Léim go dtí an t-ábhar

Céard is idirdhealú ar bhonn Creidimh ann?

An Foras Creidimh Reiligiúnaigh

Cuimsítear le creideamh reiligiúnach cúlra reiligiúnach agus iad siúd nach bhfuil aon chreideamh acu.

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil creideamh difriúil agat le duine eile, nó, mar shampla, mar nach bhfuil aon chreideamh agat agus go bhfuil ag duine eile.

Céard is idirdhealú ar bhonn creidimh i dtaobh clubanna comhaltais ann?

Tá clubanna comhaltais – club spóirt mar shampla – ar cheann de na seirbhísí a chumhdaítear leis na hAchtanna um Stádas Comhionann agus, mar riail ghinearálta, ní féidir leo idirdhealú a dhéanamh ar cheann ar bith de na naoi bhforas atá sonraithe.

Tá roinnt díolúintí tábhachtacha ann mar sin féin.

Cén dlí a chosnaíonn mé ar idirdhealú i dtaobh clubanna?

Cosnaíonn na hAchtanna um Stádas Comhionann mé ar idirdhealú i dtaobh clubanna comhaltais.

Céard a chuimsítear faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann?

Cuireann na hAchtanna um Stádas Comhionann bac ar idirdhealú, ciapadh agus gnéaschiapadh i ndíol nó i soláthar earraí agus seirbhísí, seirbhísí tithíochta agus rochtain ar oideachas.

Go háirithe, ní ceadmhach do chlubanna idirdhealú a dhéanamh i dtaobh an mhéid seo a leanas:

  • ceisteanna maidir le hiontráil
  • téarmaí agus coinníollacha comhaltais
  • deireadh a chur le comhaltas
  • freastal réasúnta ar chomhaltaí faoi mhíchumas (faoi réir dhíolúine an chostais ainmniúil).

Is éard is Club Comhaltais ann club a bhfuil iarratas déanta aige ar dheimhniú cláraithe nó a shealbhaíonn deimhniú cláraithe.

Is féidir idirdhealú a fhulaingt ar cheithre bhealach ar leith.

Idirdhealú díreach

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta dhifriúil a bhaineann leis na forais chosanta.

Idirdhealú indíreach

Seo nuair a chuireann beartas nó foráil atá infheidhme i leith gach duine faoi mhíbhuntáiste thú mar gheall ar chúinse nó saintréith phearsanta a bhaineann leis na forais chosanta.

Idirdhealú go barúlach

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leatsa is a chaitheann le duine eile i gcás comhchosúil, toisc gur mheas an duine sin, cé go raibh siad mícheart, go mbaineann na forais chosanta leat.

Idirdhealú trí bhainteacht

Seo nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat is a chaitheamh le duine eile i gcás comhchosúil, mar gheall ar cheangal nó gaol a bheith agat le duine éigin lena mbaineann na forais chosanta.

Faoi dhlí na hÉireann, is iad na forais chosanta:

Inscne (fireann, baineann, trasinscne nó neamh-dhénártha)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil inscne dhifriúil agat le duine eile.

Stádas sibhialta (singil, pósta, scartha, colscartha, baintreach nó duine i bpáirtnéireacht shibhialta)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas sibhialta difriúil agat le duine eile.

Stádas teaghlaigh (ag iompar clainne, tuismitheoir, tuismitheoir gníomhach páiste, nó cúramóir duine atá faoi mhíchumas óna dteastaíonn cúram leanúnach)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil stádas teaghlaigh difriúil agat le duine eile. (Tabhair faoi deara: d’fhéadfadh go mbainfeadh cuid de na cásanna faoin bhforas seo leis an bhforas inscne freisin.)

Gnéaschlaonadh (claonadh heitrighnéasach, homaighnéasach nó déghnéasach)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil gnéaschlaonadh difriúil agat le duine eile.

Aois (i gcás daoine atá 18 mbliana d’aois agus níos sine, agus ina gcás siúd amháin)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú níos sine nó níos óige ná duine eile agus nach bhfuil cúis mhaith leis (‘údar oibiachtúil’). (Tabhair faoi deara: ní chumhdaíonn an foras seo idirdhealú líomhnaithe ar pháistí i scoileanna.)

Creideamh reiligiúnach (cúlra reiligiúnach agus iad siúd nach bhfuil aon chreideamh acu ina measc)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil creideamh difriúil agat le duine eile, nó, mar shampla, mar nach bhfuil aon chreideamh agat agus go bhfuil ag duine eile.

Duine den Lucht Siúil

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar gur duine den Lucht Siúil thú agus nach ea an duine eile.

Cine (dath craicinn, náisiúntacht, bunús eitneach nó náisiúnta)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil dath craicinn, náisiúntacht nó eitneacht dhifriúil agat le duine eile.

Míchumas (míchumas intleachtúil, meabhrach agus/nó fisiciúil)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfuil tú faoi mhíchumas agus go bhfuil míchumas difriúil ar dhuine eile nó nach bhfuil siad faoi mhíchumas.

Tá eolas faoi mhíchumas agus freastal réasúnta faoin bhforas míchumais freisin.

 

Má tá tú ag iarraidh tithíocht nó cóiríocht a fháil, tá foras cosanta amháin breise ann:

Cúnamh tithíochta (íocaíocht cúnaimh tithíochta (HAP), forlíonadh cíosa nó íocaíocht leasa shóisialaigh eile ina measc)

Nuair nach gcaitheann duine éigin chomh fabhrach céanna leat mar go bhfaigheann tú forlíonadh cíosa, íocaíocht cúnaimh tithíochta (HAP), nó cineál eile íocaíochta leasa shóisialaigh agus nach bhfaigheann duine eile.

Cén uair a dhéanann club comhaltais idirdhealú?

Go ginearálta, déanann club idirdhealú i gcás mar seo a leanas:

  • tá riail, beartas nó cleachtas aige lena ndéantar idirdhealú ar chomhalta nó iarratasóir; nó
  • déanann duine atá ag gabháil do bhainistiú an chlub idirdhealú ar chomhalta nó iarratasóir i ndáil le gnóthaí an chlub. Áirítear leis sin ceisteanna maidir le hiontráil, téarmaí agus coinníollacha comhaltais, deireadh a chur le comhaltas agus freastal réasúnta ar chomhaltaí faoi mhíchumas (faoi réir dhíolúine an chostais ainmniúil).

Clubanna Comhaltais Cláraithe

Maidir le clubanna atá cláraithe chun alcól a dhíol le comhaltaí agus le cuairteoirí áirithe faoi Achtanna Clárú na gClubanna 1904 go 2008, is ceadmhach dóibh coinníollacha áirithe comhaltais a bheith acu nach coinníollacha idirdhealaitheacha iad. Ach ní féidir leis na clubanna sin idirdhealú a dhéanamh nuair atá earraí agus seirbhísí á gcur ar fáil don phobal, nó do chuid den phobal.

Clubanna neamhchláraithe 

Tá clubanna neamhchláraithe nach bhfuil ceadúnas acu chun alcól a dhíol cuimsithe ag na hAchtanna um Stádas Comhionann má chuireann siad earraí agus seirbhísí ar fáil don phobal nó do chuid den phobal, agus ní do chomhaltaí amháin. Sa chás sin, tá feidhm mar is gnách leis na díolúintí ginearálta agus leis na díolúintí sonracha bunaithe ar fhorais le haghaidh seirbhísí faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann.

Cé na díolúintí atá i gceist le haghaidh clubanna comhaltais?

Faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann, ní idirdhealú é:

(mar shampla, daoine d’inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, creideamh, aois, míchumas, náisiúntacht nó bunadh eitneach nó náisiúnta áirithe, daoine den Lucht Siúil nó daoine nach bhfuil aon chreideamh acu) agus go ndiúltaíonn sé comhaltas do dhaoine eile.

Sampla: Ní idirdhealú é club a reáchtáil do dhaoine LADT.

nuair nach bhfuil sé indéanta go mbainfidh siad siúd atá lasmuigh den chatagóir tairbhe as an sochar nó an phribhléid i gcomhthráth le comhaltaí atá laistigh den chatagóir. Caithfidh na clubanna socruithe a dhéanamh lena dtairgtear an sochar céanna nó an phribhléid chéanna, nó sochar nó pribhléid atá coibhéiseach go réasúnach, do chomhaltaí atá lasmuigh den chatagóir.

Sampla: Is féidir le club leadóige comórtas d’fhir a reáchtáil, fad is go bhfuil comórtas do mhná aige freisin.

nach bhfuil rochtain orthu bunaithe ar fhoras cosanta ar bith.

Sampla: Is féidir le club comhaltas iomlán, comhaltas seachbhuaice, agus mar sin de, a chur ar fáil.

trí rátaí táillí nó socruithe comhaltais ar leith a thairiscint, do dhaoine d’inscne ar leith, nó trí áiteanna a chur ar leataobh ar an mbord bainistíochta srl., nó má dhéanann sé bearta eile arb é an príomhchuspóir atá leo páirteachas níos cothroime ag daoine ar comhaltaí de chatagóir áirithe iad a thabhairt i gcrích i gcúrsaí an chlub.

Sampla: Féadfaidh clubanna gailf nár lig do mhná a bheith ina gcomhaltaí cheana rátaí speisialta comhaltais a thairiscint chun iad a mhealladh anois.

do chomhaltaí d’inscne, aois, míchumas, náisiúntacht nó bunadh náisiúnta áirithe maidir le cuspóir na saoráidí nó na n-imeachtaí

Sampla: Is féidir le club imeachtaí a eagrú do pháistí amháin, nó do dhaoine faoi mhíchumas. Seachas i gcás inscne, ní gá don chlub imeacht eile a eagrú i dteannta an imeachta speisialta, ar nós comórtas do dhaoine níos sine.

Cén chaoi a ndéanfaidh mé gearán faoi chlub idirdhealaitheach?

Déantar gearán faoi chlub comhaltais faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann ar bhealach difriúil le seirbhísí eile.

Ní dhéanann an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre cinntí maidir le líomhaintí faoi chlubanna idirdhealaitheacha.

Caithfidh tú gearán a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche.

Féadfaidh duine ar bith iarratas a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche ar dhearbhú go bhfuil club (nach club oíche é) i mbun idirdhealú.

Má chinntear gur club idirdhealaitheach é agus gurb é sin an chéad ordú dá leithéid a rinneadh in aghaidh an chlub, féadfaidh an Chúirt Dúiche teastas an chlub chun alcól a dhíol a chur ar fionraí ar feadh suas le 30 lá. Dá bharr sin, ní féidir leis an gclub deochanna alcólacha a dhíol.

Fad a fhanfaidh an dara hordú nó cinneadh ina dhiaidh sin gur club idirdhealaitheach é an club i bhfeidhm, ní dhéanfar aon deimhniú cláraithe a dheonú ná a athnuachan.

Foráiltear d’achomharc sa Chúirt Chuarda sna hAchtanna agus féadfaidh club iarratas a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche ar dhearbhú an club idirdhealaitheach fós é.

D’fhéadfadh go mbeadh costais le híoc as caingne sa Chúirt Dúiche.

Cúirt Dúiche Chill Chainnigh

Idirdhealú ar bhonn Creidimh i dtaobh an mhéid seo a leanas:

Obair

Seirbhísí

Oideachas

Tithíocht

Tithe Tábhairne

An ndearnadh idirdhealú ort ar chúis eile?

Roghnaigh an foras agus an réimse ina ndearnadh idirdhealú ort