Léim go dtí an t-ábhar

Céard is Idirdhealú ar bhonn Míchumais ann?

An Foras Míchumais

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú faoi mhíchumas agus go bhfuil míchumas difriúil ar dhuine eile nó nach bhfuil siad faoi mhíchumas.

Is féidir roinnt riochtaí éagsúla a bheith i gceist le ‘míchumas’: riochtaí fisiciúla, intleachtúla, foghlama, cognaíochta, mothúchánacha nó leighis.

Bunaíodh le cásdlí go n-áirítear leis an sainmhíniú, mar shampla, dúlagar, titimeas, uamhan clóis (clástrafóibe) agus uamhan sráide (agrafóibe), alcólachas, coilm ar an éadan, ADHD (Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde), ionfhabhtú VEID, diaibéiteas agus disléicse. Cuimsítear leis freisin go leor laguithe nó galair eile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcuma atá ar do chorp nó ar an gcaoi a n-oibríonn sé.

Céard is Idirdhealú ar bhonn Míchumais i dtaobh Seirbhísí ann?

Tarlaíonn Idirdhealú ar bhonn Míchumais i dtaobh Seirbhísí nuair nach gcaitear chomh fabhrach céanna leat agus a chaitear le duine eile nach bhfuil faoi mhíchumas, nó nach bhfuil an míchumas céanna orthu. 

Ní fhéadfaidh daoine idirdhealú a dhéanamh ar an bhforas míchumais:

  • nuair atá siad ag soláthar earraí agus seirbhísí don phobal i gcoitinne, nó do chuid den phobal;
  • bídís saor in aisce nó bíodh na hearraí agus seirbhísí á ndíol, ar fruiliú, ar cíos nó á malartú; nó
  • nuair atá siad ag cur rochtain agus úsáid áite nó saoráide ar fáil.

Cén dlí a chosnaíonn ar idirdhealú thú agus tú ag fáil earraí agus seirbhísí?

Cosnaíonn na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000-2018 daoine ar idirdhealú agus iad ag ceannach earraí nó ag fáil seirbhísí. 

Céard a chuimsítear faoin dlí?

Cuireann na hAchtanna um Stádas Comhionann bac ar idirdhealú, ciapadh agus gnéaschiapadh i dtaobh an mhéid seo a leanas: 

  • Díol nó soláthar earraí agus seirbhísí
  • Seirbhísí tithíochta
  • Rochtain ar oideachas

Is ionann ‘earraí’ agus maoin shochorraithe ar bith – ar nós rudaí ar féidir leat a cheannach nó a dhíol. 

Is ionann ‘seirbhísí’ agus seirbhís nó saoráid de chineál ar bith a bhíonn ar fáil don phobal i gcoitinne nó do chuid den phobal. Cumhdaítear idir na seirbhísí agus an tsaoráid (an áit ina n-úsáideann daoine na seirbhísí) leis an sainmhíniú.  Mar shampla, cumhdaítear idir oideachas agus scoileanna, nó idir chúram sláinte agus chlinicí, leis.  

Áirítear saoráidí don mhéid seo a leanas le ‘seirbhísí’:

  • Baincéireacht, árachas, deontais, iasachtaí, creidmheas nó maoiniú
  • Siamsaíocht, áineas nó sólaistí
  • Gníomhaíochtaí cultúir
  • Iompar agus taisteal
  • Gníomhaíochtaí nó seirbhísí a sholáthraíonn club (a bhíonn ar fáil don phobal nó do chuid den phobal)
  • Ceirdeanna nó seirbhísí gairmiúla, ar nós pluiméireachta nó comhairle airgeadais
  • Seirbhísí oideachais
  • Seirbhísí poiblí a sholáthraíonn an Stát, ar nós FSS nó údaráis áitiúla
  1. Níl an liosta seo uileghabhálach. Tá dearcadh leathan ar a bhfuil i gceist le seirbhís sna hAchtanna um Stádas Comhionann.

Is é an riail ghinearálta nach féidir idirdhealú ná ciapadh a dhéanamh ar aon cheann de na forais maidir le:

  • Cóiríocht a fháil
  • Deireadh a chur le cóiríocht

Caithfidh an chóiríocht atá i gceist a bheith ar fáil don phobal i gcoitinne nó do chuid den phobal.

Ní fhéadfaidh scoileanna idirdhealú a dhéanamh ar dhalta ná scoláire maidir le: 

  • Duine a ligean isteach mar scoláire nó na téarmaí nó na coinníollacha a bhaineann le duine a ligean isteach mar scoláire
  • Rochtain ar aon chúrsa, saoráid nó sochar sa scoil
  • Aon téarma nó coinníoll eile a bhaineann le rannpháirtíocht sa scoil
  • Díbirt as an scoil nó aon phionós eile 

Sna hAchtanna um Stádas Comhionann, cumhdaíonn an téarma ‘scoileanna’ na suíomhanna oideachais poiblí agus príobháideacha ar fad, seirbhísí réamhscoile agus ollscoileanna ina measc. 

Cén chaoi a mbeadh a fhios agam go ndearnadh idirdhealú orm?

Idirdhealú is ea nuair nach gcaitheann duine éigin chomh maith nó ‘fabhrach’ céanna leat is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, mar go mbaineann na ‘forais chosanta’ leat.

Is féidir idirdhealú a fhulaingt ar cheithre bhealach ar leith:

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta dhifriúil a bhaineann leis na forais chosanta.

Seo nuair a chuireann beartas nó foráil atá infheidhme i leith gach duine faoi mhíbhuntáiste thú mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta a bhaineann leis na forais chosanta.

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leatsa is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, toisc gur mheas an duine sin, cé go raibh siad mícheart, go mbaineann na forais chosanta leat.

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheamh le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar cheangal nó gaol a bheith agat le duine éigin lena mbaineann na forais chosanta.

Céard iad na forais chosanta?

Faoi dhlí na hÉireann, is iad na forais chosanta:

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil inscne dhifriúil agat le duine eile.

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas sibhialta difriúil agat le duine eile.

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas teaghlaigh difriúil agat le duine eile. (Tabhair faoi deara: d’fhéadfadh go mbainfeadh cuid de na cásanna faoin bhforas seo leis an bhforas inscne freisin.)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil gnéaschlaonadh difriúil agat le duine eile.

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú níos sine nó níos óige ná duine eile agus nach bhfuil cúis mhaith leis (‘údar oibiachtúil’). (Tabhair faoi deara: ní chumhdaíonn an foras seo idirdhealú líomhnaithe ar pháistí i scoileanna.)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil creideamh difriúil agat le duine eile, nó, mar shampla, mar nach bhfuil aon chreideamh agat agus go bhfuil ag duine eile.

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar gur duine den Lucht Siúil thú agus nach ea an duine eile.

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil dath craicinn, náisiúntacht nó eitneacht dhifriúil agat le duine eile.

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú faoi mhíchumas agus go bhfuil míchumas difriúil ar dhuine eile nó nach bhfuil siad faoi mhíchumas.

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfaigheann tú forlíonadh cíosa, íocaíocht cúnaimh tithíochta (HAP), nó cineál eile íocaíochta leasa shóisialaigh agus nach bhfaigheann duine eile.

Freastal réasúnta

Tá sé de ceart agat freastal réasúnta a iarraidh má tá tú faoi mhíchumas.

Ciallaíonn freastal réasúnta na bearta a chaithfear a dhéanamh chun a chur ar a gcumas do dhuine faoi mhíchumas seirbhís a úsáid.

Ciallaíonn sé sin má tá tú faoi mhíchumas go gcaithfidh soláthraí seirbhíse gach a bhfuil réasúnta a dhéanamh chun freastal ar do riachtanais, dá mbeadh sé dodhéanta nó an-deacair ort rochtain a fháil ar an tseirbhís gan an freastal réasúnta sin. 

D’fhéadfadh go mbeadh beart nó saoráidí speisialta a chur ar fáil mar chuid de sin.

Samplaí de fhreastal réasúnta

  • Má tá tú bodhar, ateangaire theanga chomharthaíochta na hÉireann a chur ar fáil ar scoil nó i gcoláiste
  • Má úsáideann tú cathaoir rothaí, rampa a chur ar fáil le gur féidir leat dul isteach san áitreabh
  • Má tá máchail fhisiciúil ort nó má tá tú dall, ball foirne a chur ar fáil le thú a threorú trí fhoirgnimh oifigí agus tú ar cuairt

Má tá gnó nó seirbhís le húsáid agat den chéad uair, cé nach bhfuil aon oibleagáid ort ina leith, b’fhéidir gur maith an smaoineamh a bheadh ann a chinntiú go bhfuil a fhios acu go bhfuil tú faoi mhíchumas agus go dtuigeann siad an cineál freastail réasúnta a bheidh orthu a eagrú duit.

Ciapadh, gnéaschiapadh agus íospairt

Tá cosc ar chiapadh, ar ghnéaschiapadh agus ar íospairt i soláthar earraí agus seirbhísí. 

Is ionann ciapadh agus aon chineál iompair neamh-inmhianaithe a bhaineann le ceann ar bith de na foráis shonraithe. Is ionann gnéaschiapadh agus aon chineál iompair ghnéasaigh labhartha, neamhlabhartha nó fhisiciúil neamh-inmhianaithe ar bith.

Sa dá chás, is iompar é a bhfuil de chuspóir nó de thionchar aige go sáraítear dínit duine agus go gcruthaítear timpeallacht bhagrach, dhoicheallach, mhaslach, náireach nó ghránna don duine.

Sa dá chás, d’fhéadfadh go mbeadh gníomhartha, iarratais, focail labhartha nó gothaí i gceist leis an iompar neamh-inmhianaithe, chomh maith le focail scríofa, ríomhphoist agus na meáin shóisialta, teachtaireachtaí téacs, pictiúir nó ábhar eile a tháirgeadh, a thaispeáint nó a scaipeadh.

Ní fhéadfaidh aon duine eile leas a bhaint as diúltú duine do ghnéaschiapadh nó ciapadh eile, ná glacadh duine le gnéaschiapadh nó ciapadh eile, mar bhunús do chinneadh a rachaidh i gcion ar an duine sin.

An duine atá freagrach as oibriú aon áite ina dtairgtear earraí, saoráidí nó seirbhísí don phobal, sainítear an duine sin mar ‘dhuine freagrach’.

Caithfidh an duine freagrach a chinntiú nach ndéantar gnéaschiapadh ná ciapadh eile ar aon duine a bhfuil de cheart acu a bheith ansin. Caithfidh an duine freagrach a bheith ábalta a chruthú gur ghlac siad céimeanna atá ‘indéanta le réasún’ chun aon ghnéaschiapadh nó ciapadh a chosc. 

Is cosaint ar idirdhealú iad na hAchtanna um Stádas Comhionann d’aon duine agus/nó finné a rinne gearán faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann.

Mar shampla, is íospairt é má bhagraítear ort nó má chaitear go dona leat mar gheall ar chúinsí mar seo a leanas:

  • Rinne tú gearán faoi idirdhealú in aghaidh soláthraí seirbhíse
  • Bhí baint agat le cás idirdhealaithe ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre
  • Chabhraigh tú le duine eile líomhain a dhéanamh
  • Bhí baint agat mar fhinné le cás idirdhealaithe ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre
  • Chuir tú líomhain faoi idirdhealú faoi bhráid CCÁO nó na cúirte;
  • Dúirt tú le soláthraí seirbhísí go bhfuil sé ar intinn agat aon rud a luaitear sa liosta a dhéanamh

Eisceachtaí agus Díolúintí

Ceadaítear roinnt eisceachtaí nó díolúintí faoi Alt 14 de na hAchtanna um Stádas Comhionann.

Baineann cuid díobh sin le cúinsí sonracha, agus is féidir leat sonraí a fháil fúthu i dtreoracha Do Chearta ó IHREC maidir le saincheisteanna sonracha – amhail tithíocht, árachas, fostaíocht agus oideachas. 

Tá dhá chineál ginearálta díolúintí ann freisin: 

  • Eisceachtaí nó díolúintí a éilítear de réir an dlí nó de réir ordú cúirte
  • Gníomhaíocht dhearfach a bhfuil sé d’aidhm aici comhdheiseanna do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste a chur chun cinn

I measc na ndíolúintí ginearálta tá:

Féadfaidh údaráis phoiblí caitheamh le náisiúnaigh áirithe ó thíortha eile ar bhealach difriúil, ar bhonn a náisiúntachta, má tá siad: 

  • lasmuigh d’Éirinn, nó
  • in Éirinn go neamhdhleathach (de réir an Achta Inimirce, 2004), nó
  • má táthar ag caitheamh leo de réir aon fhoráil nó coinníoll dlíthiúil a bhaineann le dul isteach nó maireachtáil  in Éirinn

Féadfaidh soláthraí earraí, seirbhísí, cóiríochta nó seirbhísí gaolmhara diúltú do sheirbhís nó lóistín a sholáthar i gcásanna áirithe. Níl sé in aghaidh an dlí earraí, seirbhísí nó cóiríocht a dhiúltú má tá cúis mhaith ag duine réasúnach, a bhfuil aithne acu ar an soláthraí, a chreidiúint go bhfuil baol suntasach ann go mbeadh iompar coiriúil nó mí-ordúil nó dochar do réadmhaoin ina thoradh ar an tseirbhís nó an chóiríocht a sholáthar.

Ní hionann difríocht sa chaoi a gcaitear le duine agus idirdhealú má tharlaíonn sé faoi bhreithiúnas cliniciúil amháin, i dtaca le tinneas a fháthmheas nó lena chóireáil mhíochaine.

Ní hionann difríocht sa chaoi a gcaitear le duine agus idirdhealú má tá an duine neamhinniúil ar chonradh infhorfheidhmithe a dhéanamh, nó ar thoiliú feasach a thabhairt.

  • D’fhéadfaí difríocht sa chaoi a gcaitear le daoine ar aon fhoras (seachas an foras inscne) a cheadú i ndáil le blianachtaí, pinsin, polasaithe árachais a sholáthar nó aon nithe eile a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar riosca.
  • Ní mór aon difríocht sa chaoi a gcaitear le daoine a chinneadh ar bhonn sonraí achtúireacha nó staidrimh, nó tosca frithgheallta nó tráchtála ábhartha eile, agus caithfidh sé a bheith réasúnach i bhfianaise na sonraí sin nó tosca ábhartha eile.

Níl feidhm ag na hAchtanna um Stádas Comhionann nuair atá earraí á dtabhairt le huacht nó mar bhronntanas.

Ceadaítear difríochtaí sna hAchtanna um Stádas Comhionann sa chaoi a gcaitear le daoine más féidir a mheas go réasúnach gur earraí nó seirbhísí iad nach n-oireann ach do riachtanais daoine áirithe.

Eisceachtaí nó díolúintí a éilítear de réir an dlí

Ní bhaineann na hAchtanna um Stádas Comhionann le gníomhartha a cheanglaítear le dlí, fiú má tá an chuma ar an scéal go ndéanann na gníomhartha idirdhealú ar dhaoine a bhfuil tionchar ag ceann de na forais chosanta ar an liosta thuas orthu.  Tugtar ‘aon achtachán nó ordú cúirte’ ar na gníomhartha seo – féach thíos.

Mar shampla, luaitear sa dlí maidir le leas sóisialach cé na catagóirí nó na grúpaí daoine a d’fhéadfadh a bheith i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Ciallaíonn sé sin gur gníomh atá riachtanach de réir an dlí é íocaíochtaí a theorannú do na catagóirí daoine seo. Ní féidir na catagóirí a athrú chun daoine eile a áireamh a bhféadfadh cabhair a bheith ag teastáil uathu freisin, fiú má d’fhéadfadh an dlí a bheith idirdhealaitheach de réir dealraimh. 

Cás-staidéar: Easpa sochar máithreachais tar éis breith ionaid 

Ní raibh cead ag máthair sochar máithreachais a éileamh toisc gur máthair ionaid a shaolaigh a páiste di mar gheall ar a míchumas. Dúradh léi gurb amhlaidh an cás toisc nach raibh sí ag iompar clainne agus nach ndearna sí leanbh a shaolú. Rinne sí gearán gur idirdhealú a bhí i gceist leis sin ar fhoras míchumais, inscne agus stádais teaghlaigh. Ní raibh an breitheamh ábalta aontú léi ná cúiteamh a dhámhachtain, mar socraíodh na rialacha maidir le sochar máithreachais a éileamh leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 2005 agus ní raibh sé ábalta iad a athrú.

Áirítear le hachtacháin:

  • Dlíthe agus reachtanna na hÉireann a ritheann an tOireachtas
  • Rialacháin (a dtugtar ‘ionstraimí reachtúla’ orthu freisin) chun rialú a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn dlíthe agus reachtanna (ar nós na rialacha maidir le leas sóisialach agus cáin)
  • Dlíthe an Aontais Eorpaigh
  • Dlíthe a ritheann coinbhinsiún idirnáisiúnta

Cuirtear na hachtacháin sin i bhfeidhm le horduithe cúirte.

Níl aon chumhacht ag CCÁO ná ag na cúirteanna agóid a dhéanamh i gcoinne beart arna leagan síos ag ‘aon achtachán nó ordú cúirte’. 

Níl feidhm ag na díolúintí in Alt 14 den Acht um Stádas Comhionann maidir le: 

  • Scéimeanna faoin gcaoi le dlíthe agus rialacháin a chur i bhfeidhm
  • Ciorcláin lena dtugtar treoir do ranna rialtais nó comhlachtaí earnála poiblí faoin gcaoi leis an dlí a chur i bhfeidhm

Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh scéimeanna agus ciorcláin a léirmhíníonn an dlí (in ionad díreach é a lua) a bheith cumhdaithe ag na hAchtanna um Stádas Comhionann. Sa chás sin, is féidir cur i gcoinne scéimeanna agus ciorclán mar idirdhealaitheach (ar cheann de na forais chosanta).

Mar sin féin, má chruthaítear scéimeanna agus ciorcláin le reacht, tá údarás dlí acu, agus beidh feidhm ag díolúintí Alt 14.

Cás-staidéar: Diúltaíodh liúntas cánach do phaisinéir faoi mhíchumas 

Rinne paisinéir gluaisteáin ar a bhfuil míchumais éagsúla iarratas ar theastas dochtúra ionas go bhféadfadh sé liúntas cánach (nó lamháltas) a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim i leith an costas a bheadh le suíochán gluaisteáin a oiriúnú. Dhiúltaigh FSS é a údarú. Rinne an paisinéir gearán gur idirdhealú a bhí i gceist leis sin bunaithe ar léirmhíniú cúng ar mhíchumas. Mar sin féin, d’áitigh FSS gur lean siad na rialacha a leagadh síos sna Rialacháin um Thiománaithe Míchumasaithe agus Paisinéirí Míchumasaithe (Lamháltais Chánach) 1994. D’aontaigh an breitheamh le FSS toisc go raibh a chinneadh bunaithe ar ráiteas dlí seachas ar a léirmhíniú ar an dlí.

Mura bhfuil gá le hidirdhealú de réir an dlí, d’fhéadfadh sé a bheith cumhdaithe faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann. Ciallaíonn sé sin gur féidir leat gearán a dhéanamh faoi idirdhealú (toisc nach bhfuil feidhm ag díolúintí ó Alt 14). 

Cé lenar féidir liom gearán a dhéanamh?

Is é an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) an comhlacht atá freagrach as líomhaintí idirdhealaithe in Éirinn a chinneadh ar an gcéad dul síos.

Ba cheart gearáin faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO).

Pléann CCÁO le líomhaintí a bhaineann le fostaíocht agus le seirbhísí nó earraí. 

Is féidir líomhaintí maidir le hidirdhealú ar bhonn inscne a chur faoi bhráid na Cúirte Cuarda nó CCÁO.

WRC workplace relations commissions

Céard iad na teorainneacha ama chun cás a thabhairt?

Ba cheart duit roinnt spriocdhátaí tábhachtacha a chur san áireamh nuair atá sé ar intinn agat gearán a dhéanamh faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann. 

Ar dtús, caithfidh tú an freagróir a chur ar an eolas faoin eachtra idirdhealaithe agus go bhfuil sé ar intinn agat gearán a chur faoi bhráid CCÁO ina leith. Tugtar an freagróir ar an soláthraí earraí nó seirbhíse a rinne idirdhealú ort.

Ní féidir leat cás a thabhairt chun CCÁO faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann mura ndeachaigh tú i dteagmháil leis an bhfreagróir agus gur thug tú am dóibh freagra a chur chugat. Tá dhá mhí agat ó dháta deiridh an idirdhealaithe chun insint don fhreagróir faoin eachtra idirdhealaithe agus a chur in iúl dóibh go bhfuil sé ar intinn agat gearán a chur faoi bhráid CCÁO ina leith. 

I gcúinsí eisceachtúla, d’fhéadfadh CCÁO síneadh dhá mhí eile a chur leis an tréimhse dhá mhí sin. Tréimhse ceithre mhí a bheadh san uasteorainn ama chun fógra a thabhairt don fhreagróir ansin. Is fíor-annamh go gceadaíonn CCÁO an t-am breise sin.  

Tar éis duit fógra a thabhairt don fhreagróir, ba cheart go bhfaighfeá freagra laistigh de mhí amháin. Mura bhfaigheann tú freagra laistigh de mhí amháin, nó mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fhaigheann tú, is féidir leat do ghearán a chur faoi bhráid CCÁO ansin. Ba cheart duit Foirm Ghearáin CCÁO a úsáid. 

Caithfidh tú an gearán a chur isteach laistigh de shé mhí ón uair a tharla an t-idirdhealú a líomhnaítear nó, i gcás gur tharla cúpla eachtra, laistigh de shé mhí ón uair dheireanach a tharla an t-idirdhealú a líomhnaítear. Corruair, d’fhéadfadh CCÁO an teorainn ama sin a leathnú ó 6 mhí go 12 mhí. Is fíor-annamh a tharlaíonn sé sin.

Idirdhealú leanúnach

In go leor cásanna, ní tharlóidh ach gníomh idirdhealaithe amháin. Bíonn sé éasca dá bhrí sin an dáta a thosaíonn an tréimhse sé mhí chun gearán a dhéanamh a oibriú amach. 

I gcásanna eile áfach, d’fhéadfadh idirdhealú leanúint ar aghaidh ar feadh tréimhse fhada. Tugtar ‘idirdhealú leanúnach’ nó ‘sárú leanúnach’ air sin. 

Má stopann an t-idirdhealú leanúnach, beidh sé mhí agat ón dáta a stopadh é chun gearán a chur faoi bhráid CCÁO. Tá comhartha ag siopadóir ar fhuinneog an tsiopa ag rá nach bhfuil cead aon mhadra, madraí treorach ina measc, a thabhairt isteach sa siopa. Baineann sé anuas an comhartha sin agus tugann sé cead isteach do dhaoine a bhfuil madraí treorach leo. Dá bhrí sin, tosaíonn an teorainn ama sé mhí chun gearán a dhéanamh ar an lá a mbaineann siad anuas an comhartha.

Ní bhíonn cásanna eile chomh cinnte céanna. Uaireanta beidh bearnaí móra idir gníomhartha nó cleachtais idirdhealaitheacha. Bíonn sé níos deacra dá bhrí sin a chinneadh ar tharla ‘sárú leanúnach’. 

Sna cásanna sin, d’fhéadfadh gur tharla sraith rudaí a rinneadh, nó nach ndearnadh, as ar eascair idirdhealú. Mar sin, d’fhéadfadh go mbeadh eachtra idirdhealaithe amháin, nó níos mó, lasmuigh den teorainn ama sé mhí. Ach sa chás go bhfuil an t-idirdhealú sách nasctha le hidirdhealú a tharla laistigh den teorainn ama, d’fhéadfaí iad a mheas mar chuid den idirdhealú leanúnach. Tá sé tábhachtach go mbeifeá aireach. Beidh tuairimí difriúla ag daoine difriúla faoinar tharla sárú leanúnach nó nár tharla.

Más mian leat gearán a dhéanamh faoi do chás féin, ba cheart duit é sin a dhéanamh a luaithe is féidir chun fanacht laistigh den teorainn ama sé mhí. Déan é sin fiú má chreideann tú go bhféadfadh idirdhealú a bheith ag leanúint ar aghaidh, nó mura bhfuil tú cinnte go bhfuil sé fós ag tarlú.

Idirdhealú ar bhonn Míchumais i dtaobh an mhéid seo a leanas:

Obair

Oideachas

Tithíocht

Clubanna Comhaltais

Tithe Tábhairne

An ndearnadh idirdhealú ort ar chúis eile?

Roghnaigh an foras agus an réimse ina ndearnadh idirdhealú ort