Beagnach cothrom 30 bliain leis an lá a díchoiríodh gnéas idir fir in Éirinn, fáiltímid roimh fhoilsiú tuarascála sa Roinn Dlí agus Cirt ina dtugtar moltaí maidir le scéim reachtúil a thabhairt isteach chun gur féidir neamhaird a thabhairt ar thaifid choiriúla ábhartha a tháinig chun cinn nuair ba choir fós é. Bhí Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ar mheitheal na Roinne Dlí agus Cirt a bhí freagrach as dul chun cinn a dhéanamh ar an tuarascáil.
Má thugtar neamhaird ar chiontú as cion ábhartha, caithfear leis an duine a ciontaíodh ar nós nach ndearna siad an cion, nár gabhadh iad, nár cúisíodh ná nár ionchúisíodh iad, nár ciontaíodh iad ná nár gearradh pionós orthu as an gcion.
Bhí 95 moladh san iomlán sa Tuarascáil, a chuir an Mheitheal a scrúdaigh Neamhaird a Thabhairt ar Chiontuithe as Cionta Cáilithe Áirithe a Bhain le Gníomhaíocht Ghnéasach Chomhthoiliúil idir Fir i dtoll a chéile. Áirítear i measc na moltaí sin cur chun cinn fheasacht an phobail ar an scéim, soláthar leithscéil phearsanta agus bunú an chéad phointe teagmhála neamhspleách le haghaidh iarratasóirí.
Luaitear cé nach eol líon iomlán na bhfear a ionchúisíodh agus a ciontaíodh as gníomhaíocht agus gean gnéasach comhthoiliúil le fir eile, gur dócha gur ionchúisíodh agus gur ciontaíodh cúpla céad fear i rith na tréimhse coiriúlaithe.
Deirtear sa tuarascáil freisin:
“Aithnítear go forleathan anois go raibh an coiriúlú sin idirdhealaitheach, gur mhasla do dhínit an duine a bhí ann, sárú ar phríobháideachas agus neamhspleáchas pearsanta, agus gurbh éagóir stairiúil é.”Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:
“Ní chreidfidh go leor daoine in Éirinn na linne seo, tríocha bliain i ndiaidh díchoiriúlú gnéis idir fir, ocht mbliana tar éis reifreann an Chomhionannais Pósta agus cúig bliana i ndiaidh rún Uile-Pháirtí a d’aithin an dochar a rinne coiriúlú ar chaidrimh chomhghnéis chomhthoiliúla, go bhfuil go leor daoine inár sochaí atá fós ag fulaingt ó lá go lá de bharr an ualaigh éagóraigh agus gan údar sin. “In go leor cásanna, b’éigean dóibh maireachtáil agus scáth trom an chiontaithe os a gcionn, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar chaidrimh agus deiseanna fostaíochta, agus a d’athdhearbhaigh arís eile go ndéanfadh a sochaí féin pionós a ghearradh orthu agus iad a fhágáil ar leataobh díreach mar gur chloígh siad lena ngnéaschlaonadh. “Fáiltím roimh fhoilsiú na tuarascála seo chun iad siúd a raibh tionchar ag na dlíthe seo orthu a thabhairt céim amháin níos cóngaraí don lá a thabharfar neamhaird ar an éagóir Stáit a d’fhulaing siad. D’fhan siad sách fada agus impím ar an Rialtas dul ar aghaidh go práinneach le reachtú mholtaí na tuarascála.”Nóta d’Eagarthóirí Is féidir an tuarascáil iomlán, Working Group to Examine the Disregard of Convictions for Certain Qualifying Offences Related to Consensual Sexual Activity between Men: Final Report, a léamh ina hiomláine ag: https://www.gov.ie/ga/preasraitis/9e0e2-minister-mcentee-publishes-report-on-the-disregard-certain-historic-convictions-related-to-consensual-sexual-activity-between-men/ Rinne Colm O’Dwyer, Abhcóide Sinsearach ionadaíocht ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ar an Meitheal. Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas: Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát. Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe. /CRÍOCH