Foilsíonn an Coimisiún measúnú neamhspleách chun cabhrú le Coiste NA ina n-athbhreithniú ar fheidhmíocht an Stáit maidir le comhionannas inscne
Tharraing Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) ábhar imní anuas inniu maidir le hidirdhealú in aghaidh ban i gcóras cúraim sláinte na hÉireann.
Ina thuarascáil don
Choiste um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú (“an Coiste”) a foilsíodh inniu, tharraing an Coimisiún aird ar réimsí éagsúla imní, ina measc ionadaíocht chothrom na mban sa saol polaitiúil agus poiblí, neamhionannas sláinte, foréigean bunaithe ar inscne, bochtanas agus tionchar an athraithe aeráide ar mhná.
D’iarr an Coimisiún ar an Stát eolas a sholáthar ar chion an bhuiséid sláinte fhoriomláin a chaitear ar shláinte na mban – ina measc sonraí imdhealaithe ar chaiteachas poiblí ar shláinte ghnéasach, sláinte mháithreachais, torthúlacht, meanapás, foréigean bunaithe ar inscne, agus meabhairshláinte na mban – mar gheall ar thionchar díréireach na géarchéime costais maireachtála ar mhná.
Sa tuarascáil sin, léiríonn an Coimisiún go soiléir gur tharla forbairtí dearfacha le blianta beaga anuas – amhail
an tAcht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018,
an tAcht um Fhaisnéis faoin mBearna Phá idir na hInscní, 2021; daingniú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) in 2018; an Tríú Straitéis Náisiúnta maidir le Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe, 2022–2026 agus
an tAcht um Fhoréigean Baile, 2018.
Mar sin féin, cé go bhfoilsíonn an Stát an iliomad straitéisí agus pleananna gníomhaíochta, mar atá thuasluaite, go praiticiúil níl siad ag feabhsú cosaintí do chearta do phobail go leordhóthanach mar gheall ar an monatóireacht agus cur i bhfeidhm easnamhach. Mar shampla, cé go bhfáiltímid roimh fhoilsiú an Athbhreithnithe Neamhspleách ar Oibriú an Achta Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018 le deireanaí, tá imní orainn faoin easpa toil pholaitiúil chun athruithe a dhéanamh de bhun mholtaí na tuarascála.
Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:
“Cuirfidh an tuarascáil seo bonn eolais neamhspleách faoi cheistiú na Náisiún Aontaithe ar Éirinn. Tarraingítear aird ar an raon leathan de dhúshláin comhionannais atá os comhair ban faoi láthair ar fud ionaid oibre, na polaitíochta, sláinte, ionadaíochta agus na sochaí níos leithne, agus déantar moltaí soiléire ar mhaithe le gníomh forásach.
Léirítear sa tuarascáil seo inniu cé gur tharla roinnt forbairtí dearfacha le blianta beaga anuas, go bhfuil frustrachas ollmhór ag baint leis an luas thar a bheith mall a bhaineann le hathrú chun deireadh a chur le hidirdhealú in aghaidh na mban i ngach gné de shaol na hÉireann. Tá bearnaí suntasacha ann – i réimsí ar nós cúram sláinte, rannpháirtíocht pholaitiúil, bochtanais agus thionchar an athraithe aeráide – a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu i ndáiríre.”
Áirítear ar chuid de na ceisteanna a tharraingítear anuas inár dtuarascáil mhionsonraithe:
Maidir le Sláinte:
- Cé go luaimid feabhsuithe tábhachtacha ó thimthriall athbhreithnithe deiridh an Choiste, tá seirbhísí cúraim sláinte in Éirinn fós ag fulaingt de bharr leagáidí institiúideacha patrarcacha a dhéanann dochar don leas is féidir le mná a bhaint as a gceart chun sláinte.
- Seachas glacadh le cur chuige bunaithe ar chearta, léirigh an Stát go mb’fhearr leis straitéisí sáraíochta a úsáid, ina measc é féin a chur in aghaidh daoine aonair a dteastaíonn uathu a gcearta a éileamh. Bíonn dúshláin faoi leith os comhair na mban ó ghrúpaí atá leochaileach go struchtúrtha maidir leis an bhfreastal a dhéantar ar a riachtanais sláinte.
Maidir le Polaitíocht:
- Sna sé bliana ón athbhreithniú deiridh a rinne an Coiste ar Éirinn, is beag athrú a bhí ar réimse na rannpháirtíochta polaitiúla i measc ban, agus níor tháinig ach méadú beag bídeach ar ionadaíocht i dteach íochtair na Parlaiminte in Éirinn, Dáil Éireann, idir 2016 agus 2023. Níl ach duine as gach ceathrar sna húdaráis áitiúla ina mná, líon atá níos ísle ná meán an Aontais Eorpaigh.
- Tá imní faoi leith orainn faoi chomh forleathan agus atá foréigean agus ciapadh ban sa pholaitíocht, feiniméan a chuaigh in olcas mar gheall ar fhás na n-ardán meán sóisialta agus droch-rialáil.
Maidir leis an Reachtaíocht Comhionannais:
- Cé go bhfáiltímid roimh thiomantas an Rialtais d’athbhreithniú ar an reachtaíocht comhionannais in Éirinn, ina measc a feidhmiú agus a héifeachtacht i ndáiríre agus na forais idirdhealaithe, d’éilíomar foras nua a bhaineann le hidirdhealú socheacnamaíoch a chur sna hAchtanna um Chomhionannas.
- Mholamar freisin go leasófaí an foras inscne chun tagairt fhollasach a dhéanamh d’fhéiniúlacht inscne, léiriú inscne agus tréithe gnéis, agus iad a shainmhíniú.
Maidir le Bochtanas:
- Tagann neamhionannas struchtúrtha in Éirinn – i dtaobh bearnaí inscne in ioncam, saibhreas, pinsin, obair gan phá, agus rochtain ar obair chuibhiúil – le chéile chun tionchar na géarchéime costais maireachtála ar mhná a ghéarú.
- Iarraimid ar an Stát a chroí-chaiteachas a nuashonrú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar díréireach na géarchéime costais maireachtála ar mhná, mar fhreagra ar an neamhionannas a sainaithníodh sa tuarascáil The Cost of Disability in Ireland freisin.
Maidir le hAthrú Aeráide:
- Tá tionchair inscne-dhifreáilte an athraithe aeráide bunaithe le fada an lá, agus corpas taighde a léiríonn a thionchar díréireach ar mhná agus cailíní.
- Mar sin féin, níl aon bhearta inscne-shofhreagrachta in Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, ná aon ghníomh sonrach chun aghaidh a thabhairt ar thionchar an athraithe aeráide ar mhná agus cailíní. Ní ghlactar ach an oiread sna tuarascálacha ar dhul chun cinn lena mbaineann le cur chuige inscne-íogaire ná ní dhéantar promhadh inscne ar thionchar na mbeart aistrithe.
Léigh Ireland and the Convention on the Elimination of All Forms of Discrimination against Women
Nótaí don Eagarthóir:
Cuirfidh an aighneacht bonn eolais faoi Mheitheal Réamh-Sheisiúin an Choiste agus cabhróidh sí leo glacadh le Liosta Ceisteanna Roimh Thuairisciú (LOIPR), ina bhfuil 20 ceist don Stát faoina chomhlíontacht le
Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú (‘CEDAW’). Iarrtar ar na stáit ansin a bhfreagraí ar an LOIPR a thabhairt.