Céard í Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais?
Gach bliain, faoin Scéim Deontas dár gcuid um Chearta an Duine agus Comhionannais, soláthraímid deontais d’eagraíochtaí sochaí sibhialta chun tabhairt faoi thionscadail chun cearta an duine agus comhionannas a láidriú in Éirinn. Léiríonn téamaí na Scéimeanna Deontas na tosaíochtaí straitéiseacha a leagtar amach i Ráiteas Straitéise an Choimisiúin. Tacaíonn an Scéim Deontas le tionscadail um chearta an duine agus comhionannas ina bhfuil guth, cumas gníomhúcháin agus gníomh comhchoiteann na ngrúpaí agus na bpobal, a bhfuil neamhionannas agus neamhchomhlíonadh na gceart le sárú acu, i mbun athruithe a dhéanamh. Dírítear go mór ar thorthaí. Torthaí a fhéadfaidh tacú le hiarrachtaí abhcóideachta na sochaí sibhialta agus le hobair an Choimisiúin chun dul chun cinn a dhéanamh ar a thosaíochtaí straitéiseacha maidir le cearta an duine agus comhionannas.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
Tá ár Scéim Deontas oscailte d’iarratais ó eagraíochtaí sochaí sibhialta atá cláraithe i bPoblacht na hÉireann (d’fhéadfadh comhpháirtí i dTuaisceart Éireann a bheith acu) a bhfuil d’aidhm acu cearta an duine agus/nó comhionannas a chur chun cinn. Áirítear leis sin eagraíochtaí pobail agus deonacha náisiúnta nó áitiúla, líonraí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, grúpaí daoine a bhfuil cearta acu, grúpaí pobail bunaithe ar cheantar, grúpaí pobail sainleasa, agus ceardchumainn.
Caithfidh eagraíochtaí sochaí sibhialta a chuireann iarratas isteach a bheith ina n-eagraíochtaí neamhbhrabúis agus cláraithe mar Chuideachta leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO), agus/nó a bheith ina gcarthanas cláraithe.

Cé méid maoinithe atá ar fáil?
Bíonn maoiniú €350,000 ar fáil go bliantúil.
Is iad seo a leanas na deontais dá soláthraímid maoiniú:
- Deontais bheaga suas go €7,000
- Deontais ghinearálta suas go €22,000
Féadfaidh eagraíochtaí iarratas amháin a dhéanamh ar dheontas beag nó ginearálta, ach ní ar an bpéire acu.

Cén uair a osclaítear an scéim?
Osclaítear an Scéim Deontas d’iarratais i mí an Mhárta/mí Aibreáin go ginearálta agus dúntar í sé seachtaine níos déanaí.
Fógraítear na dámhachtaithe i mí Mheán Fómhair.

Cén chaoi ar féidir liom iarratas a dhéanamh?
Nuair a fhógraítear an Scéim Deontas, cuirimid an treoir agus na foirmeacha iarratais ar fáil ar ár suíomh gréasáin agus cuirimid chun cinn ar na meáin shóisialta iad. Soláthraímid seisiúin eolais ar líne faoi na Scéimeanna Deontas. Tá na mionsonraí ar fáil ar ár suíomh gréasáin freisin. Tugtar de chomhairle d’iarratasóirí an treoir ar fad a léamh sula líonann siad isteach an fhoirm iarratais. Seol an t-iarratas nuair a bheidh sé iomlán críochnaithe ar ríomhphost chugainn faoin spriocdháta. Ní ghlacfar le hiarratais dheireanacha.
Cé na cineálacha gníomhaíochta a mhaoiníonn sibh?
Tacaímid le raon leathan gníomhaíochta ina mbíonn ról ceannaireachta ag pobail agus daoine a bhfuil cearta acu, agus a fhorbraítear ó thaobh chearta an duine agus comhionannais de. Ní liosta uilechuimsitheach é seo, ach i measc na gcineálacha gníomhaíochtaí a bhféadfaí tacú leo tá:
- Tabhairt faoi thógáil cumais rannpháirtíochta, oiliúint agus gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le scileanna ceannaireachta agus abhcóideachta agus/nó a chabhraíonn le comhghuaillíochtaí a thógáil.
- Gníomhaíochtaí claochlaitheacha oideachais/oiliúna a chothaíonn athrú ar mheonta agus iompair.
- Acmhainní oideachais agus oiliúna a tháirgeadh i bhformáidí clóite, digiteacha, inrochtana nó eile.
- Tabhairt faoi thaighde cáilíochtúil agus rannpháirtíochta – moltar oibriú le piarthaighdeoirí agus iad a uas-sciliú;
- Anailís dlí, bheartais nó straitéise nó freagraí dlí, beartais nó straitéise a tháirgeadh;
- Anailís agus taifeadadh ar eiseamláirí dea-chleachtais; agus
- Tabhairt faoi mhonatóireacht, nó sásraí monatóireachta a fhorbairt.
- Comhdhálacha, seimineáir agus cruinnithe comhleibhéil a eagrú.
- Ábhair dhigiteacha nó chlóite a fhorbairt, a fhoilsiú agus a scaipeadh.
- Feachtais feasachta a eagrú agus uirlisí digiteacha a fhorbairt.
- Spásanna cruthaitheachta agus/nó rannpháirtíochta a ghiniúint le haghaidh plé agus comhroinnt foghlama.
- Comhdhálacha, seimineáir agus cruinnithe comhleibhéil a eagrú.
- Ábhair dhigiteacha nó chlóite a fhorbairt, a fhoilsiú agus a scaipeadh.
- Feachtais feasachta a eagrú agus uirlisí digiteacha a fhorbairt.
- Spásanna cruthaitheachta agus/nó rannpháirtíochta a ghiniúint le haghaidh plé agus comhroinnt foghlama.
Scéim Deontas 2025–2026
Tá Scéim Deontas 2025–2026 oscailte anois.
Is é cuspóir na scéime deontas tacú le tionscadail a reáchtálann an tsochaí shibhialta agus ceardchumainn chun cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn.
Tá €350,000 san iomlán ar fáil do na tionscadail.
