Léim go dtí an t-ábhar
  • Idirdhealú mar gheall ar mhíchumas ar an réimse is mó a raibh an pobal i dteagmháil faoi, agus 42% de na ceisteanna a bhain le comhionannas ag plé leis an míchumas
  • Ghníomhaigh mar amicus curiae i gcás suntasach sa Chúirt Uachtarach faoi Chearta Cóiríochta don Lucht Siúil
  • Páirteach mar idiragraí tríú páirtí i gcás sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine in Strasbourg
  • Foilsíodh an chéad Mheastóireacht ar Chur i bhFeidhm na Tuarascála faoi Threoir Frithgháinneála an Aontais Eorpaigh ar bhearta an Stáit chun dul i ngleic le gáinneáil ar dhaoine
  • 128 moladh le haghaidh gníomh Stáit maidir le cearta sibhialta agus polaitiúla curtha i láthair na Náisiún Aontaithe chun bonn eolais a chur faoi athbhreithniú ar Éirinn
  • Taighde nua ar an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta agus idirdhealú san earnáil chíosa
  • Baineann 1,800 fostaí sa tseirbhís phoiblí leas as Modúl Ríomhfhoghlama nua IHREC faoi Chomhionannas agus Cearta an Duine
  • €400,000 i ndeontais chun tacú le 32 tionscadal chun dul chun cinn a dhéanamh ar chomhionannas geilleagrach agus comhlíonadh Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine a chur chun cinn
D’fhoilsigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) Tuarascáil Bhliantúil 2022 dá chuid inniu atá le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tarraingítear aird sa tuarascáil ar fhorbairtí suntasacha an Choimisiúin i rith an ochtú bliain iomláin oibre mar chomhlacht náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus comhionannais. Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:
“Cé gur uafásach é ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus fulaingt mhillteach mhuintir na hÚcráine, chonaiceamar freisin mar fhreagairt dhíreach ar an gcogadh ré nua de chomhar daonnúil ar fud na hEorpa, comhar a raibh Éire páirteach ann freisin. “Ba dhúshlán do thíortha uile na hEorpa gluaiseacht na dteifeach Úcránach, agus níorbh aon eisceacht í Éire. D’ainneoin ár bhfoláireamh, chonacthas córas tearmainn dhá leibhéal ag forbairt os ár gcomhair amach – ceann ina raibh dálaí thar a bheith difriúil le brath ag teifigh na hÚcráine i gcomparáid leo siúd a bhí sa chóras cosanta idirnáisiúnta níos leithne. “Bhí an córas cóiríochta dóibh siúd a shroich Éire chun cosaint idirnáisiúnta a lorg faoi bhrú cheana féin, agus anois tá sé briste. Táimid thar a bheith imníoch fós faoi na dálaí ina gcónaíonn go leor de na hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. Tá sé riachtanach go dtugtar tús áite d’infheistíocht i gcóras buan cóiríochta do dhaoine a lorgaíonn tearmann anseo, córas ina mbíonn meas ar chearta agus dínit daoine. “Lean an ghéarchéim tithíochta níos forleithne ar aghaidh i gcaitheamh 2022, agus chuir boilsciú agus costas maireachtála a bhí ag ardú brú ar chuid mhór de shochaí na hÉireann greim a choinneáil faoin bhfiacail. Bhí daoine nach raibh in ann obair mar gheall ar thinneas nó míchumas i mbaol bochtanais níos mó agus tá fós.”
ÁIRÍTEAR LE BUAICPHOINTÍ THUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2022: Ceisteanna ón bPobal Féin ar an tseirbhís Do Chearta In 2022, phléigh seirbhís Do Chearta an Choimisiúin le 1,411 ceist ón bpobal faoi chúrsaí chearta an duine agus comhionannais. As na ceisteanna a fuaireamar ón bpobal:
  • Bhain na ceisteanna is mó a chuir imní ar an bpobal faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann le hidirdhealú ar an bhforas míchumais (42%), an foras cine (16%), an foras inscne (8%), agus an foras aoise (8%).
  • Bhain na ceisteanna is mó a chuir imní ar an bpobal faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta le hidirdhealú i bhfostaíocht agus cuardach post ar an bhforas míchumais (39%), an foras inscne (16%), an foras cine (12%) agus an foras aoise (12%).
  • Bhain na ceisteanna is mó a chuir imní ar an bpobal faoi chearta an duine le tearmann agus imirce (22%), easpa dídine, tithíocht shóisialta agus dálaí maireachtála (16%), agus sláinte agus sláine colainne (12%).
Gníomhaíocht Dhlíthiúil
  • D’iarramar cead gníomhú i sé imeacht nua, mar amicus curiae (cara na cúirte), a bhain le raon ceisteanna tábhachtacha um chearta an duine agus comhionannais, agus bronnadh an cead sin orainn i ngach cás. Dhírigh na cásanna ar chóiríocht don Lucht Siúil, an ceart chun triail chóir, sásamh as mí-úsáid ghnéasach i scoileanna lae, cearta míchumais agus saoránacht.
  • Bhaineamar úsáid fhorleathan as ár gcumhachtaí dlíthiúla, ina measc ár rannpháirteachas mar idiragraí tríú páirtí i gcás sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine in Strasbourg.
  • D’ullmhaigh an Coimisiún dhá Chód Cleachtais a sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige: Cód Cleachtais maidir le Pá Comhionann; agus Cód Cleachtais i leith Ciapadh Gnéasach agus Ciapadh ag an Obair.
IHREC mar Rapóirtéir Náisiúnta Neamhspleách um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc D’fhoilsíomar ár gcéad Mheastóireacht ar Chur i bhFeidhm na Tuarascála faoi Threoir Frithgháinneála an Aontais Eorpaigh ar bhearta an Stáit chun dul i ngleic le gáinneáil ar dhaoine. Tugtar anailís dhomhain sa tuarascáil ar chomhlíontacht na hÉireann leis an Treoir, agus déantar meastóireacht ar iarrachtaí cur i bhfeidhm an Stáit, ag féachaint le cuir chuige dea-chleachtais a bhunú chomh maith le réimsí ina dteastaíonn feabhas agus athchóiriú a shainaithint. Breithnithe reachtaíochta Chuireamar 11 bhreithniú reachtaíochta faoi bhráid an Oireachtais a chuimsigh raon leathan topaicí, ina measc coireacht fuatha, cigireacht ar áiteanna coinneála, iontrálacha scoileanna, criosanna rochtana sábháilte, cumhachtaí an Gharda Síochána, scéim íocaíochta na nÁras Máithreacha agus Naíonán, agus cearta míchumais. Tionchar a Imirt ar Bheartais agus ar Chleachtas Rinneamar moltaí sonracha don Rialtas agus lucht déanta beartas maidir le Straitéis an Gharda Síochána maidir le Cearta an Duine, an Reifreann faoi Thithíocht in Éirinn, Curaclaim Ghearrchúrsa OSPS sa tSraith Shóisearach, teanga inscneach sa Bhunreacht a athrú agus Innéacsú Leasa, an cleachtas a nascann íocaíochtaí leasa shóisialaigh le boilsciú. Chuireamar taighde nua ar fáil faoin idirdhealú a fhulaingíonn tionóntaí Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta nuair a theastaíonn uathu cóiríocht a fháil ar cíos. Cuireadh maoiniú €400,000 ar fáil sa séú bliain de Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais dár gcuid do 32 tionscadal ar fud na tíre. Monatóireacht ar Chomhlíonadh Oibleagáidí Idirnáisiúnta na hÉireann Chuir an Coimisiún moltaí faoi bhráid Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus faoi bhráid Chomhairle na hEorpa faoi oibleagáidí idirnáisiúnta na hÉireann maidir le:
  • Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac
  • Cúnant Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla
  • Coinbhinsiún Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú
  • Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh
  • Cairt Shóisialta na hEorpa
D’fhreastail toscaireacht ón gCoimisiún ar athbhreithniú Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Sibhialta agus Polaitiúla ar Éirinn sa Ghinéiv i mí Iúil 2022. Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine a chur i bhfeidhm Bhain 1,800 fostaí sa tseirbhís phoiblí in 181 comhlacht poiblí leas as ár modúl ríomhfhoghlama nua ar líne chun tacú le tuiscint fostaithe sa tseirbhís phoiblí ar chomhionannas, cearta an duine, Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine atá éigeantach, agus an chaoi lena chur i bhfeidhm ina gcuid oibre. Nótaí d’Eagarthóirí: Download full report in English https://www.ihrec.ie/app/uploads/2023/06/IHREC_Annual-Report-2022_Final-Accessible.pdf Tá an leagan Gaeilge den tuarascáil bhliantúil ar fail anseo. https://www.ihrec.ie/app/uploads/2023/06/Annual-Report-2022_Ge-digital.pdf  Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas: Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát. Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe. /CRÍOCH