Léim go dtí an t-ábhar

Céard is cine agus ciníochas ann?

Is foras cosanta é cine faoi dhlí comhionannais na hÉireann.

Sainmhíníonn Comhairle na hEorpa ciníochas mar a leanas:

“an creideamh go bhfuil foras mar “cine”, dath, teanga, reiligiún, náisiúntacht nó bunadh náisiúnta nó eitneach ina údar cuí le drochmheas ar dhuine nó ar ghrúpa daoine, nó an coincheap go bhfuil duine nó grúpa daoine níos ardchéimiúla.”

Cén bhaint atá ag ciníochas le cearta an duine agus comhionannas?

Bíonn ciníochas le sárú ag an-chuid daoine in Éirinn gach lá.

Féadfaidh neamhionannas a bheith ann do dhaoine mar gheall ar a gcine de dheasca dlíthe, beartas agus gníomhartha. Ní bhíonn na cearta céanna acu agus a bhíonn ag gach duine eile ó thaobh oideachais, sláinte, oibre, tithíochta, ná i réimsí eile de shochaí na hÉireann.

An bhfuil dlíthe ann maidir leis an gciníochas?

Tá roinnt dlíthe ag Éirinn chun aghaidh a thabhairt ar chine agus ar chiníochas, agus shínigh Éire roinnt conarthaí idirnáisiúnta maidir le ciníochas:

  • Is cosaint iad na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann ar idirdhealú ar bhonn cine in Éirinn.
  • An tAcht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, 1989
  • An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Fuatha), 2024
  • Leagtar amach gníomhartha chun deireadh a chur le hidirdhealú ciníoch i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le hIdirdhealú Ciníoch a Dhíothú.
  • Soláthraíonn Caighdeáin an Choimisiúin Eorpaigh i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe moltaí maidir le gníomhartha chun aghaidh a thabhairt ar chiníochas

Céard atá ar bun ag IHREC i dtaobh ciníochais?

Dhíríomar ar chine agus ar chiníochas i mórán réimsí dár gcuid oibre lena n‑áirítear:

Reáchtálamar feachtas feasachta náisiúnta  in 2020–2021 lenar cuireadh i gcoinne meonta aonair agus sochaíocha a fhágann go bhfulaingíonn daoine ó chúlraí eitneacha difriúla mar gheall ar chiníochas.

In 2024, rinneamar aighneacht don Choimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe roimh an gcuairt monatóireachta dá chuid ar Éirinn.

Rinneamar moltaí in 2021 le haghaidh Phlean Gnímh Náisiúnta na hÉireann in aghaidh an Chiníochais.

Thugamar barúlacha faoin reachtaíocht a bhaineann le fuathchaint agus fuathchoireacht.

All Against Racism

Is éard is aidhm don fheachtas feasachta náisiúnta #AllAgainstRacism tionchar a imirt ar mheon daoine maidir le daoine ó eitneachtaí difriúla atá ina gcónaí in Éirinn. 

Féach ar an 11 duine seo ó fud fad na hÉireann agus iad ag labhairt faoi thionchar an chiníochais.

Eolas faoi do chearta má rinneadh idirdhealú ort mar gheall ar do chine