Céard is Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine ann?
Tá Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine (an Dualgas) in Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014. Leagann sé oibleagáid reachtúil ar chomhlachtaí poiblí aird a thabhairt ar thosca chearta an duine agus comhionannais le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh. Tá sé in Alt 42 d’Acht IHREC agus tá feidhm aige maidir le Comhlachtaí Poiblí i bPoblacht na hÉireann.
Cén fáth a bhfuil an Dualgas tábhachtach?
Nuair a chuirtear an Dualgas i bhfeidhm, tugann comhlachtaí poiblí aghaidh ar shaincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas ar bhealach réamhghníomhach, seachas fanacht go dtiocfaidh fadhb nó gearán chun cinn le haghaidh a thabhairt air. Tá ról tábhachtach ag an Dualgas i dtacú le comhlachtaí poiblí seirbhísí éifeachtúla inrochtana a sholáthar do shaoránaigh agus do phobail, dóibh siúd atá i mbaol neamhionannais agus idirdhealú go háirithe. Tacaíonn sé le cur chuige ar fud na seirbhíse poiblí maidir le comhionannas, cearta an duine, éagsúlacht agus ionchuimsiú. Tá an Dualgas i bhfeidhm ar gach feidhm a bhíonn ag comhlacht poiblí, agus déantar gnáthchuid den chaoi a dtugann comhlachtaí poiblí faoina n-obair laethúil de chomhionannas agus cearta an duine nuair a chuirtear i bhfeidhm é.

Céard is comhlacht poiblí ann?
Áirítear leis an sainmhíniú ar chomhlacht poiblí in Acht IHREC, 2014 chun críche an Dualgais:
- Roinn Stáit,
- údarás áitiúil,
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte,
- ollscoil nó institiúid teicneolaíochta,
- bord oideachais agus oiliúna,
- “aon duine, comhlacht nó eagraíocht eile arna bhunú nó arna bunú le hachtachán nó faoi achtachán (seachas Achtanna na gCuideachtaí) nó le cairt nó faoi chairt, le haon Scéim arna riar ag Aire den Rialtas, nó faoi Achtanna na gCuideachtaí de bhun cumhachtaí a thugtar le hachtachán eile nó faoi achtachán eile, agus a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach trí airgead arna sholáthar, nó trí iasachtaí arna ndéanamh nó arna ráthú, ag Aire den Rialtas nó trí eisiúint scaireanna arna sealbhú ag Aire den Rialtas nó thar ceann Aire den Rialtas”
Ina theannta sin, féadfaidh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige duine, comhlacht, eagras nó grúpa ar bith eile arna mhaoiniú go hiomlán nó go páirteach as airgead arna soláthar ag an Oireachtas, a fhorordú mar chomhlacht poiblí, i ndiaidh comhairliúchán le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas. Níor forordaíodh aon chomhlacht poiblí go dtí seo.
Céard is gá do chomhlachtaí poiblí a dhéanamh?
De réir an dlí, is gá do chomhlachtaí poiblí beartais agus gníomhartha a chur i bhfeidhm chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- an t-idirdhealú a dhíchur
- comhionannas deiseanna agus caitheamh go comhionann a chur chun cinn i ndáil lena mbaill foirne agus na daoine a gcuireann siad seirbhísí ar fáil dóibh, agus
- cearta daonna a gcomhaltaí, a mball foirne agus na ndaoine a gcuireann siad seirbhísí ar fáil dóibh a chosaint.
Is gá dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh freisin:
- Measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas a chreideann siad atá ábhartha dóibh
- An measúnú sin a chur san áireamh ina bplean straitéiseach
- Tuairisc a thabhairt ar fhorbairtí agus ar a ngnóthachtálacha maidir le saincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas ina dtuarascáil bhliantúil
An Dualgas a Chur i bhFeidhm
Cuireann cur i bhfeidhm Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine comhionannas agus cearta an duine ag croílár an chaoi a dtugann comhlacht poiblí faoina ghnó laethúil. Baineann an Dualgas le húsáideoirí seirbhísí reatha, agus leo seo a bhféadfadh agus ar cheart dóibh leas a bhaint as na seirbhísí ach nach bhfuil á dhéanamh faoi láthair. Baineann sé freisin leis an bhfoireann reatha agus leo siúd a d’fhéadfadh fostaíocht sa chomhlacht poiblí a lorg.
Tá dhá phríomhghné ag baint le hAlt 42 d’Acht IHREC, 2014
Sonraítear in Alt 42(1), le linn do chomhlacht poiblí a fheidhmeanna a chomhlíonadh, go mbeidh aird aige ar an ngá atá leis na nithe seo a leanas:
(a) an t-idirdhealú a dhíchur,
(b) comhionannas deiseanna agus córa dá fhoireann agus do na daoine dá soláthraíonn sé seirbhísí a chur chun cinn, agus
(c) cearta an duine atá ag a chomhaltaí, a fhoireann agus na daoine dá soláthraíonn sé seirbhísí a chosaint.
Is é Alt 42(1) an oibleagáid reachtúil uileghabhálach faoi Alt 42 den Acht a chaithfidh sibhse, mar chomhlacht poiblí, a chomhlíonadh go leanúnach. Chun tacú leis an eagraíocht comhionannas deiseanna a chur chun cinn, an t-idirdhealú a dhíchur agus cearta an duine a chosaint d’úsáideoirí seirbhísí, úsáideoirí seirbhísí féideartha, baill foirne agus baill foirne fhéideartha, agus chun comhlíontacht an Dualgais ar bhonn leanúnach a léiriú, ba cheart iad seo a leanas a fhorbairt:
- slata tomhais feidhmíochta;
- caighdeáin oibríochta; agus
- straitéisí coisctheacha i scríbhinn.
Sonraítear in Alt 42(2)
Agus aird ar fheidhmeanna agus ar chuspóir an chomhlachta agus ar a mhéid agus na hacmhainní atá ar fáil dó, déanfaidh comhlacht poiblí—
(a) tabhairt faoi mheasúnacht ar na saincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas a chreideann sé is iomchuí maidir le feidhmeanna agus críoch an chomhlachta (‘measúnú ar chearta an duine agus comhionannas’);
(b) beartais, pleananna agus gníomhartha a chur ar bun d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a shainaithnítear sa mheasúnú ar chearta an duine agus comhionannas;
(c) a mheasúnú ar chearta an duine agus comhionannas, agus na beartais, na pleananna agus na gníomhartha atá ar bun nó a bheartaítear a chur ar bun d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a shainaithnítear sa mheasúnú sin, a fhoilsiú ar mhodh is inrochtana ag an bpobal ina phlean straitéiseach (cibé tuairisc atá air);
(d) tuairisciú a dhéanamh ar mhodh is inrochtana ag an bpobal ar fhorbairtí agus ar a bhfuil bainte amach – i leith na mbeartas, na bpleananna agus na ngníomhartha atá ar bun nó a bheartaítear a chur ar bun d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a shainaithnítear ina mheasúnú – ina thuarascáil bhliantúil (cibé tuairisc atá uirthi).
Tá oibleagáidí reachtúla sonracha in Alt 42(2) a chaithfear a chomhlíonadh chun tacú le comhlíonadh na hoibleagáide reachtúla uileghabhálaí in Alt 42(1) d’Acht IHREC.
Leagtar amach trí phríomhchéim in Alt 42(2) a chaithfidh comhlacht poiblí a dhéanamh chun tacú le comhlíonadh na n-oibleagáidí reachtúla faoi Alt 42 den Acht. Leagtar amach na céimeanna sin in Alt 42(2)
- Measúnaítear – Measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna maidir leis an gcomhionannas agus le cearta an duine atá ábhartha d’fheidhmeanna an chomhlachta phoiblí.
- Tugtar Aghaidh Air – Na gníomhartha/na beartais/na pleananna a bheartaíonn an comhlacht poiblí a chur ar bun chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna maidir leis an gcomhionannas agus le cearta an duine a shainaithnítear i rith na céime ‘Measúnaítear’.
- Tuairiscítear – Tuairisciú ar dhul chun cinn a rinneadh faoi na céimeanna ‘Measúnaítear’ agus ‘Tugtar Aghaidh Air’ i dtuarascáil bhliantúil na heagraíochta ar mhodh is inrochtana ag an bpobal.
Caithfear Céim 1 agus 2 a leagan amach ar mhodh is inrochtana ag an bpobal i bplean straitéiseach na heagraíochta.
An Chéim ‘Measúnaítear’
Ceanglaítear leis an gcéim ‘Measúnaítear’ oraibh tabhairt faoi mheasúnú chun príomh-shaincheisteanna maidir leis an gcomhionannas agus le cearta an duine a shainaithint, i gcás na foirne agus na n-úsáideoirí seirbhísí. Áirítear leis saincheisteanna maidir leis an gcomhionannas agus le cearta an duine atá ábhartha d’fheidhmeanna agus do chuspóir an chomhlachta phoiblí a shainaithint bunaithe ar fhianaise agus iad a chur in ord tosaíochta. Cabhróidh tabhairt faoi mheasúnú bunaithe ar fhianaise ar shaincheisteanna maidir leis an gcomhionannas agus le cearta an duine a shainaithint cá bhfeadfadh idirdhealú, neamhionannas agus sárú chearta an duine féideartha a bheith i soláthar seirbhísí agus san ionad oibre. Ba cheart bonn eolais a chur faoin measúnú ó fhianaise atá ar fáil, eolas agus taithí na foirne agus na ndaoine dá dtugtar seirbhísí ina measc, agus go háirithe, ó dhaoine ag a bhfuil an taithí saoil ar neamhionannas agus idirdhealú.
Ba cheart don mheasúnú ar na saincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas díriú ar na grúpaí sainaitheanta a leanas:
- Daoine a chumhdaítear leis na naoi bhforas faoin reachtaíocht comhionannais: inscne (daoine trasinscneacha nó daoine atá ag aistriú go hinscne eile ina measc), stádas sibhialta, stádas teaghlaigh (tuismitheoirí aonair agus cúramóirí ina measc), aois, gnéaschlaonadh, míchumas, cine, creideamh agus daoine den Lucht Siúil;
- Daoine atá i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta; agus
- Daoine a bhfuil cearta acu faoi na hionstraimí éagsúla um chearta an duine atá ábhartha d’fheidhmeanna agus cuspóir an chomhlachta phoiblí.
An Chéim ‘Tugtar Aghaidh Air’
Cabhróidh an chéim ‘Tugtar Aghaidh Air’ libh na gníomhartha, na pleananna agus na beartais a shainaithint a chuirfidh sibh i bhfeidhm chun an t-idirdhealú a dhíchur, comhionannas deiseanna agus córa a chur chun cinn, agus cearta daonna na foirne agus na húsáideoirí seirbhísí a chosaint. Ceanglaíonn an chéim seo oraibh gníomhartha a chur in ord tosaíochta chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna maidir leis an gcomhionannas agus le cearta an duine a sainaithníodh, agus iad le cur i bhfeidhm i rith an timthrialla pleanála straitéisigh.
Tacaíonn an chéim ‘Tugtar Aghaidh Air’ libh chun:
- Torthaí comhionannais agus chearta an duine a fheabhsú do bhur n-úsáideoirí seirbhísí agus bhur dtairbhithe beartas;
- Torthaí comhionannais agus chearta an duine a fheabhsú do bhur bhfoireann; agus
Athrú cultúrtha a spreagadh san eagraíocht, ag cinntiú go mbíonn béim ar chomhionannas agus cearta an duine a mhúnlaíonn tosaíochtaí, nósanna imeachta agus cleachtas eagraíochta.
An Chéim ‘Tuairiscítear’
Cabhróidh an chéim ‘Tuairiscítear’ libh na gníomhartha, na pleananna agus na beartais a shainaithint a chuir sibh i bhfeidhm chun an t-idirdhealú a dhíchur, comhionannas deiseanna agus córa a chur chun cinn, agus cearta daonna na foirne agus na húsáideoirí seirbhísí a chosaint. Ceanglaítear leis an gcéim ‘Tuairiscítear’ oraibh athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn ar aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna maidir leis an gcomhionannas agus le cearta an duine a sainaithníodh le linn Chéim 1 ‘Measúnaítear’, agus an dul chun cinn sin a chur in iúl. Ba cheart don tuarascáil tarraingt ar nuashonruithe ar dhul chun cinn a thugann an phríomhfhoireann atá freagrach as na pleananna, na beartais agus na gníomhartha a thugtar le fios, chomh maith le tuarascáil an ghrúpa oibre ar thionscnaimh le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach an Dualgais i d’eagraíocht.
Cén chaoi a dtacaíonn Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas le comhlachtaí poiblí agus a ndéanann sé monatóireacht orthu?
Tá cumhachtaí dlíthiúla againn chun monatóireacht a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí agus chun faisnéis, treoir agus oideachas a thabhairt dóibh, chun a n-oibleagáidí reachtúla faoi alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014 a thuiscint agus a chomhlíonadh.
Tá treoir agus ábhair oiliúna forbartha againn, ar nós ár modúil ríomhfhoghlama, chun tacú le comhlachtaí poiblí.
Sa chás go measaimid go bhfuil fianaise ann go bhfuil ag teipeadh ar chomhlacht poiblí a fheidhmeanna a chomhlíonadh de réir an Dualgais, féadfaimid a iarraidh ar chomhlacht poiblí:
- tabhairt faoi athbhreithniú;
- plean gníomhaíochta a ullmhú agus a chur i ngníomh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir leis an gcomhionannas agus le cearta an duine a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna; nó an dá rud.

Treoircháipéisí maidir le Dualgas na hEarnála Poiblí
I gcomhréir lenár sainordú, faoi Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, chun tacú le comhlachtaí poiblí tuiscint a fháil ar a n-oibleagáidí reachtúla agus cloí leo, d’fhorbraíomar Treoir faoi Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine.
Cuidíonn an treoir sin le comhlachtaí poiblí chun tuiscint a fháil ar a n-oibleagáidí faoin Dualgas, iad a chur i bhfeidhm agus tuairisciú a dhéanamh ina leith.
Modúl ríomhfhoghlama
Tá modúl ríomhfhoghlama forbartha againn chun tacú le foirne i gcomhlachtaí poiblí agus chun iad a spreagadh chun tuiscint a fháil ar choincheapa agus ar phrionsabail agus ar reachtaíocht maidir leis an gcomhionannas agus cearta an duine, chun comhthuiscint ar an gcomhionannas agus ar chearta an duine a chothú sa tseirbhís phoiblí, rud a thacaíonn le cáilíocht níos fearr a bhaint amach sna seirbhísí agus le timpeallacht oibre níos fearr.
