Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC) an príomhchomhlacht um chearta an duine agus um an gcomhionannas in Éirinn.
Oibrímid go neamhspleách ar an Rialtas chun cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn.
Tugann an tAcht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014 cumhachtaí dúinn chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas ar bhealaí éagsúla. Bíonn gach rud ó rannpháirteachas go forfheidhmiú i gceist leis sin. Áirítear leis comhairle a thabhairt faoi bheartais, eolas a roinnt, agus oibriú leis an tsochaí shibhialta. Ciallaíonn sé oideachas a chur ar dhaoine agus feasacht a mhúscailt freisin.
Sainorduithe
Ó cuireadh an Coimisiún ar bun, tá roinnt réimsí freagrachta breise tugtha dó. Áirítear ina measc siúd sainorduithe sna réimsí maidir le míchumas, gáinneáil ar dhaoine a chosc, intleacht shaorga, agus an bhearna phá idir na hinscní a thuairisciú.
An Rapóirtéir Náisiúnta um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc
Inár ról mar Rapóirtéir Náisiúnta Neamhspleách na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc, déanaimid:
- measúnú a dhéanamh ar threochtaí sa gháinneáil ar dhaoine;
- torthaí gníomhartha in aghaidh na gáinneála a thomhas;
- staidreamh a bhailiú (i gcomhar le heagraíochtaí sochaí sibhialta ábhartha freisin), agus
- tuairisciú a dhéanamh.
Oibrímid le híospartaigh agus marthanóirí na gáinneála, agus cuireann siad bonn eolais faoinár n-obair go díreach.

An Sásra Faireacháin Neamhspleách le haghaidh na hÉireann faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (‘UNCRPD’)
Is é ár ról UNCRPD a chur chun cinn, a chosaint agus faireachán nó monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a leanann Éire an Coinbhinsiún.
Comhoibrímid le daoine faoi mhíchumas agus eagraíochtaí sa réimse sin. Cinntíonn sé sin gur daoine a bhfuil fíorthaithí ar mhíchumas acu a mhúnlaíonn ár gcuid oibre.

An Sásra Náisiúnta Coisctheach Comhordaithe faoin bPrótacal Roghnach a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta
Nuair a rithfear an Bille um Chigireacht ar Áiteanna Coinneála, is muidne a bheidh ag obair mar an Sásra Náisiúnta Coisctheach
Cuideoimid lena chinntiú nach ndéanfar céasadh ar aon duine in Éirinn ná nach gcuirfear íde ná pionós atá cruálach, mídhaonna nó táireach ar aon duine in Éirinn.

Údarás Ainmnithe faoi Ghníomh an Aontais Eorpaigh um an Intleacht Shaorga
Rinneadh Údarás Ainmnithe le déanaí dínn faoi Airteagal 77 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga.
Is é an ról atá againn a chinntiú go bhfuil meas ar chearta an duine agus úsáid á baint as córais IS ardriosca.

Bearna Phá idir na hInscní a Thuairisciú
Tá ar roinnt eagraíochtaí tuarascálacha a roinnt maidir le bearnaí pá idir oibrithe fir agus mná.
Mura bhfoilseoidh siad an tuarascáil sin, is féidir linn cur isteach ar ordú forfheidhmithe ón gCúirt Chuarda nó ón Ard-Chúirt.

Obair Dhlíthiúil
Baineann sé seo a leanas lenár n-obair dhlíthiúil:
- gníomhú mar amicus curiae (cara na cúirte) agus mar idiragraí tríú páirtí
- Cóid Chleachtais a fhorbairt
- athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtais agus ar bheartais eagraíochtaí chun a chinntiú go gcuireann siad comhionannas chun cinn
- comhairle dlí nó cabhair dhlíthiúil a chur ar fáil i gcásanna áirithe
- cásanna a thionscnamh faoinár n-ainm féin
- fiosrúcháin a dhéanamh ar shaincheisteanna tromchúiseacha maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas

Athbhreithnithe Comhionannais
Tá sé de chumhacht againn a iarraidh ar eagraíocht tabhairt faoi Athbhreithniú Comhionannais. Tá sé de chumhacht againn tabhairt faoi Athbhreithniú Comhionannais maidir le heagraíocht freisin.

Pleananna Gníomhaíochta Comhionannais
D’fhéadfaimis a iarraidh ar eagraíocht Plean Gníomhaíochta Comhionannais a fhorbairt. Tá sé de chumhacht againn Plean Gníomhaíochta Comhionannais a ullmhú d’eagraíocht freisin.

Athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht agus ar bheartais
Déanaimid athbhreithniú ar chearta an duine agus comhionannas i ndlíthe agus i mbeartais. Más gá, molaimid feabhsuithe.
Learn moreTaighde
Tá sé d’aidhm ag ár dtaighde fianaise a sholáthar le haghaidh saincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas. Cuidíonn sé le beartais sna réimsí sin a mhúnlú freisin.
Learn moreDualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine
Leagann Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine oibleagáid reachtúil ar chomhlachtaí poiblí aird a thabhairt ar thosca chearta an duine agus an chomhionannais le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh.
Tá cumhachtaí dlíthiúla againn chun monatóireacht a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí agus chun faisnéis, treoir agus oideachas a thabhairt dóibh, chun a n-oibleagáidí reachtúla faoi alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014 a thuiscint agus a chomhlíonadh.

Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais
Tugaimid deontais do chomhlachtaí chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí áirithe chun cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn in Éirinn. Gach bliain, maoinímid tionscadail faoi roinnt téamaí, a bhíonn nasctha go díreach lenár dtosaíochtaí straitéiseacha.
Líonraí Idirnáisiúnta
Táimid níos láidre mar gheall gur páirt muid de líonraí domhanda um chearta an duine agus comhionannas. Comhoibrímid chun dul i ngleic le dúshláin agus chun deiseanna a thapú.

Cearta an Duine agus Comhionannas ar Oileán na hÉireann
Oibrímid lenár gcontrapháirtí i dTuaisceart Éireann maidir le saincheisteanna lena ndírítear ar oileán na hÉireann. Tá obair faoi Airteagal 2 de Chreat Windsor san áireamh leis sin.

Feachtais Feasachta Poiblí
De réir an dlí, tá ról againn chun feasacht phoiblí a chruthú ar shaincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas.
Ó bhí 2019 ann, reáchtálamar feachtais dar teidil “Mar gur daoine muid ar fad, is mar a chéile muid ar fad”.
Cumhdaíodh míchumas, ciníochas, inscne, cúram, agus aoiseachas sna feachtais sin.
Fíordhaoine a bhíonn inár bhfeachtais, agus iad ag caint faoi rudaí atá ina saincheisteanna acu i ndáiríre.
