Léim go dtí an t-ábhar

Is foras cosanta í inscne i ndlí comhionannais na hÉireann.

Tarlaíonn idirdhealú ‘ar an bhforas inscne’ mura gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil inscne dhifriúil agat le duine eile.

Cuimsíonn inscne fireann, baineann, trasinscne nó neamh-dhénártha.

Cosnaítear mná torracha nó mná ar shaoire mháithreachais faoin bhforas inscne freisin.

Faoi dhlí an Aontais Eorpaigh, cosnaítear duine trasghnéasach a fhulaingíonn idirdhealú mar gheall ar a n-athshannadh inscne, nó aistriú, faoin bhforas inscne.

Cén bhaint atá ag inscne le cearta an duine agus comhionannas?

Tá comhionannas inscne ina phríomh-phrionsabal den dlí i leith comhionannais agus chearta an duine. Níor cheart go ndéanfaí idirdhealú ar aon duine ar bith ar bhonn inscne.

Tá feidhm ag comhionannas inscne sna réimsí uile de shochaí na hÉireann lena n‑áirítear saol teaghlaigh, cúram, sláinte, obair agus polaitíocht. Tá sé tábhachtach go gcuimsítear comhionannas inscne i ndlíthe agus beartais na hÉireann.

Seo a leanas cúpla ceann de na príomhdhlíthe faoi inscne in Éirinn, san Aontas Eorpach, agus go hidirnáisiúnta:

Is cosaint iad na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann ar idirdhealú ar bhonn inscne in Éirinn.

Le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW), táthar ag éileamh go gcuirfear deireadh leis an idirdhealú in aghaidh na mban.

Le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, éilítear ar Éirinn aghaidh a thabhairt ar fhoréigean in aghaidh na mban agus é a chosc.

Leis an Acht um Fhaisnéis faoin Difríocht Pá idir na hInscní 2021, éilítear ar eagraíochtaí a mbearna phá idir na hinscní in aghaidh na huaire a thuairisciú de réir méadracht éagsúil. 

Mura bhfoilsíonn siad an tuarascáil sin, tá sé tugtha de chumhacht dúinn cur isteach ar ordú forfheidhmithe ón gCúirt Chuarda nó ón Ard-Chúirt.

Céard atá ar bun ag IHREC i dtaobh inscne?

Dhíríomar ar inscne i mórán réimsí dár gcuid oibre lena n‑áirítear:

Reáchtálamar feachtas feasachta poiblí in 2023 maidir le hobair chúraim agus neamhionannas inscne.

Chuireamar aighneacht faoi bhráid an Tionóil Saoránach maidir le Comhionannas Inscne in 2020 i dtaobh na ngníomhartha lena bhfuil gá chun comhionannas inscne a bhaint amach.

Tá éileamh déanta againn go gcuimseofaí féiniúlacht inscne, léiriú inscne agus tréithe gnéis leis an ‘bhforas inscne’ i ndlí comhionannais na hÉireann.

Tá ról againn faoin Acht um Fhaisnéis faoin Difríocht Pá idir na hInscní, 2021. Leis an reachtaíocht sin, éilítear ar fhostóirí (a bhfuil breis agus 150 fostaí acu) an bhearna phá idir na hinscní ina n-eagraíocht a thuairisciú.

Cúram a Dhéanamh den Chomhionannas

Tá sé d’aidhm leis an bhfeachtas #CúramADhéanamhDenChomhionannas tionchar a imirt ar mheon an phobail maidir le luach an chúraim, nádúr inscneach an chúraim, obair a dhéantar gan phá agus ar phá íseal, agus faoin gcaoi a dtéann sé sin i bhfeidhm ar shaol na mban in Éirinn. Féach agus mná ó chúlraí difriúla ag roinnt a ndearcthaí pearsanta ar an gcaoi a dtéann neamhionannas inscne agus obair chúraim i bhfeidhm ar a saol ó lá go lá, ar a bhféidearthachtaí gairme agus ar a dtodhchaí.

Faigh eolas faoi do chearta má rinneadh idirdhealú ort