Freagraíonn an Rapóirtéir Náisiúnta um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc do thuarascáil a d’fhoilsigh Roinn Stáit SAM le deireanaí, ‘2023 Trafficking in Persons Report’
Fáiltíonn Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) roimh an tuarascáil a d’fhoilsigh Roinn Stáit SAM inniu ‘2023 Trafficking in Persons Report’.
Cé go ndearnadh dul chun cinn le bliain anuas – ar nós fhoilsiú Scéim Ghinearálta
an Bhille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha agus Gáinneáil ar Dhaoine) – tá bearnaí suntasacha fós i gcosaint agus cúram íospartach.
Éilíonn an Coimisiún, inár gcáil mar Rapóirtéir Náisiúnta Neamhspleách na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc agus mar Chomhlacht Náisiúnta na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, go ndéanfaí beart láithreach maidir le cóiríocht inscne-shonrach a chur ar fáil d’íospartaigh, mar a gealladh sa dréacht-Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta.
Teastaíonn athrú ó bhonn go práinneach ar chóiríocht le haghaidh íospartaigh na gáinneála agus ní féidir caitheamh léi mar cheist thánaisteach agus muid ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin ar nós na géarchéime tithíochta agus an mhéadaithe ar líon na ndaoine leochaileacha a lorgaíonn Cosaint Idirnáisiúnta. Tá imní faoi leith ag baint leis an moill ar sholáthar dídine speisialta le haghaidh íospartaigh na gáinneála i ngeall ar an bhfianaise ar fad faoi nádúr inscne-shonrach na gáinneála go hÉirinn.
Léirítear san anailís tosaigh ar shonraí ón Rapóirtéir Náisiúnta don tréimhse 2013–2022 gurb é an cineál dúshaothraithe is mó a fheictear in Éirinn ná gáinneáil chun críche dúshaothrú gnéasach (TSE), ansin gáinneáil chun críche cuspóirí saothair (TLE), agus ar bhonn níos lú, gáinneáil chun críche gníomhaíochtaí coiriúla (TCA).
Tá an ghné inscne le brath go han-soiléir in TSE, mar gur mná agus cailíní iad 95% de na híospartaigh, agus tá TLE inscneach freisin, ach ar bhonn níos lú, agus baineann sé le níos mó fear (69%).
Ba shuntasach gur tuairiscíodh cúig chás gáinneála ar íospartaigh ar páistí iad in 2022. B’fhorbairt shuntasach é sin toisc nár tuairiscíodh aon pháistí in 2020 ná 2021. Tá gáinneáil ar pháistí chun críocha dúshaothrú ghnéasach forleathan agus is forbairt imníoch é. Bíonn páistí i gceist le 8-9% de na híospartaigh ar fad in Éirinn. Tá sé sin i bhfad níos lú ná meán an Aontais Eorpaigh (25%).
Léiríonn sonraí comhcheangailte le blianta anuas gurb í an Afraic agus an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus ar bhonn níos lú an Áise na príomhréigiúin as a dtagann íospartaigh na gáinneála in Éirinn ó thús.
Ba mhaith linn aird a tharraingt ar fhoilsiú an
Tríú Plean Gnímh Náisiúnta chun Gáinneáil ar Dhaoine a Chosc agus a Chomhrac atá le teacht agus go mbeidh sé riachtanach chun freagairt rialtais uile a chinntiú, tráth a mbeidh gach comhlacht agus gníomhaireacht Stáit ag oibriú i gcomhar lena chéile chun a chinntiú go dtacaítear le híospartaigh agus go dtugtar déantóirí cionta faoi réim an cheartais.
Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:
“Cé go raibh forbairtí dearfacha le deireanaí in iarracht an Stáit dúshaothrú a chomhrac agus tacú le híospartaigh na gáinneála ar dhaoine, tá an t-éagumas tacaíocht cóiríochta chuí a sholáthar d’íospartaigh fós ina fhadhb leanúnach.
Léiríonn an staidreamh dúinn go bhfuil gáinneáil chun críocha dúshaothrú gnéasach thar a bheith inscneach agus ciníoch, agus tá sé riachtanach go n-aireodh na híospartaigh is leochailí sin sábháilte agus cosanta ina gcóiríocht.
“Fáiltímid roimh thiomantais an Rialtais d’fheabhsú ar thacaíochtaí agus saoráidí na n-íospartach, ach teastaíonn gníomh nithiúil go práinneach chun freastal go réamhghníomhach ar na híospartaigh.”
Nótaí Eagarthóra
Tá fáil ar thuarascáil Roinn Stáit SAM, ‘2023 Trafficking in Persons Report’, tríd an nasc seo a leanas:
https://www.state.gov/wp-content/uploads/2023/06/2023-TIP-Report.pdf
Agus tá fáil ar an rannóg shonrach faoi Éirinn tríd an nasc seo a leanas:
Ireland – United States Department of State
An Rapóirtéir Náisiúnta um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc:
I mí Dheireadh Fómhair 2020, ainmníodh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas mar Rapóirtéir Náisiúnta Neamhspleách na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc. Faoi Airteagal 19 de Threoir Frithgháinneála an Aontais Eorpaigh, tá ceangal dlí ar gach Ballstát AE Rapóirtéirí Náisiúnta nó sásraí comhionanna a bheith acu. Éilítear ar an Rapóirtéir Náisiúnta faoin Treoir sin measúnú a dhéanamh ar threochtaí sa gháinneáil ar dhaoine, torthaí gníomhartha in aghaidh na gáinneála a thomhas, staidreamh a bhailiú (i gcomhar le heagraíochtaí sochaí sibhialta freisin), agus tuairisciú a dhéanamh.
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:
Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát. Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe.
CRÍOCH/