Léim go dtí an t-ábhar

Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais 2026-27

Tá Scéim na nDeontas 2026-2027 dúnta anois. Fógróimid na tionscadail rathúla níos déanaí sa bhliain.

Diverse women talking

Snáitheanna na Scéime Deontas

Tá bonn eolais ag téamaí Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais 2026-27 ó thosaíochtaí straitéiseacha an Choimisiúin a leagtar amach ina Ráiteas Straitéise 2025-27.

Tacóidh an Scéim Deontas le tionscadail faoi na snáitheanna seo a leanas i mbliana:

Cearta arna gcosaint faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a chur chun cinn.

Cearta arna gcosaint faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú (UNCERD) a chur chun cinn.

Cearta an duine agus an comhionannas a chur chun cinn agus a chosaint sa timpeallacht dhigiteach, lena n-áirítear cur i bhfeidhm na hintleachta saorga.

Sruthanna Maoinithe

Tá maoiniú ar fáil do dheontais bheaga agus do dheontais ghinearálta:

  • Deontais Bheaga suas go: €7,000
  • Deontais Ghinearálta suas go: €22,000

Treoir agus Foirm Iarratais Scéim Deontas 2026-27

Eagraíochtaí Incháilithe

Tá an Scéim Deontas oscailte d’eagraíochtaí sochaí sibhialta a oibríonn chun cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn agus do cheardchumainn in Éirinn. Áirítear le heagraíochtaí sochaí sibhialta: eagraíochtaí pobail agus deonacha idir áitiúil agus náisiúnta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, grúpaí faoi stiúir daoine a bhfuil cearta acu, grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar phobail bunaithe ar cheantair nó pobail sainleasa a chosnaítear faoi dheich bhforas na reachtaíochta Comhionannais, chomh maith le grúpaí a fhulaingíonn bochtaineacht, idirdhealú nó eisiamh socheacnamaíoch, iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus pobail imirceach ina measc.

Chun bheith incháilithe, caithfidh eagraíocht sochaí sibhialta a bheith ina heagraíocht neamhbhrabúis agus cláraithe mar Chuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO), agus/nó a bheith ina Carthanas cláraithe.

An bhfuil Spéis agat Iarratas a Dhéanamh?

Cláraigh le haghaidh Seisiún Eolais faoin Scéim Deontas chun tuilleadh a fháil amach!

Beidh na Seisiúin Eolais faoi na Deontais ar siúl ar líne agus soláthrófar sonraí faoi Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais 2026-27, lena n-áirítear a téamaí, critéir, agus an próiseas chun iarratas a dhéanamh. Beidh na Seisiúin Eolais ar siúl:

  • Idir 2pm agus 3pm Dé Céadaoin, 15 Aibreán 2026 (cuirfear TCÉ ar fáil)
  • Idir 2pm agus 3pm Déardaoin, 16 Aibreán 2026
  • Idir 2pm agus 3pm Dé Máirt, 21 Aibreán 2026

Cláraigh chun freastal orthu trí ríomhphost a sheoladh chuig rsvp@ihrec.ie le dáta an tseisiúin ar mhaith leat freastal air i líne an ábhair.

Inis dúinn an bhfuil aon riachtanais speisialta agat le linn duit clárú. Cuideoidh sé sin linn inár n-ullmhúcháin do na seisiúin.  Soláthraítear léirmhíniú TCÉ ag ceann amháin ar a laghad de na trí Sheisiún Eolais.

Diverse women sitting at the desk, learning and writing