Séanadh

Tá eolas ginearálta ar an suíomh gréasáin seo faoi chearta an duine agus comhionannas in Éirinn.

Tá eolas ar an suíomh seo freisin faoi Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’).

Níl an t-ábhar ná na foilseacháin a chuirtear ar fáil ar an suíomh gréasáin seo ceaptha comhairle dlí a thabhairt ar aon cheist faoi leith, ná ní hionann iad ná ní chuimsíonn siad comhairle dlí ar aon cheist faoi leith, agus tugtar chun críocha eolais ghinearálta amháin iad.

Nuair a forbraíodh ábhar ár suímh gréasáin, rinneamar ár ndícheall a chinntiú go bhfuil an t-eolas a thugtar cruinn agus cothrom le dáta. Nuair a fhorbraítear ábhar ár suímh gréasáin, féachann an Coimisiún lena chinntiú go bhfuil an t-eolas a thugtar cruinn agus cothrom le dáta. Ní thugann an Coimisiún aon ráthaíocht ná baránta do chruinneas nó iomláine an eolais a thugtar ar an suíomh gréasáin ná chomh cothrom le dáta agus atá sé, agus ní ghlacann sé le haon dliteanas a eascraíonn as aon earráid nó easnamh. Imscrúdófar earráidí nó easnaimh a chuirtear in iúl don Choimisiún agus déanfar leasuithe nó ceartúcháin a luaithe is indéanta go réasúnta. Cuir aon earráidí, easnaimh agus tráchtaireacht ar ríomhphost chuig info@ihrec.ie.

Tabhair faoi deara go dtugtar naisc ar an suíomh uaireanta chuig suíomhanna seachtracha nach bhfuil aon smacht ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas orthu agus nach nglacann sé le haon fhreagracht astu.

Hipearnaisc chuig an suíomh seo

Tá cosc ar hipearnaisc nó naisc eile chuig an suíomh gréasáin seo gan toiliú Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas. Má theastaíonn uait nasc chuig an suíomh gréasáin seo a chur ar fáil, ba cheart duit é sin a chur in iúl don Choimisiún ar ríomhphost chuig info@ihrec.ie agus sonraí a thabhairt faoi URL(anna) an leathanaigh/na leathanach a nascann chuig ár suíomh gréasáin agus URL(anna) an leathanaigh/na leathanach a dteastaíonn uait nascadh chucu ar an suíomh seo.