Léim go dtí an t-ábhar

Caithfidh an Stát imeacht ó bhreathnú ar chearta mar nithe carthanacha, roghnacha agus áiseanna, agus dul chun cinn a dhéanamh ar shamhail bunaithe ar chearta

Teastaíonn athrú ó bhonn i gcur chuige an Stáit i leith cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha (‘cearta ESC’) má tá sé le deireadh a chur le bochtaineacht, soláthar seirbhíse poiblí a fhorbairt, agus freagairt níos fearr do riachtanais na bpobal atá leochaileach go struchtúrtha, a dúirt Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) i dtuarascáil le haghaidh na Náisiún Aontaithe. Chuir an Coimisiún a thuarascáil faoi bhráid an Choiste ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (‘an Coiste’) mar chuid de cheathrú hathbhreithniú tréimhsiúil na hÉireann agus roimh phlé ó bhéal idir an Coiste agus ionadaithe an Stáit i mí Feabhra, ina ndéanfaidh an Coiste measúnú ar chomhlíonadh an Chúnaint Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha. Inár dtuarascáil chomhthreomhar, cuirimid ár n-imní in iúl faoi threocht fhoriomlán na gceart ESC in Éirinn, d’ainneoin fhorbairt gheilleagrach na tíre ón athbhreithniú tréimhsiúil deiridh in 2015. Tugaimid suntas, go háirithe, do theip leanúnach an Stáit aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na ngéarchéimeanna leanúnacha i sláinte, tithíocht, bochtaineacht agus costas maireachtála le réitigh réamhbhreathnaitheacha, nuálacha agus inbhuanaithe, agus iad ag dul i muinín bearta gearrthéarmacha, éigeandála agus sealadacha ina áit sin. Imríonn easnamhacht fhreagairt an Stáit do na neamhionannais chórasacha sin tionchar ar athléimneacht na hÉireann i bhfianaise dúshláin atá ag teacht chun cinn ar nós an athraithe aeráide agus intleacht shaorga, agus spreagtar scoilteadh agus deighilt pholaitiúil freisin, agus imrítear drochthionchar ar an gcomhtháthú sóisialta. Tá bochtaineacht, eisiamh sóisialta agus cóiríocht easnamhach ag croí an neamhionannais ESC in Éirinn, agus téitear i bhfeidhm go háirithe ar an gceart chun caighdeán maireachtála leordhóthanach. Tá go leor dár sochaí gan na bunacmhainní a theastaíonn chun maireachtáil le dínit, d’ainneoin rath geilleagrach níos leithne ar an leibhéal náisiúnta. Molaimid go bhforbródh an Stát straitéis agus plean forfheidhmithe maidir le laghdú na bochtaineachta ina nglactar go fonnmhar le cur chuige bunaithe ar chearta an duine agus ag a mbeadh spriocanna uaillmhianacha, i dteannta creat neamhspleách monatóireachta agus meastóireachta ag a mbeadh cuntasacht shoiléir institiúideach. Anuas air sin, ba cheart do chuir chuige i leith mhaolú na bochtaineachta machnamh a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag an gcóras cosanta sóisialta, obair ar phá íseal agus obair neamhchinnte, eisiamh airgeadais, agus idirdhealú socheacnamaíocht, agus ba cheart go mbeadh bearta chun deireadh a chur leo sin agus sáinneacha eile na bochtaineachta. Molaimid freisin athrú ó bhonn ar an dioscúrsa stiogmataithe faoin leas sóisialach, a roinneann polaiteoirí agus oifigigh phoiblí freisin, toisc go gcuireann sé fáil an leasa shóisialaigh i láthair mar ‘charthanacht’ seachas mar theidlíocht agus ceart. Toradh eile ar sháruithe leanúnacha raon ceart ESC é eisiamh sóisialta a théann i bhfeidhm ar phobail uirbeacha agus thuaithe araon. Tá coimhthíos tar éis eascairt as an easpa nasc iompair phoiblí leordhóthanach, comhspásanna caitheamh aimsire agus seirbhísí poiblí d’ardchaighdeán, coimhthíos a fhulaingíonn grúpaí atá leochaileach go struchtúrtha go díréireach, agus cruthaíodh cúinsí ina mbíonn mímhuinín agus scoilteadh pobail in ann fás agus forbairt. Molaimid infheistíocht in iompar poiblí tuaithe chun daoine a nascadh le fostaíocht, oideachas, seirbhísí poiblí agus áiseanna chomh maith le hinfheistíocht in idirghabhálacha pobail agus spásanna poiblí chun cearta cultúrtha a chosaint, sochaí chomhtháite a éascú agus aonrú sóisialta a chomhrac. I gcás na tithíochta, tarraingímid aird ar an easpa scanrúil dul chun cinn a rinneadh i mbeagnach gach moladh a rinne an Coiste faoi thithíocht in 2015, ar nós inrochtaineacht, inacmhainneacht agus caighdeán na tithíochta a fheabhsú. Chruthaigh sé sin, agus cruthaíonn fós, díothacht thromchúiseach do go leor daoine, daoine i ngrúpaí atá leochaileach go struchtúrtha ina measc. Tuairiscímid ar ár n-ábhair imní faoin tearc-sholáthar leanúnach tithíochta ar an margadh, líon na ndaoine gan dídean nach bhfacthas riamh cheana, na fadhbanna leanúnacha a bhaineann leis an gceart chun cóiríocht dhóthanach atá cuí ó thaobh an chultúir de a chinntiú do ghrúpaí atá leochaileach go struchtúrtha agus na leibhéil arda institiúidithe in Éirinn. Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin, molaimid gur cheart méadú suntasach a dhéanamh ar an soláthar tithíochta poiblí agus sóisialta chun na riachtanais faoi láthair agus amach anseo a chomhlíonadh, agus gur cheart reifreann a rith ina molfaí go gcuirfí an ceart chun tithíochta sa Bhunreacht, agus é ar fáil do chách chun croí-oibleagáidí íosta a bhunú. Chun fíordhul chun cinn ar chearta ESC a spreagadh, molaimid go nglacfadh an Stát cur chuige níos straitéisí i leith an athchóirithe, ceann ina dtugtar tús áite d’infheistíocht inbhuanaithe, chlaochlaitheach i seirbhísí poiblí, a mhaoineofaí trí bheartais cánach atá cothrom, forásach agus cóir. Áirítear leis sin an bonn cánach a fhás, ioncaim níos mó a ghiniúint, agus machnamh a dhéanamh ar cháin rachmais a thabhairt isteach. Dúirt Noeline Blackwell, comhalta de Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas,
“Léiríonn ár suirbhéireacht go gcreideann 85% gur cheart caitheamh ar an mbealach céanna le gach duine, beag beann ar cé thú féin nó cé as duit. Dá ainneoin sin, i gcás Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, deimhníonn ár n-aighneacht go bhfuil Éire ag dul sa treo eile. Níl aon réitigh shimplí a dhéanfar píosa ar phíosa chun Éire níos córa agus níos cothroime a chruthú. Braithfidh dul chun cinn ar iarracht iomlán ón Stát, trí infheistíocht thiomanta, athchóiriú straitéiseach agus struchtúrtha, agus cur i bhfeidhm críochnúil. Teastaíonn ceannaireacht agus cinnteoireacht chróga a d’admhódh an easpa dul chun cinn go dtí seo, nádúr ilghlúine agus achrannach go leor de na fadhbanna a tarraingíodh anuas, agus uaillmhian dhiongbháilte chun feabhas ábhartha a dhéanamh ar chás go leor de mhuintir na tíre a fhulaingíonn neamhionannas de gach cineál.”
/CRÍOCH   Nótaí d’Eagarthóirí: Is féidir ár n-aighneacht iomlán don Choiste maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha ar cheathrú hathbhreithniú tréimhsiúil na hÉireann, agus an Achoimre Feidhmiúcháin a léamh trí na naisc seo a leanas: Áirítear ar mholtaí eile: Maidir le Sláinte Tá fadhbanna ollmhóra acmhainne ag córas sláinte na hÉireann ar gach leibhéal, agus easnaimh dá bharr i gcúram príomhúil, pobail agus ospidéil, coinní d’othair chónaitheacha agus sheachtracha, gnáthaimh sceidealaithe agus seirbhísí éigeandála. Tá ag teip ar an Stát acmhainní a leithdháileadh ar bhealach a chinntíonn infhaighteacht seirbhísí mar cheart, seachas go mbeadh sé ag brath ar an gcumas íoc astu. Dá thoradh sin, tá córas i ngéarchéim againn, agus is údar imní na neamhionannais sláinte le haghaidh teaghlaigh ar ioncam níos ísle agus grúpaí atá leochaileach go struchtúrtha. Molann an Coimisiún an méid seo a leanas:
  • Athnuann an Stát a thiomantas do chur i bhfeidhm tráthúil Sláintecare, ina measc trí chaiteachas poiblí a mhéadú go suntasach chun na leibhéil a theastaíonn a bhaint amach le haghaidh athchumrú fadtéarmach an chórais cúraim sláinte agus chun deireadh a chur leis an mbrath díréireach ar sheirbhísí cúraim sláinte príobháideacha.
  • Cuirtear an cur chuige rialtais iomláin agus tosca sóisialta a chuirtear i láthair sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Shláinte an Lucht Siúil i bhfeidhm go dóthanach trí bhearta ar fud ranna ábhartha a shannadh agus áirítear tuairiscí rialta ar dhul chun cinn leis.
  • Cuireann an Stát amlíne bheacht ar fáil faoi chur i bhfeidhm na moltaí oibríochta agus reachtacha ón nGrúpa Athbhreithnithe ar an Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018.
  • Méadaítear go mór cion an bhuiséid sláinte fhoriomláin a chaitear ar mhaoiniú meabhairshláinte chun riachtanais a chomhlíonadh, imfhálaítear é chun acmhainní i mbuiséid ina dhiaidh sin a chosaint, agus atreoraítear i dtreo soláthar bunaithe ar chearta an duine é.
  • Tugann an Stát aghaidh ar riachtanais mheabhairshláinte na ngrúpaí atá leochaileach go struchtúrtha, ina measc trí bhunchúiseanna a shainaithint agus freagairt dóibh, ag cuíchóiriú na rochtana ar sheirbhísí agus ag cur oiliúint in inniúlacht chultúrtha ar fáil don fhoireann ar fad.
Maidir le Rannpháirtíocht na Sochaí Sibhialta agus Forbairt Pobail Tá ról leathan ag eagraíochtaí sochaí sibhialta chun rochtain ar chearta ESC in Éirinn a chinntiú, rud a léiríonn teip an Stáit go leor seirbhísí poiblí riachtanacha a sholáthar. Cé go dtarraingíonn an Stát aird arís agus arís eile ar ionchur ríthábhachtach na sochaí sibhialta ar an leibhéal idirnáisiúnta, tharraing sé siar tacaíocht maoinithe le deireanaí ó eagraíochtaí sochaí sibhialta na hÉireann chun freastal ar athbhreithnithe Stáit na Náisiún Aontaithe. Is uirlis riachtanach freisin í obair forbartha pobail chun cearta ESC a chosaint, lena mbaineann feidhmiú phrionsabail na rannpháirtíochta, tógála cumais agus comhchinnteoireachta chun ionchuimsiú agus athrú sóisialta fadtéarmach agus inbhuanaithe a bhaint amach. Ach is údar imní dúinn go bhfuil freagracht na n-eagraíochtaí pobail agus earnála deonaí ag dul i méid chun seirbhísí bunúsacha a chur ar fáil ar nós bainc bhia, cúram ospíse, cúram luathbhlianta agus oideachais agus tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas ag baint d’fheidhm riachtanach na hoibre sin. Molann an Coimisiún an méid seo a leanas:
  • Cuirtear croímhaoiniú ilbhliantúil imfhálaithe agus neamhspleách ar fáil d’eagraíochtaí sochaí sibhialta, rud a chinntíonn obair chuibhiúil agus tuarastal dóthanach le haghaidh foirne agus a thógann cumas chun freastal ar an ngá le habhcóideacht agus seirbhísí atá ag dul i méid.
  • Tacaíonn an Stát le bunú agus oibriú Eagraíochtaí áitiúla agus náisiúnta le haghaidh Daoine faoi Mhíchumas, lena n-áirítear trí mhaoiniú a mhéadú agus a atreorú chun ionchuimsiú fónta daoine atá faoi mhíchumas a éascú.
  • Cuireann an Stát deireadh le brath ar an earnáil pobail agus dheonach chun freastal ar bhunriachtanais agus príomhtheip an tsoláthair seirbhíse poiblí a mhaolú. Ba cheart tacaíocht dhóthanach a thabhairt d’eagraíochtaí dá leithéid chun tabhairt faoi na feidhmeanna abhcóideachta, rannpháirtíochta agus ionchuimsithe shóisialta atá lárnach dá sainordú.
Maidir le ceisteanna chearta an duine atá ag teacht chun cinn agus atá ríthábhachtach Molann an Coimisiún an méid seo a leanas:
  • Cuireann an Stát sásraí maoirseachta láidre i bhfeidhm chun a chinntiú go ndéantar teicneolaíochtaí intleachta saorga a fhorbairt agus a úsáid ar bhealach a chomhlíonann cearta an duine, a chosnaíonn daonlathas, agus a sheachnaíonn idirdhealú, claonadh agus iarmhairtí díobhálacha do ghrúpaí atá leochaileach go struchtúrtha agus don tsochaí i gcoitinne.
  • Gríosóidh an Stát na huas-acmhainní atá ar fáil trí shásraí maoinithe intíre agus AE, clibeáil buiséid ghlais, agus cánachas cothrom, chun cosaint ar gach díobháil a bhaineann le haeráid atá ann faoi láthair agus atá intuartha, agus leighis éifeachtacha a sholáthar ar éagóracha comhshaoil.
  • Tugtar isteach reachtaíocht díchill chuí um chearta an duine atá láidir agus éigeantach, a áiríonn an slabhra luacha iomlán de gach cuideachta agus cosaintí comhshaoil laistigh dá raon feidhme, a thugann tús áite do thrédhearcacht i dtuairisciú, agus a chinntíonn smachtbhannaí agus forfheidhmiú éifeachtach.
  • Déanann an Stát dul chun cinn ar mholtaí an Choimisiúin maidir le Cánachas agus Leas chun an bonn cánach a fhás agus ioncaim níos mó a ghiniúint chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach an airgid phoiblí a chinntiú.
  • Déanann an Stát machnamh ar cháin a thabhairt isteach ar rachmas agus tugann sé faoi athbhreithniú bunaithe ar chomhionannas ar chaiteachais chánach, ag féachaint lena raon feidhme agus a líon a theorannú go mór.