Tarraingíonn staidéar nua ó IHREC agus ESRI aird ar an mbochtanas a ghoilleann ar theaghlaigh faoi mhíchumas
D’fhoilsigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (an Coimisiún) agus an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) staidéar nua inniu,
Adjusting Estimates of Poverty for the Cost of Disability, ina bhfiosraítear costas an mhíchumais i gcomhthéacs na hÉireann. Léiríonn torthaí an staidéir go mbíonn ualaí suntasacha airgeadais a bhaineann le míchumas ar theaghlaigh ina bhfuil duine faoi mhíchumas agus go mbíonn rátaí riosca na bochtaineachta an-ard acu.
Is mó seans go mbeidh teaghlaigh a mbíonn tionchar ag míchumas orthu i mbaol bochtaineachta ná aon chineál teaghlaigh eile. Ach ní chuirtear san áireamh sa toradh sin go mbíonn riachtanais tomhaltais níos airde ag teaghlaigh faoi mhíchumas freisin (ar nós cúram sláinte, iompair, srl.) ná teaghlaigh eile, rud a dhéanann a riosca díothachta níos measa fós.
Tugtar léiriú duairc ar theaghlaigh faoi mhíchumas sna torthaí. Léirítear sa staidéar go bhfuil caighdeán maireachtála níos ísle ag teaghlaigh ina bhfuil duine faoi mhíchumas i gcomparáid le teaghlaigh eile. I dtéarmaí ioncaim, meastar go bhfuil costas an mhíchumais ag 52–59% d’ioncam indiúscartha le haghaidh teaghlaigh faoi mhíchumas. Ciallaíonn sé sin go dteastaíonn, ar an meán, 52–59% d’ioncam indiúscartha breise ó theaghlaigh ina bhfuil duine faoi mhíchumas chun an caighdeán maireachtála céanna a bhaint amach le teaghlach atá cosúil leis ach nach bhfuil duine faoi mhíchumas ann. I gcás teaghlach ina bhfuil srianta géara ar dhuine, is féidir le costas an mhíchumais a bheith chomh hard le 93% dá n-ioncam indiúscartha.
Tá an fhianaise ón staidéar seo soiléir, bíonn pionós dúbailte ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar a dteaghlaigh i dtaobh a gcaighdeán maireachtála toisc go mbíonn a n-ioncam oibre níos ísle agus a riachtanais tomhaltais níos airde. Tarraingítear aird leis an staidéar seo ar an ngá atá le níos mó machnaimh a dhéanamh ar riachtanais tomhaltais daoine agus teaghlaigh faoi mhíchumas chun léargas cruinn a thabhairt ar chaighdeáin mhaireachtála.
Dúirt Liam Herrick, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:
“Tá sé do-ghlactha go bhfuil daoine faoi mhíchumas i mbaol i bhfad níos airde bochtaineachta in Éirinn.
Tá sé d’oibleagáid ar an Stát tacaíocht agus acmhainní a thabhairt go gníomhach do dhaoine faoi mhíchumas chun go mairfidh siad go neamhspleách, tacaíochtaí airgeadais dírithe ar an duine a sholáthar ina measc.
Tugtar fianaise shoiléir sa taighde seo ar na hualaí airgeadais suntasacha agus do-ghlactha a bhíonn ar dhaoine faoi mhíchumas, agus ar a dteaghlaigh, agus molaim don Stát oibriú le daoine faoi mhíchumas chun a chinntiú go ndéantar costas an mhíchumais a fhritháireamh go héifeachtach.”
Dúirt comhúdar na tuarascála, Agathe Simon ó ESRI:
“Tá rátaí bochtaineachta ioncaim i bhfad níos airde i measc daoine faoi mhíchumas de bharr, i measc cúiseanna eile, a rátaí fostaíochta níos ísle. Bíonn riachtanais tomhaltais teaghlach faoi mhíchumas níos airde freisin, ar an meán, rud a chruthaíonn pionós dúbailte i gcaighdeáin mhaireachtála.”
Dúirt comhúdar na tuarascála, Theano Kakoulidou ó ESRI:
“Bealach amháin le haghaidh a thabhairt ar na rátaí níos airde de bhochtaineacht ioncaim i measc daoine faoi mhíchumas ná trí chonstaicí roimh an obair a bhaint dóibh siúd agus dá ndaoine muinteartha. D’fhéadfaí bochtaineacht ioncaim a laghdú freisin trí íocaíochtaí leasa spriocdhírithe a mhéadú go díreach nó íocaíocht ‘chostas an mhíchumais’ a thabhairt isteach.”
Áirítear le cuid de na príomhthorthaí:
- Ag úsáid táscaire Díthe Caighdeáin Maireachtála, léirítear sa staidéar go bhfuil caighdeán maireachtála níos ísle ag teaghlaigh ina bhfuil duine faoi mhíchumas i gcomparáid le teaghlaigh eile. I dtéarmaí ioncaim, ciallaíonn sé sin go bhfuil costas an mhíchumais idir 52–59% d’ioncam indiúscartha le haghaidh teaghlaigh faoi mhíchumas. Cinntear sa staidéar gurb é €944 an meánioncam indiúscartha teaghlaigh seachtainiúil le haghaidh teaghlaigh faoi mhíchumas, rud a chiallaíonn go gcosnaíonn míchumas idir €488–€555 in aghaidh na seachtaine ar an meán.
- Tá nasc láidir idir costas an mhíchumais agus déine an mhíchumais, le raon ó idir 41%–46% (€384–€434) den ioncam indiúscartha dóibh siúd ar a bhfuil srian áirithe go 83%–93% (€786–€875) dóibh siúd ar a bhfuil srian dian.
- Léirítear sa staidéar go bhfuil ráta riosca na bochtaineachta i bhfad níos airde do dhaoine faoi mhíchumas, ag 24%, i gcomparáid le 10% do dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas, nuair a thomhaistear é sa ghnáthbhealach. Ach nuair a bhaintear meánchostas measta an mhíchumais ó ioncam indiúscartha daoine a chónaíonn i dteaghlaigh a mbíonn tionchar ag míchumas orthu, méadaíonn ráta riosca na bochtaineachta dá gcuid go dtí idir 65%–76%.
- Nuair a bhaintear costas an mhíchumais, ardaítear an déine bochtaineachta do dhaoine faoi mhíchumas freisin, de réir mar a thomhaistear é leis an mbearna bochtaineachta, ag ardú ó 4% go 22–28%. Léiríonn sé sin gur féidir tionchar chostas an mhíchumais a fheiceáil ar fud méadrachtaí éagsúla.
CRÍOCH
Léigh Adjusting Estimates of Poverty for the Cost of Disability
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,
01 8592641 / 087 4687760
sarah.clarkin@ihrec.ie
An tOllamh Karina Doorley (Ollamh Comhlach Taighde, ESRI)
Karina.doorley@esri.ie
083 8778050
Lean muid ar twitter @_IHREC
Nóta don Eagarthóir:
- Baintear úsáid sa staidéar seo as Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) na hÉireann agus cur chuige Caighdeáin Maireachtála chun costas an mhíchumais a mheas. Baintear úsáid freisin as cur chuige i leith córas éilimh, i gcomhar leis an Suirbhé ar Bhuiséad Líonta Tí in Éirinn, chun scála coibhéise coigeartaithe a dhíorthú le haghaidh na hÉireann chun riachtanais tomhaltais dhifriúla teaghlach faoi mhíchumas agus gan mhíchumas a chur san áireamh. Ríomhtar rátaí riosca na bochtaineachta coigeartaithe le haghaidh na hÉireann bunaithe ar an dá chur chuige sin.
- Ríomhtar ráta riosca na bochtaineachta mar líon na ndaoine aonair ag a bhfuil ioncam indiúscartha atá níos lú ná 60% den ioncam indiúscartha airmheánach, coigeartaithe (nó ‘coibhéisithe’) chun an cineál teaghlaigh a chur san áireamh. Meastar an bhearna bochtaineachta trí mheastóireacht a dhéanamh ar cá fhad, ar an meán, atá ioncaim na mbocht ón líne bhochtaineachta.
- Tá “Adjusting estimates of poverty for the cost of disability” leis an Ollamh Karina Doorley, an Dr Theano Kakoulidou agus an Dr Agathe Simon ó ESRI le fáil ar líne ar shuíomh gréasáin Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ar www.ihrec.ie agus ar shuíomh gréasáin ESRI ar www.esri.ie.
- Ullmhaíodh an tuarascáil “Adjusting estimates of poverty for the cost of disability” mar chuid de Chlár Taighde IHREC/ESRI ar Chearta an Duine agus Comhionannas. Is é seo an 12ú staidéar a foilsíodh ón gclár, agus tá sé á chomhfhoilsiú ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas agus an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI).
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin
Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr measa ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a thógáil sa Stát. Mar chuid dá shainordú reachtúil, tá feidhm faoi leith ag an gCoimisiún oibriú chun idirdhealú a dhíchur.
An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta
Is eagraíocht náisiúnta í an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) atá ag oibriú i dtreo fís a bhaineann le beartas stuama feasach d’Éirinn níos fearr. Féachann ESRI le tacú le fás inbhuanaithe geilleagrach agus le dul chun cinn sóisialta in Éirinn trí bhonn eolais láidir a sholáthar atá in ann réitigh éifeachtacha a sholáthar le haghaidh dúshláin beartais phoiblí. Ní ghlacann ESRI seasamh beartais institiúideach.