla (ar a dtugtar ‘freastal réasúnta’) dóibh.
Féadfaidh fostóirí sochair áirithe a chur ar fáil d’fhostaithe a bhfuil teaghlaigh acu (mar shampla, fleisc-am nó saoráidí cúraim páistí ar an láithreán).
I measc na ndíolúintí le haghaidh fostaíocht faoi leith tá:
Ní idirdhealú é má bhíonn ar státseirbhísigh áirithe agus fostaithe áirithe sa tseirbhís phoiblí (baill den Státseirbhís, Gardaí nó Óglaigh na hÉireann ina measc) riachtanais speisialta a chomhlíonadh. Mar shampla a bheith ina gcainteoirí Gaeilge, ina saoránaigh Éireannacha nó ina gcónaí in Éirinn.
Is féidir le fostóirí inniúlacht sa Ghaeilge a éileamh ar mhúinteoirí.
Tá cead ag Óglaigh na hÉireann caitheamh le fostaithe ar bhealaí difriúla ar fhorais aoise agus míchumais.
Níl feidhm ag rialacha na nAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nuair a fhostaítear duine chun seirbhís phearsanta a chur ar fáil in áit chónaithe phríobháideach (mar fheighlí páistí nó cúramóir, mar shampla).
Féadfaidh an Garda Síochána agus an tSeirbhís Phríosúin cúraimí áirithe a leagan ar fhir amháin nó ar mhná amháin, ar nós corpchuardaigh, daoine foréigneacha faoi leith nó sluaite foréigneacha a cheansú agus gialla a tharrtháil. Is féidir leo íosriachtanas airde a shonrú freisin atá difriúil idir fir agus mná. Tá cead acu níos mó fostaithe d’inscne amháin a earcú de réir mar is gá.
Féadfaidh comhlachtaí áirithe tús áite a thabhairt d’fhostaithe ó chreideamh ar leith i gcás gur réasúnach sin a dhéanamh chun éiteas creidimh na hinstitiúide a chothú. Féadfaidh siad freisin céimeanna réasúnacha a ghlacadh chun cosc a chur ar fhostaí an bonn a bhaint d’éiteas creidimh na hinstitiúide sin.
I gcásanna áirithe, ceadaítear faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta d’fhostóirí rátaí pá difriúla a thairiscint d’oibrithe atá faoi mhíchumas má fhágann a míchumas nach féidir leo an méid céanna oibre a dhéanamh sa tréimhse chéanna le comhghleacaí nach bhfuil faoi mhíchumas.
Díolúintí a bhaineann leis na forais chosanta
Tá toirmeasc ar idirdhealú mar gheall ar aon cheann de na naoi bhforas cosanta. Mar sin féin, ceadaíonn na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta caitheamh ar bhealach difriúil le daoine a bhfuil tionchar ag aon cheann de na naoi bhforas orthu, laistigh de réasún, mura gcomhlíonann siad riachtanas atá ríthábhachtach don phost.
Mar shampla, d’fhéadfadh sé a bheith réasúnta teorainneacha aoise a chur ar phost dá bhfuil neart fisiceach ag teastáil.
Céard ba cheart dom a bheith san airdeall air maidir leis an bpróiseas earcaíochta?
Caithfidh fostóirí a chinntiú nach ndéanann riachtanais earcaíochta ná agallaimh idirdhealú ar dhaoine, fiú de thimpiste.
Is féidir le roinnt ceisteanna a iarrtar le linn agallaimh nó i rith an phróisis roghnúcháin a bheith idirdhealaitheach freisin.
Caithfidh fostóirí a léiriú go bhfuil aidhm dhlisteanach le gach coinníoll fostaíochta, agus go bhfuil na bealaí chun an aidhm sin a bhaint amach cuí agus riachtanach. Ach ba cheart d’fhostóirí a chinntiú go bhfuil nasc soiléir idir aon cháilíocht a éilítear ar fhostaí agus an post faoi thrácht.
Ba cheart go mbeadh fostóirí in ann a thaispeáint nár tharla aon idirdhealú ag am ar bith i rith an phróisis earcaíochta. D’fhéadfadh fostóir a bheith i mbun idirdhealú má tá easpa trédhearcachta sa phróiseas, ar nós critéir dhoiléire i dtaca le roghnú.
Áirítear le dea-chleachtais:
- Tá nósanna imeachta agallaimh agus roghnaithe soiléir agus trédhearcach, agus comhlíonann siad beartais na heagraíochta;
- Coinnítear nótaí agus miontuairiscí agallaimh;
- Tá baill an phainéil agallaimh neamhspleách ar an bhfostóir, tá taithí fhairsing acu agus tá siad oilte i gceanglais an dlí in aghaidh idirdhealú.
- Tionóltar cruinniú roimh an agallamh ag a ndréachtaíonn an painéal ceisteanna le haghaidh na bpríomhréimsí;
- Leithdháiltear marcanna as saintréithe criticiúla a theastaíonn le haghaidh dhualgais an phoist, bunaithe ar chritéir neamhchlaonta a shocraítear roimh ré;
- Déantar freastal réasúnta ar dhaoine atá faoi mhíchumas ionas gur féidir leo cur isteach ar an bpost. Mar shampla, cuirtear teicneolaíocht oiriúnach ar fáil le haghaidh agallaimh.
Cathain is féidir le fostóir diúltú do m’fhostú, d’ardú céime a thabhairt dom nó do mé a choinneáil sa phost?
I gcúinsí áirithe, ní féidir a líomhain go ndearna fostóir idirdhealú ort má dhiúltaigh sé do d’fhostú, d’ardú céime a thabhairt duit nó do thú a choinneáil sa phost.
Sa chás sin, is féidir leat:
- Ní dhéanfaidh tú an post de réir mar is gá, nó
- Ní ghlacfaidh tú leis na dálaí oibre, nó
- Níl tú iomlán inniúil agus cumasach chun an post a dhéanamh, nó
- Níl tú ar fáil chun do dhualgais uile a dhéanamh mar gheall ar na dálaí oibre ina gcaithfidh tú oibriú

Mar shampla, ní idirdhealú atá i gceist sna cásanna seo a leanas:
- Diúltaíonn feirmeoir thú a fhostú toisc nach dteastaíonn uait oibriú amuigh faoin spéir.
- Ní thugtar ardú céime duit ó do phost mar oibreoir oifige sóisearach toisc nár fhoghlaim tú an chaoi le scarbhileoga a dhéanamh fós

Gníomhaíocht dhearfach
Chomh maith le hidirdhealú a chosc, cumasaíonn na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta gníomhaíocht dhearfach chun a chinntiú go bhfaigheann gach duine comhdheiseanna ag an obair.
Ciallaíonn sé sin gur féidir le fostóirí na míbhuntáistí a bhaineann le haon cheann de na forais chosanta a chosc nó a chúiteamh trí chaitheamh go fabhrach le haon duine a mbíonn tionchar ag na forais sin orthu.
Mar shampla, d’fhéadfadh fostóir uaireanta oibre solúbtha nó oibriú ón mbaile a thairiscint d’oibrithe faoi mhíchumas. D’fhéadfaidís naíolann a chur ar fáil chun cabhrú le fostaithe ar a bhfuil freagrachtaí cúraim páistí, nó ranganna Béarla d’oibrithe nach cainteoirí dúchais Béarla iad.

An bhfuilim i dteideal pá comhionann?
Leagtar amach an ceart chun pá comhionann a fháil don ‘chineál céanna oibre’ sna hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998–2015.
Tá ceart dleathach ag oibrithe chun pá comhionann a fháil don ‘chineál céanna oibre’. Ciallaíonn sé sin, i gcás daoine atá ag déanamh na hoibre céanna nó obair atá comhchosúil, nó obair den luach céanna, go gcaithfidh siad an ráta céanna pá a fháil. Bíonn gach conradh fostaíochta bunaithe ar an bprionsabal neamhscríofa go bhfaigheann oibrithe pá comhionann gan idirdhealú.
Ciallaíonn an téarma ‘pá’ pá nó tuarastal, agus sochair eile chomh maith ar nós bónas, carranna cuideachta nó béilí fóirdheontais. Ní áirítear pinsin leis.

Ceisteanna Coitianta
D’fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh ort ag an obair ar an bhforas aoise má fhorchuireann d’fhostóir aois scoir éigeantach – agus má chreideann tú go bhfuil sé sin éagórach. D’fhéadfadh sé gur idirdhealú ar an bhforas aoise é freisin má dhéanann d’fhostóir conradh ar théarma seasta a thairiscint duit tar éis duit an aois scoir éigeantach a shroicheadh.
Is iad na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998–2015 na dlíthe a bhfuil feidhm acu leo maidir leis sin.
D’fhéadfadh feidhm a bheith ag na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977–2015 freisin má bhristear as do phost thú sula sroicheann tú an ghnáthaois scoir d’fhostaithe a dhéanann post cosúil le do phost féin don fhostóir céanna.
Is éard is aois scoir éigeantach ann an aois a chaithfidh duine éirí as an obair. Tugtar aois scoir shainordaithe nó aois scoir uachtarach uirthi freisin uaireanta. Sonraítear an aois sin i gconradh fostaíochta go minic. D’fhéadfadh an aois a bheith éagsúil, ag brath ar an bhfostóir agus ar théarmaí an chonartha fostaíochta. Tá tuilleadh eolais le fáil inár dtreoir: Retirement and Fixed Term Contracts Guidelines.
Ní chaithfear. D’fhéadfaí aois scoir éigeantach a leagan síos ar bhealaí éagsúla:
- I gconradh fostaíochta
- I lámhleabhar fostaithe – a chaithfidh a bheith le fáil go forleathan d’fhostaithe
- I gcomhaontú comhchoiteann – a gcaithfidh tú a bheith ar an eolas faoi agus a chaithfidh a bheith glactha agat
- Trí nós agus cleachtas san áit oibre – a chaithfidh cách a bheith ar an eolas fúthu (nó arbh éasca dóibh fáil amach fúthu)
- De réir an dlí – mar shampla, le haghaidh oibrithe i seirbhísí poiblí ar nós na státseirbhíse nó an Gharda Síochána
Tá feidhm ag teorainneacha aoise scoir éigeantacha maidir le baill de na Fórsaí Cosanta freisin, ach ní chumhdaítear iad sin leis na dlíthe um idirdhealú aoise faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta.
D’fhéadfadh. D’fhéadfadh cúiseanna maithe a bheith ag d’fhostóir coinne a bheith acu go rachaidh tú ar scor ag aois áirithe nó chun srian a chur le fad do sheirbhíse.
Cé go mbíonn idirdhealú ar an bhforas aoise mídhleathach i gcoitinne, ceadaítear raon eisceachtaí ón riail leis an dlí. Leagtar iad sin amach in a34(4) agus in alt 6(3)(c) de na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta.
Má dhéanann tú gearán faoi idirdhealú ar bhonn aoise, agus má chuireann d’fhostóir in aghaidh do ghearáin, déanfaidh CCÁO measúnú ar cé acu atá ‘údar oibiachtúil’ ag an bhfostóir lena bheartas. Dá bhrí sin, cinnfidh CCÁO cé acu atá argóintí an fhostóra cothrom sna cúinsí.
Chun údar a thabhairt lena ngníomh agus cúis maidir le hidirdhealú mídhleathach ar bhonn aoise, caithfidh an fostóir a léiriú go bhfuil gá le scor éigeantach nó le conradh ar théarma seasta chun ‘aidhm dhlisteanach’ a bhaint amach.
Céard is aidhm dhlisteanach ann?
Caithfidh baint a bheith ag aidhm dhlisteanach leis an méid seo a leanas:
- Leas an phobail maidir leis an mbeartas fostaíochta – mar shampla, cé acu an dtéann oibrithe scothaosta chun tairbhe don gheilleagar nó an gcuireann siad sábháilteacht daoine i mbaol, nó
- An margadh saothair – mar shampla, cé acu an mbreathnaítear ar dhaoine scothaosta mar dhaoine a líonann bearna nó mar bhac ar dheiseanna do chuardaitheoirí óga poist, nó
- Gairmoiliúint – mar shampla, cé acu ba cheart d’oibrithe oilte fanacht chun cuidiú le hoiliúint a chur ar phrintísigh nó ba cheart dóibh an bealach a fhágáil d’earcaithe nua a bhfuil faisnéis theicniúil cothrom le dáta acu
Ní fhéadfaidh aidhm dhlisteanach a bheith chun tairbhe an fhostóra amháin. Mar shampla, ní fhéadfaidh fostóir úsáid a bhaint as an ngá le hairgead a shábháil ar phá mar leithscéal dleathach as tabhairt ort dul ar scor. Ní bheadh gearradh na gcostas ina aidhm dhlisteanach, mar sin ní bheadh sé ina údar cuí le hidirdhealú a dhéanamh ar oibrí scothaosta.
Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh le aidhmeanna dlisteanacha:
- Earcaíocht a spreagadh
- Daoine óga a spreagadh chun dul i mbun gairmeacha
- Pleanáil maidir le lucht oibre
- Na fórsaí cosanta, na gardaí, na seirbhísí príosúin nó éigeandála a chumasú chun feidhmiú go héifeachtach
- Díospóidí a sheachaint maidir le hoiriúnacht fostaithe chun oibriú
- Sláinte agus sábháilteacht a chosaint ag an obair
Nuair a bheidh aidhm dhlisteanach sainaitheanta ag fostóir chun aois scoir éigeantach a leagan síos nó chun conradh ar théarma seasta a thairiscint, caithfidh siad an méid seo a leanas a léiriú maidir lena ngníomhartha:
- Tá siad réasúnach agus nasctha leis an aidhm dhlisteanach (tugtar ‘údar oibiachtúil’ air sin)
- Tá siad iomchuí agus tá gá leo chun an aidhm dhlisteanach a bhaint amach
- Ní leithne iad ná an méid atá riachtanach chun an aidhm dhlisteanach a bhaint amach
Mura féidir le fostóir na trí ní sin a thaispeáint, d’fhéadfadh CCÁO a chinneadh gur idirdhealú é a ngníomhartha ar an bhforas aoise.
Sampla: Téann Gardaí ar scor ar aois áirithe
I roinnt post, tá ‘fíor-riachtanais cheirde’ ann a fhágann nach bhfuil teorainneacha aoise mídhleathach. Mar shampla, éilítear ardleibhéal nirt fhisiciúil agus teacht aniar le haghaidh oibre sna seirbhísí éigeandála nó sa Gharda Síochána. Chun a chinntiú go bhféadfar an post a dhéanamh go héifeachtach, is féidir iarraidh ar oifigigh dóiteáin nó ar ghardaí dul ar scor ar aois áirithe nó leanúint ar aghaidh ar chonarthaí ar théarma seasta maille le seiceálacha leighis bliantúla. Tá údar cuí oibiachtúil le teorainneacha aoise agus ní mheastar gur idirdhealú mídhleathach iad, toisc gur bealach réasúnach iad chun an aidhm dhlisteanach a bhaint amach maidir le seirbhísí poiblí éifeachtacha a sholáthar.
Sampla: Cuirtear d’iallach ar innealtóir éirí as post atá dian ar an gcorp ar aois 65 dó
Rinne innealtóir a bhí 65 bliain d’aois achomharc leis an gCúirt Oibreachais tar éis do CCÁO diúltú dá ghearán faoi idirdhealú ar bhonn aoise. Dhiúltaigh a fhostóir síneadh a chur lena chonradh go dtí aois 70. D’áitigh an t-innealtóir go raibh sé aclaí, go raibh an tsláinte go maith aige agus gurbh eol dó gur ceadaíodh d’fhostaí eile oibriú go dtí 70 bliain d’aois.
D’áitigh an fostóir gur cuireadh in iúl go soiléir ina lámhleabhar d’fhostaithe agus ina phlean scoir go raibh ar innealtóirí seirbhíse dul ar scor ag aois 65, agus gur post deisce a bhí ag an bhfostaí a d’oibrigh go dtí aois 70 bliain d’aois. Thug an fostóir dá aire go raibh obair innealtóra seirbhíse dian ar an gcorp agus criticiúil ó thaobh na sábháilteachta san áit oibre. D’áitigh an fostóir freisin gur obair speisialaithe a bhí ann, lena raibh sé bliana d’oiliúint i gceist, agus gur fhág teorainneacha aoise éigeantacha go raibh sé níos éasca don chuideachta pleanáil a dhéanamh maidir le sraith iontaofa d’innealtóirí oilte a bheadh ann i ndiaidh a chéile. D’aontaigh an chúirt go raibh údar cuí ag an bhfostóir aois scoir éigeantach a fhorchur ar fhoras na sábháilteachta, na héifeachtúlachta agus na pleanála maidir le lucht oibre.
Sampla: Is údar cuí do scor éigeantach deiseanna a thabhairt do bhaill foirne níos óige
Rinne fostaí gearán go raibh air dul ar scor ar aois 65 dó toisc nach raibh aon aois scoir scríofa ina chonradh fostaíochta. D’áitigh an fostóir go raibh sé ina nós go rachadh daoine ar scor ag 65 bliain d’aois sa ghnólacht agus gur fhág sé gur cruthaíodh deiseanna chun ardú céime a thabhairt do bhaill foirne níos sóisearaí. B’fhearr a bhíothas in ann pleanáil ghnó a dhéanamh dá dtabharfaí arduithe céime inmheánacha, bhí sé ina chuidiú don ghnólacht baill foirne a choimeád agus bhí sé go maith do mheanma na foirne. D’aontaigh CCÁO gurbh aidhm dhlisteanach é sin, go raibh sé ina údar cuí le cleachtas an scoir éigeantaigh, mar sin níor sheas CCÁO leis an ngearán faoi idirdhealú ar bhonn aoise sa chás sin.
Sampla: D’éirigh le státseirbhíseach, ar cuireadh d’iallach uirthi dul ar scor, lena cás ag CCÁO
Rinne státseirbhíseach 65 bliain d’aois ag a raibh sárthaifead oibre gearán le CCÁO toisc nár ceadaíodh di leanúint ar aghaidh ag an obair ar feadh cúig bliana eile, cé gur fhan roinnt comhghleacaithe ag an obair tar éis 65 bliain d’aois. D’áitigh a fostóir gur fhág an aois scoir éigeantach go rabhthas in ann arduithe céime a thabhairt do bhaill foirne níos óige agus cothromaíocht níos fearr a bhaint amach laistigh den oifig ó thaobh na n-aoisghrúpaí de. Mheas CCÁO nach raibh an argóint sin cothrom toisc gur coimeádadh fostaithe eile go dtí gur baineadh aois 70 bliain d’aois amach. Dhámh sé cúiteamh €82,000 ar an ngearánach ar fhoras an idirdhealaithe ar bhonn aoise.
Sampla: Ní haon leithscéal é an traidisiún le haghaidh aois éigeantach
Rinne leabharchoimeádaí gearán le CCÁO toisc go raibh air dul ar scor in aois a 65 bliain dó, agus é á thabhairt dá aire gur oibrigh fostaí roimhe go dtí gur bhain siad aois 66 bliain amach. Cé nach raibh aon chonradh scríofa ann lenar sonraíodh an aois scoir, dúirt na fostóirí gur tugadh le tuiscint é trí chomhaontú ó bhéal. Rinne siad talamh slán de go raibh ceart traidisiúnta acu deireadh a chur le fostú na n-oibrithe aige in aois 65 bliain dóibh. Mheas CCÁO go raibh an réasúnaíocht sin doiléir agus mídhleathach. Sheas CCÁO le gearán an idirdhealaithe gan údar cuí ar bhonn na haoise agus dhámh sé cúiteamh €12,000 ar an leabharchoimeádaí.
Sampla: Ní fhéadfaidh fostóir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an obair ina riosca rómhór do dhaoine os cionn 65 bliain d’aois
Rinne cúntóir díolacháin a d’oibrigh mar theicneoir deisiúcháin freisin ag siopa miondíola earraí leictreacha faoi scor éigeantach. Thug sé dá aire gur oibrigh fostaí eile go dtí gur bhain siad 73 bliain d’aois amach. Dúirt sé gur bhraith sé go raibh sé lánábalta leanúint de bheith ag obair, agus nár tugadh a mhalairt le fios in aon tuarascáil sláinte agus sábháilteachta. D’áitigh an fostóir go raibh an cheardlann deisiúcháin róghuaiseach do dhuine os cionn 65 bliain d’aois. Mar sin féin, sheas CCÁO leis gur theip ar an bhfostóir údar cuí a thabhairt leis an argóint sin, toisc nach raibh aon tacaíocht leis ó aon tuarascáil leighis ná measúnú riosca. Bronnadh €18,000 ar an bhfostaí mar chúiteamh as an idirdhealú ar an bhforas haoise.
Sampla: Ní mór do thiománaí tram dul ar scor in aois 65 bliain ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta
Rinne tiománaí tram gearán le CCÁO agus leis an gCúirt Oibreachais toisc go raibh air dul ar scor in aois 65 bliain dó. D’áitigh an fostóir go raibh sé ciallmhar go rachadh daoine ar scor in aois 65 bliain dóibh ar roinnt cúiseanna. Ba í sin an aois scoir sheanbhunaithe le haghaidh na cuideachta ar fad, rud a d’fhág go raibh cúrsaí níos simplí ó thaobh pleanáil lucht oibre. Agus bhí fíor-riachtanas leis ó thaobh na sábháilteachta poiblí go mbeadh tiománaithe aclaí agus folláin go leor chun bheith i bhfeighil tram. Bhí an Chúirt ar aon tuairim go raibh 65 bliain réasúnach mar aois scoir éigeantach i gcás tiománaithe tram ar fhoras na sláinte agus na sábháilteachta agus go raibh sé ar aon dul le beartas margaidh saothair agus leis an dlí.
D’fhéadfadh údar cuí a bheith ag d’fhostóir conradh ar théarma seasta a thairiscint duit chun aidhm dhlisteanach a chomhlíonadh, ar nós pleanáil lucht oibre. Ach más rud é go raibh téarmaí agus coinníollacha idirdhealaitheacha sa chonradh sin, ní bheadh aon údar cuí leis ó thaobh an dlí de faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta. Mar shampla, ní bheadh sé ina údar cuí ag fostóir baill foirne scothaosta trádstórais a aistriú chun conarthaí ar théama seasta dá mba rud é gur coisceadh ar fhostaithe os cionn 65 bliain d’aois faoi na conarthaí sin freastal ar chustaiméirí ar chuntar na ndíolachán poiblí – fiú dá mba rud é gurbh é a bhí i gceist leis an mbeartas arduithe céime i measc baill foirne níos óige a spreagadh.
Cé lenar féidir liom gearán a dhéanamh?
Is é an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) an comhlacht atá freagrach as líomhaintí idirdhealaithe in Éirinn a chinneadh ar an gcéad dul síos.
Ba cheart gearáin faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO).
Pléann CCÁO le líomhaintí a bhaineann le fostaíocht agus le seirbhísí nó earraí.
Is féidir líomhaintí maidir le hidirdhealú ar bhonn inscne a chur faoi bhráid na Cúirte Cuarda nó CCÁO.

Céard iad na teorainneacha ama chun cás a thabhairt?
Faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, caithfidh tú gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) laistigh de shé mhí ó dháta deiridh an idirdhealaithe. D’fhéadfadh an spriocdháta sin tosú ó cheann díobh seo:
- Dáta an ghnímh idirdhealaithe is déanaí
- An dáta ar cuireadh deireadh leis an idirdhealú
- Dáta gnímh idirdhealaithe aonuaire
I gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh CCÁO síneadh sé mhí eile a chur leis an am chun gearán a dhéanamh. Tugtar uastréimhse 12 mhí leis sin.
Is fíor-annamh go gceadaíonn CCÁO an t-am breise sin.
Tá faisnéis faoin gcaoi le cur isteach ar shíneadh ama le fáil ar shuíomh gréasáin CCÁO.
Idirdhealú leanúnach
In go leor cásanna, ní tharlóidh ach gníomh idirdhealaithe amháin. Bíonn sé éasca dá bhrí sin an dáta a thosaíonn an tréimhse sé mhí chun gearán a dhéanamh a oibriú amach.
I gcásanna eile áfach, d’fhéadfadh idirdhealú tarlú arís agus arís eile ar feadh tréimhse fhada. Tugtar ‘idirdhealú leanúnach’ nó ‘sárú leanúnach’ air sin. Mar shampla, d’fhéadfadh clásal atá scríofa i do chonradh fostaíochta a bheith ina chúis le hidirdhealú leanúnach. I gcásanna mar sin, d’fhéadfadh sé a bheith deacair a chinneadh cén uair a thosaíonn an teorainn ama sé mhí chun gearán a dhéanamh agus cén uair a chríochnaíonn sí.
Céard iad na hamlínte chun gearán a dhéanamh faoi idirdhealú leanúnach?
Má stopann an t-idirdhealú, beidh sé mhí agat ón dáta ar stopadh é chun gearán a chur faoi bhráid CCÁO.
Mar shampla:
- Íocann fostóir tuarastal neamhionann le fir agus mná a dhéanann ‘an cineál céanna oibre’. D’athraigh an fostóir a chleachtas ansin agus thosaigh siad ag íoc tuarastal comhionann le fir agus mná. Dá bhrí sin, tosaíonn an teorainn ama sé mhí chun gearán a dhéanamh ar an dáta a dtugann siad isteach pá comhionann.
- Tá comhartha ag siopadóir ar fhuinneog an tsiopa ag rá nach bhfuil cead aon mhadra, madraí treorach ina measc, a thabhairt isteach sa siopa. Baineann sé anuas an comhartha sin agus tugann sé cead isteach do dhaoine a bhfuil madraí treorach leo. Dá bhrí sin, tosaíonn an teorainn ama sé mhí chun gearán a dhéanamh ar an lá a mbaineann siad anuas an comhartha.
Má mheasann tú go bhfuil idirdhealú fós á dhéanamh, ba cheart duit gearán a dhéanamh a luaithe is féidir tar éis na heachtra idirdhealaithe is déanaí. Mura ndéanann tú gearán go pras, tá baol ann go mbeidh tú ródhéanach don spriocdháta.
Má tá bearnaí fada idir na gníomhartha idirdhealaithe (cleachtais éagóracha in athbhreithnithe pá bliantúla, mar shampla), d’fhéadfadh na gníomhartha níos luaithe a bheith lasmuigh den teorainn ama sé mhí. Más féidir leat a thaispeáint go bhfuil siad cosúil le gníomhartha a rinneadh le déanaí, d’fhéadfadh CCÁO féachaint ar an tsraith gníomhartha ina hiomláine mar shárú leanúnach. Beidh tuairimí difriúla ag daoine difriúla faoi cé acu ar tharla sárú leanúnach nó nár tharla áfach. Mar shampla, d’fhéadfadh fostaí a áitiú gur chuir siad deireadh lena gcleachtais idirdhealaitheacha níos mó ná sé mhí sula ndearna tú an gearán.
An ndearnadh idirdhealú ort ar chúis eile?
Roghnaigh an foras agus an réimse ina ndearnadh idirdhealú ort