Léim go dtí an t-ábhar

Is féidir gach gearán faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO). 

Is é an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) an comhlacht atá freagrach as éilimh idirdhealaithe in Éirinn a chinneadh ar an gcéad dul síos. 

Bíonn CCÁO ag plé le héilimh a bhaineann le fostaíocht agus seirbhísí/earraí. 

Is féidir éileamh faoi idirdhealú inscne a dhéanamh leis an gCúirt Chuarda. 

Féach ar an bhfíseán anseo faoin gcaoi le cás a thabhairt chun CCÁO.
Féach ar an bhfíseán anseo faoin gcaoi le cás a thabhairt chun CCÁO.

Céard is gá a bheith ar eolas agam roimh chás a thosú?

Má thosaíonn tú cás, tabharfar an gearánach ort. Tabharfar an freagróir ar an duine nó an chuideachta a bhfuil tú ag tabhairt cás ina n-aghaidh.

Idirdhealú is ea nuair nach gcaitheann duine éigin chomh maith nó ‘fabhrach’ céanna leat seachas duine eile, i gcás cosúil leis, mar go mbaineann ceann amháin nó níos mó de na ‘forais chosanta’ leat.

Is féidir idirdhealú a fhulaingt ar cheithre bhealach ar leith: 

Idirdhealú díreach Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta dhifriúil a bhaineann leis na forais chosanta. 

Idirdhealú indíreach Seo nuair a chuireann córas nó beartas atá ceaptha a bheith neodrach faoi mhíbhuntáiste thú mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta a bhaineann leis na forais chosanta. 

Idirdhealú go barúlach Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leatsa is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, toisc gur mheas an duine sin, cé go raibh siad mícheart, go mbaineann na forais chosanta leat. 

Idirdhealú trí bhainteacht Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheamh le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar cheangal, gaol nó baint a bheith agat le duine éigin lena mbaineann na forais chosanta.

Na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998–2015

Nuair a chreideann duine go ndearnadh idirdhealú orthu i gcás fostaíochta ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na forais chosanta, is iad na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998–2015 an dlí ábhartha. Tá naoi bhforas chosanta i bhfeidhm faoi na hAchtanna sin.

Na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000–2018

Nuair a chreideann duine go ndearnadh idirdhealú orthu agus earraí agus seirbhísí á rochtain, lena n-áirítear, mar shampla, siopaí, bialanna, cóiríocht nó oideachas, ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na forais chosanta, is iad na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000–2018 an dlí ábhartha. Tá deich bhforas chosanta i bhfeidhm faoi na hAchtanna sin.

Tá naoi bhforas ann a chosnaítear faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann. Tá foras breise amháin ag na hAchtanna um Stádas Comhionann. Is iad na forais faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann araon: Inscne, lena n-áirítear:

  • fireann nó baineann;
  • trasinscne; nó
  • neamh-dhénártha.

Murar caitheadh chomh fabhrach céanna leat, mar gheall ar d’inscne, i gcomparáid le duine ag a bhfuil inscne dhifriúil, sin idirdhealú. Mar shampla, más bean thú agus nach gcaitear chomh fabhrach leat le fear. Stádas sibhialta, lena n-áirítear:

  • singil;
  • pósta;
  • scartha;
  • colscartha;
  • i do bhaintreach; nó
  • i bpáirtnéireacht shibhialta.

Má tá stádas sibhialta difriúil agat le duine eile, agus nach gcaitear chomh fabhrach céanna leat mar gheall air sin, sin idirdhealú. Mar shampla, má tá tú colscartha agus nach gcaitear chomh fabhrach leat le duine atá pósta. Stádas teaghlaigh, lena n-áirítear:

  • duine atá ag súil;
  • tuismitheoir;
  • tuismitheoir gníomhach páiste; nó
  • cúramóir duine atá faoi mhíchumas óna dteastaíonn cúram leanúnach.

Má tá stádas teaghlaigh difriúil agat i gcomparáid le duine eile, agus nach gcaitear chomh fabhrach céanna leat mar gheall air sin, sin idirdhealú. Mar shampla, má tá tú ag súil agus nach bhfuil duine eile. D’fhéadfaí an sampla sin a chumhdach leis an bhforas inscne freisin. Gnéaschlaonadh, lena n-áirítear:

  • heitrighnéasach;
  • homaighnéasach; nó
  • déghnéasach.

Mura gcaitear chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil gnéaschlaonadh difriúil agat le duine eile, sin idirdhealú. Mar shampla, má tá tú déghnéasach agus nach gcaitear chomh fabhrach céanna leat le duine nach bhfuil. Aois Mura gcaitear chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú níos sine nó níos óige ná duine eile, agus nach bhfuil aon chúis mhaith leis sin, sin idirdhealú. D’fhéadfadh nach idirdhealú é mura gcaitear chomh fabhrach céanna le páiste seachas duine fásta, tá roinnt eisceachtaí i bhfeidhm. Creideamh reiligiúnach, lena n-áirítear:

  • cúlra creidimh; agus
  • iad siúd nach bhfuil aon chreideamh reiligiúnach acu.

Mar shampla, is idirdhealú é mura gcaitear chomh fabhrach céanna leat mar dhuine ag a bhfuil creideamh Giúdach agus a chaitear le duine ag a bhfuil creideamh Caitlicigh Rómhánaigh nó nach bhfuil aon chreideamh acu. An Lucht Siúil Is idirdhealú é, mura gcaitear chomh fabhrach céanna le duine den Lucht Siúil agus a chaitear le duine eile nach den Lucht Siúil iad. Cine, lena n-áirítear:

  • dath;
  • náisiúntacht;
  • bunadh eitneach; nó
  • bunadh náisiúnta.

Is idirdhealú é má tá dath faoi leith ort, nó go bhfuil náisiúntacht nó eitneacht faoi leith agat, agus nach gcaitear chomh fabhrach céanna leat mar gheall air sin agus a chaitear le duine eile a bhfuil dath, náisiúntacht nó eitneacht eile acu. Míchumas, lena n-áirítear:

  • intleachtúil;
  • meabhrach; nó
  • fisiciúil; nó
  • meascán díobh thuas.

Is idirdhealú é má tá tú faoi mhíchumas, agus nach gcaitear chomh fabhrach céanna leat mar gheall air sin seachas duine eile nach bhfuil faoi mhíchumas. Féach freisin ar an eolas faoi ‘fhreastal réasúnta’. Má tá tú ag iarraidh rochtain a fháil ar thithíocht nó cóiríocht, is é an deichiú foras cosanta breise faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann: Cúnamh Tithíochta Is idirdhealú é má chuir tú isteach ar fhorlíonadh cíosa, íocaíocht cúnaimh tithíochta (HAP), nó aon íocaíocht faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, nó go bhfaigheann tú sin, agus mar gheall air sin nach gcaitear chomh fabhrach céanna leat le duine nár chuir isteach ar a leithéid d’íocaíocht nó nach bhfuair é.

Ní bhíonn aon táille ar chás a chur faoi bhráid CCÁO.

Costais Dlí

Go hiondúil, bíonn gach páirtí freagrach as a gcostais dlí féin ag CCÁO. Ní fhéadfaidh CCÁO a ordú duit costais dlí an taoibh eile a íoc, fiú mura n-éiríonn leat in aghaidh ceann amháin nó níos mó de na páirtithe.

Tá an dlí faoi chostais difriúil i gcásanna inscne

I gcás ina dtugtar cás faoi idirdhealú ar bhonn inscne chun na Cúirte Cuarda, má thugann tú cás in aghaidh an duine nó an eintitis mhíchirt, d’fhéadfadh an breitheamh a rá leat costais dlí an taoibh eile a íoc. Dá bhrí sin, má tá tú éiginnte faoi cé ba cheart an cás a thabhairt ina n-aghaidh, b’fhéidir go gcuimhneofá ar an gcás a chur faoi bhráid CCÁO ionas nach mbeadh ort costais dlí an fhreagróra a íoc.

Sula dtosaíonn tú cás faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó na hAchtanna um Stádas Comhionann, caithfidh tú:

  • A shainaithint cén tAcht agus cén foras nó cé na forais lena mbaineann an chaoi ar caitheadh go neamhdhleathach leat
  • A shainaithint cén chatagóir nó cé na catagóirí faoinar caitheadh go neamhdhleathach leat, ar nós idirdhealú nó ciapadh (féach “Téarmaí coitianta” thíos)
  • A bheith ar an eolas faoi na teorainneacha ama chun gearán a chur isteach (féach “Céard iad na teorainneacha ama chun cás a thabhairt?” thíos)
  • A shainaithint cé hiad an duine nó an chuideachta ceart chun gearán a dhéanamh fúthu agus, más faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann do chás, iad a chur ar an eolas go bhfuil sé i gceist agat gearán a dhéanamh (féach “An gcaithfidh mé a rá leis an duine nó leis an gcuideachta go bhfuil mé ag tabhairt cás ina n-aghaidh?” thíos)
  • An fhaisnéis agus an fhianaise ar fad a thacóidh le do ghearán a chur i dtoll a chéile, ag úsáid na bhfoirmeacha ábhartha más gá

Na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta

Faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, caithfidh tú gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) laistigh de shé mhí den dáta deiridh idirdhealaithe. D’fhéadfadh an spriocdháta sin tosú ó cheann díobh seo:

  • dáta na heachtra is deireanaí den iompar sáraithe;
  • an dáta ar ar chríochnaigh na gníomhartha nó an réimeas idirdhealaitheach; nó
  • dáta eachtra aonair.

I gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh CCÁO síneadh sé mhí eile a chur leis an am chun gearán a dhéanamh. Thabharfadh sé sin 12 mhí san iomlán, ach is go fíorannamh a thugann CCÁO an t-am breise sin i ndáiríre. Tá faisnéis faoin gcaoi le cur isteach ar shíneadh ama ar shuíomh gréasáin CCÁO. Nuair atá an tréimhse shínte sin thart, ní fhéadfaidh CCÁO aon síneadh breise a thabhairt chun éileamh a dhéanamh.

Na hAchtanna um Stádas Comhionann

Tá spriocdhátaí tábhachtacha i gceist nuair atá gearán le tabhairt faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann. Faoi na hAchtanna sin, caithfidh tú a rá le freagróir go bhfuil sé i gceist agat gearán a chur faoi bhráid CCÁO fúthu. Ní féidir leat cás a thabhairt chun CCÁO faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann go dtí go dtéann tú i dteagmháil leis an bhfreagróir agus am a thabhairt dóibh freagra a chur chugat. Tá dhá mhí agat ón dáta deiridh idirdhealaithe chun a rá leis an bhfreagróir go bhfuil sé i gceist agat gearán a chur faoi bhráid CCÁO. Ba cheart duit é sin a dhéanamh le Foirm ES1 (féach “An gcaithfidh mé a rá leis an duine nó leis an gcuideachta go bhfuil mé ag tabhairt cás ina n-aghaidh” thíos). I gcúinsí eisceachtúla, d’fhéadfadh CCÁO síneadh dhá mhí eile a chur leis an tréimhse dhá mhí sin chun freagróir féideartha a chur ar an eolas. Tréimhse ceithre mhí a bheadh ann ansin. Ní fhéadfaidh CCÁO é sin a dhéanamh ach i gcúinsí eisceachtúla agus má chreideann sé go bhfuil sé cóir agus réasúnach sin a dhéanamh. Tuilleadh faisnéise faoin nós imeachta atá le leanúint chun cur isteach ar shíneadh ama. Mura bhfaigheann tú freagra laistigh de mhí amháin, nó mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fuair tú, is féidir leat do ghearán a chur faoi bhráid CCÁO ansin. Ba cheart duit an cineál sin gearáin a chur isteach ar fhoirm ghearáin CCÁO. Caithfidh tú an gearán a chur isteach laistigh de shé mhí den uair a tharla an t-idirdhealú a líomhnaítear nó, i gcás gur tharla cúpla eachtra, an uair dheireanach a tharla an t-idirdhealú a líomhnaítear. Féadfaidh CCÁO an t-am ina gcuirtear gearán isteach a shíneadh ó shé mhí go 12 mhí má chreideann sé go bhfuil cúis réasúnach leis sin, cé gur go fíorannamh a dhéanann CCÁO sin i ndáiríre.

Idirdhealú leanúnach

In go leor cásanna, ní tharlóidh ach gníomh idirdhealaithe amháin. Bíonn sé éasca a chinneadh dá bhrí sin cén dáta ar ar thosaigh an tréimhse sé mhí chun gearán a dhéanamh. Ach bíonn cásanna ann freisin ina dtarlaíonn eachtra idirdhealaitheach arís agus arís eile i gcaitheamh tréimhse fhada. D’fhéadfadh clásal atá i do chonradh fostaíochta, mar sampla, a bheith ina chúis le hidirdhealú a leanfadh ar aghaidh ar feadh tréimhse. Tugtar ‘idirdhealú leanúnach’ air sin, agus d’fhéadfaí cur síos ar chás mar sin mar ‘shárú leanúnach’. Caithfidh tú a bheith soiléir faoi cén uair a thosaíonn an teorainn ama sé mhí chun gearán a dhéanamh agus cén uair a chríochnaíonn sí. Fiú nuair a chreideann tú go bhfuil idirdhealú leanúnach ar bun, tá sé tábhachtach a bheith aireach agus gearán a dhéanamh a luaithe is féidir chun sárú na teorann ama sé mhí a sheachaint. Uaireanta beidh sé breá soiléir go bhfuil idirdhealú leanúnach i gceist. D’fhéadfadh go mbeadh na cleachtais nó na gníomhartha idirdhealaitheacha fós ar bun nuair a dhéanann tú an gearán. Mar shampla, d’fhéadfadh fostóir a bheith ag íoc tuarastal neamhionann le fir agus mná a raibh ‘an cineál céanna oibre’ ar bun acu ar feadh i bhfad. D’athraigh siad a gcleachtais ansin agus thosaigh siad ag íoc tuarastal comhionann le fir agus mná. Dá bhrí sin thosaigh an teorainn ama sé mhí chun gearán a dhéanamh  ar an dáta ar athraíodh an pá. Sampla eile ná dá mbeadh comhartha ag siopadóir ar fhuinneog an tsiopa á rá nach raibh cead aon mhadra, Madraí Treorach ina measc, a thabhairt isteach sa siopa. Bhain an siopadóir anuas an comhartha sin ansin agus thug cead isteach do dhaoine a raibh Madraí Treorach leo. Thosaigh an teorainn ama chun gearán a dhéanamh ar an lá ar baineadh anuas an comhartha. Ní bhíonn cásanna eile chomh cinnte céanna. Uaireanta beidh bearnaí móra idir gníomhartha nó cleachtais idirdhealaitheacha. Bíonn sé níos deacra dá bhrí sin a chinneadh ar tharla ‘sárú leanúnach’. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh gur tharla sraith rudaí a rinneadh, nó nach ndearnadh, as ar eascair idirdhealú. Mar sin, d’fhéadfadh go mbeadh eachtra idirdhealaithe amháin, nó níos mó, lasmuigh den teorainn ama sé mhí. Ach sa chás go bhfuil an t-idirdhealú sách nasctha le hidirdhealú a tharla laistigh den teorainn ama, d’fhéadfaí iad a mheas mar chuid den idirdhealú leanúnach. Tá sé tábhachtach go mbeifeá aireach. Beidh tuairimí difriúla ag daoine difriúla faoinar tharla sárú leanúnach nó nár tharla.

Cásanna faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta

Faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, ní gá a rá le freagróir go bhfuil sé i gceist agat gearán a chur faoi bhráid CCÁO fúthu. Is féidir leat gearán a chur faoi bhráid CCÁO láithreach ar Fhoirm Ghearáin CCÁO. Ach b’fhéidir gur mhaith leat dul i dteagmháil leo roimh ghearán a chur isteach chun faisnéis a iarraidh a chabhródh le do chás a dhéanamh.

Cásanna faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann

Faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann, caithfidh tú a rá le freagróir go bhfuil sé i gceist agat gearán a dhéanamh fúthu. Caithfidh tú é sin a dhéanamh laistigh de dhá mhí den dáta deiridh idirdhealaithe a líomhnaítear. Má tá an t-idirdhealú fós ar bun, caithfidh tú é a rá leo laistigh de dhá mhí den uair dheireanach a tharla sé.

Cén chaoi a gcuirfidh mé an freagróir ar an eolas?

Is féidir leat an freagróir a chur ar an eolas le Foirm ES1 ó CCÁO. B’fhéidir go mbeadh ort cruthúnas a thabhairt gur chuir tú an freagróir ar an eolas; d’fhéadfá ceann díobh seo a thaispeáint, mar shampla:

  • deimhniú postála; nó
  • cruthúnas ar phost cláraithe.

Foirm Fógra ES1 a Chomhlánú

Sonraí Pearsanta Caithfidh tú do shonraí pearsanta a thabhairt ar Fhoirm ES1. Áirítear leo sin:

  • d’ainm;
  • do sheoladh;
  • bealach le dul i dteagmháil leat, trí ríomhphost a sheoladh chugat; agus más féidir
  • uimhir ghutháin

Má athraíonn do sheoladh, ba cheart duit é sin a chur in iúl don Fhreagróir féideartha a luaithe a tharlaíonn sé. An chatagóir lena mbaineann an chaoi a gcaitear go neamhdhleathach le daoine a shonrú Foráiltear do chúig chatagóir sna hAchtanna um Stádas Comhionann faoin gcaoi a gcaitear go neamhdhleathach le daoine. Is iad sin:

  • idirdhealú;
  • ciapadh;
  • gnéaschiapadh;
  • teip freastal réasúnta a dhéanamh (ar dhuine faoi mhíchumas);
  • íospairt

Tá sé tábhachtach go sainaithneofá cén chatagóir a chreideann tú a bhaineann leatsa. D’fhéadfá a líomhain go bhfuil níos mó ná catagóir amháin i gceist leis an gcaoi ar caitheadh go neamhdhleathach leat. Déantar sin ach tic a chur sa bhosca nó sna boscaí cuí. An foras faoinar ndearnadh idirdhealú ort a shonrú Dhá chéim ar leith é an chaoi ar caitheadh go neamhdhleathach leat a shonrú agus an foras faoinar fhulaing tú an t-idirdhealú sin. Tá deich bhforas faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann (ar nós inscne nó stádas sibhialta) ar féidir an t-idirdhealú a bhunú orthu. Caithfidh tú foras amháin ar a laghad ar tharla an t-idirdhealú faoi a shonrú, agus i roinnt cásanna b’fhéidir go mbeadh níos mó ná foras amháin i gceist. Tá na sainmhínithe ar gach foras sách sriantach. Féadfaidh tú a líomhain gur caitheadh go neamhdhleathach leat mar gur fhulaing tú íospairt, ciapadh nó gnéaschiapadh, nó na trí rud, freisin. B’fhéidir gur mhaith leat comparadóir a shainaithint ar Fhoirm ES1 freisin. Sonraí an ghearáin a thabhairt Caithfidh tú sonraí do ghearáin a thabhairt. Ar Fhoirm ES1 de do chuid, ba cheart duit sonraí a thabhairt faoin duine nó faoi na daoine a líomhnaíonn tú a thug faoin ngníomh nó cleachtas idirdhealaitheach. Ba cheart duit iarracht a dhéanamh a bheith chomh cruinn agus is féidir agus na nithe seo a leanas á dtabhairt agat:

  • dátaí;
  • amanna; agus
  • suíomhanna

Féadfaidh tú sonraí finnéithe a thabhairt freisin, cé nach bhfuil sé sin riachtanach ar Fhoirm ES1. Tuilleadh faisnéise a iarraidh D’fhéadfá faisnéis a iarraidh ar fhreagróir féideartha chun cabhrú leat cinneadh a dhéanamh ar cheart duit gearán a dhéanamh nó chun cabhrú leat dul chun cinn a dhéanamh ar do ghearán. Tá rannóg ar Fhoirm ES1 dó sin. Sa rannóg sin, iarrann tú ceisteanna ar an bhfreagróir. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar: ‘Na céimeanna atá le leanúint sula dtionscnaítear éileamh’ sa cháipéis seo. Síniú Bí cinnte Foirm ES1 a shíniú agus do shonraí a thabhairt. B’fhéidir go mbeadh ort cruthúnas a thabhairt gur chuir tú an freagróir ar an eolas; d’fhéadfá ceann díobh seo a thaispeáint, mar shampla:

  • deimhniú postála; nó
  • cruthúnas ar phost cláraithe.

Cúnamh Tá tuilleadh faisnéise faoi Fhoirm ES1 agus an próiseas chun í a chomhlánú ar shuíomh gréasáin CCÁO. Freagróidh CCÁO ceisteanna ginearálta agus míneoidh siad an chaoi a n-oibríonn an córas. Ní féidir le foireann CCÁO cabhrú leat Foirm ES1 a chomhlánú ná a chur in iúl duit an gceapann siad go n-éireoidh le do ghearán nó nach n-éireoidh.

Sula dtugann tú cás, caithfidh tú a bheith cinnte go bhfuil ainm ceart an fhreagróra faoina bhfuil tú ag gearán agat. Más cuideachta é an freagróir, d’fhéadfadh go mbeadh eolas ag daoine air faoi ainmneacha difriúla. Ach bíonn ainm dlíthiúil oifigiúil ag gach cuideachta, mar sin is fiú i gcónaí ‘cuardach cuideachta’ a dhéanamh. Cinntíonn sé sin go bhfuil ainm nó tuairisc na cuideachta cruinn ceart. Is féidir cuideachtaí a chuardach saor in aisce ar shuíomh gréasáin na hOifige um Chlárú Cuideachtaí. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh ainm dlíthiúil eagraíochta nó cuideachta a bheith difriúil leis an ainm a úsáideann siad agus iad i mbun trádála. Mar shampla, d’fhéadfadh go mbeadh “Seosamh an Sár-Phluiméara” ar chomhartha siopa. Ach is é ‘Pluiméireacht SB Teoranta’ ainm dlíthiúil na cuideachta. Tá sé tábhachtach go dtabharfá ainm na cuideachta ar an bhfreagróir, ‘Pluiméireacht SB Teoranta’ sa chás seo. Ná húsáid an t-ainm trádála, ‘Seosamh an Sár-Phluiméara’ as féin. Ag cloí leis an sampla seo, bheadh ort an freagróir a ainmniú mar ‘Pluiméireacht SB Teoranta ag trádáil mar Seosamh an Sár-Phluiméara’. Uaireanta, nuair atá cuardach le déanamh ar shuíomh gréasáin na hOifige um Chlárú Cuideachtaí, beidh sé deacair a fháil amach cén duine nó cuideachta ar cheart do ghearán a sheoladh chucu. Mar shampla, d’fhéadfadh go mbeadh an t-ainm céanna nó ainmneacha cosúla ar chúpla cuideachta, mar sin b’fhéidir gur mhaith leat do ghearán a chur chuig níos mó ná freagróir amháin. D’fhéadfadh an eagraíocht a dteastaíonn uait gearán a dhéanamh fúithi deimhniú a thabhairt freisin faoin ainm ceart le húsáid má iarrtar uirthi é. Is féidir cásanna in aghaidh freagróirí míchearta a tharraingt siar níos deireanaí, ach ní fhéadfaidh tú gearán a thabhairt in aghaidh freagróra nuair atá an t-am cuí dó imithe in éag. Mura bhfuil tú cinnte cé a dtabharfaidh tú cás ina n-aghaidh tríd an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO), ba cheart duit na freagróirí a chreideann tú a d’fhéadfadh a bheith freagrach a ainmniú. Ba cheart duit é sin a dhéanamh, fiú má tá seans ann nach iad a bhí freagrach.

D’fhéadfá faisnéis a iarraidh ar fhreagróir féideartha chun cabhrú leat cinneadh a dhéanamh ar cheart duit gearán a dhéanamh nó chun cabhrú leat dul chun cinn a dhéanamh ar do ghearán. Sula gcuireann tú aon cheist ar fhreagróir féideartha, ba cheart duit machnamh a dhéanamh ar cén fhaisnéis a theastaíonn uait chun cabhrú le d’éileamh go ndearnadh idirdhealú ort. Caithfidh an gearánach cruthúnas nó fianaise a thabhairt chun a thaispeáint gur dócha gur tharla an líomhain (éileamh nó ráiteas nár cruthaíodh) d’idirdhealú a luaigh siad. Tugtar an ‘dualgas cruthúnais’ air sin. Cé nach gcaithfidh tú an fhaisnéis sin a chuardach, d’fhéadfadh sé cabhrú leat cinneadh a dhéanamh ar cheart gearán a dhéanamh nó nár cheart. D’fhéadfadh an fhaisnéis a gheobhaidh tú cabhrú leat dul chun cinn a dhéanamh ar do ghearán freisin. Má theastaíonn uait gearán a thabhairt faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó na hAchtanna um Stádas Comhionann, féadfaidh tú:

  • Nótaí a bhreacadh thú féin
  • Iarraidh ar fhinnéithe faisnéis a thabhairt
  • Iarraidh ar an bhfreagróir aon fhaisnéis ábhartha atá acu a thabhairt duit

Nótaí a bhreacadh

Ba cheart duit nótaí a bhreacadh faoi aon imeacht a tharlaíonn a luaithe is féidir ina dhiaidh. Cuir an dáta ar ar breacadh an nóta ar an gcáipéis freisin. D’fhéadfadh go mbeadh taifid ar an idirdhealú agat ar ríomhphost nó ar theachtaireachtaí téacs freisin. Mar shampla, má sheolann duine ceist ar ríomhphost chuig tiarna talún féideartha, agus go bhfreagraíonn an tiarna talún ag rá nach ligfidh siad an lóistín ar cíos don duine sin mar go bhfaigheann siad an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP), nó íocaíocht leasa shóisialaigh eile. Tá sé tábhachtach go gcoinneofaí na téacsanna agus na ríomhphoist sin, toisc go bhféadfaidís cabhrú le CCÁO nuair atá cinneadh le déanamh. Baineann sé sin le teachtaireachtaí gutha, cáipéisí páipéir agus grianghraif freisin.

Iarraidh ar fhinnéithe faisnéis a thabhairt

Nuair atá a leithéid ar fáil, lena gcead agus a dtoiliú, ba cheart duit ainmneacha agus sonraí teagmhála a thaifeadadh de dhaoine a bhí mar fhinnéithe ar an idirdhealú líomhnaithe (nár cruthaíodh) nó a bhí ar an eolas faoi. D’fhéadfadh go mbeadh cead acu dul go héisteacht an aighnis chun a mhíniú do CCÁO céard a tharla agus cén fáth a gcreideann siad go ndearnadh idirdhealú ort arís.

Iarraidh ar an bhfreagróir aon fhaisnéis ábhartha atá acu a thabhairt duit

Féadfaidh tú aon fhaisnéis atá acu a bhaineann le do chás a iarraidh ar an bhfreagróir. Tá dhá fhoirm ag CCÁO freisin a d’fhéadfadh cabhrú leat fianaise a chur i dtoll a chéile:

  • Cásanna Stádais Chomhionainn: Úsáidtear Foirm ES1 chun an freagróir a chur ar an eolas go bhfuil sé i gceist agat cás a thabhairt. Tá rannóg ar an bhfoirm inar féidir leat ceisteanna a fhiafraí den fhreagróir.
  • Cásanna Comhionannais Fostaíochta: Féadfaidh tú Foirm EE2 a úsáid chun faisnéis a iarraidh ar d’fhostóir nó ar fhostóir féideartha.

I gcás gearán faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann, d’fhéadfadh an fhaisnéis ábhartha a bheith scríofa ar cháipéis ó sholáthraí na n-earraí nó na seirbhíse, ina measc, mar shampla:

  • admháil siopa; nó
  • biachlár bialainne.

Má tá tú ag déanamh gearán faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, d’fhéadfá faisnéis scríofa ar cháipéisí a fuair tú ó fhostóir a úsáid. D’fhéadfaí a áireamh leis sin:

  • duillín pá;
  • litir oifigiúil; nó
  • conradh fostaíochta.

Taifid phoiblí

Má tá gearán á dhéanamh agat faoi chomhlacht poiblí, tugann an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 an ceart duit taifid a choinníonn comhlachtaí poiblí a lorg agus cóipeanna a fháil díobh. Áirítear orthu sin cáipéisí a bhainfeadh leatsa go pearsanta agus cáipéisí poiblí eile. Tugaimid liosta de chomhlachtaí poiblí samplacha anseo thíos. Féadfaidh tú faisnéis a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 am ar bith, roimh ghearán a chur isteach faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus/nó na hAchtanna um Stádas Comhionann nó ina dhiaidh sin.

Tabhair na ceanglais faoi deara

Tabhair faoi deara gur rudaí ar leith iad iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus fógra faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann. Tá tuilleadh faisnéise faoi ‘An gcaithfidh mé a rá leis an duine nó leis an gcuideachta go bhfuil mé ag tabhairt cás ina n-aghaidh?’ thuas.

Comhlachtaí poiblí

D’fhéadfá gearán a dhéanamh faoi chomhlacht poiblí ar nós:

  • roinn rialtais;
  • údarás áitiúil;
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS);
  • an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (TUSLA);
  • ollscoileanna áirithe; agus
  • institiúidí oideachais eile a mhaoinítear go poiblí.

Léigh liosta iomlán de na comhlachtaí a bhfuil an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 i bhfeidhm orthu Cúiseanna a rinneadh cinntí Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, féadfaidh tú na cúiseanna a rinne comhlachtaí poiblí cinntí a théann i bhfeidhm ort a iarraidh freisin. Caithfear d’iarraidh a admháil laistigh de dhá sheachtain Féadfaidh tú iarraidh a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ar ríomhphost nó trí litir a scríobh. Tá foirmeacha ag roinnt eagraíochtaí ar a suíomh gréasáin freisin agus bíonn sé níos éasca agus níos tapa iarraidh a chur isteach mar sin. I ndiaidh duit iarraidh a dhéanamh, caithfidh an comhlacht ar chuir tú an t-iarratas faoina bhráid é a admháil laistigh de dhá sheachtain. Ba cheart don chomhlacht poiblí déileáil le d’iarraidh laistigh de cheithre seachtaine go hiondúil. Ach d’fhéadfaidís an tréimhse sin a shíneadh má tá, mar shampla, go leor cáipéisí a chaithfidh siad a nochtadh (a roinnt). Má theastaíonn síneadh ama, caithfidh siad scríobh chugat chun a chur in iúl duit go dteastaíonn síneadh uathu. Ní fhéadfaidh siad an tréimhse sin a shíneadh níos mó ná ceithre seachtaine eile (a fhágann ocht seachtaine san iomlán sa tréimhse sin).

An tAcht um Chosaint Sonraí, 2018

Foráiltear an ceart dleathach do gach duine faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018 rochtain a fháil ar shonraí pearsanta (is é sin, faisnéis phearsanta) fúthu féin. D’fhéadfadh gur rialaitheoir sonraí an freagróir. Mar shampla, d’fhéadfadh comhad fostaí a bheith i seilbh fostóra ina bhfuil faisnéis phearsanta atá ábhartha do chás féideartha. Sna cúinsí sin, is é an fostóir an rialaitheoir sonraí agus is é an fostaí an t-ábhar sonraí. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh píosa scannánaíochta CCTV a bheith ag úinéir siopa ina dtaispeántar gearánach agus an chaoi ar tharla an t-idirdhealú a líomhnaítear. Is é an t-úinéir siopa an rialaitheoir sonraí agus is é an gearánach an t-ábhar sonraí. Má tá gearán á dhéanamh agat, d’fhéadfá an fhaisnéis sin a iarraidh chun cabhrú leat le do ghearán. Féadfaidh tú iarraidh ar fhaisnéis a rochtain a dhéanamh am ar bith agus ar bhealach ar bith – i scríbhinn nó ó bhéal. Tá na hiarratais sin mar an gcéanna le hiarratais ar rochtain ar shonraí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS, nó GDPR i mBéarla). Ní gá duit dhá iarratas ar leith a chur isteach faoin dá chreat. Cruthaíonn iarratais i scríbhinn taifead soiléir Má dhéanann tú iarraidh i scríbhinn, beidh taifead soiléir ar d’iarratas. D’fhéadfadh go mbeadh foirmeacha nó leathanach gréasáin ag roinnt rialaitheoirí sonraí trína n-iarrfar ar dhaoine iarrataí ar rochtain ar shonraí a chur isteach. Ach caithfidh siad bealaí eile a chur ar fáil duit freisin chun sonraí a iarraidh. Ba cheart duit cóip de do chruthúnas aitheantais a chur faoi iamh le d’iarraidh ar fhaisnéis. Caithfidh an duine nó an comhlacht d’iarraidh a fhreagairt laistigh de mhí amháin de réir an dlí. Is féidir leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí tuilleadh faisnéise agus comhairle a chur ar fáil duit.

CCTV

D’fhéadfaí imeacht idirdhealaitheach a thaifeadadh ar CCTV. Má tá duine ar phíosa scannánaíochta CCTV, tá siad i dteideal cóip den scannán sin a iarraidh. Féadfaidh siad é a fháil ón duine nó ón eagraíocht ar leo nó a rialaíonn an CCTV, ar a dtugtar an ‘rialaitheoir sonraí’. Ní gá gurb in an freagróir. Tá sé tábhachtach píosa scannánaíochta CCTV a iarraidh a luaithe is féidir.

Fianaise leighis

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh duine díobháil fhisiciúil nó mheabhrach a fhulaingt mar gheall ar idirdhealú. Sna cásanna sin, ba cheart don duine sin dul chuig dochtúir chun tuairisc leighis a fháil faoi aon ghortú nó éifeachtaí diúltacha eile a bhain dóibh.

Foirmeacha CCÁO chun fianaise a chur i dtoll a chéile

Tá foirmeacha ag CCÁO freisin a d’fhéadfadh cabhrú leat fianaise ón bhfreagróir a chur i dtoll a chéile. Sula gcuireann tú aon cheist ar fhreagróir féideartha, ba cheart duit machnamh a dhéanamh ar cén fhaisnéis a theastaíonn uait chun cabhrú le d’éileamh go ndearnadh idirdhealú ort. Cé nach gcaithfidh tú an fhaisnéis sin a chuardach, d’fhéadfadh sé cabhrú leat cinneadh a dhéanamh ar cheart gearán a dhéanamh nó nár cheart. D’fhéadfadh an fhaisnéis a gheobhaidh tú cabhrú leat dul chun cinn a dhéanamh ar do ghearán freisin. D’fhéadfadh sé seo a leanas a bheith i gceist leis na cineálacha faisnéise a bheadh uait:

  • D’fhéadfá a fhiafraí den fhreagróir cén fáth a ndearna nó nach ndearna siad rud éigin ábhartha.
  • D’fhéadfá ceist a chur ar an bhfreagróir faoi aon bheartais nó nósanna imeachta ábhartha.
  • D’fhéadfá faisnéis a iarraidh ar an bhfreagróir faoin gcaoi a gcaitear le fostaithe eile ar mhaithe le comparáid a dhéanamh. Ach ní fhéadfaidh tú faisnéis rúnda a iarraidh, ná faisnéis faoi scála ná acmhainní airgeadais ghnó an fhreagróra. (Ciallaíonn ‘faisnéis rúnda’ faisnéis a bhaineann le duine faoi leith a mb’fhearr leis an duine sin gan í a roinnt. D’fhéadfadh gur faisnéis shonrach faoi fhostaí faoi leith a bheadh ann.)
  • D’fhéadfá faisnéis eile nach bhfuil rúnda a iarraidh ar an bhfreagróir, faisnéis a mbeadh sé réasúnach í a iarraidh sna cúinsí sin.

Má tá tú ag cuimhneamh ar ghearán a dhéanamh, d’fhéadfá faisnéis níos ginearálta a iarraidh freisin. Mar shampla, má chreideann fostaí mná go bhfuil idirdhealú pá i gceist, d’fhéadfadh go mbeadh sí ag iarraidh a fháil amach céard a íoctar lena comhghleacaithe fir atá sa ról céanna nó i róil chosúla. Foirm le haghaidh cásanna Stádais Chomhionainn – ES1 I gcásanna Stádais Chomhionainn, tá rannóg ar Fhoirm ES1 inar féidir ceisteanna a chur ar an bhfreagróir, chun cabhrú leat cinneadh a dhéanamh ar cheart duit gearán a dhéanamh nó chun cabhrú leat dul chun cinn a dhéanamh ar do ghearán. Foirm le haghaidh Cásanna Comhionannais Fostaíochta – Foirm EE2 Faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, cuireann Foirm EE2 ar do chumas faisnéis eile a lorg ó fhreagróir féideartha. D’fhéadfadh sé sin cabhrú leat cinneadh a dhéanamh ar cheart duit gearán a dhéanamh, nó cabhrú leat dul chun cinn a dhéanamh ar do ghearán. Foirm EE2 a chomhlánú Sonraí an fhreagróra Ba cheart duit ainm agus seoladh an té atá le ceistiú a thabhairt. Sonraí an ghearánaigh Ba cheart duit do shonraí pearsanta féin a thabhairt ar an bhfoirm. Teastaíonn na sonraí seo a leanas fút:

  • d’ainm;
  • do sheoladh; agus
  • do shonraí teagmhála.

An chatagóir lena mbaineann an chaoi a gcaitear go neamhdhleathach le daoine a shonrú Caithfidh tú a rá an bhfuil tú ag déanamh éileamh in aghaidh duine nó eagraíochta (d’fhostóir go hiondúil, ach ní gá gurb ea) mar gheall ar cheann acu seo a leanas:

  • rinne siad idirdhealú ort;
  • bhris siad as do phost thú nó ghearr siad pionós éigin eile ort arb ionann é agus ‘íospairt’;
  • níor íoc siad pá comhionann leat; nó
  • níor caitheadh go comhionann leat (seachas pá comhionann) i do chonradh fostaíochta.

Tá sé tábhachtach go sainaithneofá cén chatagóir a chreideann tú a bhaineann leatsa. D’fhéadfá a líomhain go bhfuil níos mó ná catagóir amháin i gceist leis an gcaoi ar caitheadh go neamhdhleathach leat. Caithfidh tú na catagóirí nach mbaineann le do ghearán a scriosadh (seachas cinn a roghnú). Ba cheart duit é sin a dhéanamh trí líne a chur trí na catagóirí nach mbaineann leat. An foras faoinar ndearnadh idirdhealú ort a shonrú Dhá chéim ar leith é an chaoi ar caitheadh go neamhdhleathach leat a shonrú agus an foras faoinar fhulaing tú an t-idirdhealú sin. Tá naoi bhforas faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta (ar nós inscne nó stádas sibhialta) ar féidir an t-idirdhealú a bhunú orthu. Caithfidh tú foras amháin ar a laghad ar tharla an t-idirdhealú faoi a shonrú, trí thic a chur sa bhosca cuí, agus i roinnt cásanna b’fhéidir go mbeadh níos mó ná foras amháin i gceist. Tá na sainmhínithe ar gach foras sách sriantach. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar: ‘Céard iad na forais chosanta?’ sa cháipéis seo. Cúinsí as a n-eascraíonn gearán Caithfidh tú sonraí do ghearáin a thabhairt. Níl géarghá le sonraí finnéithe ar aon eachtra líomhnaithe a thabhairt ar Fhoirm EE2. Mar sin féin, nuair atá tú ag tagairt don duine nó do na daoine a líomhnaíonn tú a thug faoin ngníomh nó cleachtas idirdhealaitheach, ba cheart duit iarracht a dhéanamh a bheith chomh cruinn beacht agus is féidir faoi:

  • dátaí;
  • amanna;
  • suíomhanna; agus
  • aitheantais

I gcás éileamh faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, go háirithe éilimh ina líomhnaítear pá neamhionann, b’fhéidir go mbeadh ort sonraí pá a thabhairt. B’fhéidir go mbeadh ort freisin ainmneacha, teidil phoist agus sonraí eile a thabhairt faoi dhaoine a éilíonn tú a dhéanann obair atá cosúil le d’obairse ach ar phá níos airde. I rannóg eile níos faide anonn, féadfaidh tú cúiseanna a thabhairt go gcreideann tú go raibh an chaoi ar caitheadh leat neamhdhleathach, ach ní gá duit. Ceisteanna a chuirtear ar gach freagróir Iarrtar ar Fhoirm EE2 ar na freagróirí:

  • ar an gcéad dul síos, an nglacann siad leis an gcuntas a thugann an gearánach ar an bhFoirm; agus
  • ar an dara dul síos, an nglacann siad gur sháraigh an chaoi ar chaith siad leis an ngearánach ceanglais na nAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta.

Ceisteanna sonracha a iarrann gearánach faoi leith Cuireann Foirm EE2 ar do chumas faisnéis eile a lorg ó fhreagróir féideartha. D’fhéadfadh sé sin cabhrú leat cinneadh a dhéanamh ar cheart duit gearán a dhéanamh, nó cabhrú leat dul chun cinn a dhéanamh ar do ghearán. Tá rannóg ar Fhoirm EE2 inar féidir leat a shonrú go dteastaíonn an fhaisnéis sin uait. Tá faisnéis faoi na cineálacha faisnéise a d’fhéadfadh cabhrú leat ar fáil ar: ‘Na céimeanna atá le leanúint sula dtionscnaítear éileamh’ sa cháipéis seo. Nuair atá faisnéis á cuardach agat, ba cheart duit é sin a dhéanamh trí cheisteanna a bhaineann le d’éileamh a iarraidh. Ní gá duit an fhaisnéis ábhartha a chuardach, ach d’fhéadfadh sé cabhrú leat cinneadh a dhéanamh ar cheart gearán a dhéanamh nó nár cheart. Ní gá don fhreagróir freagra a thabhairt ar an iarratas ar fhaisnéis ábhartha. ‘Faisnéis ábhartha’ Bíonn faisnéis ábhartha sna cásanna seo a leanas. Cúiseanna le beart a dhéanamh Is faisnéis ábhartha iad cúiseanna an fhreagróra aon rud atá ábhartha a dhéanamh nó gan a dhéanamh. D’fhéadfadh go mbainfeadh sé sin le beartais nó nósanna imeachta atá ábhartha nó a bhfuil tionchar acu ar an méid a rinne siad. An chaoi a gcaitear le daoine eile i suíomhanna cosúla Áirítear le faisnéis ábhartha faisnéis faoin gcaoi ar chaith an freagróir le daoine eile atá i suíomh cosúil leat. Níl faisnéis rúnda san áireamh ansin. Iarratais réasúnacha eile Faisnéis eile nach faisnéis rúnda í agus a mbeadh sé réasúnach go gcuirfeá ceisteanna faoi i bhfianaise chúinsí iomlána an cháis, is faisnéis ábhartha í freisin. D’fhéadfadh sé seo a leanas a bheith i gceist leis na cineálacha faisnéise a bheadh uait:

  • D’fhéadfaí ainm agus seoladh dlíthiúil an fhreagróra a iarraidh ar an bhfreagróir
  • D’fhéadfá a fhiafraí den fhreagróir cén fáth a ndearna nó nach ndearna siad rud éigin ábhartha.
  • D’fhéadfá ceist a chur ar an bhfreagróir faoi aon bheartais nó nósanna imeachta ábhartha.
  • D’fhéadfá faisnéis a iarraidh ar an bhfreagróir faoin gcaoi a gcaitear le fostaithe eile ar mhaithe le comparáid a dhéanamh. Ach ní fhéadfaidh tú faisnéis rúnda a iarraidh, ná faisnéis faoi scála ná acmhainní airgeadais ghnó an fhreagróra.
  • Ciallaíonn ‘faisnéis rúnda’ faisnéis a bhaineann le duine faoi leith a mb’fhearr leis an duine sin gan í a roinnt. D’fhéadfadh gur faisnéis shonrach faoi fhostaí faoi leith a bheadh ann.
  • D’fhéadfá faisnéis eile nach bhfuil rúnda a iarraidh ar an bhfreagróir, faisnéis a mbeadh sé réasúnach í a iarraidh sna cúinsí sin.

Má tá tú ag cuimhneamh ar ghearán a dhéanamh, d’fhéadfá faisnéis níos ginearálta a iarraidh freisin. Mar shampla, má chreideann fostaí mná go bhfuil idirdhealú pá i gceist, d’fhéadfadh go mbeadh sí ag iarraidh a fháil amach céard a íoctar lena comhghleacaithe fir atá sa ról céanna nó i róil chosúla. Féadfaidh tú an fhaisnéis sin a iarraidh trí Fhoirm EE2 a chur isteach. Síniú Bí cinnte Foirm EE2 a shíniú agus do shonraí a thabhairt. Cúnamh Tá tuilleadh faisnéise faoi Fhoirm EE2 agus an próiseas chun í a chomhlánú ar shuíomh gréasáin CCÁO. Freagróidh CCÁO ceisteanna ginearálta agus míneoidh siad an chaoi a n-oibríonn an córas. Ach ní féidir le foireann CCÁO cabhrú leat Foirm EE2 a chomhlánú ná a rá leat an gceapann siad go n-éireoidh le do ghearán nó nach n-éireoidh. Foirm chun iarratas ar fhaisnéis a fhreagairt – EE3 Féadfaidh an freagróir féideartha, fostóir go hiondúil, iarratas EE2 a fhreagairt ar Fhoirm EE3. Ní gá dóibh sin a dhéanamh. Ach mura bhfreagraíonn siad nó má bhíonn a bhfreagairtí bréagach nó míthreorach, d’fhéadfadh an tOifigeach Breithnithe é sin a chur san áireamh nuair atá toradh an cháis á chinneadh.

Faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann, féadfaidh tú gearán a dhéanamh ar Fhoirm Ghearáin CCÁO. Caithfidh tú é sin a dhéanamh laistigh de shé mhí den dáta deiridh idirdhealaithe a líomhnaítear. Má tá an t-idirdhealú fós ar bun, caithfidh tú é a rá leo laistigh de shé mhí den uair dheireanach a tharla sé. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar: ‘Teorainneacha ama’ sa cháipéis seo.

Sonraí an ghearánaigh

Caithfidh tú do shonraí pearsanta a thabhairt ar Fhoirm CCÁO. Áirítear leo sin:

  • d’ainm;
  • do sheoladh;
  • bealach le dul i dteagmháil leat, trí ríomhphost a sheoladh chugat; agus más féidir
  • uimhir ghutháin

Má athraíonn do sheoladh, ba cheart duit é sin a chur in iúl do CCÁO a luaithe a tharlaíonn sé.

Sonraí Fostaíochta agus Pá

Tá rannóg ann faoi Shonraí Fostaíochta agus Pá. Má tá gearán á dhéanamh agat faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann, ní gá na rannóga sin a líonadh isteach.

Sonraí freagróra

Nuair atá gearán á dhéanamh agat, caithfidh tú sonraí an fhreagróra a thabhairt sa rannóg chuí. Is é an freagróir an duine, an eagraíocht nó an chuideachta a deir tú a rinne idirdhealú ort. Caithfidh tú a chinntiú go bhfuil ainm an fhreagróra cruinn agus go n-úsáideann tú a n-ainm dlíthiúil iomlán. Ní fhéadfaidh CCÁO athrú a dhéanamh ar ainm an fhreagróra ar fhoirm ghearáin tráth níos faide ar aghaidh. Tá tuilleadh faisnéise, lena n-áirítear an chaoi le hainm dlíthiúil ceart an fhreagróra a shainaithint sa cháipéis seo: ‘Na céimeanna atá le leanúint sula dtionscnaítear éileamh’ sa cháipéis seo.

Sonraí Teagmhála an Fhreagróra

Má tá cás á thabhairt agat faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann, ní gá uimhir ÁSPC Fostóra a thabhairt.

Sonraí ionadaí

Má tá duine éigin socraithe agat chun ionadaíocht a dhéanamh ort, bíodh dlíodóir, oifigeach ceardchumainn nó duine eile i gceist, ba cheart duit tic a chur sa bhosca ábhartha chun é sin a chur in iúl. Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios agat nach bhfuil an chumhacht dhlíthiúil ag CCÁO chun a ordú do pháirtí amháin costais ionadaí an pháirtí eile a íoc, is cuma cé atá ann:

  • ionadaí dlíthiúil;
  • ionadaí ceardchumainn; nó
  • ionadaí ar bith eile.

Ní gá duit ionadaíocht dhlíthiúil a bheith agat chun gearán a thabhairt chun CCÁO, ach bíonn a leithéid ag roinnt páirtithe. Ní bhíonn CCÁO chomh foirmiúil le cúirt.

An bhfuil a fhios ag an bhfostóir/bhfreagróir go bhfuil tú ag déanamh gearáin?

Má chuir tú an freagróir ar an eolas trí Fhoirm ES1 nó Foirm EE2 ba cheart duit tic a chur sa bhosca cuí.

Réimse Ginearálta an Ghearáin

Roghnaigh “Discrimination/Equality/Equal Status” [Idirdhealú/Comhionannas/Stádas Comhionann]. Iarrfar ort catagóir an ghearáin a roghnú.

Réimse Shonraí Beachta an Ghearáin

An foras faoinar ndearnadh idirdhealú ort a shonrú

Dhá chéim ar leith é an chaoi ar caitheadh go neamhdhleathach leat a shonrú agus an foras faoinar fhulaing tú an t-idirdhealú sin. Tá deich bhforas faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann (ar nós inscne nó stádas sibhialta) ar féidir an t-idirdhealú a bhunú orthu, agus tá naoi bhforas faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta. Caithfidh tú foras amháin ar a laghad ar tharla an t-idirdhealú faoi a shonrú, agus i roinnt cásanna b’fhéidir go mbeadh níos mó ná foras amháin i gceist. Tá na sainmhínithe ar gach foras sách sriantach. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar: ‘Reachtaíocht ábhartha’ sa cháipéis seo. Ba cheart duit an dáta ar tharla an t-idirdhealú den chéad uair agus an dáta ar tharla an t-idirdhealú den uair dheireanach a thabhairt. D’fhéadfadh gur dáta amháin é sin.

An chatagóir lena mbaineann an chaoi a gcaitear go neamhdhleathach le daoine a shonrú

Ba cheart duit an chaoi ar caitheadh go neamhdhleathach leat a roghnú. Tá sé tábhachtach go sainaithneofá cén chatagóir a chreideann tú a bhaineann leatsa. D’fhéadfá a líomhain go bhfuil níos mó ná catagóir amháin i gceist leis an gcaoi ar caitheadh go neamhdhleathach leat. Déantar sin ach tic a chur sa bhosca nó sna boscaí cuí. Má tá gearán á dhéanamh agat faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann, ba cheart duit an dáta ar chuir tú an freagróir ar an eolas le Foirm ES1 a thabhairt. Éilíonn CCÁO ort cóip d’Fhoirm ES1 agus fianaise ar phostas a chur chuig CCÁO. Ba cheart duit a chur in iúl an bhfuair tú freagra ar Fhoirm ES1 nó nach bhfuair. Má fuair, ba cheart duit an dáta a bhfuair tú an freagra a thabhairt, agus cóip a chur chuig CCÁO.

Sonraí an ghearáin a thabhairt

Caithfidh tú sonraí do ghearáin a thabhairt. Ar Fhoirm Ghearáin CCÁO de do chuid, ba cheart duit sonraí a thabhairt faoin duine nó faoi na daoine a líomhnaíonn tú a thug faoin ngníomh nó cleachtas idirdhealaitheach. Ba cheart duit iarracht a dhéanamh a bheith chomh cruinn agus is féidir agus na nithe seo a leanas á dtabhairt agat:

  • dátaí;
  • amanna; agus
  • suíomhanna.

Féadfaidh tú sonraí finnéithe a thabhairt freisin, cé nach bhfuil sé sin riachtanach ar Fhoirm Ghearáin CCÁO. Nóta Praiticiúil – Ba cheart duit cóip de d’fhoirm a shábháil nó a phriontáil sula gcuireann tú faoi bhráid CCÁO í.

Idirghabháil

Iarrfar ar an ngearánach agus ar an bhfreagróir ar mhaith libh idirghabháil a úsáid don chás. Is bealach í idirghabháil le díospóidí a réiteach ina ndéanann idirghabhálaí iarracht teacht ar chomhthuiscint idir an gearánach agus an freagróir.

Nuair a dhéanann tú gearán, bíonn cúpla céim i gceist. Gheobhaidh tú litir ar dtús ina mbeidh uimhir thagartha bhreithnithe le haghaidh do cháis. Inseofar duit sa chomhfhreagras go gceapfar Oifigeach Breithnithe in am trátha. Mínítear anseo thíos na céimeanna a tharlaíonn i ndiaidh duit do ghearán a dhéanamh.

Idirghabháil

Déantar idirghabháil de do dheoin féin .i. is féidir leat rogha a dhéanamh idirghabháil a thriail nó gan a thriail. Ní bhíonn idirghabháil chomh foirmiúil le breithniú (éisteacht). Go hiondúil, bíonn na páirtithe i seomraí difriúla sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO). Labhraíonn an t-idirghabhálaí leis an ngearánach ar dtús agus ansin, i ndiaidh an méid a theastaíonn ón ngearánach a bhaint amach a phlé, labhraíonn an t-idirghabhálaí leis an bhfreagróir. Téann an t-idirghabhálaí siar agus aniar idir na páirtithe, ag iarraidh an díospóid a réiteach. Má theipeann ar an ngearánach agus ar an bhfreagróir teacht ar chomhaontú, cuirtear deireadh leis an idirghabháil agus d’fhéadfaí dul ar aghaidh go breithniú. Ní féidir breithniú a roghnú ar dtús agus ansin idirghabháil. Is é an buntáiste a bhaineann le hidirghabháil nach mbíonn sé chomh foirmiúil le breithniú. Dá bharr sin:

  • tarlaíonn seisiúin idirghabhála níos túisce ná éisteachtaí breithnithe go minic; agus
  • bíonn seisiúin idirghabhála faoi rún daingean, mar sin ní bheidh a fhios ag aon duine gur tharla siad.

San idirghabháil, mar shampla, d’fhéadfadh go ngabhfaí leithscéal le gearánaigh, go bhfaighidís tiomantas go dtabharfaí faoi oiliúint chomhionannais agus/nó go n-íocfaí cúiteamh leo. Is é an míbhuntáiste nach mbeidh a fhios ag aon duine faoin idirdhealú toisc:

  • d’fhéadfadh aon chomhaontú socraithe a bheith faoi réir clásal neamhnochta; agus
  • ní thabharfaidh an t-idirghabhálaí cinneadh ar tharla idirdhealú nó ciapadh nó nár tharla. Ní chuirfear cás ar aghaidh le haghaidh idirghabhála seachas má aontaíonn gearánach agus freagróir gur cheart dó sin tarlú. Tugann daoine faoin idirghabháil dá ndeoin féin agus féadfaidh ceachtar páirtí stopadh ag am ar bith.

Mura n-éiríonn le hidirghabháil, leanfar ar aghaidh go breithniú mura dtarraingíonn an gearánach a ngearán siar.

Breithniú

Mura ndéantar idirghabháil nó mura n-éiríonn léi, cuirfear an cás faoi bhráid Oifigeach Breithnithe a dhéanfaidh iniúchadh air. Gheobhaidh gearánaigh agus freagróirí litir ina n-inseofar dóibh cén áit agus cén uair a éistfear an cás. Éistfidh an tOifigeach Breithnithe leis an bhfianaise ar fad agus cinnfidh siad ansin ar tharla gníomhartha neamhdhleathacha nó nár tharla a sháraigh na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó na hAchtanna um Stádas Comhionann. D’fhéadfadh go dtógfadh sé tamall dáta a thabhairt chun do chás a éisteacht.

Éistear formhór na gcásanna a bhíonn os comhair CCÁO go poiblí anois. Is é sin, féadfaidh aon duine, iriseoirí ina measc, freastal ar an éisteacht agus éisteacht lena dtarlaíonn sa chás. Ach má bhíonn ‘cúinsí speisialta’ i gceist, tá sé de chumhacht ag Oifigeach Breithnithe a ordú nár cheart éisteacht (nó cuid di) a dhéanamh go poiblí.

An bhfoilseofar an cinneadh?

Foilsítear cinntí uile CCÁO ar shuíomh gréasáin CCÁO. Nuair a fhoilsítear cinneadh, tabharfar ainm na ndaoine:

  • a thóg an cás (an gearánach/na gearánaigh); agus
  • ar tógadh an cás ina n-aghaidh (an freagróir/na freagróirí).

Tá eisceachtaí teoranta ar an riail sin. Sonraítear na heisceachtaí sin in alt 41 den Acht um Chaidreamh san Áit Oibre, 2015. Leasaíodh é sin le halt 4 den Acht um Chaidreamh san Áit Oibre (Forálacha Éagsúla), 2021. D’fhéadfaí ainm gearánaigh nó freagróra a bhaint mar chuid de sin. Braitheann ‘cúinsí speisialta’ ar fhíorais gach cáis, ach d’fhéadfaí a áireamh leo:

  • Páistí – Nuair atá baint ag páiste leis an gcás.
  • Míchumas nó riocht sláinte – Nuair atá míchumas nó riocht sláinte ar dhuine lena mbaineann an gearán, agus nach dteastaíonn uathu go nochtfaí sin.
  • Ceisteanna íogaire – Cásanna ina bhfuil ceisteanna íogaire, ar nós gnéaschiapadh
  • Nochtaí cosanta (‘sceithireacht’) – Cásanna lena mbaineann nochtadh cosanta.
  • Baol díobhála – Cásanna a mbeadh fíorbhaol díobhála do dhuine dá dtoradh dá dtionólfaí an éisteacht go poiblí nó dá n-ainmneofaí na páirtithe sa chinneadh m.sh. duine ar deonaíodh stádas teifigh orthu.

Is féidir leat a iarraidh go dtionólfaí éisteacht go príobháideach ach ní cheadaítear é sin i gcónaí B’fhéidir gur mhaith leat go dtionólfaí an éisteacht go príobháideach nó nach bhfoilseofaí d’ainm, nó an dá cheann. Dá mba mhaith leat, is féidir leat scríobh chuig CCÁO chun é sin a iarraidh. D’fhéadfadh an tOifigeach Breithnithe cinneadh a dhéanamh roimh an éisteacht nó ar lá na héisteachta. Má chinneann an tOifigeach Breithnithe an éisteacht a thionól go poiblí agus/nó d’ainm a fhoilsiú, féadfaidh tú do ghearán a tharraingt siar sula leantar ar aghaidh leis. Sheachnófaí aon cheo suntasach fút nó faoi do ghearán a fhoilsiú agus/nó a thuairisciú mar sin. Má chinneann tú do chás a thabhairt chun na Cúirte Cuarda, éistfear go poiblí é. Má fhoilsíonn an breitheamh cinneadh, d’fhéadfadh go mbeadh sé ar fáil go poiblí.

Céard a tharlaíonn ag an éisteacht?

Bíonn éisteachtaí ar bun, go hiondúil, ag Áras Lansdún, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath 4, ach d’fhéadfaí iad a thionól ag áiteanna difriúla ar fud na tíre freisin chun go mbeadh sé níos éasca ar dhaoine nach gcónaíonn i mBaile Átha Cliath, nó i bhfad ó Bhaile Átha Cliath, páirt a ghlacadh ann. Nuair a thugtar gearán agus nuair a shocraítear dáta éisteachta, déanfaidh CCÁO machnamh ar shuíomh na bPáirtithe (Gearánach agus Freagróir). Mar shampla, má tá tú ag déanamh gearán in aghaidh siopa nó caifé i gCill Chainnigh, d’fhéadfadh go dtionólfaí an éisteacht i gCill Chainnigh. Ceapadh próiseas CCÁO le bheith chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir. Ní gá go mbeadh aturnae ná ionadaí dlíthiúil eile ag na páirtithe, cé go roghnaíonn go leor páirtithe ionadaíocht dhlíthiúil a úsáid. Bíonn éisteachtaí agus idirghabhálacha CCÁO ar siúl i seomraí cruinnithe, áit a mbíonn na páirtithe agus na hoifigigh breithnithe nó na hidirghabhálaithe ag suí timpeall ar bhoird. Murab ionann agus cúirt thraidisiúnta, is gnách in CCÁO go bhfanann gach duine atá páirteach in éisteachtaí agus idirghabhálacha ina suí. Is féidir socruithe speisialta a dhéanamh chun freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas.

Leag CCÁO síos nósanna imeachta sonracha le haghaidh bhreithniú agus imscrúdú na ngearán agus na ndíospóidí ar fad faoi chúrsaí fostaíochta agus comhionannais fostaíochta: Procedures in the Adjudication and Investigation of all Employment and Employment Equality Complaints and Disputes. Tionóltar éisteachtaí ó bhéal os comhair Oifigigh Bhreithnithe go poiblí anois, go hiondúil, agus d’fhéadfadh na meáin tuairisciú orthu. Má theastaíonn ón ngearánach nó ón bhfreagróir brath ar cháipéisí chun a gcás a chruthú nó a chosaint, caithfidh siad na cáipéisí sin a chur faoi bhráid CCÁO 15 lá oibre ar a laghad roimh an éisteacht. Caithfidh siad cóipeanna a chur ar fáil don fhreagróir atá páirteach sa chás ag an am céanna. Ba cheart do na gearánaigh ‘an tOifigeach Breithnithe’ nó ‘an Cathaoirleach’ a thabhairt ar an Oifigeach Breithnithe. Bíonn an tOifigeach Breithnithe freagrach as reáchtáil na héisteachta. Éistfidh an tOifigeach Breithnithe le fianaise an ghearánaigh ar dtús go hiondúil, agus le fianaise ó aon fhinné atá ag tacú leis an ngearánach. Tabharfaidh an freagróir fianaise ansin agus glaofaidh siad ar aon fhinné atá le tacú leo. Go hiondúil, is iad an té a d’iarr ar an bhfinné a theacht i láthair a chuireann ceisteanna orthu ar dtús. Is é an aidhm leis sin ná freagraí a fháil a chabhraíonn le dul chun cinn an cháis. Ansin bíonn deis ag an bpáirtí eile, nó a n-ionadaí, ceisteanna a chur ar an bhfinné.

Tabharfaidh an tOifigeach Breithnithe cinneadh i scríbhinn. Seolfar an cinneadh chuig na páirtithe ar fad atá bainteach leis an gcás. D’fhéadfaí é a chur ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin CCÁO. Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé cúpla mí a thógáil sula n-eisítear cinneadh.

Má éiríonn leat mar an gearánach agus nach ndéanann an freagróir achomharc, bíonn an cinneadh críochnaitheach. Bíonn 56 lá ag an bhfreagróir cinneadh an Oifigigh Breithnithe a chomhlíonadh (cloí leis). Mura gcomhlíonann siad an cinneadh sa tréimhse sin, is féidir leat iarratas a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche go gcuirfí an cinneadh i bhfeidhm. Ba cheart don Chúirt Dúiche sin a bheith ceangailte leis an gceantar ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfreagróir nó ina mbíonn siad i mbun a ngnó. Sula ndéanann tú iarratas leis an gCúirt Dúiche, is féidir leat dul i dteagmháil leis an oifig Cúirte Dúiche ábhartha chun faisnéis a fháil faoi.

Achomhairc faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta

Faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, má tá ceachtar páirtí míshásta le cinneadh Oifigigh Breithnithe, féadfaidh siad é a achomharc leis an gCúirt Oibreachais. Caithfear an t-achomharc a thabhairt chun na Cúirte Oibreachais laistigh de 42 lá de dháta chinneadh CCÁO. Ba cheart d’achomharc a dhéanamh ar an bhfoirm achomhairc. Más mian leat achomharc a dhéanamh ar chinneadh CCÁO, ba cheart duit cóip de chinneadh CCÁO a chur leis an bhfoirm. Ciallaíonn achomharc sa Chúirt Oibreachais go n-éistfear an cás arís ó thús deireadh. Bíonn an Chúirt Oibreachais níos foirmiúla ná CCÁO. Bíonn triúr comhaltaí ar phainéal chun éisteacht leis an ngearán. Oifigeach Breithnithe amháin ar bhíonn i gceist in CCÁO. Caithfear aighneachtaí i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte Oibreachais laistigh de thrí seachtaine den achomharc a chur isteach. D’fhéadfaí a chur sna haighneachtaí i scríbhinn sin:

  • breac-chuntas ar chúlra fíorasach an cháis;
  • na ceisteanna a bhfuil díospóid idir thú féin agus an freagróir ina leith;
  • an chaoi a bhfuil feidhm ag ceisteanna dlíthiúla agus prionsabail dhlíthiúla maidir le cúinsí gearánaigh; agus
  • an fáth ar cheart do pháirtí ar leith a gcás a bhuachan de thoradh na gceisteanna agus na bprionsabal dlíthiúil.

Beidh trí seachtaine ag an bhfreagróir ansin a n-aighneachtaí i scríbhinn a chur ar fáil.

Achomhairc faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann

Faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann, má tá ceachtar páirtí míshásta le cinneadh Oifigigh Breithnithe, féadfaidh siad é a achomharc leis an gCúirt Chuarda. Caithfear an t-achomharc a thionscnamh sa Chúirt Chuarda laistigh de 42 lá de dháta an chinnidh. Ciallaíonn achomharc sa Chúirt Chuarda go n-éistfear an cás arís ó thús deireadh. Ba cheart an t-achomharc a chomhdú sa cheantar cúirte cuarda ina bhfuil cónaí ar an bhfreagróir nó ina ndéanann an freagróir a ngnó. Beidh ort fógra foriarratais a líonadh isteach chun an cinneadh a achomharc. Is féidir cinneadh na Cúirte Cuarda a achomharc chun na hArd-Chúirte, ach ar phonc dlí amháin. Is é sin, ní féidir é a achomharc ach amháin má thaispeánann tusa nó an freagróir gur ghníomhaigh an Chúirt Chuarda ar bhealach a bhí lasmuigh dá cumhachtaí reachtúla. Ní bhíonn achomhairc chun na hArd-Chúirte chomh coitianta le hachomhairc ar chinntí CCÁO chun na Cúirte Cuarda.

Eolas Úsáideach

Céard is ‘idirdhealú’ ann?

Ciallaíonn idirdhealú nuair nach gcaitear chomh maith leat le duine eile, mar gheall ar cheann de na naoi bhforas chosanta faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, nó ceann de na deich bhforas chosanta faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann.

Idirdhealú díreach

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta dhifriúil a bhaineann leis na forais chosanta.

Idirdhealú indíreach

Seo nuair a chuireann córas nó beartas atá ceaptha a bheith neodrach faoi mhíbhuntáiste thú mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta a bhaineann leis na forais chosanta.

Idirdhealú go barúlach

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leatsa is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, toisc gur mheas an duine sin, cé go raibh siad mícheart, go mbaineann na forais chosanta leat.

Idirdhealú trí bhainteacht

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheamh le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar cheangal, gaol nó baint a bheith agat le duine éigin lena mbaineann na forais chosanta.

Céard is ‘ciapadh’ ann?

Baineann ciapadh le haon iompar neamh-inmhianaithe a bhaineann le:

  • aon cheann de na naoi bhforas chosanta faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta; nó
  • na deich bhforas chosanta faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann.

Caithfidh an t-iompar a bheith beartaithe chun dínit duine a shárú, agus timpeallacht mar seo a leanas a chruthú dóibh, nó go mbeadh ceachtar díobh sin nó an dá rud de thoradh an iompair:

  • timpeallacht bhagrach;
  • timpeallacht naimhdeach;
  • timpeallacht mhaslach;
  • timpeallacht náireach; nó
  • timpeallacht ghránna

Tuilleadh eolais faoi chiapadh agus gnéaschiapadh Léigh ár gCód Cleachtais i leith Gnéaschiapadh agus Ciapadh ag an Obair

Céard is ‘gnéaschiapadh’ ann?

Is ionann gnéaschiapadh agus aon chineáil iompair ghnéasaigh labhartha, neamhlabhartha nó fhisiciúil neamh-inmhianaithe. Tuilleadh eolais faoi chiapadh agus gnéaschiapadh Léigh ár gCód Cleachtais i leith Gnéaschiapadh agus Ciapadh ag an Obair

Céard is ‘freastal réasúnta’ ann?

Baineann freastal réasúnta le fostóir nó soláthraí seirbhíse ag déanamh athruithe praiticiúla ionas gur féidir le daoine atá faoi mhíchumas rochtain a fháil ar sheirbhísí agus iad a úsáid, nó páirt a ghlacadh i dtimpeallacht, nó an dá rud, ar comhchéim le daoine eile. Áirítear orthu sin idir sheirbhísí a n-íoctar as agus iad siúd a bhíonn saor in aisce. Tuilleadh eolais faoi do chearta chun freastal réasúnta a fháil faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta  Tuilleadh eolais faoi do chearta chun freastal réasúnta a fháil faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta

Cé atá i gceist le ‘gearánach’?

I gcomhthéacs na nAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na nAchtanna um Stádas Comhionann, is duine an gearánach a líomhnaíonn go ndearnadh idirdhealú agus/nó ciapadh orthu. Déanann an gearánach gearán faoin duine nó eagraíocht a éilíonn siad a bhí freagrach as an idirdhealú agus/nó as an gciapadh, nó déanann an gearánach éileamh ina n-aghaidh.

Cé atá i gceist le ‘freagróir’?

I gcomhthéacs na nAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na nAchtanna um Stádas Comhionann, is duine nó eagraíocht nó cuideachta an freagróir, a éilíonn duine aonair go bhfuil siad ciontach as gníomhartha idirdhealaithe agus/nó ciapadh a dhéanamh orthu.

Céard is ‘fianaise’ ann?

Bíonn cineálacha difriúla fianaise ann, ar nós:

  • cáipéisí, ar nós conradh fostaíochta;
  • píosa scannánaíochta CCTV;
  • fógra;
  • téacsteachtaireachtaí; nó
  • ríomhphoist

D’fhéadfadh gearánach nó freagróir fianaise a chur i láthair ag éisteacht díospóide ag CCÁO. D’fhéadfadh duine, ar a dtugtar ‘finné’ go minic, fianaise a thabhairt freisin mar fhianaise ó bhéal.

Mionn a thabhairt nó dearbhasc a dhéanamh

Iarrfar ar fhinnéithe, gearánaigh ina measc, mionn a thabhairt nó dearbhasc a dhéanamh sula dtugtar fianaise ó bhéal, chun a dheimhniú go n-inseoidh siad an fhírinne do CCÁO. Tá sé de cheart ag an taobh eile aon fhinnéithe a chroscheistiú. Go han-mhinic, inseoidh an duine a thug an gearán do CCÁO céard a tharla dóibh ina bhfocail féin. Déanfaidh siad cur síos ar rudaí ar nós:

  • céard a tharla;
  • cén uair a tharla an t-idirdhealú agus/nó an ciapadh;
  • cé a rinneadh an t-idirdhealú agus/nó an ciapadh;
  • cén áit ar tharla an t-idirdhealú agus/nó an ciapadh; agus
  • an tionchar a bhí ag an idirdhealú orthu.

Fianaise dhíreach

Má tá ionadaíocht dhlíthiúil ag duine, treoróidh a n-aturnae nó a n-abhcóide trína bhfianaise iad le sraith ceisteanna. Nuair a thugann duine fianaise ina gcás féin, tugtar ‘fianaise dhíreach’ air sin.

Croscheistiú

Nuair a chríochnaíonn duine ag tabhairt fianaise dhíreach, tá sé de cheart ag an taobh eile ceisteanna a chur orthu. Tugtar ‘croscheistiú’ air sin. Cé go bhféadfadh go leor daoine a bheith buartha faoi fhianaise dhíreach agus croscheistiú, d’fhéadfadh go gcabhródh sé a mheabhrú duit nach mbíonn CCÁO chomh foirmiúil le gnáthchúirt. Mura dtuigeann tú an cheist, is féidir leat a iarraidh go gcuirfí an cheist arís nó ar bhealach difriúil. I ndiaidh an chroscheistithe, bíonn seans amháin eile ag an té a ghlaoigh an finné níos mó ceisteanna a chur chun rud éigin a shoiléiriú nó chun tuilleadh faisnéise a thabhairt faoin méid a dúradh sa chroscheistiú. Féadfaidh an tOifigeach Breithnithe ceisteanna a chur ar an bhfinné freisin.

Cé atá i gceist leis an ‘Oifigeach Breithnithe’?

Déanann Oifigeach Breithnithe iniúchadh ar dhíospóidí agus éilimh a dhéanann daoine aonair faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann. Déanann siad:

  • cathaoirleacht ar éisteacht díospóidí;
  • iniúchadh ar an díospóid;
  • cinneadh an bhfuil bunús le cás gearánaigh nó nach bhfuil;
  • cinneadh ar thaispeáin freagróir,
    • nach ndearna siad idirdhealú, nó
    • go raibh údar oibiachtúil le déanamh amhlaidh (Ciallaíonn sé sin go raibh cúis mhaith acu leis an idirdhealú a cheadaítear faoin dlí).

Bíonn ról an Oifigigh Breithnithe cosúil le breitheamh i ngnáthchúirt, ach ní bhíonn siad chomh foirmiúil céanna, agus ba cheart duit ‘an Cathaoirleach’ nó ‘an tOifigeach Breithnithe’ a thabhairt orthu.

Céard é an dualgas cruthúnais?

Caithfidh an gearánach cruthúnas nó fianaise a thabhairt chun a thaispeáint gur dócha gur tharla an líomhain (éileamh nó ráiteas nár cruthaíodh) d’idirdhealú a luaigh siad. Tugtar an ‘dualgas cruthúnais’ air sin. Nuair a thaispeánann an gearánach gur dócha gur tharla an t-idirdhealú, deirtear gur thaispeáin siad cás idirdhealaithe ‘prima facie’ (‘ar an gcéad amharc’). Athraíonn an dualgas cruthúnais anois go dtí an taobh eile. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh an páirtí atá ag freagairt an ghearáin a thaispeáint:

  • nach ndearna siad idirdhealú ar an ngearánach, nó
  • go bhfuil cosaint mhaith acu i gcás na líomhna.

D’fhéadfadh gurb í an chosaint sin go raibh cúis mhaith a cheadaítear faoin dlí leis an idirdhealú. Faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, mar shampla, má thaispeánann an fhianaise ag an éisteacht go ndúirt fostaí lena fostóir go raibh sí ag súil i rith an lóin, agus ansin gur briseadh as a post í go luath ina dhiaidh sin, is dóigh go mbogfaidh an ‘dualgas cruthúnais’ ansin chuig an bhfreagróir, an fostóir sa chás seo, chun fianaise a thabhairt a thaispeánann nár briseadh an fostaí as a post mar gheall go raibh sí ag súil. Faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann, mar shampla, má thaispeánann an fhianaise ag an éisteacht go ndeachaigh duine den lucht Romach isteach i siopa chun bainne agus arán a cheannach agus gur dhiúltaigh an freastalaí siopa ag an gcuntar freastal orthu, is dóigh go mbogfaidh an ‘dualgas cruthúnais’ chuig an bhfreagróir, an siopa sa chás seo, chun fianaise a thabhairt nár diúltaíodh seirbhís don chustaiméir mar gur duine den lucht Romach iad.

Céard is ‘comparadóir’ ann?

Beidh ar ghearánach a bheith in ann a thaispeáint nár caitheadh chomh maith céanna leo agus a caitheadh nó a chaithfí le duine eile i gcás cosúil leo. Tugtar an ‘comparadóir’ ar an duine eile sin. Faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, mar shampla, má éilíonn fostaí mná go ndearnadh idirdhealú uirthi mar gur bean í, bheadh uirthi fianaise a thabhairt chun a thaispeáint gur caitheadh níos fearr lena comhghleacaí fir ná í. Sa sampla seo, tugtar an ‘comparadóir’ ar an gcomhghleacaí fir.

Céard is íospairt ann?

Tarlaíonn íospairt nuair a chaitear go dona le duine nó nuair a ghearrtar pionós orthu toisc go ndearna siad gearán le CCÁO nó go raibh baint éigin acu le gearán. Mar shampla, d’fhéadfaidís:

  • tacaíocht a thabhairt do dhuine eile a rinne gearán;
  • fianaise a thabhairt mar fhinné ag éisteacht gearáin duine eile; nó
  • cur i gcoinne gníomh atá neamhdhleathach de réir na nAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta nó na nAchtanna um Stádas Comhionann.

Cuir i gcás: cuireann duine gearán faoi bhráid CCÁO ag rá go ndearna a bhfostóir ciapadh orthu. Má thugann an fostóir ísliú céime dóibh as gearán a dhéanamh, d’fhéadfadh gur cineál íospartha é an t-ísliú céime sin.  Is cuma ar éirigh leis an gcéad ghearán faoi chiapadh nó nár éirigh. Is é an phríomhcheist an ndearnadh íospairt ar an duine mar go ndearna siad gearán ar an gcéad dul síos.

Céard iad aighneachtaí i scríbhinn?

Sula dtarlaíonn éisteacht, féadfaidh an té a rinne an gearán agus an duine nó an grúpa a ndearnadh an gearán fúthu, a n-argóintí dlí a scríobh agus iad a chur chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO). Tugtar aighneachtaí i scríbhinn orthu siúd.

An fhianaise agus an dlí

Sonraítear sna haighneachtaí i scríbhinn sin an méid a theastaíonn ó gach duine a rá faoin gcás. Go hiondúil beidh sonraí sna haighneachtaí i scríbhinn faoi:

  • an méid a deir gach páirtí a tharla (an cúlra fíorasach); agus
  • an chaoi a bhfuil feidhm ag an dlí maidir lena gcás agus a gcúinsí faoi leith féin.

Bíonn cinntí roimhe seo ábhartha

D’fhéadfadh cinntí a rinne CCÁO roimhe seo faoi ghearáin chosúla tacú le gearánach. D’fhéadfadh go gcabhródh sé sin go mór má tá a gcás cosúil le cásanna eile ar éirigh leo. D’fhéadfadh go dteastódh ó ghearánaigh tagairt a dhéanamh do chásanna eile ina n-aighneachtaí i scríbhinn agus/nó ó bhéal dá bharr sin. Tá siad sin le fáil ar Bhunachar Sonraí CCÁO.

Teorainneacha ama aighneachtaí i scríbhinn

Tá rialacha faoi leith ag CCÁO faoi na dátaí ar cheart aighneachtaí i scríbhinn a sheoladh chuig CCÁO agus chuig an bpáirtí eile. Faoi láthair, caithfear aighneachtaí agus aon cháipéisí eile a mbeidh gearánach nó freagróir ag brath orthu a sheoladh 15 lá oibre roimh dháta na héisteachta. Mura gcomhlíonann an taobh eile an riail sin, d’fhéadfadh gearánach iarratas a dhéanamh ar an gcás a chur ar atráth, is é sin, go n-éistfí an cás lá eile. Cinntíonn sé sin cothrom na Féinne agus go mbíonn am acu na cáipéisí a athbhreithniú. Is féidir an t-iarratas sin a dhéanamh leis an Oifigeach Breithnithe ar lá na héisteachta.