Léim go dtí an t-ábhar

De réir an dlí, tá ról againn chun taighde a dhéanamh nó chun cúnamh a thabhairt le taighde, agus chun torthaí an taighde sin a ullmhú agus a fhoilsiú. Tá sé d’aidhm ag ár dtaighde fianaise a sholáthar le haghaidh saincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas. Cuidíonn sé le beartais sna réimsí sin a mhúnlú freisin. 

Clár Taighde na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta

Ó bhí 2017 ann, d’oibríomar leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta ar thaighde comhpháirteach

Sholáthair na cláir chomhpháirteacha sin eolas agus fianaise le haghaidh saincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas. 

Chruthaíomar tuarascálacha maidir le topaicí mar rochtain ar an gceartas, obair, tithíocht agus cearta daoine faoi mhíchumas.

Lógónna IHREC ESRI

Taighde a maoiníodh trínár Scéim Deontas

Tacaímid le gníomhaíochtaí taighde trí Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais dár gcuid freisin. Tá na léargais agus na sonraí ó na tionscadail sin ríthábhachtach dár gcuid oibre.

Sonraí

Tá sé tábhachtach sonraí soiléire faoin gcomhionannas a bhailiú ar bhonn rialta.

Is cuidiú é chun a chinntiú go mbeidh beartais cothrom. Ar an gcaoi sin, is féidir le gach duine páirt chomhionann a ghlacadh i saol na hÉireann. Táimid tiomanta do bhunús na sonraí comhionannais a neartú. Comhoibrímid leis an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe Eorpacha, agus le heagraíochtaí ábhartha. Is é ár sprioc feabhas a chur ar shonraí faoi chearta an duine agus comhionannas in Éirinn. 

Ríomhaire ar a bhfuil íomhánna de dheilbhíní a bhaineann le comhionannas agus sonraí

Pobalbhreith bhliantúil

Gach bliain, déanaimid suirbhé. Breathnaíonn an suirbhé sin ar dhearcthaí daoine maidir le cearta an duine agus comhionannas. Is suirbhé trasearnála agus ionadaíoch atá ann. Déanann cuideachta pobalbhreitheanna neamhspleách an suirbhé ar líne.