Léim go dtí an t-ábhar

Oifigigh Rochtana

De réir an Achta um Míchumas, 2005, ní mór do na comhlachtaí poiblí uile Oifigeach Rochtana amháin ar a laghad a bheith acu. 

Is pointe idirchaidrimh iad na hOifigigh Rochtana do dhaoine faoi mhíchumas a dteastaíonn uathu spás oifige agus seirbhísí IHREC a rochtain. 

De réir an Achta um Míchumas, 2005, déanann Oifigigh Rochtana an méid seo a leanas: 

“an soláthar cúnaimh agus treorach do dhaoine faoi mhíchumas a sholáthar nó a eagrú agus a chomhordú, agus iad ag rochtain a seirbhísí”.

Tá freagracht ar Oifigigh Rochtana IHREC as seirbhísí IHREC amháin agus ní féidir leo cúnamh a sholáthar chun seirbhísí aon chomhlachta eile a rochtain. 

Nuair a bhíonn ceist maidir le rochtain ag duine den phobal a bhaineann le haon cheann de na réimsí thuas, beidh an t-oifigeach rochtana ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an gceist agus an fhaisnéis a theastaíonn ón duine a sholáthar ar bhealach inrochtana. 

Guthán: (01) 8589601

Ríomhphost: access@ihrec.ie 

Freagrachtaí na nOifigeach Rochtana

Soláthraíonn nó eagraíonn agus comhordaíonn Oifigigh Rochtana IHREC an soláthar cúnaimh agus treorach do dhaoine faoi mhíchumas, agus iad ag rochtain a seirbhísí. 

Tá cúigear Oifigeach Rochtana againn faoi láthair. Bíonn gach Oifigeach Rochtana freagrach as rochtain ar a réimse ar leith a éascú:

Cinntíonn siad go mbeidh foirgneamh IHREC inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas

Cinntíonn siad go mbeidh suíomh gréasáin IHREC inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas

Cinntíonn siad go mbeidh seirbhísí dlí IHREC inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus go gcuirtear faisnéis faoi na seirbhísí in iúl ar bhealach inrochtana 

Cinntíonn siad go mbeidh seirbhísí ‘Do Chearta’ de chuid IHREC inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus go gcuirtear faisnéis faoi na seirbhísí in iúl ar bhealach inrochtana.

Cinntíonn siad go mbeidh na tacaí agus an rochtain uile ag daoine a bheidh ag teacht isteach i bhfoireann IHREC mar bhaill foirne chun tosú ar a róil, agus go gcuirtear faisnéis faoina ról agus a riachtanais in iúl ar bhealach inrochtana.

Inrochtaineacht an tSuímh Gréasáin

Táimid tiomanta don suíomh gréasáin atá againn a dhéanamh inrochtana, de réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de Chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí), 2020 agus an Gníomh Eorpach Inrochtaineachta 2025.

Inrochtaineacht an Fhoirgnimh

Tá oifig Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas lonnaithe in 16-22 Sráid na Faiche, Baile Átha Cliath 7. Is é D07 CR20 an t-éirchód agus tá léarscáil den láthair ar fáil anseo. https://goo.gl/maps/m1oNAiwmdNH2

Tá dhá spás páirceála inrochtana ar Shráid na Faiche, díreach taobh amuigh den bhealach isteach go dtí an Coimisiún. Is féidir páirceáil ansin saor in aisce má tá cead bailí páirceála agat atá le feiceáil go soiléir. Tá tuilleadh eolais le fáil ar leathanach gréasáin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Tá páirceáil sráide a n-íoctar aisti ar fáil ar Shráid na Faiche freisin, ach tá teorainn leis an líon spásanna a bhíonn ar fáil. Tá an stad bus is gaire (bealach 83) cúig nóiméad siúil ón gCoimisiún, ar Shráid an Teampaill.

Tá an Coimisiún ag úsáid trí urlár den fhoirgneamh. Táimid ar urlár na talún / fáiltiú agus ar an gcéad agus ar an tríú hurlár. Is féidir dul go dtí an chéad agus an tríú hurlár in ardaitheoir.

Tá saoráid leithris Changing Places atá go hiomlán inrochtana ar fáil ar urlár na talún. Tá níos spáis agus an trealamh iomchuí ar fáil sa tsaoráid do dhaoine a dteastaíonn cúnamh uathu ó chúramóir chun aire a thabhairt dá sláinteachas pearsanta go sábháilte agus go compordach. Tá eolas níos mionsonraithe faoi ghnéithe agus úsáid na saoráide ar ár leathanach gréasáin Changing Places.

Tá leithris inrochtana ar gach urlár

Saoráid Changing Places

Cuireann Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas fíorchaoin fáilte roimh dhaoine faoi mhíchumas agus a gcúramóirí a dteastaíonn uathu leas a bhaint as ár saoráid leithris Changing Places, atá go hiomlán inrochtana, inár n-oifigí ar Shráid ag 16-22 Sráid na Faiche, Baile Átha Cliath 7.

Cuireann an tsaoráid shaintógtha seo níos mó spáis agus an trealamh ceart ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus do chúramóirí chun aire a thabhairt do shláinteachas pearsanta, go sábháilte agus go compordach.

Tá níos mó i gceist le leithreas Changing Places ná gnáthleithreas atá inrochtana ag cathaoir rothaí, toisc go bhfuil teicneolaíocht oiriúnaitheach bhreise ann: crochán ardaithe agus binse athraithe atá mór go leor do dhuine fásta agus ar féidir a airde a athrú.

Uaireanta oscailte

Luan go hAoine

9.00 – 13.00

14.00 – 17.00

Tabhair do d’aire go mbíonn ár ndeasc fáiltithe dúnta idir 13.00-14.00. Dá mba mhaith leat an tsaoráid a úsáid le linn na tréimhse sin, ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ann é sin a shocrú.

Guthán: + 353 (0) 1 8589601

Ríomhphost: changingplaces@ihrec.ie               

Lógó ‘Changing Places’

Imeachtaí

Tá sé mar aidhm againn spás imeachtaí uileghabhálach agus fáilteach a chur fáil do chách. Chun ár gcuid imeachtaí a dhéanamh chomh hinrochtana agus is féidir, inis dúinn má tá aon riachtanais shonracha agat (aiste bia, cúrsaí leighis, teicneolaíochtaí cúnta nó aon riachtanais phearsanta eile) agus déanfaimid ár ndícheall freastal ort.

Tá spás imeachtaí an Choimisiúin lonnaithe ar urlár na talún den fhoirgneamh agus tá sé go hiomlán oiriúnach do chathaoireacha rothaí.

Tá córas lúb ionduchtúcháin sa halla. Inis dúinn roimh ré má tá tú le freastal ar imeacht agus go dteastaíonn an córas lúibe uait.

Tá ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann ar fáil d’fhormhór na n-imeachtaí móra a eagraíonn an Coimisiún. Inis dúinn roimh ré má tá tú le freastal ar imeacht agus go dteastaíonn ateangaire uait.

Is féidir na suíocháin sa halla a bhogadh thart le go mbeidh dóthain spáis ann do dhaoine a úsáideann cathaoir rothaí.

Tá fáilte roimh mhadraí cuidithe nó madraí treorach san fhoirgneamh agus is féidir socruithe a dhéanamh má chaitheann an madra dul chuig an leithreas.

Do Chearta

Is féidir linn cuidiú le faisnéis a sholáthar i bhformáid níos inrochtana do dhaoine a dteastaíonn uathu tuilleadh faisnéise a fháil faoina gcearta.  

Téigh i dteagmháil le hOifigeach Rochtana

Téigh i dteagmháil le hoifigeach rochtana

Líon isteach an fhoirm teagmhála chun dul i dteagmháil le hoifigeach rochtana.

Mar mhalairt air sin, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig access@ihrec.ie nó glao a chur ar 01 8589601

Any fields that contain the symbol * are required fields

This is an error message for the above select

This field is required

This field is required

Please enter a valid email address

This is an error message for the above select