Ár cheann dár róil tá tuiscint agus feasacht ar thábhacht chearta an duine agus an chomhionannais a chur chun cinn. Ó bhí 2019 ann, rinneamar é sin trí fheachtais feasachta poiblí a reáchtáil lenar úsáideadh an téama ‘Mar gur daoine muid ar fad, is mar a chéile muid ar fad’.
Reáchtálamar ceithre fheachtas faoin téama sin:
- Mar gur daoine muid ar fad, is mar a chéile muid ar fad.
- All Against Racism
- Cúram a Dhéanamh den Chomhionannas
- Ar son Comhionannas do Chách agus Muid ag Dul in Aois
Cén chaoi a gcinneann tú cén téama ba cheart a bheith i gceist le bhur bhfeachtais?
Múnlaítear ár bhfeachtais trí rannpháirtíocht daoine a dtéann na cúrsaí ar a dtarraingímid aird i bhfeidhm orthu agus trí dhul i gcomhairle leo.
Is é an Coimisiún a chinneann topaic gach feachtais. Ansin, cuirimid grúpa comhairleach éagsúil le chéile ina bhfuil peirspictíochtaí difriúla chun an feachtas a mhúnlú. Tá saineolas ag na daoine sin trí thaithí saoil, gníomhaíochas, abhcóideacht, oiliúint fhoirmiúil, nó taithí eile.
Cuireann an grúpa sin ionchuir ar fáil maidir le gach rud, ó na daoine ar cheart iad a bheith rannpháirteach go dtí an áit a dtaispeántar na fógraí.
Fíordhaoine a bhíonn inár bhfeachtais uile, agus iad ag caint faoi rudaí atá ina saincheisteanna i ndáiríre. Ní scríobhtar scripteanna le haghaidh ceann ar bith dár bhfeachtais. Tá a gcuid taithí agus tuairimí pearsanta á dtabhairt ag na rannpháirtithe uile.
Mar gur daoine muid ar fad, is mar a chéile muid ar fad.
Bhí sé d’aidhm ag an bhfeachtas feasachta náisiúnta tionchar a imirt ar mheon daoine maidir le daoine faoi mhíchumas.
Tá sé de cheart ag na céadta mílte daoine faoi mhíchumas in Éirinn páirt a ghlacadh go dínitiúil sa saol laethúil – bíodh sé sin sa bhaile, ar scoil, ag an obair, agus iad amuigh.
Féach ar na 13 dhuine seo as gach cuid de shochaí na hÉireann, agus iad ag roinnt a dtaithí féin ar a saol laethúil mar dhaoine ar a bhfuil uathachas, míchumas intleachtúil, nó riachtanais chasta; nó daoine lagamhairc nó dalla, daoine nach bhfuil an éisteacht go maith acu nó daoine Bodhra; agus ar a bhfuil míchumas fisiciúil nó a dtéann droch-mheabhairshláinte i bhfeidhm orthu.

All Against Racism
Is éard is aidhm don fheachtas feasachta náisiúnta #AllAgainstRacism tionchar a imirt ar mheon daoine maidir le daoine ó eitneachtaí difriúla atá ina gcónaí in Éirinn.
Féach ar an 11 duine seo ó fud fad na hÉireann agus iad ag labhairt faoi thionchar an chiníochais.

Cúram a Dhéanamh den Chomhionannas
Tá sé d’aidhm leis an bhfeachtas #CúramADhéanamhDenChomhionannas tionchar a imirt ar mheon an phobail maidir le luach an chúraim, nádúr inscneach an chúraim, obair a dhéantar gan phá agus ar phá íseal, agus faoin gcaoi a dtéann sé sin i bhfeidhm ar shaol na mban in Éirinn. Féach agus mná ó chúlraí difriúla ag roinnt a ndearcthaí pearsanta ar an gcaoi a dtéann neamhionannas inscne agus obair chúraim i bhfeidhm ar a saol ó lá go lá, ar a bhféidearthachtaí gairme agus ar a dtodhchaí.

Ar son Comhionannas do Chách agus Muid ag Dul in Aois
Tá sé d’aidhm leis an bhfeachtas feasachta náisiúnta Ar son Comhionannas do Chách agus Muid ag Dul in Aois dúshlán na sochaí agus meon daoine aonair a thabhairt maidir le daoine scothaosta in Éirinn.
Féach ar an naonúr seo ó fud fad na hÉireann agus iad ag fiosrú thionchar an aoiseachais.
