Saoráid Changing Places
Cuireann Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas fíorchaoin fáilte roimh dhaoine faoi mhíchumas agus a gcúramóirí a dteastaíonn uathu leas a bhaint as ár saoráid leithris Changing Places, atá go hiomlán inrochtana, inár n-oifigí ar Shráid ag 16-22 Sráid na Faiche, Baile Átha Cliath 7.
Cuireann an tsaoráid shaintógtha seo níos mó spáis agus an trealamh ceart ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus do chúramóirí chun aire a thabhairt do shláinteachas pearsanta, go sábháilte agus go compordach.
Tá níos mó i gceist le leithreas Changing Places ná gnáthleithreas atá inrochtana ag cathaoir rothaí, toisc go bhfuil teicneolaíocht oiriúnaitheach bhreise ann: crochán ardaithe agus binse athraithe atá mór go leor do dhuine fásta agus ar féidir a airde a athrú.
Uaireanta oscailte
Luan go hAoine
9.00 – 13.00
14.00 – 17.00
Tabhair do d’aire go mbíonn ár ndeasc fáiltithe dúnta idir 13.00-14.00. Dá mba mhaith leat an tsaoráid a úsáid le linn na tréimhse sin, ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ann é sin a shocrú.
Guthán: + 353 (0) 1 8589601
Ríomhphost: changingplaces@ihrec.ie


Ceisteanna Coitianta faoinár Saoráid Changing Places
Bheimis sásta do chuid aiseolais a fháil faoi shaoráid IHREC ar ríomhphost chuig: changingplaces@ihrec.ie
Tá an tsaoráid Changing Places suite ar urlár na talún.
- Binse athraithe atá mór go leor do dhuine fásta agus ar féidir a airde a athrú
- Córas ardaitheora rianáin síleála (ar chúiseanna Sláinte agus Sábháilteachta, iarrtar ar chustaiméirí a gcrochán féin a thabhairt leo)
- Spás leordhóthanach do dhuine faoi mhíchumas agus suas le beirt chúntóirí
- Leithreas atá suite go lárnach a bhfuil neart spáis ar an dá thaobh de
- Scáthlán príobháideachais
- Frámaí siúil
Tá tuilleadh eolais faoin trealamh agus an tsaoráid a úsáid le fáil thíos:
Tá dhá spás páirceála inrochtana marcáilte lasmuigh de dhoras tosaigh an fhoirgnimh.
Tá léarscáil de shaoráidí eile Changing Places ag Changing Places Ireland.

