Léim go dtí an t-ábhar

Céard is sochaí shibhialta ann?

Tá sochaí shibhialta láidir agus ilchineálach ina príomhchuid dár ndaonlathas agus ní mór tacú léi agus í a chothú.

Tá sé d’aidhm againn plé le heagraíochtaí sochaí sibhialta a oibríonn chun cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn agus a chosaint in Éirinn. Áirítear leis sin, go ginearálta, eagraíochtaí pobail agus deonacha náisiúnta nó áitiúla, líonraí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, grúpaí daoine a bhfuil cearta acu, grúpaí pobail bunaithe ar cheantar, grúpaí pobail sainleasa, agus ceardchumainn. 

Díríonn ár bplé ar na grúpaí is dóchúla go gcaithfear go neamhionann leo nó nach gcomhlíonfar a gcearta. Áirítear orthu sin daoine agus grúpaí a chosnaítear faoi na naoi bhforas sa reachtaíocht comhionannais: inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, aois, gnéaschlaonadh, míchumas, cine, creideamh agus gur den Lucht Siúil iad, anuas ar dhaoine agus pobail a fhulaingíonn mar gheall ar an mbochtaineacht, agus idirdhealú nó eisiamh socheacnamaíoch, iad siúd a iarrann cosaint idirnáisiúnta agus pobail imirceach ina measc.

Beirt bhan ghorma i mbun léiriú

Cén chaoi a n-oibrímid leis an tSochaí Shibhialta?

Oibrímid chun tacú leis na dálaí a chumasaíonn sochaí shibhialta spleodrach ina bhfuil an spás, na tacaíochtaí agus na hacmhainní chun tacú le cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn agus gníomhú dá réir, agus an Stát a thabhairt chun cuntais.

Cuirimid chun cinn rannpháirtíocht bhríoch na ndaoine agus na ngrúpaí is dóichí go bhfulaingeoidh siad éagothroime agus neamhchomhlíonadh a gceart daonna i gcinntí a théann i bhfeidhm orthu. Aithnímid taithí saoil mar shaineolas riachtanach a chuireann bonn eolais faoinár gcuid oibre agus ba cheart go gcuirfeadh sé bonn eolais faoi obair an Stáit chomh maith. Cuirimid luach ar chur chuige forbartha pobail chun daoine a chumasú le tabhairt faoi chomhghníomhaíocht chun tacú lena gcearta agus iad a éileamh.

Oibrímid, ar bhonn leanúnach, chun ár gcaidreamh agus ár bplé leis an tsochaí shibhialta a threisiú. Nuair is féidir, ba mhaith linn ár n-iarrachtaí a chomhcheangal agus oibriú i gcomhar le chéile chun cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn i gcomhréir lenár dtosaíochtaí straitéiseacha. Tosaíochtaí arna múnlú ag an tsochaí shibhialta.

Daoine ina suí timpeall ar bhoird chiorclacha i spás imeachtaí IHREC

Cén chaoi a bpléimid leis an tsochaí shibhialta agus a dtacaímid léi?

Pléimid leis an tsochaí shibhialta agus tacaímid léi ar roinnt bealaí.

Gach bliain, faoin Scéim Deontas dár gcuid um Chearta an Duine agus Comhionannais, soláthraímid deontais d’eagraíochtaí sochaí sibhialta chun tabhairt faoi thionscadail chun cearta an duine agus comhionannas a láidriú in Éirinn. Léiríonn téamaí na Scéimeanna Deontas na tosaíochtaí straitéiseacha a leagtar amach i Ráiteas Straitéise an Choimisiúin. Tacaíonn torthaí na dtionscadal le hiarrachtaí abhcóideachta na sochaí sibhialta agus le hobair an Choimisiúin.

Tá tús curtha againn le raon treoracha a sholáthar chun tacú le habhcóideacht agus gníomhaíocht na sochaí sibhialta ar mhaithe le cearta an duine agus an comhionannas a chosaint. 

Iarraimid ar eagraíochtaí sochaí sibhialta páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin. 

D’fhéadfadh cuirí chun aighneacht i scríbhinn a dhéanamh agus/nó páirt a ghlacadh i gcruinnithe comhairliúcháin a bheith san áireamh leis sin. 

Chuir comhairliúcháin den sórt sin bonn eolais ar fáil do:

  • Ráiteas Straitéise IHREC le haghaidh 2025–2027
  • Tuarascáil IHREC do Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha
  • Tuarascáil IHREC do Choiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú

Eagraímid fóraim leis an tsochaí shibhialta ó am go ham chun faisnéis a roinnt nó chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas atá ann faoi láthair nó atá ag teacht chun cinn.

Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais

Tugaimid deontais do chomhlachtaí chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí áirithe chun cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn in Éirinn. Gach bliain, maoinímid tionscadail faoi roinnt téamaí, a bhíonn nasctha go díreach lenár dtosaíochtaí straitéiseacha.

Scéim Deontas, daoine éagsúla i mbun comhoibre timpeall ar bhord