Dúirt Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’), mar Rapóirtéir Náisiúnta na hÉireann maidir le Gáinneáil ar Dhaoine inniu gur gá d’Éirinn díriú go comhbheartaithe ar dheireadh a chur le gáinneáil ar dhaoine sa bhliain atá le teacht, agus beart a dhéanamh de réir briathair agus go réamhghníomhach le haghaidh íospartaigh agus marthanóirí gáinneála.
I dtuarascáil 2025 maidir le Gáinneáil ar Dhaoine (‘TIP’) aithnítear iarrachtaí méadaithe an Stáit, lena n‑áirítear níos mó imscrúduithe, ciontuithe agus maoinithe do chúnamh d’íospartaigh agus múscailt feasachta. Mar sin féin, cuirtear i dtábhacht inti mainneachtaintí seasmhacha ‘na caighdeáin íosta a chomhlíonadh go hiomlán’, lena n‑áirítear ciontuithe ar bith as gáinneáil saothair, bearnaí tromchúiseacha ó thaobh atreorú íospartach, cúnamh a thabhairt dóibh agus iad a sainaithint, lena n‑áirítear maidir le leanaí agus náisiúnaigh de chuid na hÉireann, agus an mhainneachtain leanúnach an Sásra Náisiúnta Atreorúcháin (NRM) nua a chur chun feidhme. Tugadh dá aire inti freisin nár soláthraíodh cóiríocht leordhóthanach d’íospartaigh gháinneála, nár bronnadh aisíoc ná cúiteamh riamh, agus nach raibh go leor oiliúna a bhaineann go sonrach le gáinneáil ar fáil do Bhreithiúna.
Ar an gcaoi chéanna, d’éiligh an Coimisiún arís agus arís eile go gcuirfeadh Éire an Sásra Náisiúnta Atreorúcháin nua chun feidhme, dá ndearnadh foráil sa reachtaíocht in 2024, rud a cheadaíonn rochtain d’íospartaigh gan comhoibriú leis an nGarda Síochána a éileamh. Ní mór don Stát cóiríocht inscneshonrach thrámathreoraithe a sholáthar d’íospartaigh gháinneála freisin.
Leis an Treoir leasaithe ón Aontas Eorpaigh maidir le Frithgháinneáil, déantar foráil maidir le hoibleagáidí neartaithe i leith gáinneáil ar dhaoine a chomhrac agus ní mór í a thrasuí sa Dlí Náisiúnta faoi mhí Iúil 2026.
Tá an Coimisiún imníoch go mór mór faoi mhainneachtain leanúnach an Stáit cosaint a thabhairt do mhionaoisigh atá neamhthionlactha agus a bhfuil easaontas ann faoina n‑aois, a bhfuil cóiríocht mhíchuí os a gcomhair chomh maith leis an riosca go ndéanfaí iad a phróiseáil, go mícheart, mar dhaoine fásta. Tá rioscaí breise ag baint leis an gcur chun feidhme intíre atá ar na bacáin ar Chomhshocrú an Aontais Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann, ar dócha go gcaillfí íospartaigh gháinneála leochaileacha de dheasca nósanna imeachta géaraithe a bheith ann, go háirithe gan coimircí láidre a bheith ann.
Leis an tuarascáil TIP seo, déantar tréimhse 25 bliana d’obair frithgháinneála dhomhanda a cheiliúradh. I mí na Samhna 2000, ghlac rialtais ar fud na cruinne Prótacal ó na Náisiúin Aontaithe chun Gáinneáil ar Dhaoine a Chosc, a Chur faoi Chois agus Pionós a Ghearradh ina Leith, ar a dtugtar Prótacal Palermo freisin. Rinneadh dul chun cinn suntasach i gcaitheamh na mblianta ach bhí roinnt dúshlán ann freisin. Cuireadh moill ar an tuarascáil sin agus is dócha gurb is é cúis leis sin ciorruithe foirne in Oifig Roinn Stáit SA chun Faireachán a Dhéanamh ar Gháinneáil ar Dhaoine agus chun í a Chomhrac. Is díol suime é go nótáiltear sa tuarascáil go bhfuil easáitiú agus éagobhsaíocht ina spreagthaithe don Gháinneáil ar Dhaoine – pointe lena bhfuil tábhacht ar leith sa chomhthéacs reatha, lena n‑áirítear maidir leis an bPalaistín. “Bíonn gáinneálaithe ag dul in oiriúint an t‑am ar fad d’imeachtaí domhanda, forbairtí sochaíocha agus nuálaíochtaí teicneolaíocha. Tagann siad i dtír ar ghéarchéimeanna agus coinbhleacht lena ndéantar pobail a easáitiú agus lena gcruthaítear leochaileachtaí... Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin atá ag teacht chun cinn, ní mór don phobal frithgháinneála cur le ceachtanna an ama atá thart agus na dea‑chleachtais sin a oiriúnú do réaltacht a bhíonn ag síorathrú.”
Dúirt Liam Herrick, Príomh‑Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:
“Tá gáinneáil ar dhaoine ar cheann de na sáruithe is tromchúisí ar chearta an duine agus is gá d’Éirinn níos mó a dhéanamh chun freagairt go héifeachtach don fhadhb seo atá ag dul i méid. Cé go bhfuil comharthaí dul chun cinn ann, ní féidir le mainneachtaintí sistéamacha i sainaithint agus cosaint íospartach leanúint ar aghaidh. Tá cur chuige atá trámathreoraithe agus atá íogair do leanaí ag teastáil uainn go práinneach, chomh maith le gealltanas soiléir lena áirithiú nach ndéanfar íospartaigh a choinneáil, a shainaithint go mícheart ná a chiúnú de dheasca nósanna imeachta meara. Is dócha go n éireoidh na saincheisteanna sin níos práinní fós i bhfianaise an leasaithe ó bhonn a dhéanfar ar ár gcóras tearmainn an bhliain seo chugainn, de réir mar a thrasuífimid Comhshocrú an Aontais Eorpaigh maidir le hImirce i ndlí na hÉireann.”
CRÍOCH/
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:
Sarah Clarkin
Bainisteoir Cumarsáide IHREC, 01 8592641 / 087 4687760 sarah.clarkin@ihrec.ie
Nótaí don eagarthóir:
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát. Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe.