Fáiltíonn an Coimisiún roimh an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta nua maidir le Gáinneáil ar Dhaoine ach tarraingíonn sé aird ar réimsí tosaíochta
D’fháiltigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) roimh an
Tríú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta chun Gáinneáil ar Dhaoine a Chosc agus a Chomhrac, 2023–2027 (‘NAP’), a d’fhoilsigh an Roinn Dlí agus Cirt inniu.
Inár ról mar Rapóirtéir Náisiúnta um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc, fáiltímid roimh na huainithe, freagrachtaí agus próisis meastóireachta nithiúla a dtiomnaítear dóibh sa Phlean. Is cúis áthais an t-ailíniú níos fearr idir NAP agus an Tríú Straitéis Náisiúnta maidir le Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe sa réimse um laghdú ar éileamh agus cóiríocht shábháilte d’íospartaigh. Fáiltímid go n-ailínítear NAP le cáipéisí náisiúnta eile maidir le frithchiníochas, mionlaigh náisiúnta, imirce agus straitéis na mban agus na gcailíní.
Ónár ndearcadh féin mar Rapóirtéir Náisiúnta, cuirimid fáilte faoi leith roimh NAP agus é:
- ag plé leo siúd a tháinig slán as gáinneáil ar dhaoine;
- ag forbairt creat oiliúna dóibh siúd a bhíonn i dteagmháil le híospartaigh na gáinneála;
- ag plé le torthaí athbhreithniú Cúitimh an Choimisiúin um Athchóiriú Dlí;
- agus ag lua go sonrach an tiomantas d’fhoráil do scriosadh ciontaithe striapachais.
Ach caithfear fós aghaidh a thabhairt ar bhearnaí riachtanacha chun cosaint agus tacaíocht níos fearr a thabhairt d’íospartaigh. Meastar go ndéantar gáinneáil ar idir 25 agus 50 milliún duine ar fud na cruinne ag aon am áirithe. Caithfear maoiniú, pleanáil agus rianú cuí a dhéanamh ar straitéisí chun iad a chomhrac.
Éilímid go gcuirfear buiséad ceart ar fáil do NAP, agus go ndáilfí go soiléir na hacmhainní a theastaíonn dá thiomantais.
Is údar imní dúinn an easpa tagartha do mheasúnuithe aoise do mhionaoisigh neamhthionlactha agus scartha. Is údar imní dúinn freisin nach ndéantar aon tagairt do mheasúnuithe leochaileachta sa phróiseas cosanta idirnáisiúnta mar uirlis bhailí le haghaidh sainaithint luath. Is pointe trasnaithe mór é seo idir gáinneáil ar dhaoine agus cosaint idirnáisiúnta, agus caithfear na measúnuithe leochaileachta sin a thógáil mar uirlis riachtanach don tsainaithint luath.
Is údar imní dúinn nach luaitear sa Phlean próiseas leasaithe reatha
Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Frithgháinneáil – a mbeidh na forálacha atá ar na bacáin ábhartha ó thaobh cur i bhfeidhm in Éirinn. Is easnamh tromchúiseach é sin a gcaithfear aghaidh a thabhairt air.
Ar chuid de na forálacha sin tá:
- pósadh éigeantais agus uchtú mídhleathach a chur leis an liosta de chineálacha dúshaothraithe;
- airteagal nua a thabhairt isteach a bhaineann le ciontaí coiriúla a dhéantar nó a éascaítear trí theicneolaíochtaí faisnéise cumarsáide;
- pionóis ar dhaoine dlítheanacha a neartú trí dhá réim éigeantacha a thabhairt isteach (ciontaí caighdeánacha agus tromchiontaí);
- agus oibleagáid a thabhairt isteach i leith sonraí a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún Eorpach gach bliain.
Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:
“Is gníomhaíocht fhorleathan a dhéanann an-dochar í gáinneáil ar dhaoine. Beidh an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta seo ina uirlis thábhachtach chun a chinntiú go n-oibríonn Éire chun an choir seo a chosc agus deireadh a chur léi, agus chun íospartaigh agus marthanóirí a chosaint agus tacú leo. Caithfidh an Stát a chinntiú go dtugtar na hacmhainní cuí do NAP má tá sé le cur i bhfeidhm i gceart. Tá sé d’oibleagáid air gach acmhainn atá ar fáil dó a úsáid, maoiniú dóthanach agus bailiú sonraí ina measc, chun deireadh a chur leis an gcoir uafásach seo.”
CRÍOCH/