Léim go dtí an t-ábhar

Céard is Idirdhealú ar bhonn Míchumais ann?

An Foras Míchumais

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú faoi mhíchumas agus go bhfuil míchumas difriúil ar dhuine eile nó nach bhfuil siad faoi mhíchumas.

Is féidir roinnt riochtaí éagsúla a bheith i gceist le ‘míchumas’: riochtaí fisiciúla, intleachtúla, foghlama, cognaíochta, mothúchánacha nó leighis.

Bunaíodh le cásdlí go n-áirítear leis an sainmhíniú, mar shampla, dúlagar, titimeas, uamhan clóis (clástrafóibe) agus uamhan sráide (agrafóibe), alcólachas, coilm ar an éadan, ADHD (Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde), ionfhabhtú VEID, diaibéiteas agus disléicse. Cuimsítear leis freisin go leor laguithe nó galair eile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcuma atá ar do chorp nó ar an gcaoi a n-oibríonn sé.

Céard is Idirdhealú ar bhonn Míchumais i dtaobh Tithe Tábhairne ann?

Tarlaíonn idirdhealú ar bhonn míchumais i dtaobh tithe tábhairne nuair a dhiúltaítear seirbhís duit mar gheall ar do mhíchumas.

Sampla: Diúltaítear duit teacht isteach i dteach tábhairne toisc gur úsáideoir cathaoireach rothaí thú.

Sampla: Iarrtar ar dhuine a bhfuil siad inchinne orthu teach tábhairne a fhágáil mar féachann siad míshocair ar na cosa. 

Cén dlí a chosnaíonn thú ar idirdhealú i dtaobh Tithe Tábhairne?

Cosnaíonn an tAcht Deochanna Meisciúla ar idirdhealú “in áitreabh ceadúnaithe nó ag pointe iontrála áitribh cheadúnaithe” (mar shampla, teach tábhairne, nó bialann; nó aon áit ag a bhfuil ceadúnas chun alcól a dhíol)

Cosnaíonn na hAchtanna um Stádas Comhionann thú má dhéanann áitreabh ceadúnaithe idirdhealú ort ar an nguthán nó ar ríomhphost (is é sin, mura dtarlaíonn an t-idirdhealú líomhnaithe “in áitreabh ceadúnaithe nó ag pointe iontrála” an áitribh cheadúnaithe sin) 

Céard a chuimsítear faoin dlí?

I gcás áitreabh ceadúnaithe a dhíolann alcól, ar nós tithe tábhairne, clubanna oíche agus clubanna comhaltais, ní féidir leo idirdhealú a dhéanamh in áitreabh ceadúnaithe, ná ag pointe iontrála an áitribh cheadúnaithe.

Cén chaoi a ndéanfaidh mé gearán?

Tá dhá bhealach le gearán a dhéanamh faoi idirdhealú a dhéanann tithe tábhairne.

Pléitear le líomhaintí faoi idirdhealú a tharlaíonn “in áitreabh ceadúnaithe nó ag pointe iontrála áitribh cheadúnaithe” (teach tábhairne nó bialann, mar shampla; nó aon áit ag a bhfuil ceadúnas chun alcól a dhíol) sa Chúirt Dúiche.

Is féidir teacht ar na foirmeacha ábhartha cúirte ón tSeirbhís Chúirteanna. Tá na príomhfhorálacha ábhartha san Acht Deochanna Meisciúla, 2003, arna leasú.

Má dhéantar an líomhain faoi idirdhealú in aghaidh áitreabh ceadúnaithe ar an nguthán nó ar ríomhphost (is é sin, mura dtarlaíonn an t-idirdhealú líomhnaithe “in áitreabh ceadúnaithe nó ag pointe iontrála áitribh cheadúnaithe”), caithfear an líomhain sin a chur chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

Ceisteanna Coitianta

Ceadaítear, fad is atá fógra ina leagtar amach an beartas ar taispeáint in áit fheiceálach laistigh den áitreabh nó taobh amuigh den áitreabh.

Idirdhealú ar bhonn Míchumais i dtaobh an mhéid seo a leanas:

Obair

Seirbhísí

Oideachas

Tithíocht

Clubanna Comhaltais

An ndearnadh idirdhealú ort ar chúis eile?

Roghnaigh an foras agus an réimse ina ndearnadh idirdhealú ort