Tá an Coimisiúin freagrach as treo straitéiseach na heagraíochta. Cinneann sé cé na topaicí ar a ndírímid, cé na beartais atá againn, agus cathain a úsáidimid cumhachtaí áirithe.

Cé atá sa Choimisiún?
Tá 15 Chomhalta ag an gCoimisiún faoi láthair, agus an Príomh-Choimisinéir ina measc.
Cén chaoi a roghnaítear an Coimisiún?
Roghnaítear Comhaltaí an Choimisiúin trí phróiseas neamhspleách um cheapacháin phoiblí.
Faomhann an tOireachtas ansin iad agus ceapann an tUachtarán iad.
De réir an dlí, caithfidh an Coimisiún a bheith cothrom ó thaobh inscne de agus comhdhéanta de chineálacha difriúla daoine ag a bhfuil eolais nó taithí ar shaincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas.
Bíonn téarmaí cúig bliana de réir agaí ag na Comhaltaí. Déantar é sin chun a chinntiú go mbeidh Comhaltaí a bhfuil taithí acu i gcónaí in oifig. Ní féidir le Comhaltaí an Choimisiúin ach dhá théarma a chur isteach.

Cathain a thagann an Coimisiún le chéile?
Caithfidh an Coimisiún aon chruinniú amháin a reáchtáil gach trí mhí. De ghnáth, reáchtálann sé cruinnithe rialta gach sé seachtaine, agus a oiread cruinnithe urghnácha agus is gá.

Cén chaoi a ndéanann an Coimisiún cinntí?
Déanann an Coimisiún cinntí, i gcás inar féidir, de chomhthoil nó trí chomhaontú. Má bhíonn cásanna ann nach bhfuiltear ar aon tuairim ina leith, féadfar vóta an tromlaigh a úsáid.
