Fáiltíonn an Coimisiún roimh chomhaontú Choimisiún na Scrúduithe Stáit tabhairt faoi Athbhreithniú Comhionannais
D’fhógair Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) inniu gur bhain sé leas as a chumhachtaí dlí, faoi alt 32(1)(a) d’Acht IHREC, 2014, chun iarraidh ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit (‘CSS’) tabhairt faoi athbhreithniú comhionannais ar a sheirbhísí, agus gur ghlac CSS leis sin. Is comhlacht reachtúil é CSS a bhfuil de shainordú air scrúduithe Stáit a reáchtáil. Dá réir sin, cuireann sé seirbhís ar fáil chun críocha na nAchtanna um Stádas Comhionann 2000–2018. Cuireann na hAchtanna sin cosc ar idirdhealú nuair atáthar ag soláthar earraí, saoráidí agus seirbhísí ar dheich bhforas ar leith, míchumas ina measc. Ina ról, tá CSS freagrach as na critéir a leagan síos le haghaidh freastal réasúnta, agus iarratais a phróiseáil ó scoláirí ar an bhfreastal réasúnta agus iad ag tabhairt faoi scrúduithe Stáit, faoin Scéim um Shocruithe Réasúnta ag na Scrúduithe Teastais (‘Scéim RACE’). D’iarr an Coimisiún ar CSS tabhairt faoi athbhreithniú comhionannais i dtaobh Scéim RACE, chun aghaidh a thabhairt ar cheist inrochtaineacht na scrúduithe Stáit le haghaidh iarrthóirí ar a bhfuil lagú radhairc, agus chun aghaidh a thabhairt go sonrach ar sholáthar páipéar mionathraithe inrochtana, soláthar socruithe ama breise, agus seachadadh páipéar agus foirmeacha digiteacha d’iarrthóirí ar a bhfuil lagú radhairc. Mar chuid den athbhreithniú comhionannais, d’iarr an Coimisiún ar CSS go háirithe:- Tabhairt faoi iniúchadh ar an leibhéal comhionannais deiseanna atá ar fáil d’iarrthóirí ar a bhfuil lagú radhairc i dtaobh cheist inrochtaineacht na scrúduithe Stáit;
- Na cleachtais, nósanna imeachta nó cúinsí eile (straitéisí, pleananna agus tionscnaimh gníomhaíochta dearfaí, mar shampla) ar fad atá i bhfeidhm faoi láthair agus a bhaineann le ceist inrochtaineacht na scrúduithe Stáit le haghaidh iarrthóirí ar a bhfuil lagú radhairc a shainaithint;
- Measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na gcleachtas, na nósanna imeachta agus na gcúinsí eile sin maidir le hinrochtaineacht na scrúduithe Stáit agus an comhionannas deiseanna d’iarrthóirí ar a bhfuil lagú radhairc; agus
- Breac-chuntas a thabhairt ar aon mholtaí agus/nó torthaí ón athbhreithniú comhionannais.
“Tá scrúdú in ann strus a chruthú as féin, gan trácht ar dhúshláin bhreise a bheadh le sárú. Ba cheart go mbraitheadh rath i scrúdú, ag a mbíonn iarmhairtí suntasacha go minic, nó fiú a chinneann conair do shaoil, ar thuilleamas, cumas agus obair chrua an scoláire ina n-ábhar, seachas ar a míchumas. Is deis thábhachtach iad athbhreithnithe comhionannais d’eagraíocht chun machnamh a dhéanamh ar a córais agus a cleachtais, agus chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal comhionannais deiseanna laistigh den eagraíocht sin agus an chaoi ar féidir léi feabhas ar chomhionannas deiseanna a chur chun cinn a shainaithint. Fáiltímid roimh thoilteanas CSS tabhairt faoi athbhreithniú comhionannais.”Toisc gur cuireadh tús leis an bpróiseas sin, ní bheimid ag trácht air seo níos mó. CRÍOCH/ Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le: Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide, 01 859 2641 / 087 468 7760 Sarah.Clarkin@ihrec.ie Lean muid ar twitter @_IHREC