Léiríodh i dtaighde nua gur tuismitheoirí aonair agus a bpáistí iad 53% de na teaghlaigh gan dídean ar fad, agus gur mó i bhfad an seans go mbeidh drochthithíocht acu ná cineálacha eile teaghlach. Tarraingítear aird sa tuarascáil freisin ar na míbhuntáistí a bhíonn roimh dhaoine óga, imircigh, daoine atá faoi mhíchumas, an Lucht Siúil agus daoine eile i gcóras tithíochta na hÉireann.
Tá impleachtaí ag “Monitoring Adequate Housing in Ireland”, a d’fhoilsigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) agus an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) do fhreagraí beartais i ndiaidh na paindéime.
Tá an ceart chun tithíocht dhóthanach ina phríomhchuid de chomhaontuithe idirnáisiúnta um chearta an duine a bhfuil Éire ina sínitheoir díobh. Féachtar sa tuarascáil ar shé ghné de leordhóthanacht tithíochta – inrochtaineacht, inacmhainneacht, slándáil tionachta, leordhóthanacht chultúrtha, cáilíocht, agus suíomh. Forbraítear uirlis ann chun monatóireacht a dhéanamh ar thithíocht dhóthanach, trí na táscairí sin a shainaithint chun dul chun cinn a thomhas. Tugtar figiúirí bonnlíne freisin faoi chás tithíochta raon grúpaí sóisialta roimh phaindéim COVID-19, nó go han-luath sa phaindéim.
Déantar anailís sa taighde ar raon bunachar sonraí náisiúnta agus áiríodh leis próiseas comhairliúcháin le 30 páirtí leasmhar a rinne ionadaíocht ar raon leathan eagraíochtaí agus grúpaí.
Áirítear leis na príomhthorthaí:
- Tionchar suntasach ar thuismitheoirí aonair:Thuairiscigh níos lú ná 25% de na tuismitheoirí aonair gur leo a n-áit chónaithe, i gcomparáid le 70% den daonra iomlán. Bhí rátaí níos airde i measc tuismitheoirí aonair d’fhadhbanna inacmhainneachta (19%) i gcomparáid leis an daonra ginearálta (5%), agus bhí siad i mbaol fadhbanna cáilíochta tithíochta go háirithe, ar nós taise agus easpa téimh lárnaigh (32% i gcomparáid le 22% den daonra ginearálta).
- Plódú: Tá riosca i bhfad níos airde plódaithe i measc grúpaí mionlach eitneach. Cónaíonn os cionn 35% de dhaoine Áiseacha/Éireannach-Áiseacha, 39% den Lucht Siúil agus os cionn 40% de dhaoine Gorma/Éireannach-Gorma i gcóiríocht phlódaithe, i gcomparáid le 6% den daonra ginearálta.
- Tionchar ar imircigh: Cónaíonn 48% d’imircigh san earnáil phríobháideach chíosa i gcomparáid le 9% díobh siúd a rugadh in Éirinn. Is mó seans go gcónóidh imircigh, go háirithe iad siúd ó Oirthear na hEorpa (28%) agus ó thíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach (27%) in áiteanna plódaithe.
- Míchumas agus cáilíocht tithíochta: Bíonn fadhbanna cáilíochta tithíochta ag 29% díobh siúd a chónaíonn le míchumas, i gcomparáid leo siúd nach bhfuil faoi mhíchumas (21%). Is mó an seans freisin go dtuairisceoidh daoine atá faoi mhíchumas nach bhfuil siad in ann a n-áit chónaithe a choinneáil te agus go bhfuil riaráistí cíosa nó íocaíochtaí morgáiste orthu.
- Easpa dídine: Tá fadhb leanúnach na heaspa dídine ag tarraingt aird ar chuid den phobal atá faoi mhíbhuntáiste mór agus nach bhfuil an beart is bunúsaí de thithíocht dhóthanach mar a bheartaítear faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta um chearta an duine á chomhlíonadh ina leith.
- COVID agus easpa dídine:Tá fíor-riosca ann fós go n-ardóidh leibhéil na heaspa dídine i ndiaidh deireadh a chur le cosaintí na paindéime mar gheall ar an srian a cuireadh ar ghníomhaíocht tógála a chuir teorainn leis an soláthar tithíochta. Ní áirítear sna figiúirí easpa dídine iad siúd atá i gcásanna ‘easpa dídine faoi cheilt’ – na daoine atá ag fanacht le cairde nó le gaolta, atá ag fanacht ar tholg daoine eile, nó iad siúd nach bhfuil ag plé le seirbhísí easpa dídine.
- Cíosanna ag ardú níos tapa ná tuarastail:D’ainneoin thabhairt isteach na gCriosanna Brú Cíosa go mall in 2016, mhéadaigh cíosanna beagnach 40% i mBaile Átha Cliath agus 20% sa chuid eile den tír. Tá costais chíosa tar éis méadú ag ráta níos airde ná an meántuilleamh i mBaile Átha Cliath agus sa chuid eile den tír. In 2020, measadh go raibh an meánchíos míosúil ionann le 31% den mheántuilleamh míosúil.
- Úsáid cóiríochta príobháidí cíosa:Tá an t-aistriú beartais go daoine ag a bhfuil riachtanais tithíochta, lena n-áirítear na grúpaí i mbaol, a chur i gcóiríocht phríobháideach chíosa le tacaíocht ó HAP ag tarraingt ceisteanna anuas faoi shlándáil agus cáilíocht na tithíochta sin.
- Sonraí ar iarraidh:Bíonn níos mó idirdhealaithe le sárú ag mionlaigh eitneacha, ar nós an Lucht Siúil agus an ghrúpa eitnigh Ghoirm, agus iad ag lorg cóiríochta, agus is mó i bhfad an riosca go mbeidh plódú agus easpa dídine ina measc. Ach ar fhormhór na dtáscairí faoi leordhóthanacht tithíochta, ní thomhaistear eitneacht, ná stádas teifeach nó iarrthóra tearmainn.